Language of document :

Eagrán sealadach

BREITHIÚNAS NA CÚIRTE (an Mór-Dhlísheomra)

11 Meitheamh 2024 (*)

(Tarchur chun réamhrialú – An limistéar saoirse, slándála agus ceartais – Comhbheartas tearmainn – Treoir 2011/95/AE – Coinníollacha maidir le stádas dídeanaí a fháil – Airteagal 2(d) agus 2(e) – Forais ghéarleanúna – Airteagal 10(1)(d) agus (2) - ‘Ballraíocht i ngrúpa sóisialta áirithe’ – Airteagal 4 – Measúnú aonair ar na fíorais agus ar na himthosca – Treoir 2013/32/AE – Airteagal 10(3) – Coinníollacha a bhaineann le scrúdú iarratas ar chosaint idirnáisiúnta – Airteagal 24(2) den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh – Leas an linbh – Cinneadh – Mionaoisigh ar náisiúnaigh de thríú tír iad a thacaíonn le bunluach an chomhionannais inscne mar gheall ar thréimhse chónaithe fhada i mBallstát)

I gCás C‑646/21,

Iarraidh ar réamhrialú faoi Airteagal 267 CFAE, ó rechtbank Den Haag, zittingsplaats 's-Hertogenbosch (an Chúirt Dúiche, an Háig, ina suí di in Bois-le-Duc, an Ísiltír), trí bhreith an 22 Deireadh Fómhair 2021, a fuarthas ag an gCúirt an 25 Deireadh Fómhair 2021, sna himeachtaí

K,

L

v

Staatssecretaris van Justitie en Veiligheid,

tugann AN CHÚIRT (an Mór-Dhlísheomra),

agus í comhdhéanta mar seo a leanas: K. Lenaerts, Uachtarán, L. Bay Larsen, Leas-Uachtarán, A. Arabadjiev, C. Lycourgos, E. Regan, F. Biltgen agus N. Piçarra (Rapóirtéir), Uachtaráin Dlísheomra, P.G. Xuereb, L.S. Rossi, I. Jarukaitis, A. Kumin, N. Jääskinen, N. Wahl, I. Ziemele agus J. Passer, Breithiúna,

Abhcóide Ginearálta: A. M. Collins,

Cláraitheoir: A. Lamote, Riarthóir,

ag féachaint den nós imeachta i scríbhinn agus tar éis éisteacht an 18 Aibreán 2023,

tar éis breithniú a dhéanamh ar na barúlacha arna dtíolacadh thar ceann na bpáirtithe seo a leanas:

–        K agus L, ag B.W.M. Toemen agus Y. E. Verkouter, advocaten, le cúnamh ó S. Rafi, saineolaí,

–        Rialtas na hÍsiltíre, ag M. K. Bulterman, A. Hanje agus A. M. de Ree, i gcáil Gníomhairí,

–        Rialtas na Seice, ag L. Halajová, M. Smolek agus J. Vláčil, i gcáil Gníomhairí,

–        Rialtas na Gréige, ag M. Michelogiannaki agus T. Papadopoulou, i gcáil Gníomhairí,

–        Rialtas na Spáinne, ag A. Gavela Llopis agus A. Pérez-Zurita Gutiérrez, i gcáil Gníomhairí,

–        Rialtas na Fraince, ag A.-L. Desjonquères agus J. Illouz, i gcáil Gníomhairí,

–        Rialtas na hUngáire, ag Zs. Biró-Tóth agus M. Z. Fehér, i gcáil Gníomhairí,

–        an Coimisiún Eorpach, ag A. Azéma agus F. Wilman, i gcáil Gníomhairí,

tar éis éisteacht le Tuairim an Abhcóide Ghinearálta ag éisteacht an 13 Iúil 2023,

an Breithiúnas seo a leanas:

Breithiúnas

1        Baineann an iarraidh ar réamhrialú le léiriú ar Airteagal 24(2) den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (‘an Chairt’) agus ar Airteagal 10(1)(d) agus (2) de Threoir 2011/95/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le caighdeáin i dtaca le cáilitheacht náisiúnach tríú tír nó daoine gan stát mar thairbhithe de chosaint idirnáisiúnta, i dtaca le stádas aonfhoirmeach do dhídeanaithe nó do dhaoine atá incháilithe le haghaidh cosaint choimhdeach agus i dtaca lena bhfuil sa chosaint a thugtar (IO 2011 L 337, lch. 9).

2        Rinneadh an iarraidh seo i gcomhthéacs imeachtaí idir K agus L agus an Staatssecretaris van Justitie en Veiligheid (an Státrúnaí Ceartais agus Slándála, an Ísiltír) maidir lena n‑iarratais ina dhiaidh ar chosaint idirnáisiúnta ar dhiúltaigh an Státrúnaí.

 An dlí lena mbaineann

 Dlí idirnáisiúnta

 Coinbhinsiún na Ginéive

3        Faoi Airteagal 1(A)(2) den Choinbhinsiún maidir le Stádas Dídeanaithe, arna shíniú sa Ghinéiv an 28 Iúil 1951 [Sraith Chonarthaí na Náisiún Aontaithe, Iml. 189, lch. 150, Uimh. 2545 (1954)], a tháinig i bhfeidhm an 22 Aibreán 1954 agus a forlíonadh leis an bPrótacal i dtaobh Stádas Dídeanaithe, a tugadh i gcrích i Nua-Eabhrac an 31 Eanáir 1967, a tháinig i bhfeidhm an 4 Deireadh Fómhair 1967 (‘Coinbhinsiún na Ginéive’), ‘[g]o mbeidh feidhm ag an téarma “dídeanaí” maidir le haon duine atá lasmuigh den tír dar náisiúnach é [a] bhfuil eagla roimh ghéarleanúint air, agus bunús maith léi, ar chúiseanna maidir le cine, reiligiún, náisiúntacht, ballraíocht i ngrúpa sóisialta áirithe nó tuairimí polaitiúla, agus nach féidir nó, mar gheall ar an eagla sin, nach mian leis cosaint na tíre sin a éileamh; [...]’
[Aistriúchán neamhoifigiúil]

 An Coinbhinsiún maidir le gach cineál Idirdhealaithe in aghaidh na mBan a Dhíothú

4        Faoi Airteagal 1 den Choinbhinsiún maidir le Gach Cineál Idirdhealaithe in aghaidh na mBan a Dhíothú, a ghlac Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe an 18 Nollaig 1979, a tháinig i bhfeidhm an 3 Meán Fómhair 1981 (Sraith Chonarthaí na Náisiún Aontaithe, Iml. 1249, Uimh. I-20378, lch. 13) agus ina bhfuil na Ballstáit go léir páirteach, ‘[c]hun críocha an Choinbhinsiúin [seo], tagraíonn an nath “idirdhealú in aghaidh na mban” d’aon idirdhealú, eisiamh nó srian ar bhonn gnéis a bhfuil sé d’éifeacht nó de chuspóir acu lagú nó neamhniú a dhéanamh ar aitheantas, ar thairbhiú nó ar fheidhmiú cearta daonna agus saoirsí bunúsacha sna réimsí polaitiúla, eacnamaíocha, sóisialta, cultúrtha agus sibhialta nó in aon réimse eile, ag mná, gan beann ar an stádas pósta atá acu, ar bhonn comhionannas idir fir agus mná.’
[Aistriúchán neamhoifigiúil]

5        Foráiltear le hAirteagal 3 den Choinbhinsiún sin go ndéanfaidh na Stáit is páirtithe gach beart is iomchuí i ngach réimse, go háirithe sna réimsí polaitíochta, sóisialta, eacnamaíocha agus cultúrtha, lena n‑áirítear forálacha reachtacha, chun forbairt iomlán agus dul chun cinn na mban a áirithiú ionas go ráthófar feidhmiú agus teachtadh chearta [an duine] agus na saoirsí bunúsacha dóibh ar bhonn comhionann leis na fir.

6        I gcomhréir le hAirteagal 5 den Choinbhinsiún sin, déanfaidh na Stáit is páirtithe gach beart is iomchuí, go háirithe chun athrú a dhéanamh ar na haistí agus na patrúin iompraíochta shoch-chultúrtha atá ag fir agus mná d’fhonn go mbainfí amach díothú claontachtaí agus gnásanna, nó aon chineál cleachtais eile, atá bunaithe ar an smaoineamh go bhfuil ceann de na gnéis níos fearr nó níos measa ná an ceann eile nó ar ról steiréitíopach ag fir agus mná.

7        De réir Airteagail 7, 10 agus 16 den Choinbhinsiún céanna, déanfaidh na Stáit is páirtithe gach beart is iomchuí chun idirdhealú in aghaidh na mban i réimsí polaitíochta agus poiblí na tíre a dhíothú maidir leis an oideachas agus le gach ceist a eascraíonn as an bpósadh agus as an gcaidreamh teaghlaigh.

 Coinbhinsiún Iostanbúl

8        Tá sé mar aidhm ag Coinbhinsiún Chomhairle na hEorpa maidir le foréigean in aghaidh na mban agus foréigean baile a chosc agus a chomhrac, a tugadh i gcrích in Iostanbúl an 11 Bealtaine 2011, a shínigh an tAontas Eorpach an 13 Meitheamh 2017, a formheasadh thar ceann an Aontais Eorpaigh le Cinneadh (AE) 2023/1076 ón gComhairle an 1 Meitheamh 2023 (IO 2023 L 143 I, lch. 4) (‘Coinbhinsiún Iostanbúl’), agus a tháinig i bhfeidhm, maidir leis an Aontas, an 1 Deireadh Fómhair 2023, i gcomhréir le hAirteagal 1 de, mná a chosaint ar gach cineál foréigin, agus foréigean in aghaidh na mban agus foréigean baile a chosc, a ionchúiseamh agus a dhíothú, rannchuidiú le deireadh a chur le gach cineál idirdhealaithe in aghaidh na mban agus comhionannas substainteach idir mná agus fir a chur chun cinn, lena n‑áirítear trí mhná a chumhachtú.

