Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Consiglio di Stato (an Iodáil) a taisceadh an 29 Aibreán 2024 – Opera Laboratori Fiorentini SpA v Ministero della Cultura, Gallerie degli Uffizi, A.L.E.S. - Arte Lavoro e Servizi SpA

(Cás C-313/24, Opera Laboratori Fiorentini)

Teanga an cháis: an Iodáilis

An chúirt a rinne an tarchur

Consiglio di Stato

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Opera Laboratori Fiorentini SpA

Cosantóirí: Ministero della Cultura, Gallerie degli Uffizi, A.L.E.S. - Arte Lavoro e Servizi SpA

An cheist a tharchuirtear

An gcaithfear Airteagal 5k(c) de Rialachán (UE) 833/2014 1 , a tugadh isteach le Rialachán (AE) 2022/576 2 , i dtaca le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine, a mhéid a thoirmisctear leis conarthaí poiblí agus lamháltais a dheonú agus a fhorghníomhú go leanúnach le ‘duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht atá ag gníomhú thar ceann nó faoi threoir eintitis dá dtagraítear i bpointe (a) nó i bpointe (b) den mhír seo, lena n-áirítear, i gcás inarb ionann iad agus níos mó ná 10% de luach an chonartha, fochonraitheoirí, soláthraithe nó eintitis a bhfuiltear ag brath ar a gcumas de bhun na dTreoracha soláthair phoiblí’, a léiriú sa chaoi a chiallaíonn go bhfuil feidhm ag an toirmeasc maidir le cuideachta atá corpraithe faoi dhlí na hIodáile agus a bhfuil a hoifig chláraithe ar chríoch na hIodáile, a bhfuil cuideachta Iodálach rannpháirteach inti agus a bhfuil scairshealbhóirí acu ar daoine nádúrtha iad agus nach saoránaigh de chuid na Rúise iad, ach cé acu beirt den triúr comhaltaí den bhord stiúrthóirí ar náisiúnaigh de chuid na Rúise iad agus arb é duine acu, an cathaoirleach agus an príomhoifigeach feidhmiúcháin, an t-aon stiúrthóir ar an máthairchuideachta a bhfuil bun 90% sa chuideachta sin aige?

____________

1     Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 ón gComhairle an 31 Iúil 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (IO 2014 L 229, lch. 1).

1     Rialachán (AE) 2022/576 ón gComhairle an 8 Aibreán 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (IO 2022 L 111, lch. 1).