Caingean arna tabhairt an 21 Feabhra 2024 – Qx World v EUIPO – Mandelay (EDUCTOR)
(Cás T-102/24)
Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Qx World Kft. (Búdaipeist, an Ungáir) (ionadaithe: Á. László agus A. Cserny, Dlíodóirí)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Mandelay Magyarország Kereskedelmi Kft. (Mandelay Kft.) (Szigetszentmiklós, an Ungáir)
Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO
Dílseánach an trádmhairc atá faoi cheist: An páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc
Trádmharc atá faoi cheist: Focalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh ‘EDUCTOR’ – Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh Uimh. 12 250 593
Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí maidir le cealú
Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCeathrú Bord Achomhairc de EUIPO an 20 Nollaig 2023 i gCás R 8/2022-4
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;
an cás a tharchur chuig Boird Achomhairc de chuid EUIPO;
a ordú don chosantóir agus don idiragraí, más ann dó, costais an iarratasóra a íoc.
Saincheisteanna dlí arna maíomh
Sárú ar Airteagal 94(1) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i gcomhar le hAirteagail 41 agus 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh;
Sárú ar Airteagal 60(1)(b) i gcomhar le hAirteagal 8(3) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
____________