9        Sonraítear le hAirteagal 3 den Choinbhinsiún sin, chun críocha a chur i bhfeidhm, go dtuigtear gurb é atá i gceist le ‘foréigean in aghaidh na mban’ sárú chearta [an duine] agus cineál idirdhealaithe in aghaidh na mban, agus go gciallóidh sé gach gníomh foréigin inscnebhunaithe arb é an toradh air nó an toradh a d’fhéadfadh a bheith air, dochar nó fulaingt fhisiciúil, ghnéasach, shíceolaíoch nó eacnamaíoch do mhná, lena n‑áirítear bagairtí go ndéanfaí gníomhartha mar sin, comhéigean nó saoirse a bhaint go treallach, bíodh sé sin sa saol poiblí nó sa saol príobháideach.

10      Foráiltear an méid seo a leanas in Airteagal 4(2) den Choinbhinsiún sin:

‘Cáineann na páirtithe gach cineál idirdhealaithe in aghaidh na mban agus glacfaidh siad, gan mhoill, na bearta reachtacha agus na bearta eile is gá chun é a chosc, go háirithe tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

–        prionsabal an chomhionannais idir mná agus fir a chur ina mbunreachtanna náisiúnta nó ina reachtaíocht iomchuí eile agus a áirithiú go gcuirfear an prionsabal sin i ngníomh go héifeachtach;

–        idirdhealú in aghaidh na mban a thoirmeasc, lena n‑áirítear trí úsáid a bhaint as smachtbhannaí, i gcás inarb iomchuí;

–        deireadh a chur le dlíthe agus cleachtais a dhéanann idirdhealú in aghaidh na mban. ’

11      Foráiltear in Airteagal 60 de Choinbhinsiún Iostanbúl mar seo a leanas:

‘1      Déanfaidh na páirtithe na bearta reachtacha nó na bearta eile is gá chun a áirithiú go bhféadfar foréigean inscnebhunaithe in aghaidh na mban a aithint mar chineál géarleanúna de réir bhrí Airteagal 1(A)(2), de [Choinbhinsiún na Ginéive] agus mar chineál díobhála tromchúisí as a n‑eascraíonn cosaint chomhlántach/choimhdeach.

2      Áiritheoidh na Páirtithe go ndéanfar léiriú atá íogair ó thaobh inscne de ar gach ceann d’fhorais [Choinbhinsiún na Ginéive] agus i gcás ina suífear go mbaineann an ghéarleanúint a d’fhéadfadh a bheith ann le ceann amháin nó níos mó de na forais sin, go mbronnfar stádas dídeanaí ar iarratasóirí tearmann de réir na n‑ionstraimí ábhartha is infheidhme.

[...]’

 Dlí an Aontais

 Treoir 2011/95

12      De réir aithrisí 4, 16, 18 agus 30 de Threoir 2011/95:

‘(4)      Is bunchloch an chórais dlí idirnáisiúnta um dhídeanaithe a chosaint é Coinbhinsiún na Ginéive agus an Prótacal lena mbaineann.

[...]

(16)      Urramaítear na cearta bunúsacha leis an Treoir seo mar aon leis na prionsabail a aithnítear go háirithe sa [Chairt]. Go háirithe, féachtar leis an Treoir seo lena áirithiú go ndéanfar dínit an duine agus ceart chun tearmann na n‑iarratasóirí ar thearmann agus a mball teaghlaigh atá á dtionlacan a urramú ina n‑iomláine agus féachtar le cur i bhfeidhm Airteagal 1, 7, 11, 14, 15, 16, 18, 21, 24, 34 agus 35 den Chairt a chur chun cinn, agus dá bhrí sin ba cheart í a chur chun feidhme dá réir.

[...]

(18) Agus an Treoir seo á cur chun feidhme acu, ba chóir do na Ballstáit tús áite a thabhairt do “leas an linbh”, i gcomhréir le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh, 1989. Agus leas an linbh á mheas acu, ba chóir do na Ballstáit aird chuí a thabhairt, go háirithe, ar phrionsabal aontacht an aonaid teaghlaigh, ar dhea-bhail agus ar fhorbairt shóisialta an mhionaoisigh, ar chúrsaí sábháilteachta agus slándála agus ar thuairimí an mhionaoisigh i gcomhréir lena aois nó lena haois agus a aibíocht nó a haibíocht.

[...]

(30)      Is gá coincheap coiteann a thabhairt isteach maidir leis an bhforas géarleanúna arb ionann é agus “ballraíocht i ngrúpa sóisialta áirithe”. Chun críocha grúpa sóisialta áirithe a shainmhíniú, ba cheart aird a thabhairt ar shaincheisteanna a eascraíonn ó inscne an iarratasóra - lena n‑áirítear féiniúlacht inscne agus gnéaschlaonadh, a d’fhéadfadh a bheith bainteach le traidisiúin dhlíthiúla áirithe agus le gnásanna áirithe, arb é is toradh orthu mar shampla ciorrú ball giniúna, aimridiú éigeantach nó ginmhilleadh éigeantach, a mhéid a bhaineann siad leis an eagla, lena bhfuil bunús maith, atá ar an iarratasóir go ndéanfaí géarleanúint air.’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

13      Foráiltear mar seo a leanas le hAirteagal 2 den Treoir sin, dar teideal ‘Sainmhínithe’:

‘Chun críocha na Treorach seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)       ciallaíonn “cosaint idirnáisiúnta” stádas dídeanaí agus stádas cosanta coimhdí mar a shainmhínítear i míreanna (e) agus (g) iad;

[...]

(d)       ciallaíonn ‘dídeanaí’ náisiúnach tríú tír atá lasmuigh de thír a náisiúntachta de bharr eagla a bhfuil bunús maith léi roimh ghéarleanúint mar gheall ar chine, ar reiligiún, ar náisiúntacht, ar thuairim pholaitiúil nó ar bhallraíocht i ngrúpa sóisialta áirithe agus nach bhfuil in ann nó, de bharr eagla den sórt sin, nach bhfuil toilteanach leas a bhaint as cosaint na tíre sin, nó duine gan stát atá lasmuigh den tír ina raibh gnáthchónaí air roimhe seo ar na cúiseanna sin a luaitear thuas agus nach bhfuil in ann nó, de bharr eagla den sórt sin, nach bhfuil toilteanach, filleadh ar an tír sin, sa chás gur duine é nach bhfuil feidhm ag Airteagal 12 maidir leis;

(e)       ciallaíonn “stádas dídeanaí” an t‑aitheantas a thabharfaidh Ballstát go bhfuil stádas dídeanaí ag gach náisiúnach tríú tír nó duine gan stát;

[...]

(i) ciallaíonn “iarratasóir” náisiúnach tríú tír nó duine gan stát a bhfuil iarratas ar chosaint idirnáisiúnta déanta aige, nach bhfuil cinneadh críochnaitheach déanta ina leith fós;

[...]

(k) ciallaíonn “mionaoiseach” náisiúnach tríú tír nó duine gan stát faoi bhun 18 mbliana d’aois;

[...]

(n) ciallaíonn “tír thionscnaimh” an tír nó na tíortha náisiúntachta nó, i gcás daoine gan stát, an tír nó na tíortha ina raibh gnáthchónaí orthu roimhe seo.’
[Aistriúchán neamhoifigiúil]

14      Foráiltear le hAirteagal 4 den Treoir sin, dar teideal ‘Measúnú ar fhíorais agus ar chúinsí’, a leagtar amach i gCaibidil II den Treoir sin, maidir le ‘measúnú ar iarratais ar chosaint idirnáisiúnta’:

‘1.      Féadfaidh na Ballstáit a mheas go bhfuil sé de dhualgas ar an iarratasóir an t‑ábhar is gá a thaisceadh le bunús a thabhairt lena iarratas, nó lena hiarratas, ar chosaint idirnáisiúnta a luaithe is féidir. Is faoin mBallstát atá sé measúnú a dhéanamh, i gcomhar leis an iarratasóir, ar ghnéithe ábhartha an iarratais.

2.      Cuimseoidh na heilimintí dá dtagraítear i mír 1 na ráitis ón iarratasóir agus na doiciméid go léir atá ar fáil don iarratasóir maidir lena aois, a chúlra, lena n‑áirítear aois agus cúlra a ghaolta ábhartha, a fhéiniúlacht, a náisiúntacht nó náisiúntachtaí, an tír nó tíortha agus an áit nó na háiteanna ina raibh cónaí air roimhe seo, iarratais ar thearmann a rinne sé roimhe sin, na bealaí taistil a lean sé, a dhoiciméid taistil agus na fáthanna a bhfuil sé ag déanamh iarratas ar chosaint idirnáisiúnta.

3.      Déanfar measúnú ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta ina aonair agus cuirfear an méid seo a leanas san áireamh:

(a)      na fíorais ábhartha go léir a bhaineann leis an tír thionscnaimh tráth a dhéantar rialú ar an iarratas, lena n‑áirítear dlíthe agus Rialacháin na tíre tionscnaimh agus faoi mar a chuirtear iad i bhfeidhm;

[...]

(c)      stádas aonair agus staid phearsanta an iarratasóra, lena n‑áirítear tosca amhail a chúlra, a inscne, agus a aois le fionnadh, i bhfianaise staid phearsanta an iarratasóra, an bhféadfaí nó nach bhféadfaí a mheas gurb é atá sna gníomhartha a raibh an t‑iarratasóir i mbaol go ndéanfaí dó ná géarleanúint nó díobháil thromchúiseach;

...

5.      I gcás ina gcuireann na Ballstáit an prionsabal i bhfeidhm lena bhforáiltear nach mór don iarratasóir tacú lena iarratas, agus i gcás ina bhfuil gnéithe de ráitis an iarratasóra nach dtacaítear leo trí fhianaise scríbhinn nó trí fhianaise eile, níl na gnéithe sin le deimhniú i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:

[...]

(c)      meastar go bhfuil na ráitis comhleanúnach agus inchreidte [...]

[...]

(e)      deimhníodh creidiúnacht ghinearálta an iarratasóra.’
[Aistriúchán neamhoifigiúil]

15      Foráiltear le hAirteagal 9(1) agus (2) den Treoir sin, dar teideal “Gníomhartha géarleanúna”:

‘1.      Chun go measfar gur gníomh géarleanúna é de réir bhrí Airteagal 1, Roinn (A) de Choinbhinsiún na Ginéive, ní mór do ghníomh:

(a)      a bheith tromchúiseach go leor de bharr a chineáil nó de bharr a athdhéanta le bheith ina shárú tromchúiseach ar chearta bunúsacha an duine, go háirithe na cearta do-mhaolaithe faoi Airteagal 15(2) den Choinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint [, a síníodh sa Róimh an 4 Samhain 1950]; nó

(b)      a bheith ina charnadh bearta éagsúla, lena n‑áirítear sáruithe ar chearta an duine atá tromchúiseach go leor chun difear a dhéanamh do dhuine aonair ar bhealach atá cosúil leis an mbealach dá dtagraítear i mír (a).

