Language of document :

Ordú na Cúirte Ginearálta an 5 Márta 2024 – YU v an Coimisiún

(Cás T-529/23) 1

(Imeachtaí maidir le mainneachtain gníomhú – Státchabhair – Airteagal 1(h) de Rialachán (AE) 2015/1589 – Coincheap ‘páirtí leasmhar’ – Easpa locus standi – Caingean le haghaidh neamhniú – Acht nach bhfuil faoi réir achomhairc – Caingean do-ghlactha go follasach – Iarratas ar chúnamh dlíthiúil)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Iarratasóir: YU (ionadaí: L. Frölich, Dlíodóir)

Cosantóir: An Coimisiún Eorpach (ionadaithe: B. Stromsky, I. Barcew agus A. Steiblytė, Gníomhairí)

Ábhar

Lena chaingean, iarrann an t-iarratasóir, go príomha, de bhun Airteagal 265 CFAE, ar an Chúirt Ghinearálta a chinneadh gur staon an Coimisiún Eorpach go neamhdleathach ar trácht a dhéanamh ar ghearáin a cuireadh isteach sna cásanna SA.46963 agus SA.52275 maidir leis an státchabhair líomhnaithe arna deonú ag údaráis na Fraince agus, ar bhonn coimhdeach, de bhun Airteagal 263 CFAE, go gcuirfí na cinntí a luadh sna litreacha ón gCoimisiún dar dátaí an 14 agus an 20 Iúil 2023, a sheol an Coimisiún chuige, ar neamhní.

An chuid oibríochtúil

Diúltaítear don chaingean toisc í a bheith do-ghlactha go follasach.

Diúltaítear don iarratas ar chúnamh dlíthiúil.

Ordaítear do YU na costais a íoc.

____________

1     IO C, C/2023/1165, 4.12.2023.