Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ó Bayerisches Verwaltungsgericht Regensburg (an Ghearmáin) a taisceadh an 20 Aibreán 2023 – an Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán v Hallertauer Hopfenveredelungsges. m.b.H.

(Cás C-256/23, ECHA)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Bayerisches Verwaltungsgericht Regensburg

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: an Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán

Cosantóir: Hallertauer Hopfenveredelungsges. m.b.H.

Idiragraí: Regierung von Niederbayern (Rialtas na Baváir Íochtaraí) mar ionadaí ar son leas an phobail

Na ceisteanna a tharchuirtear

An gcaithfear Airteagal 94(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 1 , ar dá réir is féidir caingean a thionscnamh os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i gcoinne cinneadh ón ngníomhaireacht, a léiriú sa chaoi gur féidir caingean a thabhairt i gcoinne infhorfheidhmitheacht chinntí na gníomhaireachta freisin?

Más freagra diúltach a thabharfar ar Cheist 1, an gcaithfear an chéad mhír d’Airteagal 299 CFAE a léiriú sa chaoi go bhfuil feidhm aici ní hamháin maidir le gníomhartha arna nglacadh ag an gComhairle, ag an gCoimisiún nó ag an Banc Ceannais Eorpach, ach freisin maidir le cinntí na Gníomhaireachta Eorpaí Ceimiceán lena bhforchuirtear muirear riaracháin?

Más freagra dearfach a thabharfar ar an dara ceist, an gcaithfear an dara mír d’Airteagal 299 CFAE a léiriú sa chaoi go gcuimsítear leis an tagairt do rialacha nós imeachta sibhialta an Bhallstáit, ní hamháin na rialacha nós imeachta ach freisin na rialacha maidir le dlínse?

____________

1 Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH), lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach Ceimiceán, lena leasaítear Treoir 1999/45/CE agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 793/93 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1488/94 ón gCoimisiún chomh maith le Treoir 76/769/CEE ón gComhairle agus Treoir 91/155/CEE ón gCoimisiún, Treoir 93/67/CEE ón gCoimisiún, Treoir 93/105/CE ón gCoimisiún agus Treoir 2000/21/CE ón gCoimisiún (IO 2006 L 396, lch. 1).