2.      Féadfar gníomhartha géarleanúna, de réir bhrí mhír 1, a bheith den sórt seo leanas:

[...]

(f)      gníomhartha a bhaineann go sonrach le hinscne nó le leanaí.’
[Aistriúchán neamhoifigiúil]

16      Foráiltear le hAirteagal 10 de Threoir 2011/95, dar teideal ‘Cúiseanna le géarleanúint’:

“1.      Cuirfidh na Ballstáit na gnéithe seo a leanas san áireamh agus measúnú á dhéanamh acu ar na cúiseanna le géarleanúint:

[...]

(d)      measfar gur grúpa sóisialta áirithe é grúpa, sna cásanna seo a leanas go háirithe:

–        ina bhfuil ag lucht an ghrúpa sin comhthréith ó nádúr nó cúlra comhchoiteann atá do-athraithe, nó ina cuid, nó ina chuid, atá chomh bunúsach sin dá bhféiniúlacht nó dá gcoinsias nár cheart iallach a chur ar dhuine an tréith nó an creideamh sin a thréigean, agus

–        ina bhfuil ag an ngrúpa sin féiniúlacht ar leithligh sa tír ábhartha, toisc go mbraitear sa tsochaí mhórthimpeall go bhfuil sé éagsúil.

[...] Déanfar machnamh cuí ar ghnéithe a bhaineann le hinscne, lena n‑áirítear féiniúlacht inscne, chun críocha ballraíocht i ngrúpa sóisialta áirithe nó tréith dá leithéid de ghrúpa a aithint;

[...]

2.      Agus measúnú á dhéanamh an bhfuil eagla a bhfuil bunús maith léi ar iarratasóir roimh ghéarleanúint, is cuma an bhfuil ag an iarratasóir i ndáiríre an tsaintréith [...] arb í ballraíocht i ngrúpa sóisialta [...] is fáth na géarleanúna í, ar choinníoll go gcuireann gníomhaí na géarleanúna saintréith den sórt sin i leith an iarratasóra.’
[Aistriúchán neamhoifigiúil]

17      Foráiltear le hAirteagal 20(3) agus (5) den Treoir sin, a leagtar amach i gCaibidil VII de, maidir le ‘hInneachar na Cosanta Idirnáisiúnta’:

‘3.      Agus iad ag cur na Caibidle seo i bhfeidhm, cuirfidh na Ballstáit cúinse shonrach atá ann do dhaoine leochaileacha san áireamh, lena n‑áirítear mionaoisigh, mionaoisigh neamhthionlactha [...], tuismitheoirí aonair ag a bhfuil leanaí mionaoiseacha [...]

[...]

5.      Tabharfaidh na Ballstáit tús áite do leas an linbh agus iad i mbun forálacha na Caibidle seo maidir le mionaoisigh a thrasuí.’
[Aistriúchán neamhoifigiúil]

 Treoir 2013/32/AE

18      Sainmhínítear ‘iarratas ina dhiadh’ in Airteagal 2(q) de Threoir 2013/32/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le nósanna imeachta coiteanna chun stádas cosanta idirnáisiúnta a dheonú agus a tharraingt siar (IO 2013 L 180, lch. 60), mar ‘iarratas nua ar chosaint idirnáisiúnta a dhéantar tar éis cinneadh críochnaitheach a rinneadh maidir le hiarratas roimhe sin [...] ’.
[Aistriúchán neamhoifigiúil]

19      Foráiltear le hAirteagal 10(3) den Treoir sin, dar teideal ‘Coinníollacha faoina ndéanfar scrúdú ar iarratais’:

‘Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh údarás cinntitheach cinntí ar iarratais ar chosaint idirnáisiúnta i ndiaidh scrúdú iomchuí. Chuige sin, áiritheoidh na Ballstáit:

(a)      go ndéanfar scrúdú ar na hiarratais agus go ndéanfar cinneadh ar bhonn indibhidiúil, go hoibiachtúil agus go neamhchlaonta;

(b)      go bhfaighfear faisnéis bheacht chothrom le dáta ó fhoinsí éagsúla amhail an [Oifig Tacaíochta Eorpach do Chúrsaí Tearmainn (EASO)] agus [Oifig Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe le haghaidh Dídeanaithe (UNHCR)] agus na heagraíochtaí idirnáisiúnta inniúla maidir le cearta an duine, i ndáil leis an staid ghinearálta atá ann i dtíortha tionscnaimh na n‑iarratasóirí [...] agus go mbeidh rochtain ag an bpearsanra atá freagrach as iarratais a scrúdú agus cinntí a dhéanamh ar an bhfaisnéis sin.

[...]

(d)      Go mbeidh deis ag an bpearsanra atá ag scrúdú iarratas agus ag déanamh cinntí comhairle a lorg ó shaineolaithe, más iomchuí, maidir le hábhair áirithe amhail leigheas, cultúr, reiligiún nó ábhair a bhaineann le leanaí nó le hinscne.’
[Aistriúchán neamhoifigiúil]

20      De réir an cheathrú fomhír d’Airteagal 14(1) den Treoir sin, ‘Féadfaidh na Ballstáit rogha a dhéanamh trína ndlí náisiúnta maidir leis na cásanna a thairgfear agallamh pearsanta do mhionaoiseach’.

21      Foráiltear le hAirteagal 15(3) den Treoir sin:

‘Déanfaidh na Ballstáit bearta iomchuí chun a áirithiú go ndéanfar an t-agallamh pearsanta faoi dhálaí a cheadóidh don iarratasóir na forais go léir lena iarratas a thabhairt ar aird. Chuige sin, áiritheoidh na Ballstáit:

[...]

(e)      Go ndéanfar na hagallaimh le mionaoisigh ar bhealach atá oiriúnach do leanaí.’
[Aistriúchán neamhoifigiúil]

22      Foráiltear le hAirteagal 40(2) de Threoir 2013/32, dar teideal ‘Iarratais ina dhiadh’:

‘Chun cinneadh a ghlacadh i dtaca le hinghlacthacht an iarratais ar chosaint idirnáisiúnta de bhun Airteagal 33(2)(d), beidh iarratas ina dhiaidh ar chosaint idirnáisiúnta faoi réir réamhscrúdú ar dtús i dtaobh eilimintí nó torthaí nua a bheith ag eascairt nó a bheith curtha i láthair ag an iarratasóir a bhaineann leis an scrúdú i dtaobh an gcáilíonn an t‑iarratasóir mar thairbhí de chosaint idirnáisiúnta de bhun Threoir [2011/95].’
[Aistriúchán neamhoifigiúil]

 An díospóid sna príomhimeachtaí agus na ceisteanna a tharchuirtear le haghaidh réamhrialú

23      Is deirfiúracha ón Iaráic iad K agus L, na hiarratasóirí sna príomhimeachtaí, a rugadh in 2003 agus in 2005 faoi seach. Tháinig siad go dtí an Ísiltír le linn 2015 lena dtuismitheoirí agus lena n‑aintín. Tá sainchónaí orthu go leanúnach ann ó shin i leith. An 7 Samhain 2015, rinne a dtuismitheoirí iarratais ar thearmann thar a gceann féin agus thar ceann K agus L, ar diúltaíodh dóibh an 17 Feabhra 2017. Tháinig na cinntí maidir le diúltiú chun bheith críochnaitheach le linn 2018.

24      An 4 Aibreán 2019, rinne K agus L a n‑iarratais ina dhiadh de réir bhrí Airteagal 2(q) de Threoir 2013/32, ar diúltaíodh dóibh, toisc gurbh fhollasach nach raibh bunús leo, trí chinntí ón Státrúnaí Dlí agus Cirt agus Slándála an 21 Nollaig 2020. Chun cur i gcoinne na gcinntí maidir le diúltú, d’áitigh K agus L os comhair rechtbank Den Haag, zittingsplaats ’s-Hertogenboschan (an Chúirt Dúiche, an Háig, ina suí in ’s-Hertogenbosch, an Ísiltír), an chúirt a rinne an tarchur, go raibh noirm, luachanna agus iompar a bpiaraí tarraingthe chucu mar gheall ar a dtréimhse chónaithe fhada san Ísiltír agus gur ‘iartharaíodh’ iad dá bharr. Dá bharr sin, mar mhná óga, ba mhaith leo a rogha saoil féin a dhéanamh faoi láthair agus sa todhchaí, go háirithe maidir lena gcaidrimh le fir, lena bpóstaí, lena staidéar, lena gcuid oibre agus ba mhaith leo cinneadh a dhéanamh dóibh féin ar dhearcthaí polaitiúla agus reiligiúnacha. Tá eagla orthu go ndéanfar géarleanúint orthu i gcás filleadh ar an Iaráic mar gheall ar an bhféiniúlacht a chruthaigh siad san Ísiltír, arna léiriú ag na noirm, luachanna agus iompar atá tarraingthe chucu nach bhfuil mar an gcéanna ina dtír thionscnaimh, agus atá chomh tábhachtach sin dá bhféiniúlacht agus dá gcoinsias nach féidir leo iad a thréigean. Mar sin, maíonn siad go bhfuil ballraíocht acu i ‘ngrúpa sóisialta áirithe’ chun críocha Airteagal 10(1)(d) de Threoir 2011/95.

25      Chomh maith leis sin, áitíonn K agus L, mar gheall ar an tréimhse chónaithe fhada sin san Ísiltír, go bhfuil siad fréamhaithe sa tír sin anois agus go mbainfeadh díobháil fhorbartha dóibh dá mbeadh orthu an tír a fhágáil. Chuirfeadh an díobháil sin leis an díobháil a d’fhulaing siad mar gheall ar an tréimhse éiginnteachta fada a bhain le cead cónaithe a fháil sa Bhallstát sin.

26      Sa chomhthéacs sin, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, ar an gcéad dul síos, maidir le léiriú an choincheapa ‘ballraíocht i ngrúpa sóisialta áirithe’ de réir bhrí Airteagal 10(1)(d) de Threoir 2011/95. Measann sí go mbaineann coincheap an ‘iartharaithe’ le comhionannas idir mná agus fir agus, go háirithe, le ceart na mban chun cosaint a fháil ar gach cineál foréigin inscnebhunaithe agus ar phósadh éigeantais, agus an ceart chun creideamh a leanúint nó gan é a leanúint agus chun a dtuairimí polaitíochta féin a bheith acu agus iad a nochtadh.

