Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 6 Nollaig 2023 – QI v An Coimisiún
(Cás T-807/21) 1
(Seirbhís Sibhialta – Oifigigh – Ciapadh síceolaíoch – Airteagal 12a den Reacht – Iarratas ar chúnamh – Diúltú an iarratais – Airteagal 24 den Reacht – Fianaise prima facie – Prionsabal an dea-riaracháin – Dualgas cúraim – Ceart éisteachta – Earráid mheasúnaithe – Dliteanas)
Teanga an cháis: an Fhraincis
Páirtithe
Iarratasóir: QI (ionadaí: N. Flandin, Dlíodóir)
Cosantóir: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: T. Bohr, L. Hohenecker agus T. Lilamand, Gníomhairí)
Ábhar
Trína caingean de bhun Airteagal 270 CFAE, iarrann an t-iarratasóir, ar an gcéad dul síos, Cinneadh ón gCoimisiún an 26 Feabhra 2021 lena ndiúltaítear dá hiarratas agus Cinneadh an 27 Meán Fómhair 2021 lena ndiúltaítear dá gearán a chur ar neamhní, agus ar an dara dul síos, cúiteamh ar an damáiste ábhartha agus neamhábhartha a éilíonn sí a bheith fulaingthe aici mar gheall ar an gciapadh éilíonn sí a rinneadh uirthi agus mar gheall ar an diúltú dá hiarratas ar chúnamh.
An chuid oibríochtúil
Díbhtear an chaingean;
Ordaítear do QI na costais a íoc.
____________
1 IO C 73, 14.2.2022.