Language of document : ECLI:EU:C:2023:581

Eagrán sealadach

TUAIRIM AN ABHCÓIDE GHINEARÁLTA

COLLINS

arna tabhairt an 13 Iúil 2023 (1)

Cás C646/21

K,

L

v

Staatssecretaris van Justitie en Veiligheid

(iarraidh ar réamhrialú ó Rechtbank Den Haag, zittingsplaats ’s‑Hertogenbosch (an Chúirt Dúiche, an Háig, agus í ina suí in’ s‑Hertogenbosch, an Ísiltír))

(Tarchur chun réamhrialú – Comhbheartas maidir le tearmann agus cosaint choimhdeach – Iarratais ar chosaint idirnáisiúnta ina dhiaidh – Treoir 2011/95/AE – Airteagal 10(1)(d) – Cúiseanna le géarleanúint – Baint le grúpa sóisialta áirithe – Náisiúnaigh tríú tír a bhfuil cuid mhór den chéim dá saolta ina múnlaíonn daoine a bhféiniúlacht caite acu i mBallstát – Luachanna, noirm agus iompar Eorpacha – Comhionannas inscne – Mná agus cailíní a bhfuil rialacha iompair shóisialta sa tír thionscnaimh á sárú acu – Leas an linbh)






I.      Réamhrá

1.        Baineann an Tuairim seo leis na hiarratais ar chosaint choimhdeach ó K agus L, ar beirt chailíní sna déaga iad as an Iaráic (2) a raibh cónaí orthu san Ísiltír ar feadh cúig bliana fad a raibh scrúdú á dhéanamh ar iarratais tosaigh a theaghlaigh ar chosaint idirnáisiúnta. I rith an ama sin, bhí páirt acu i sochaí ina bhfuil meas ar chomhionannas inscne agus tharraing siad luachanna, noirm agus iompar a bpiaraí chucu. Mar chuid dá n‑iarratais ar chosaint idirnáisiúnta ina dhiaidh, (3) ar dhiúltaigh an Staatssecretaris van Justitie en Veiligheid (an Státrúnaí Ceartais agus Slándála, an Ísiltír) dóibh toisc go bhfuil siad go follasach gan bhunús, (4) maíonn na hachomharcóirí, i gcás a bhfillte ar an Iaráic, nach mbeidh siad in ann cloí le luachanna, noirm agus iompair nach dtugtar an tsaoirse leo do mhná agus cailíní mar atá acu san Ísiltír, ar luachanna iad a chuirfí iad i mbaol a ngéarleanúna dá léireoidís iad. Fiafraítear leis na ceisteanna arna dtarchur le haghaidh réamhrialú an bhfuil nó nach bhfuil cosaint idirnáisiúnta indlite do dhaoine i gcás na n‑achomharcóirí toisc go mbaineann siad le grúpa sóisialta áirithe de réir bhrí Airteagal 10(1) de Threoir 2011/95/AE, (5) agus den chur san áireamh is fearr is féidir ar leas an linbh agus measúnú á dhéanamh ar iarratais ar chosaint idirnáisiúnta.

II.    An dlí lena mbaineann

A.      Dlí an Aontais

2.        Foráiltear don mhéid seo a leanas le hAirteagal 10 de Threoir 2011/95, dar teideal “Cúiseanna le géarleanúint”:

“(1)      Cuirfidh na Ballstáit na gnéithe seo a leanas san áireamh agus measúnú á dhéanamh acu ar na cúiseanna le géarleanúint:

(a)      áireofar i gcoincheap an chine, go háirithe, cúrsaí datha craicinn, sleachta nó bainte le grúpa eitneach áirithe;

(b)      áireofar i gcoincheap an reiligiún, go háirithe, leanúint do chreidimh dhiachúla, neamhdhiachúla nó aindiaigh, páirt a ghlacadh in adhradh foirmiúil go príobháideach nó go poiblí, bítear in aonar nó i gcomhluadar daoine eile, i ngníomhartha reiligiúnacha eile nó léirithe tuairimí reiligiúnacha eile, nó foirmeacha iompair phearsanta nó comhchoiteanna eile arna mbunú ag nó a shainordaítear le creideamh reiligiúnach, nó staonadh uathu;

(c)      ní bhainfidh coincheap na náisiúntachta le saoránacht, agus léi amháin, ná le heaspa saoránachta, ach áireofar ann, go háirithe, baint le grúpa dar thréithe a fhéiniúlacht chultúrtha, eitneach nó teanga, a bhunús geografach nó polaitiúil nó a chaidreamh le pobal Stáit eile;