27      Meabhraíonn an chúirt sin, de réir chásdlí an Raad van State (an Chomhairle Stáit, an Ísiltír), gur ghrúpa ró-ilchineálach é ‘mná iartharaithe’ chun a bheith measta mar ‘g[h]rúpa sóisialta áirithe’ de réir bhrí Airteagal 10(1)(d) de Threoir 2011/95 agus, de réir an chleachtais dlí náisiúnta, go ndéanfar scrúdú ar aon ‘iartharú’ féideartha mar fhoras géarleanúna bunaithe ar an reiligiún nó ar thuairimí polaitíochta.

28      Fiafraíonn an chúirt sin, ar an dara dul síos, maidir le conas a chuirfear leas an linbh san áireamh, a ráthaítear in Airteagal 24(2) den Chairt, i gcomhthéacs nós imeachta scrúduithe ar iarratais ar chosaint idirnáisiúnta. Ni fhaigheann sí treoir ar bith i ndlí an Aontais maidir le conas a dheimhnítear an leas sin.

29      Chuige sin, ag meabhrú, de réir bhreithiúnas an 14 Eanáir 2021, Staatssecretaris van Justitie en Veiligheid (Filleadh mionaoisigh neamhthionlactha) (C‑441/19, EU:C:2021:9, mír 45) i ngach gníomh a bhaineann le leanaí, bíodh sé á ghlacadh ag údaráis phoiblí nó ag institiúidí príobháideacha, nach mór leas an linbh a bheith ar na dálaí is tábhachtaí atá le cur san áireamh, i gcomhréir le hAirteagal 24(2) den Chairt, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur maidir le comhréireacht cleachtais dlí náisiúnta, ar dá réir, ar an gcéad chéim, déanann údarás inniúil cinneadh maidir leis an iarratas ar chosaint idirnáisiúnta trí leas an linbh a mheas i dtéarmaí ginearálta agus ní féidir leis an iarratasóir an cinneadh sin a chonspóid ach ag an dara céim trí aighneacht rathúil a dhéanamh go n‑éilíonn an leas sin cinneadh difriúil, le dlí an Aontais.

30      Ar an tríú dul sios, ag tabhairt faoi deara nach mbaineann an díobháil a líomhnaítear gur fhulaing K agus L, mar gheall ar an éiginnteacht a bhaineann lena staid san Ísiltír, leis na forais ghéarleanúna ina dtír thionscnaimh, fiafraíonn an chúirt sin, i gcomhthéacs scrúdú ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta, an éilíonn leas an linbh go gcuirfear díobháil den chineál sin agus, má éilíonn, conas is féidir é sin a dhéanamh.

31      Ar an gceathrú dul síos agus ar deireadh, fiafraíonn an chúirt sin maidir le comhréireacht cleachtais dlí náisiúnta, ar dá réir ní gá don údarás a dhéanann cinneadh maidir le ‘hiarratas ina dhiadh’ de réir bhrí Airteagal 2(q) de Threoir 2013/32 scrúdú ex officio a dhéanamh ar cheart cónaithe an iarratasóra ‘ar ghnáthfhorais’, le dlí an Aontais.

32      Sna himthosca sin, chinn rechtbank Den Haag, zittingsplaats ’s‑Hertogenbosch (an Chúirt Dúiche, an Háig, ina suí in ‘s-Hertogenbosch) bac a chur ar na himeachtaí agus na ceisteanna seo a leanas a tharchur chuig an gCúirt Bhreithiúnais le haghaidh réamhrialú:

‘1)      Maidir le hAirteagal 10(1)(d) de Threoir [2011/95], an bhfuil léiriú le déanamh amhail go bhfuil sé le meas gur cúlra comhchoiteann atá do-athraithe nó tréithe atá ina gcuid chomh bunúsach den fhéiniúlacht nár cheart iallach a chur ar dhuine iad a thréigean iad noirm, luachanna agus iompar iarbhír de chuid an Iarthair a tharraingíonn náisiúnaigh tríú tír chucu féin le linn cónaí a bheith orthu i gcríoch an Bhallstáit agus lánpháirt á glacadh acu i sochaí ar feadh cuid mhór den chéim dá saolta ina múnlaíonn siad a bhféiniúlacht?

2)      Má tá freagra dearfach ar an gcéad cheist, an bhfuil sé le meas go bhfuil “[ballraíocht i] ngrúpa sóisialta áirithe” de réir bhrí Airteagal 10(1)(d) de Threoir [2011/95] ag náisiúnaigh tríú tír a bhfuil a gcomhionann de noirm agus luachanna de chuid an Iarthair tarraingthe chucu trí chónaí iarbhír a bheith orthu sa Bhallstát le linn na céime dá saolta ina múnlaíonn siad a bhféiniúlacht, gan beann ar na cúiseanna leis? An bhfuil measúnú le déanamh ó dhearcadh an Bhallstáit ar cibé an ann nó nach ann do “g[h]rúpa sóisialta áirithe... ag a bhfuil... féiniúlacht ar leithligh sa tír ábhartha” nó an bhfuil léiriú le déanamh air seo, léite i gcomhar le hAirteagal 10(2) de Threoir [2011/95], amhail go bhfuil tábhacht chinntitheach ag dul le hinléiritheacht an náisiúnaigh tríú tír go meastar sa tír thionscnaimh go mbaineann sé nó sí le grúpa sóisialta áirithe nó go gcuirtear é ina leith ach go háirithe? An bhfuil an ceanglas nach bhfuil iartharú le bheith ina chúis le stádas dídeanaí ach amháin i gcás inarb iad cúrsaí reiligiúnacha nó polaitiúla a spreagann é i gcomhréir le hAirteagal 10 de Threoir [2011/95], arna léamh i gcomhar leis an toirmeasc ar refoulement agus an ceart chun tearmainn?

3)      An bhfuil cleachtas dlí náisiúnta lena measann údarás inniúil, agus iarratas ar chosaint idirnáisiúnta á mheasúnú aige, leas an linbh a mheas gan a shocrú go nithiúil ar dtús céard is leas an linbh ann (i ngach nós imeachta) i gcomhréir le dlí an Aontais agus, go háirithe, le hAirteagal 24(2) den [Chairt], arna léamh i gcomhar le hAirteagal 51(1) den Chairt? An bhfuil a mhalairt d’fhreagra le tabhairt ar an gceist seo i gcás ina bhfuil measúnú le déanamh ag an mBallstát ar an iarratas ar shainchónaí a dheonú ar ghnáthfhorais agus ina bhfuil leas an linbh le cur san áireamh agus cinneadh á dhéanamh ar an iarratas sin?

4)      I bhfianaise Airteagal 24(2) den Chairt, conas, agus ag cén céim den mheasúnú ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta, a bhfuil leas an linbh agus, le bheith cruinn faoi, an díobháil a tharla do mhionaoiseach de dheasca a shainchónaithe fhada i mBallstát le cur san áireamh agus le meas? An bhfuil sé ábhartha chuige sin cibé an raibh nó nach raibh an sainchónaí iarbhír dleathach? An bhfuil sé ábhartha, agus leas an linbh á mheas mar chuid den mheasúnú thuasluaite, go ndearna Ballstát cinneadh ar an iarratas ar chosaint idirnáisiúnta laistigh de na teorainneacha ama arna leagan síos le dlí an Aontais, nár comhlíonadh oibleagáid maidir le filleadh arna forchur cheana féin agus nach ndearna an Ballstát aistriú i ndiaidh cinneadh um fhilleadh a eisiúint dá dheasca go raibh sainchónaí iarbhír an mhionaoisigh in ann leanúint ar aghaidh sa Bhallstát?

5)      An bhfuil cleachtas dlí náisiúnta lena ndéantar idirdhealú idir iarratas tosaigh ar chosaint idirnáisiúnta agus iarratais ar chosaint idirnáisiúnta ina dhiaidh, ar dá réir a thugtar neamhaird ar ghnáthfhorais i gcás iarratais ina dhiaidh ar chosaint idirnáisiúnta, i gcomhréir le dlí an Aontais, i bhfianaise Airteagal 7 den Chairt, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 24(2) de?’

 Breithniú ar na ceisteanna a tharchuirtear le haghaidh réamhrialú

 Breithniú ar an gcéad cheist agus ar an dara ceist

33      Mar réamhphointe, ba cheart a thabhairt faoi deara, cé go ndéanann an chúirt a rinne an tarchur tagairt do ‘noirm, luachanna agus iompar iarbhír de chuid an Iarthair a tharraingíonn náisiúnaigh tríú tír chucu féin le linn cónaí a bheith orthu i gcríoch an Bhallstáit agus lánpháirt á glacadh acu i sochaí ar feadh cuid mhór den chéim dá saolta ina múnlaíonn siad a bhféiniúlacht’, gur léir ón iarraidh ar réamhrialú go mbaineann sé le fíorchreideamh na mban sin i mbunluach an chomhionannais inscne agus a mian chun leanúint ar aghaidh ag baint tairbhe as an gcomhionannas sin ina saol laethúil.

34      Sna himthosca sin, ní mór a mheas go bhfiafraíonn an chúirt sin, lena chéad dá cheist le haghaidh réamhrialú, ar féidir breithniú a dhéanamh orthu le chéile, go bunúsach, an bhfuil Airteagal 10(1)(d) agus (2) de Threoir 2011/95 amhail, de réir na n‑imthosca atá i réim sa tír thionscnaimh, sa chaoi go bhfuil ballraíocht i ‘ngrúpa sóisialta áirithe’ ag mná na tíre sin, lena n‑áirítear mionaoisigh, a bhfuil comhthréith acu, eadhon fíorchreideamh i mbunluach an chomhionannais inscne, atá cumhdaithe go háirithe in Airteagal 2 CAE, a tharraing siad chucu féin le linn tréimhse chónaithe fhada i mBallstát, ar baint í atá ina ‘cúis le géarleanúint’ a bhfuil stádas dídeanaí inaitheanta dá bharr.

