Language of document :

Iarraidh ar réamharialú ón Cour de cassation (an Bheilg) a taisceadh an 6 Feabhra 2024 – Imeachtaí coiriúla i gcoinne HL

(Cás C-91/24, Aucroix) 1

Teanga an cháis: an Fhraincis

An chúirt a rinne an tarchur

Cour de cassation

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Procureur général de Mons

HL

An cheist a tharchuirtear

I gcás ina bhfuil sé cinnte ag cúirteanna an Bhallstáit a bhfuil barántas gabhála Eorpach á fhorghníomhú aige go bhfuil baol ann, i gcás thabhairt suas an duine a bhfuiltear sa tóir air don Bhallstát eisiúna, go ndéanfaí difear do chearta bunúsacha an duine sin i dtaobh fhorghníomhú an phionóis eachtrannaigh, ar dá réir a bhfuil cúis le diúltú d’fhorghníomhú an bharántais gabhála Eorpaigh, an bhfuil léiriú le déanamh ar Airteagal 4(6) de Chinneadh Réime 2002/584/CGB ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002 maidir leis an mbarántas gabhála Eorpach agus na nósanna imeachta um thabhairt suas idir Ballstáit 1 amhail go gcuirtear de cheangal leis ar na cúirteanna sin den Stát forghníomhaitheach scrúdú a dhéanamh, ionas nach bhfuil an duine is náisiúnach nó cónaitheoir an Stáit sin a bhfuiltear sa tóir air saor ó phionós, an gcaithfear nó nach gcaithfear a ordú go bhforghníomhófaí sa Bhallstát forghníomhaitheach, i gcomhréir leis an bhforáil lena dtrasuitear Airteagal 4(6) thuasluaite sa dlíchóras náisiúnta, an phianbhreith phríosúnachta arna gearradh ar an duine lena mbaineann sa Bhallstát a bhfuil barántas gabhála Eorpach á fhorghníomhú aige, ar pianbhreithe í dá dtagraítear leis an ngníomh sin?

____________

1 Úsáidtear ainm bréige sa chás seo nach bhfreagraíonn d’fhíorainm aon pháirtí sna himeachtaí.

1 IO 2002 L 190, lch. 1.