Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Högsta domstolen (an tSualainn) a taisceadh an 17 Bealtaine 2024 – Finansinspektionen v Carnegie Investment Bank AB

(Cás C-363/24, Finansinspektionen)

Teanga an cháis: an tSualainnis

An chúirt a rinne an tarchur

Högsta domstolen

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Finansinspektionen

Cosantóir: Carnegie Investment Bank AB

Na ceisteanna a tharchuirtear:

An féidir le cumarsáid gur áiríodh duine ar leith ar liosta de dhaoine ar an taobh istigh agus go gcuirtear cosc air scaireanna in eisitheoir a dhíol a bheith de chineál sách sonrach le bheith ina fhaisnéis ón taobh istigh faoi Airteagal 7(2) den Rialachán maidir le Drochúsáid Mhargaidh, 1 fiú mura bhfuil na cúiseanna lena áireamh soiléir?

Más é sin an cás, cad iad na coinníollacha?

An bhfuil sé ábhartha don mheasúnú ar cibé an ionann cumarsáid den chineál dá dtagraítear i gCeist 1 agus faisnéis ón taobh istigh, más rud é go raibh measúnú an eisitheora ceart gur faisnéis ón taobh istigh a bhí sna himthosca ba chúis le háireamh an duine ar an liosta de dhaoine ar an taobh istigh?

An bhfuil sé ábhartha don mheasúnú i dtaobh an ionann cumarsáid amhail an ceann dá dtagraítear i gCeist 1 agus faisnéis ón taobh istigh, má bhí an fhaisnéis sa chumarsáid ceart?

____________

1 Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán maidir le drochúsáid mhargaidh (an Rialachán maidir le Drochúsáid Mhargaidh) agus lena n-aisghairtear Treoir 2003/6/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoracha 2003/124/CE, 2003/125/CE agus 2004/72/CE ón gCoimisiún (IO 2014 L 173, lch. 1).