35      Ar an gcéad dul síos, sainmhínítear ‘dídeanaí’ in Airteagal 2(d) de Threoir 2011/95 mar gach náisiúnach tríú tír atá lasmuigh de thír a náisiúntachta de bharr eagla a bhfuil bunús maith léi go ndéanfaí géarleanúint air nó uirthi mar gheall ar chine, ar reiligiún, ar náisiúntacht, ar thuairim pholaitiúil nó ar bhaint i ngrúpa sóisialta áirithe agus nach bhfuil in ann nó, de bharr eagla den sórt sin, nach bhfuil toilteanach leas a bhaint as cosaint na tíre sin. Leis an sainmhíniú seo, atáirgtear an sainmhíniú in Airteagal 1(A)(2) de Choinbhinsiún na Ginéive agus é, mar a leagtar amach in aithris 4 den Treoir sin, ina ‘bhunchloch den chórais dlí idirnáisiúnta um dhídeanaithe a chosaint’.
[Aistriúchán neamhoifigiúil]

36      Dá bhrí sin, ní mór léiriú a dhéanamh ar fhorálacha Threoir 2011/95 ní hamháin i bhfianaise leagan amach ginearálta agus chuspóir na Treorach sin, ach i gcomhréir le Coinbhinsiún na Ginéive agus leis na conarthaí ábhartha eile dá dtagraítear in Airteagal 78(1) CFAE chomh maith. Go sonrach, áirítear Coinbhinsiún Iostanbúl agus an Coinbhinsiún maidir le Gach Cineál Idirdhealaithe in aghaidh na mBan a Dhíothú i measc na gconarthaí sin (breithiúnas an 16 Eanáir 2024, Intervyuirasht organ na DAB pri MS (Mná is íospartaigh foréigin teaghlaigh), C‑621/21 EU:C:2024:47, míreanna 37 agus 44 go 47).

37      Mar a dheimhnítear sna hAirteagail 1 agus 3, agus Airteagal 4(2) de Choinbhinsiún Iostanbúl, ciallaíonn comhionannas inscne go háirithe go bhfuil an ceart ag gach bean chun cosaint a fháil ar gach cineál foréigin inscnebhunaithe agus ar phósadh éigeantais, chomh maith le ceart chun creideamh a leanúint nó gan é a leanúint agus chun a tuairimí polaitíochta féin a bheith aici agus iad a nochtadh, agus a rogha saoil féin a dhéanamh, go háirithe maidir le hoideachas, le roghnú gairme nó le gníomhaíochtaí sa saol poiblí. Is amhlaidh an scéal maidir le hAirteagail 3, 5, 7, 10 agus 16 den Choinbhinsiún maidir le Gach Cineál Idirdhealaithe in aghaidh na mBan a Dhíothú.

38      Thairis sin, ní mór léiriú a dhéanamh ar fhorálacha Threoir 2011/95, mar a leagtar amach in aithris 16, i gcomhréir leis na cearta a aithnítear sa Chairt, ar chuireann an Treoir sin cur chun feidhme de chun cinn, agus ar chuirtear cosc ar gach cineál idirdhealaithe inscnebhunaithe in Airteagal 21(1) de (féach, chuige sin, breithiúnais an 13 Eanáir 2021, Bundesrepublik Deutschland (Stádas dídeanaí duine gan stát de thionscnamh Palaistíneach), C‑507/19, EU:C:2021:3, mír 39, agus an 9 Samhain 2023, Staatssecretaris van Justitie en Veiligheid (Coincheap na díobhála tromchúisí), C‑125/22, EU:C:2023:843, mír 60).

39      Ar an dara dul síos, liostaítear in Airteagal 10(1) de Threoir 2011/95, i gcás gach ceann de na cúig fhoras géarleanúna lena bhfuil stádas dídeanaí inaitheanta, i gcomhréir le hAirteagal 2(d) den Treoir sin, an méid atá le cur san áireamh ag na Ballstáit.

40      Go háirithe, maidir leis an gcúis ‘ballraíocht i ngrúpa sóisialta áirithe’, is léir ón gcéad fhomhír d’Airteagal 10(1)(d) go bhfuil grúpa le meas mar ‘ghrúpa sóisialta áirithe’ i gcás ina gcomhlíontar dhá choinníoll charnacha. Ar an gcéad dul síos, caithfear go bhfuil ag na daoine a d’fhéadfadh a bheith ina mbaill de ghrúpa sóisialta áirithe ceann amháin ar a laghad de na trí ghné aitheanta, eadhon ‘tréith ó nádúr’ nó ‘cúlra coiteann atá do-athraithe’, nó fiú ‘saintréith nó creideamh atá chomh bunúsach sin dá bhféiniúlacht nó dá gcoinsias nár cheart iallach a chur ar dhuine an tsaintréith nó an creideamh sin a thréigean’. Ar an dara dul síos, ní mór ‘féiniúlacht ar leithligh’ a bheith ag an ngrúpa sin sa tír thionscnaimh, ‘toisc go mbraitear é sa tsochaí mhórthimpeall go bhfuil sé éagsúil’ (breithiúnas an 16 Eanáir 2024, Intervyuirasht organ na DAB pri MS (Mná is íospartaigh foréigin teaghlaigh), C‑621/21, EU:C:2024:47, mír 40).

41      Thairis sin, sonraítear leis an dara fomhír d’Airteagal 10(1)(d), inter alia, ‘[nach] mór breithniú go cuí ar ghnéithe a bhaineann le hinscne, lena n‑áirítear féiniúlacht inscne, chun críocha ballraíocht i ngrúpa sóisialta áirithe a chinneadh nó chun críocha saintréith grúpa den sórt sin a aithint’. Ní mór an fhoráil sin a léamh i bhfianaise aithris 30 de Threoir 2011/95, ar dá réir a fhéadfar féiniúlacht inscne a nascadh le traidisiúin agus gnásanna dlíthiúla áirithe (breithiúnas an 16 Eanáir 2024, Intervyuirasht organ na DAB pri MS (Mná is íospartaigh foréigin teaghlaigh), C‑621/21, EU:C:2024:47, mír 41).

42      Maidir leis an gcéad choinníoll aitheanta do ‘ghrúpa sóisialta áirithe’, de réir bhrí na chéad fhleisce den chéad mhír d’Airteagal 10(1)(d) de Threoir 2011/95, eadhon nach mór ceann amháin ar a laghad de na trí ghné aitheanta dá bhforáiltear san fhoráil sin a bheith acu, chinn an Chúirt cheana gur tréith ó nádúr í an bhanúlacht agus, dá bhrí sin, is leor í chun an coinníoll sin a chomhlíonadh (breithiúnas an 16 Eanáir 2024, Intervyuirasht organ na DAB pri MS (Mná is íospartaigh foréigin teaghlaigh), C‑621/21, EU:C:2024:47, mír 49).

43      Thairis sin, comhlíontar an coinníoll sin freisin i gcás mná a bhfuil comhthréith sa bhreis acu amhail, mar shampla, tréith eile ó nádúr, nó, cúlra coiteann atá do-athraithe fiú, amhail staid teaghlaigh áirithe, nó saintréith nó creideamh atá a riachtanaí don fhéiniúlacht nó don choinsias nár cheart a cheangal ar na mná sin an ghné sin a thréigean (féach, chuige sin, breithiúnas an 16 Eanáir 2024, Intervyuirasht organ na DAB pri MS (Mná is íospartaigh foréigin teaghlaigh), C‑621/21 EU:C:2024:47, mír 50).

44      I ndáil leis sin, ar thaobh amháin, mar a chuireann an tAbhcóide Ginearálta in iúl ag mír 34 dá Thuairim, tugann fíorchreideamh i mbunluach an chomhionannais inscne, a mhéid a ghlactar leis gur mhaith le bean leas a bhaint as an gcomhionannas sin ina saol laethúil, le fios gur féidir léi a rogha saoil féin a dhéanamh, go háirithe maidir le hoideachas agus roghnú gairme, ar mhéid agus cineál gníomhaíochtaí go poiblí, ar inbhainteacht amach neamhspleáchais eacnamaíoch trí obair as baile, ar chinntí maidir le cónaí in aonar nó le teaghlach agus ar an saor-rogha maidir le páirtí, cinntí bunúsacha ó thaobh socrú féiniúlachta de. Sna himthosca sin, is féidir fíorchreideamh de chuid náisiúnaigh tríú tír i mbunluach an chomhionannais inscne a mheas mar ‘shaintréith nó creideamh atá chomh bunúsach sin dá bhféiniúlacht nó dá gcoinsias nár cheart iallach a chur ar dhuine an tsaintréith nó an creideamh sin a thréigean’. Chuige sin, níl sé ábhartha nach measann an bhean sin gur cuid de ghrúpa le náisiúnaigh tríú tír eile í nó le gach bean a bhfuil an bunluach acu.

45      Ar an taobh eile, is féidir leis an bhfíoras go raibh sainchónaí ar náisiúnaigh tríú tír ar mhná óga iad i mBallstát óstach, le linn na céime dá saolta ina múnlaítear féiniúlacht an duine, agus gur tharraing siad fíorchreideamh i mbunluach an chomhionannais inscne chucu féin le linn na tréimhse sin, a bheith ina ‘chúlra comhchoiteann atá do-athraithe’, de réir bhrí na chéad fhleisce den chéad mhír d’Airteagal 10(1)(d) de Threoir 2011/95.

46      Dá bhrí sin, ní mór a thabhairt faoi deara go gcomhlíonann na mná sin, lena n‑áirítear mionaoisigh, an chéad choinníoll aitheanta do ‘ghrúpa sóisialta áirithe’, de réir bhrí na chéad fhleisce den chéad mhír d’Airteagal 10(1)(d) de Threoir 2011/95.

47      De réir Airteagal 10(2) den Treoir sin, ní mór don údarás náisiúnta inniúil a áirithiú go leagtar ar an duine atá i gceist an tréith go bhfuil sí ina ball de ghrúpa sóisialta áirithe ina tír thionscnaimh, de réir bhrí Airteagal 2(n) den Treoir sin, fiú mura bhfuil an tréith sin ag an duine sin i ndairíre.

48      Maidir leis an dara coinníoll aitheanta i dtaobh ‘grúpa sóisialta áirithe’, dá bhforáiltear sa dara fleasc den chéad mhír d’Airteagal 10(1)(d) den Treoir sin agus a bhaineann le ‘féiniúlacht ar leithligh’ an ghrúpa sa tír thionscnaimh, ní mór a lua go bhféadfadh dearcadh difriúil a bheith ar mhná sa tsochaí mhórthimpeall agus go bhféadfaí a aithint go bhfuil féiniúlacht ar leithligh acu sa tsochaí sin, mar gheall ar ghnáthghnásanna sóisialta, morálta nó dlíthiúla ina dtír thionscnaimh (breithiúnas an 16 Eanáir 2024, Intervyuirasht organ na DAB pri MS (Mná is íospartaigh foréigin teaghlaigh), C‑621/21, EU:C:2024:47, mír 52).

