Iarraidh ar réamhrialú ó Sąd Okręgowy w Warszawie (an Pholainn) a taisceadh an 1 Feabhra 2024 – Miejskie Przedsiębiorstwo Wodociągów i Kanalizacji w m. st. Warszawie S.A. v Veolia Water Technologies sp. z o.o., Krüger A/S, OTV France, Haarslev Industries GmbH, Warbud S.A.
(Cás C-82/24, Veolia Water Technologies agus páirtithe eile)
Teanga an cháis: an Pholainnis
An chúirt a rinne an tarchur
Sąd Okręgowy w Warszawie
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: Miejskie Przedsiębiorstwo Wodociągów i Kanalizacji w m. st. Warszawie S.A.
Cosantóirí: Veolia Water Technologies sp. z o.o., Krüger A/S, OTV France, Haarslev Industries GmbH, Warbud S.A.
An cheist a tharchuirtear
Ar cheart prionsabail na trédhearcachta, na córa comhionainne agus na hiomaíochta córa dá dtagraítear in Airteagal 2 de Threoir 2004/18/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Márta 2004 maidir leis na nósanna imeachta um dhámhachtain conarthaí oibreacha poiblí, conarthaí soláthair phoiblí agus conarthaí seirbhíse poiblí a chomhordú 1 (Airteagal 18(1) de Threoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar poiblí agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/18/CE anois) 2 a léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc leo ar léirmhíniú ar an dlí náisiúnta a cheadódh forálacha conartha soláthair phoiblí arna thabhairt i gcrích le cuibhreannas atá comhdhéanta d’eintitis ó Bhallstáit éagsúla an Aontais Eorpaigh oibleagáid a d’fhéadfadh difear a dhéanamh go hindíreach do chinneadh an phraghais atá sa tairiscint a thíolacfaidh an conraitheoir sin a chur san áireamh, oibleagáid nach bhforáiltear go sainráite di sa chonradh nó sna doiciméid tairisceana, ach a eascraíonn as foráil den dlí náisiúnta nach bhfuil feidhm dhíreach aici maidir leis an gconradh sin, ach atá infheidhme de réir analaí?
____________
1 IO 2004 L 134, lch. 114.
1 IO 2014 L 94, lch. 65.