Iarraidh ar réamhrialú ó Curtea de Apel Bucureşti (Romania) an 22 Márta 2024 – Regia Autonomă Aeroportul International ‘Avram Iancu’ Cluj v Consiliul Concurenţei
(Cás C-220/24, Aeroportul Internațional ‘Avram Iancu’ Cluj)
Teanga an cháis: an Rómáinis
An chúirt a rinne an tarchur
Curtea de Apel Bucureşti
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Achomharcóir: Regia Autonomă Aeroportul International ‘Avram Iancu’ Cluj
Freagróir: Consiliul Concurenţei
Idiragraí mar thaca leis an achomharcóir: Sindicatul Independent al Aeroportului Cluj
Idiragraí mar thaca leis an gcosantóir: Romanian Airport Services S.A.
An cheist a tharchuirtear:
An gcaithfear a mheas go n-eisiatar le forálacha Threoir 96/67/CE maidir le rochtain ar an margadh láimhseála ar an talamh in aerfoirt an Chomhphobail1 , go háirithe Airteagail 1, 6 agus Airteagal 7 di, cur i bhfeidhm Airteagal 102 CFAE – agus aon reachtaíocht eile a bhfuil an t-ábhar céanna inti – i gcásanna ina ndiúltaítear rochtain ar bhonneagar aerfoirt atá riachtanach chun gníomhaíochtaí láimhseála ar an talamh a fheidhmiú ag aerfoirt [an Aontais] nach bhfuil an tairseach dhá mhilliún paisinéir bainte amach acu?
____________
1 Treoir 96/67/CE ón gComhairle an 15 Deireadh Fómhair 1996 maidir le rochtain ar mhargadh na láimhseála ar an talamh in aerfoirt Chomhphobail (IO 1996 L 272, lch. 36).