49      Bíonn an dara coinníoll á chomhlíonadh chomh maith ag mná a bhfuil comhthréith sa bhreis acu, amhail fíorchreideamh i mbunluach an chomhionannais inscne, i gcás ina bhfuil sé de thoradh ar ghnáthghnásanna sóisialta, morálta agus dlíthiúla ina dtír thionscnaimh go mbraitear go bhfuil na mná sin éagsúil sa tsochaí mhórthimpeall, mar gheall ar an gcomhthréith sin (féach, chuige sin, breithiúnas an 16 Eanáir 2024, Intervyuirasht organ na DAB pri MS (Mná is íospartaigh foréigin teaghlaigh), C‑621/21 EU:C:2024:47, mír 53).

50      Sa chomhthéacs sin, ní mór a shoiléiriú gur faoi údaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann atá sé a chinneadh cén tsochaí mhórthimpeall atá ábhartha chun measúnú a dhéanamh an ann nó nach ann don ghrúpa sóisialta sin. D’fhéadfadh sé gurb í atá sa tsochaí sin ná tríú tír thionscnaimh an iarratasóra ar chosaint idirnáisiúnta ina hiomláine nó d’fheadfadh sí a bheith teoranta, mar shampla, do chuid den chríoch nó de phobal an tríú tír sin (breithiúnas an 16 Eanáir 2024, Intervyuirasht organ na DAB pri MS (Mná is íospartaigh foréigin teaghlaigh), C‑621/21 EU:C:2024:47, mír 54).

51      Dá bhrí sin, d’fhéadfaí a rá go bhfuil baint ag mná, lena n‑áirítear mionaoisigh, a bhfuil comhthréith acu, eadhon fíorchreideamh i mbunluach an chomhionannais inscne, a tharraing siad chucu féin le linn na tréimhse a chaith siad i mBallstát, ag brath ar na himthosca sa tír thionscnaimh, le ‘grúpa sóisialta áirithe’, de réir bhrí Airteagal 10(1)(d) de Threoir 2011/95.

52      I bhfianaise amhras na cúirte a rinne an tarchur, ní mór a shonrú nach gá fíorchreideamh i mbunluach an chomhionannais inscne a bheith den chineál polaitíochta nó reiligiúnach chun é a aithint mar chúis le géarleanúint, de réir bhrí na forála sin. Mar sin féin, d’fhéadfaí aitheantas den chineál sin a thuiscint chomh maith, más iomchuí, mar chúis le géarleanúint ar fhorais reiligiúnacha nó pholaitíochta.

53      Ar an tríú dul síos, maidir le measúnú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta, lena n‑áirítear ‘iarratas ina dhiadh’, ar an bhforas géarleanúna go bhfuil duine éigin ina bhall nó ina ball de ghrúpa sóisialta áirithe, ní mór do na húdaráis náisiúnta inniúla a fhíorú, mar a leagtar amach in Airteagal 2(d) de Threoir 2011/95, an bhfuil ‘eagla a bhfuil bunús maith léi’ ag an duine a agairt an foras géarleanúna go ndéanfaí gníomhartha géarleanúna di ina tír thionscnaimh, de réir bhrí Airteagal 9(1) agus (2) den Treoir sin dá bharr (féach, chuige sin, breithiúnas an 16 Eanáir 2024, Intervyuirasht organ na DAB pri MS (Mná is íospartaigh foréigin teaghlaigh), C‑621/21 EU:C:2024:47, mír 59).

54      Chun críoch measúnaithe den chineál sin, ní mór don údarás náisiúnta inniúil a chur san áireamh, ar an gcéad dul síos, mar a shoiléirítear in Airteagal 9(2)(f) den Treoir sin, gur féidir le gníomh atá dírithe ‘a bhaineann go sonrach le hinscne’ a bheith mar ghníomh géarleanúna, de réir bhrí Airteagal 1(A) de Choinbhinsiún na Ginéive.

55      Chuige sin, ar thaobh amháin, foráiltear le hAirteagal 60(1) de Choinbhinsiún Iostanbúl go n‑aithneofar foréigean inscnebhunaithe in aghaidh na mban, a thuigtear gurb é atá i gceist leis i gcomhréir le hAirteagal 3 den Treoir sin, sárú chearta an duine agus cineál idirdhealaithe in aghaidh na mban, mar chineál géarleanúna de réir bhrí Airteagal 1(A)(2) de Choinbhinsiún na Ginéive. Ar an taobh eile, ceanglaítear le hAirteagal 60(2) ar na páirtithe a áirithiú go ndéanfar léiriú atá íogair ó thaobh inscne de ar gach foras géarleanúna dá bhforáiltear i gCoinbhinsiún na Ginéive, lena n‑áirítear an foras géarleanúna go bhfuil duine éigin ina bhall nó ina ball de ghrúpa sóisialta áirithe.

56      Ar an dara dul síos, de réir Airteagal 4(1) de Threoir 2011/95, d’fhéadfadh Ballstáit a mheas go bhfuil sé de dhualgas ar an iarratasóir an t‑ábhar is gá a thaisceadh le bunús a thabhairt lena iarratas, nó lena hiarratas, ar chosaint idirnáisiúnta a luaithe is féidir. Mar sin féin, ní mór d’údaráis na mBallstát, más iomchuí, comhoibriú go gníomhach leis an iarratasóir chun na gnéithe ábhartha dá iarratas a mheas agus a chomhlánú (féach, chuige sin, breithiúnas an 3 Márta 2022, Secretary of State for the Home Department (Stádas dídeanaí duine gan stát de thionscnamh Pailistíneach), C‑349/20, EU:C:2022:151, mír 64). Ina theannta sin, má bhaineann na Ballstáit úsáid as an rogha a thugtar dóibh leis an bhforáil sin, foráiltear le hAirteagal 4(5) freisin, i gcás nach dtacaíonn fianaise i scríbhinn nó fianaise eile le gnéithe áirithe de ráitis an iarratasóra, nach gá na gnéithe sin a dheimhniú, má chomhlíontar na coinníollacha carnacha dá bhforáiltear i mír 5. Áirítear sna coinníollacha sin comhsheasmhacht agus inchreidteacht ráitis an iarratasóra agus creidiúnacht ghinearálta an iarratasóra (féach, chuige sin, breithiúnas an 21 Meán Fómhair 2023, Staatssecretaris van Veiligheid en Justitie (Tuairimí polaitiúla sa Bhallstát óstach), C‑151/22, EU:C:2023:688, mír 44).

57      I ndáil leis sin, shoiléirigh an Chúirt nach bhfuil ráitis iarratasóra ar chosaint idirnáisiúnta ach ina dtúsphointe don phróiseas chun measúnú a dhéanamh ar na fíorais agus na himthosca arna dhéanamh ag na húdaráis inniúla, ar minic go bhfuil rochtain níos éasca ná an t‑iarratasóir acu ar chineálacha áirithe doiciméad (féach, chuige sin, breithiúnais an 22 Samhain 2012, M., C‑277/11, EU:C:2012:744, míreanna 65 agus 66; an 19 Samhain 2020, Bundesamt für Migration und Flüchtlinge (Seirbhís mhíleata agus tearmann), C‑238/19, EU:C:2020:945, mír 52, agus an 9 Samhain 2023, Staatssecretaris van Justitie en Veiligheid (Coincheap na díobhála tromchúisí), C‑125/22, EU:C:2023:843, mír 47).

58      Dá bhrí sin, shárófaí Airteagal 4 de Threoir 2011/95 dá measfaí go bhfuil dualgas ar an iarratasóir amháin an fhianaise thacaíochta go léir a chur i láthair maidir leis na cúiseanna go raibh air iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a dhéanamh agus, go háirithe, maidir leis an bhfíoras, ar an gcéad dul síos, go bhféadfaí a mheas, ina thír thionscnaimh, go bhfuil ballraíocht i ngrúpa sóisialta áirithe aige, de réir bhrí Airteagal 10(1) den Treoir sin, agus, ar an dara dul síos, go bhfuil riosca go bhféadfaí géarleanúint a dhéanamh air sa tír sin ar an bhforas sin (féach, chuige sin, breithiúnas an 19 Samhain 2020, Bundesamt für Migration und Flüchtlinge (Seirbhís mhíleata agus tearmann), C‑238/19, EU:C:2020:945, míreanna 54 agus 55).

59      Ar an tríú dul síos, de réir Airteagal 4(3) de Threoir 2011/95, is gá gurb aonair measúnú na n‑údarás inniúil ar bhunús maith a bheith nó gan bheith le heagla an iarratasóra roimh ghéarleanúint agus go ndéantar é de réir an cháis go hairdealleach críonna, ar bhonn measúnú nithiúil ar na fíorais agus na himthosca agus ar a mbonn amháin, ar mhaithe le fionnadh an bhfuil na fíorais agus na himthosca arna suíomh ina mbagairt a d’fhéadfadh a bheith ina húdar eagla ag an duine lena mbaineann, i bhfianaise a cháis aonair, go ndéanfaí gníomhartha géarleanúna go hiarbhír air i gcás a fhillte ar a thír thionscnaimh (féach, chuige sin, breithiúnais an 21 Meán Fómhair 2023,  Staatssecretaris van Veiligheid en Justitie (Tuairimí polaitiúla sa Bhallstát óstach), C‑151/22, EU:C:2023:688, mír 42, agus an 16 Eanáir 2024, Intervyuirasht organ na DAB pri MS (Mná is íospartaigh foréigin teaghlaigh), C‑621/21, EU:C:2024:47, mír 60).

60      Sa chomhthéacs sin, ceanglaítear le hAirteagal 10(3)(b) de Threoir 2013/32 ar na Ballstáit a áirithiú, ar an gcéad dul síos, go ndéanfar cinntí maidir le hiarratais ar chosaint idirnáisiúnta tar éis scrúdú iomchuí inar bailíodh faisnéis bheacht chothrom le dáta ó fhoinsí éagsúla, amhail EASO agus UNHCR agus na heagraíochtaí idirnáisiúnta inniúla maidir le cearta an duine, i ndáil leis an staid ghinearálta atá ann i dtíortha tionscnaimh na n‑iarratasóirí agus, ar an dara dul síos, go mbeidh rochtain ag an bpearsanra atá freagrach as iarratais a scrúdú agus cinntí a dhéanamh ar an bhfaisnéis sin.

