Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ó Svea hovrätt (Mark-och miljööverdomstolen) (an tSualainn) a taisceadh an 17 Márta 2023 – Naturvårdsverket v Nouryon Functional Chemicals AB

(Cás C-166/23, Nouryon Functional Chemicals)

Teanga an cháis: an tSualainnis

An chúirt a rinne an tarchur

Svea hovrätt (Mark- och miljööverdomstolen)

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Naturvårdsverket

Cosantóir: Nouryon Functional Chemicals AB

Na ceisteanna a tharchuirtear

An bhfuil an díolúine maidir le haonaid chun dramhaíl ghuaiseach a loscadh i gclásal 5 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir maidir le Trádáil Liúntais Astaíochtaí – 1 go bhfuil gach aonad ina ndóitear breoslaí le cur san áireamh sa chead astuithe gáis cheaptha teasa, seachas aonaid le haghaidh loscadh gáis dramhaíola ghuaiseach – infheidhme maidir le gach aonad a loisceann dramhaíl ghuaiseach, nó nach mór fachtóir cáilitheach éigin a bheith ann chun an díolúine a chur i bhfeidhm? Más gá fachtóir den sórt sin, an bhfuil cuspóir an aonaid mar sin cinntitheach chun an díolúine a chur i bhfeidhm, nó an féidir fachtóirí eile a bheith ábhartha freisin?

Má tá cuspóir an aonaid cinnte don mheasúnú, an bhfuil an díolúine fós le cur i bhfeidhm maidir le haonad a loisceann dramhaíl ghuaiseach ach a bhfuil príomhchuspóir aige seachas an loscadh sin?

Mura mbaineann an díolúine ach le haonad a bhfuil sé mar phríomhchuspóir aige dramhaíl ghuaiseach a loscadh, céard iad na critéir a úsáidfear chun an cuspóir a mheasúnú?

Más rud é, i measúnú, go bhfuil sé cinntitheach an measfar an t-aonad a bheith ina chuid dhílis de ghníomhaíocht i suiteáil a bhfuil cead ag teastáil ina leith faoin treoir – mar shampla, mar atá leagtha amach i roinn 3.3.3 den Treoir ón gCoimisiún – céard iad na ceanglais atá le socrú mar sin chun an t-aonad a mheas mar chuid dhílis de? An féidir a cheangal, mar shampla, go gcaithfidh an táirgeadh a bheith dodhéanta nó gan a bheith ceadaithe gan an t-aonad (féach an Treoir ón gCoimisiún, leathanach 14, fonóta 14), nó an féidir gur leor an t-aonad a nascadh go teicniúil leis an suiteáil agus glacadh le dramhaíl ghuaiseach amháin ón tsuiteáil sin?

____________

1 Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear scéim i ndáil le trádáil ar lamháltais i gcomhair astaíochtaí gás ceaptha teasa laistigh den Chomhphobal agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle (IO L 275, 25.10.2003, lch. 32).