Iarraidh ar réamhrialú ón Supremo Tribunal Administrativo (an Phortaingéil) a taisceadh an 7 Iúil 2023 — FAURÉCIA — Assentos de Automóvel, Lda v Autoridade Tributária e Aduaneira
(Cás C-420/23, Faurécia)
Teanga an cháis: an Phortaingéilis
An chúirt a rinne an tarchur
Supremo Tribunal Administrativo
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: FAURÉCIA – Assentos de Automóvel, Lda
Cosantóir: Autoridade Tributária e Aduaneira
An cheist a tharchuirtear:
An bhfuil an riail atá in Airteagal 7(2) den Código do Imposto do Selo (an Cód um Dhleacht Stampála, an Phortaingéil), ar dá réir a bhfuil feidhm ag an díolúine ó Dhleacht Stampála dá bhforáiltear le haghaidh idirbhearta cistí gearrthéarmacha i gcás inarb iad atá i gceist ná dhá eintiteas atá cónaitheach sa Phortaingéil nó i gcás ina bhfuil an t-iasachtaí cónaitheach anseo (agus ina bhfuil an creidiúnaí cónaitheach san Aontas Eorpach) ach nach bhfuil feidhm aici i gcás ina bhfuil an t-iasachtaí (an féichiúnaí) cónaitheach i mBallstát an Aontais Eorpaigh agus ina bhfuil an t-iasachtóir (an creidiúnaí) cónaitheach sa Phortaingéil, i gcomhréir le prionsabal an neamh-idirdhealaithe agus prionsabal na saorghluaiseachta caipitil, dá bhforáiltear in Airteagail 18, 63 agus 65(3) CFAE?
____________