61      Chuige sin, mar is léir ó mhír 36(x) de Threoirlínte UNHCR maidir le Cosaint Idirnáisiúnta Uimh. 1, i ndáil le géarleanúint atá inscnebhunaithe i gcomhthéacs Airteagal 1(A)(2) de Choinbhinsiún na Ginéive, ní mór do na húdaráis náisiúnta inniúla faisnéis a bhailiú maidir leis an tír thionscnaimh atá ábhartha don scrúdú ar iarratais arna ndéanamh ag mná ar stádas dídeanaí, amhail cás na mban sin faoin dlí, a gcearta polaitiúla, eacnamaíocha agus sóisialta, gnásanna cultúrtha agus sóisialta na tíre agus na hiarmhairtí i gcás nach gcomhlíontar na gnásanna sin, minicíocht na gcleachtas traidisiúnta díobhálach, an tionchar a imrítear le foréigin a thuairiscítear in aghaidh na mban agus foirmeacha an fhoréigin sin, an chosaint a chuirtear ar fáil dóibh, na pionóis á dtabhú acu siúd a dhéanann a leithéid d’fhoréigean, chomh maith leis na rioscaí á dtabhú ag bean i gcás a fillte ar a tír thionscnaimh i ndiaidh di a leithéid d’iarratas a dhéanamh (breithiúnas an 16 Eanáir 2024, Intervyuirasht organ na DAB pri MS (Mná is íospartaigh foréigin teaghlaigh), C‑621/21, EU:C:2024:47, mír 61).

62      Ar an gceathrú dul síos, ba cheart a thabhairt faoi deara nach féidir fíorchreideamh de chuid náisiúnaigh tríú tír i mbunluach an chomhionannais inscne, a tharraing sí chuici féin le linn na tréimhse a chaith sí i mBallstát, a aicmiú mar chúinse a tharraing sí uirthi féin ó d’imigh sí óna tír thionscnaimh, de réir bhrí Airteagal 5(3) de Threoir 2011/95, nó mar ghníomhaíocht arbh é an t‑aon aidhm nó an phríomhaidhm a bhí léi na coinníollacha is gá chun iarratas a dhéanamh ar thearmann a chruthú, de réir bhrí Airteagal 4(3)(d) den Treoir sin. Is leor a thabhairt faoi deara, i gcás ina ndeimhnítear creideamh den chineál sin de réir an chaighdeáin dhlíthiúil is gá, nach féidir é a ionannú ar bhealach ar bith leis na bearta mí-úsáide agus ionramhála a bhféachtar leis na forálacha sin a chomhrac (féach, chuige sin, breithiúnas an 29 Feabhra 2024, Bundesamt für Fremdenwesen und Asyl (Iompú reiligiúin níos déanaí), C‑222/22, EU:C:2024:192, míreanna 32 agus 34).

63      Sa chás seo, is faoin gcúirt a rinne an tarchur atá sé a dheimhniú, go háirithe, an bhfuil fíorchreideamh ag na hiarratasóirí sna príomhimeachtaí i mbunluach an chomhionannais inscne, mar a leagtar amach é i míreanna 37 agus 44 den bhreithiúnas seo trí fhonn chun tairbhe a bhaint as ina saol laethúil, sa chaoi is gur dlúthchuid dá bhféiniúlacht é an luach sin, agus, mar thoradh air sin, an mbraitear sa tsochaí mhórthimpeall ina dtír thionscnaimh go bhfuil siad éagsúil. Ní cheart an fíoras go bhféadfaidís géarleanúint ina dtír thionscnaimh de bharr an fhíorchreidimh sin a sheachaint tríd an bhfíorchreideamh sin a chur i bhfolach a chur san áireamh sa chomhthéacs sin (féach, chuige sin, breithiúnas an 7 Samhain 2013, X agus páirtithe eile, C‑199/12 go C‑201/12, EU:C:2013:720, míreanna 70, 71, 74 agus 75).

64      I bhfianaise an mhéid thuas, is é an freagra atá le tabhairt ar an gcéad dá cheist ná nach mór léiriú a dhéanamh ar Airteagal 10(1)(d) agus (2) de Threoir 2011/95 amhail, de réir na n‑imthosca atá i réim sa tír thionscnaimh, go bhfuil ballraíocht i ‘ngrúpa sóisialta áirithe’ ag mná na tíre sin, lena n‑áirítear mionaoisigh, a bhfuil comhthréith acu, eadhon fíorchreideamh i mbunluach an chomhionannais inscne a tharraing siad chucu féin le linn na tréimhse a chaith siad i mBallstát, ar baint í atá ina ‘cúis le géarleanúint’ a bhfuil stádas dídeanaí inaitheanta dá bharr.

 Breithniú ar an tríú agus ar an gceathrú ceist

65      Mar réamhphointe, ní mór a thabhairt faoi deara, leis an dara cuid dá tríú ceist, go bhfiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, maidir le hAirteagal 24(2) den Chairt, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 51(1) de, an bhfuil léiriú le déanamh air amhail go gcuirtear cosc leis ar ‘chleachtas dlí náisiúnta’ faoina ndéanann an t‑údarás inniúil measúnú ar leas an linbh, i gcomhthéacs iarratais ar chead cónaithe ‘ar ghnáthfhorais’, gan ‘a shocrú go nithiúil ar dtús céard is leas an linbh ann’.

66      Mar sin féin, mar a chuir an tAbhcóide Ginearálta in iúl i mír 67 dá Thuairim, ní léir ón ordú tarchuir ná ó na doiciméid os comhair na Cúirte go bhfuil iarratas den chineál sin ar chead cónaithe ‘ar ghnáthfhorais’ i gceist sna príomhimeachtaí.

67      É sin ráite, cé go bhfuil toimhde ábharthachta ag ceisteanna a tharchuirtear chun réamhrialú a bhaineann le dlí an Aontais, ní bhaineann an t‑údar le tarchur chun réamhrialú le tuairimí comhairleacha a thabhairt maidir le ceisteanna ginearálta nó hipitéiseacha, ach leis an ngá is dual do réiteach éifeachtach díospóide (breithiúnas an 14 Eanáir 2021, The International Protection Appeals Tribunal agus páirtithe eile, C‑322/19 agus C‑385/19, EU:C:2021:11, mír 53).

68      Dá bhrí sin, a mhéid a bhaineann an dara cuid den tríú ceist, i ndairíre, le tuairim chomhairleach a fháil ón gCúirt, tá sí do-ghlactha.

69      Leis an gcéad chuid dá tríú ceist agus lena ceathrú ceist, nach mór a scrúdú le chéile, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, maidir le hAirteagal 24(2) den Chairt, an bhfuil léiriú le déanamh air amhail go gcuirtear cosc leis ar chinneadh ón údarás náisiúnta inniúil maidir le hiarratas ar chosaint idirnáisiúnta arna dhéanamh ag mionaoiseach gan cinneadh nithiúil a dhéanamh roimh ré maidir le leas an linbh, i gcomhthéacs measúnú aonair.

70      Sa chomhthéacs sin, fiafraíonn an chúirt sin freisin ar cheart a chur san áireamh agus, más ceart, conas ba cheart a chur san áireamh, an díobháil a líomhnaítear a rinneadh don mhionaoiseach mar thoradh ar thréimhse chónaithe fhada i mBallstát agus ar an éiginnteacht i ndáil lena oibleagáid maidir le filleadh.

71      Tá sé tábhachtach, i bhfianaise na ndíospóireachtaí le linn an chuid ó bhéal den nós imeachta, deireadh a chur láithreach le hamhras ar bith maidir le do-ghlacthacht fhéideartha na gceisteanna sin a tharchuirtear le haghaidh réamhrialú, ar an bhforas nach mionaoisigh iad K agus L a thuilleadh, de réir bhrí Airteagal 2(k) de Threoir 2011/95. Is léir ón ordú tarchuir go raibh K agus L faoi bhun 18 mbliana d’aois tráth a rinne siad a n‑iarratais ina dhiadh ar diúltaíodh iad, eadhon an 4 Aibreán 2019, agus an diúltú sin mar ábhar na bpríomhimeachtaí.

72      É sin ráite, ba cheart a mheabhrú go bhforáiltear le hAirteagal 24 den Chairt, atá, mar a luaitear in aithris 16 de Threoir 2011/95, ar cheann d’Airteagail na Cairte a bhfuil a chur i bhfeidhm le cur chun cinn leis an Treoir sin, i mír 2 di, ‘i ngach gníomh a bhaineann le leanaí, bíodh sé á ghlacadh ag údaráis phoiblí nó ag institiúidí príobháideacha, ní mór leas an linbh a bheith ar na dálaí is tábhachtaí atá le cur san áireamh’.

73      Leanann sé ó Airteagal 24(2) den Chairt agus ó Airteagal 3(1) den Choinbhinsiún Idirnáisiúnta um Chearta an Linbh, arna ghlacadh ag Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe an 20 Samhain 1989, dá dtagraítear go sonrach sna mínithe a bhaineann le hAirteagal 24 den Chairt, nach mór leas an linbh a chur san áireamh sa mheasúnú substainteach ar iarratais a bhaineann le leanaí, agus nach mór tionchar a bheith aige freisin ar an bpróiseas cinnteoireachta ina ndéantar an measúnú sin, ag brath ar choimircí nós imeachta áirithe. Mar a chuir Coiste na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh in iúl, tagraíonn an nath ‘leas an linbh’, de réir bhrí Airteagal 3(1), do cheart substainteach, do phrionsabal léirmhínitheach agus do riail nós imeachta araon (féach Barúil Ghinearálta Uimh. 14 (2013) ón gCoiste um Chearta an Linbh maidir le ceart an linbh go dtabharfar tús áite dá leas (Airteagal 3(1)), CRC/C/GC/14, pointe 6).

74      Thairis sin, soiléirítear in Airteagal 24(1) den Chairt gur féidir le leanaí a dtuairimí a chur in iúl go saorálach agus go gcuirfear tuairimí den sórt sin san áireamh i dtaca le hábhair a bhaineann leo i gcomhréir lena n‑aois agus lena n‑aibíocht.

