Iarraidh ar réamhrialú ón Tribunale Amministrativo Regionale per la Lombardia (an Iodáil) a taisceadh an 10 Iúil 2023 – Secab Soc. coop. v Autorità di Regolazione per Energia Reti e Ambiente (ARERA), Gestore dei servizi energetici (GSE) SpA
(Cás C-423/23, Secab)
Teanga an cháis: an Iodáilis
An chúirt a rinne an tarchur
Tribunale Amministrativo Regionale per la Lombardia
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: Secab Soc. coop.
Cosantóirí: Autorità di Regolazione per Energia Reti e Ambiente (ARERA), Gestore dei servizi energetici (GSE) SpA
Na ceisteanna a tharchuirtear:
An gcuirtear cosc le hAirteagal 5(4) de Threoir (AE) 2019/9441 , aithrisí 3 agus 12 de Threoir (AE) 2018/20012 , agus aithrisí 27, 28, 29 agus 39, Airteagal 6(1) agus Airteagal 8(2) de Rialachán (AE) 2022/18543 , maidir le riail náisiúnta lena leagtar síos uasteorainn ar ioncam margaidh a fhaightear ó dhíolachán leictreachais ar an mbealach dá bhforáiltear in Airteagal 15a de Dhlí Foraithne Uimh. 4 an 27 Eanáir 2022, nach ráthaítear go gcoimeádfaidh táirgeoirí 10% dá n-ioncam os cionn na huasteorann sin?
An gcuirtear cosc le hAirteagal 5(4) de Threoir (AE) 2019/944, aithrisí 2, 3 agus 12 de Threoir (AE) 2018/2001, aithrisí 27, 28, 29 agus 39, Airteagal 6(1) agus Airteagal 8(2)(b) agus (c) de Rialachán (AE) 2022/1854 maidir le riail náisiúnta lena leagtar síos uasteorainn ar ioncam margaidh a fhaightear ó dhíolachán leictreachais ar an mbealach dá bhforáiltear in Airteagal 15a de Dhlí Foraithne Uimh. 4 an 27 Eanáir 2022, nach ndéantar infheistíochtaí in earnáil an fhuinnimh inathnuaite a chaomhnú agus a dhreasú léi?
An gcuirtear cosc le haithris 3 de Threoir (AE) 2018/2001, agus aithrisí 27 agus 41, Airteagal 7(1)(h), (i) agus (j) agus Airteagal 8(1)(a) agus (d) agus (2) de Rialachán (AE) 2022/1854 maidir le riail náisiúnta lena leagtar síos uasteorainn ar ioncam margaidh a fhaightear ó dhíolachán leictreachais ar an mbealach dá bhforáiltear in Airteagal 15a de Dhlí Foraithne Uimh. 4 an 27 Eanáir 2022, nach bhforáiltear inti d’aon uasteorainn shonrach ar an ioncam a fhaightear ó dhíol fuinnimh a tháirgtear ó ghual crua, ná do Rialachán lena ndéantar idirdhealú idir foinsí éagsúla táirgeachta?
____________
1 Treoir (AE) 2019/944 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 maidir le rialacha comhchoiteanna don mhargadh inmheánach leictreachais agus lena leasaítear Treoir 2012/27/AE (athmhúnlú) (IO 2019 L 158, lch. 125).
1 Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite a chur chun cinn (athmhúnlú) (IO 2018, L 328, lch. 82).
1 Rialachán (AE) 2022/1854 ón gComhairle an 6 Deireadh Fómhair 2022 maidir le hidirghabháil éigeandála chun aghaidh a thabhairt ar phraghsanna arda fuinnimh (IO 2022, L 261, lch. 1).