75      Ar an gcéad dul síos, mar is léir ó aithris 18 de Threoir 2011/95, agus leas an linbh á mheas acu i gcomhthéacs nós imeachta cosanta idirnáisiúnta, ní mór do na Ballstáit aird chuí a thabhairt, go háirithe, ar phrionsabal aontacht an aonaid teaghlaigh, ar dhea-bhail agus ar fhorbairt shóisialta an linbh, lena n‑áirítear a shláinte, a staid teaghlaigh agus a oideachas, agus ar chúrsaí sábháilteachta agus slándála.

76      I ndáil leis sin, foráiltear le hAirteagal 4(3)(c) de Threoir 2011/95 nach mór an measúnú aonair ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a dhéanamh sa chaoi is go gcuirtear aois an iarratasóra san áireamh, chun cinneadh a dhéanamh, i bhfianaise a chúinsí pearsanta, i dtaobh an bhféadfaí na gníomhartha a nochtadh dó nó ar dócha go nochtfar dó a aicmiú mar ghéarleanúint nó mar dhíobháil thromchúiseach. Sa chomhthéacs sin, sonraítear le hAirteagal 9(2)(f) den Treoir sin go bhféadfadh gníomh géarleanúna den chineál sin a bheith ina ghníomh ‘a bhaineann go sainiúil le leanaí’.

77      Is é an t‑údarás náisiúnta inniúil, agus an t‑údarás sin amháin, atá freagrach as measúnú a dhéanamh ar na hiarmhairtí atá le baint as aois an iarratasóra, lena n‑áirítear leas an linbh a chur san áireamh (féach, chuige sin, breithiúnas an 22 Samhain 2012, M., C‑277/11, EU:C:2012:744, míreanna 69 agus 70).

78      I bhfianaise na mbreithnithe thuas, i gcás inar mionaoiseach é an t‑iarratasóir ar chosaint idirnáisiúnta, ní mór don údarás náisiúnta inniúil leas an mhionaoisigh sin a chur san áireamh, tar éis scrúdú aonair, agus fiúntas a iarratais ar chosaint idirnáisiúnta á mheasúnú.

79      Ar an dara dul síos, is léir ó aithris 18 de Threoir 2011/95 nach mór do na Ballstáit tuairimí an mhionaoisigh a chur san áireamh, i gcomhthéacs nós imeachta cosanta idirnáisiúnta, i gcomhréir lena aois agus lena aibíocht. Thairis sin, de réir an cheathrú fomhír d’Airteagal 14(1) de Threoir 2013/32, féadfaidh na Ballstáit rogha a dhéanamh trína ndlí náisiúnta maidir le cathain a thairgfear agallamh pearsanta do mhionaoiseach. I gcás ina dtairgtear deis den chineál sin don mhionaoiseach, foráiltear le hAirteagal 15(3)(e) den Treoir sin go n‑áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar an t‑agallamh sin ar bhealach atá oiriúnach do leanaí. Sa chomhthéacs sin, i gcomhréir le hAirteagal 10(3)(d) den Treoir sin, ní mór do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh deis ag na húdaráis náisiúnta inniúla comhairle a lorg ó shaineolaithe, más iomchuí, maidir le saincheisteanna sonracha a bhaineann, go háirithe, le leanaí.

80      In éagmais forálacha níos cruinne i dTreoir 2011/95 agus i dTreoir 2013/32, is faoin mBallstát atá sé na socruithe a chinneadh chun measúnú a dhéanamh ar leas an linbh i gcomhthéacs an nós imeachta cosanta idirnáisiúnta, go háirithe an t‑am nó na hamanna nach mór an measúnú sin a dhéanamh agus an fhoirm nach mór dó a ghlacadh, faoi réir Airteagal 24 den Chairt agus na forálacha dá dtagraítear i míreanna 75 go 79 den bhreithiúnas seo a chomhlíonadh.

81      I ndáil leis sin, tá sé tábhachtach a shoiléiriú, ar thaobh amháin, i gcomhréir le hAirteagal 51(1) den Chairt, nach mór do na Ballstáit Airteagal 24(2) den Chairt a chomhlíonadh tráth a gcuireann siad dlí an Aontais chun feidhme agus mar sin, nuair a dhéanann siad measúnú ar ‘iarratas ina dhiadh’, de réir bhrí Airteagal 2(q) de Threoir 2013/32. Ar an taobh eile, toisc nach ndéanann Airteagal 40(2) den Treoir sin idirdhealú ar bith idir an chéad iarratas ar chosaint idirnáisiúnta agus ‘iarratas ina dhiadh’ maidir leis na heilimintí nó torthaí is gá chun a chruthú go gcomhlíonann an t‑iarratasóir na coinníollacha a bhaineann le cosaint idirnáisiúnta a fháil de bhun Threoir 2011/95, ní mór measúnú ar fhíorais agus ar imthosca na n‑iarratas sin a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 4 de Threoir 2011/95 (breithiúnas an 10 Meitheamh 2021, Staatssecretaris van Justitie en Veiligheid (Eilimintí nó torthaí nua), C‑921/19, EU:C:2021:478, mír 40).

82      Maidir leis an gceist ar cheart a chur san áireamh agus, más ceart, conas ba cheart a chur san áireamh, an díobháil a líomhnaítear a rinneadh do mhionaoiseach mar thoradh ar thréimhse chónaithe fhada i mBallstát agus ar an éiginnteacht i ndáil lena oibleagáid maidir le filleadh, a d’fhéadfaí a chur i leith an Bhallstáit atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar an iarratas ar chosaint idirnáisiúnta arna thaisceadh ag an mionaoiseach sin, ní mór a thabhairt faoi deara, mar a rinne an chúirt a rinne an tarchur, nach faoi na húdaráis náisiúnta inniúla atá sé a mheas an raibh díobháil den sórt sin ann i gcomhthéacs nós imeachta a bhfuil mar chuspóir aige cinneadh a dhéanamh i dtaobh an bhfuil eagla a bhfuil bunús maith léi ar an duine lena mbaineann go ndéanfaí géarleanúint air i gcás filleadh ar a thír thionscnaimh mar gheall ar a bhallraíocht i ‘ngrúpa sóisialta áirithe’, de réir bhrí Airteagal 10(1)(d) de Threoir 2011/95.

83      Mar sin féin, féadfar tréimhse chónaithe fhada i mBallstát, go háirithe nuair a tharlaíonn sé le linn na céime dá shaol ina múnlaíonn an t‑iarratasóir a fhéiniúlacht, a chur san áireamh, de bhun Airteagal 4(3) den Treoir sin, arna léamh i bhfianaise Airteagal 24(2) den Chairt, chun measúnú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta ar fhoras géarleanúna amhail ‘ballraíocht i ngrúpa sóisialta áirithe’, de réir bhrí Airteagal 10(1)(d) den Treoir sin.

84      I bhfianaise na mbreithnithe thuas, is é an freagra atá le tabhairt ar an gcéad chuid den tríú ceist agus ar an gceathrú ceist nach mór léiriú a dhéanamh ar Airteagal 24(2) den Chairt amhail go gcuirtear cosc leis ar chinneadh ón údarás náisiúnta inniúil maidir le hiarratas ar chosaint idirnáisiúnta arna dhéanamh ag mionaoiseach gan cinneadh nithiúil a dhéanamh roimh ré maidir le leas an linbh, i gcomhthéacs measúnú aonair.

 Breithniú ar an gcúigiú ceist

85      Lena cúigiú ceist, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, maidir le hAirteagal 7 den Chairt, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 24(2) di, an bhfuil léiriú le déanamh sa chaoi is go gcuirtear cosc ar chleachtas dlí náisiúnta lena gceadaítear ‘gnáthfhorais’ a chur san áireamh i gcás scrúdú ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta ach nach gceadaítear a leithéid i gcás scrúdú ar ‘iarratas ina dhiadh’, de réir bhrí Airteagal 2(q) de Threoir 2013/32.

86      Ar na cúiseanna a leagtar amach i míreanna 66 go 68 den bhreithiúnas seo, agus mar a chuireann an tAbhcóide Ginearálta in iúl, go bunúsach, i mír 73 dá Thuairim, níl an cúigiú ceist inghlactha toisc nach bhfuil aon nasc idir an ceist agus an díospóid sna príomhimeachtaí.

 Costais

87      Ós rud é, a mhéid a bhaineann sé leis na páirtithe sna príomhimeachtaí, go bhfuil na himeachtaí mar chéim sa chás os comhair na cúirte a rinne an tarchur, baineann ceist na gcostas leis an gcúirt sin. Níl na costais a tabhaíodh trí bharúlacha a chur faoi bhráid na Cúirte Breithiúnais, seachas costais na bpáirtithe sin, inghnóthaithe.

Ar na forais sin, rialaíonn an Chúirt (an Mór-Dhlísheomra) mar seo a leanas:

1.      Maidir le hAirteagal 10(1)(d) agus (2) de Threoir 2011/95/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le caighdeáin i dtaca le cáilitheacht náisiúnach tríú tír nó daoine gan stát mar thairbhithe de chosaint idirnáisiúnta, i dtaca le stádas aonfhoirmeach do dhídeanaithe nó do dhaoine atá incháilithe le haghaidh cosaint choimhdeach agus i dtaca lena bhfuil sa chosaint a thugtar,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

de réir na nimthosca atá i réim sa tír thionscnaimh, féadfar a mheas go bhfuil ballraíocht i ‘ngrúpa sóisialta áirithe’ ag mná is náisiúnaigh na tíre sin, lena náirítear mionaoisigh, a bhfuil comhthréith acu, eadhon fíorchreideamh i mbunluach an chomhionannais inscne a tharraing siad chucu féin le linn tréimhse chónaithe fhada i mBallstát, atá ina ‘cúis le géarleanúint’ a bhfuil stádas dídeanaí inaitheanta dá bharr.

2.      Maidir le hAirteagal 24(2) den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

cuirtear cosc leis ar chinneadh ón údarás náisiúnta inniúil maidir le hiarratas ar chosaint idirnáisiúnta arna dhéanamh ag mionaoiseach gan cinneadh nithiúil a dhéanamh roimh ré maidir le leas an linbh sin, i gcomhthéacs measúnú aonair.

Sínithe


*      Teanga an cháis: an Ollainnis.