(d)      measfar gur grúpa sóisialta áirithe é grúpa, go háirithe, sna cásanna seo a leanas go háirithe:

–        ina bhfuil ag lucht an ghrúpa sin comhthréith ó nádúr nó cúlra comhchoiteann atá do-athraithe, nó ina cuid, nó ina chuid, atá chomh bunúsach sin dá bhféiniúlacht nó dá gcoinsias nár cheart iallach a chur ar dhuine an tréith nó an creideamh sin a thréigean, agus

–        ina bhfuil ag an ngrúpa sin féiniúlacht ar leithligh sainfhéiniúlacht sa tír ábhartha, toisc go meastar gur grúpa ar leith é sa tsochaí mórthimpeall.

De réir imthosca na tíre tionscnaimh, d’fhéadfadh sé gur grúpa sóisialta áirithe é grúpa atá bunaithe ar chomhthréith atá ina gnéaschlaonadh. Ní féidir a thuiscint go n‑áirítear le gnéaschlaonadh gníomhartha a mheastar a bheith coiriúil i gcomhréir le dlí náisiúnta na mBallstát. Déanfar machnamh cuí ar ghnéithe a bhaineann le hinscne, lena n‑áirítear féiniúlacht inscne, chun críocha baint le socrú an bhfuiltear nó nach bhfuiltear bainteach le grúpa sóisialta áirithe nó tréith dá leithéid de ghrúpa a aithint;

(e)      áireofar i gcoincheap na tuairime polaitiúla, go háirithe, leanúint do thuairim, do smaoineamh nó do chreideamh maidir leis na gníomhaithe géarleanúna féideartha dá dtagraítear in Airteagal 6 agus maidir lena gcuid beartas nó modhanna, is cuma cé acu an ndearna nó nach ndearna an t‑iarratasóir de réir na tuairime, an smaoinimh nó an chreidimh sin.

(2)      Agus measúnú á dhéanamh an bhfuil eagla dhea-bhunaithe a ghéarleanúna ar iarratasóir, is cuma an bhfuil nó nach bhfuil ag an iarratasóir i ndáiríre an tréith chiníoch, reiligiúnach, náisiúnta, shóisialta nó pholaitiúil lena dtarraingítear an ghéarleanúint, ar choinníoll go gcuireann gníomhaí na géarleanúna a leithéid de thréith i leith an iarratasóra.”

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

B.      Ciorcláin bheartais na hÍsiltíre

3.        De réir na hiarscríbhinne a ghabhann leis an ordú tarchuir, foráiltear don mhéid seo a leanas le mír C7.2.8 (6) den Vreemdelingencirculaire 2000 (C) (Ciorclán 2000 (C) maidir le Náisiúnaigh Eachtracha; “Ciorclán 2000 (C) maidir le Náisiúnaigh Eachtracha”):

“Is í an phríomhriail ná nach féidir gurb í is cúis amháin le stádas dídeanaí nó le cosaint choimhdeach ná stíl mhaireachtála de chuid an Iarthair arna forbairt san Ísiltír. Ní mór dul in oiriúint do nósanna na hAfganastáine. Tá an dá eisceacht seo a leanas indéanta:

–        I gcás ina ndéanann bean cás sochreidte gur léiriú ar chreideamh reiligiúnach nó polaitiúil é iompar de chuid an Iarthair.

–        I gcás ina ndéanann bean cás sochreidte go bhfuil tréithe pearsanta aici, atá an deacair a athrú nó ionann is do-athraithe, agus, mar gheall ar na tréithe sin, tá eagla uirthi go ndéanfaí géarleanúint uirthi, nó go bhfuil sí i mbaol go dtabharfaí íde mídhaonna di, san Afganastáin.

4.        Foráiltear don mhéid seo a leanas le mír B8.10 de Vreemdelingencirculaire 2000 (B) (Ciorclán 2000 (B) maidir le Náisiúnaigh Eachtracha), dar teideal “Cailíní is daltaí scoile iad atá iartharaithe”:

“Tabharfaidh IND [(Immigratie- en Naturalisatiedienst (an tSeirbhís Inimirce agus Eadóirseachta, an Ísiltír; “IND”))] cead cónaithe ar feadh tréimhse ama socruithe… do chailiní iartharaithe, i gcás ina bhfuil cás sochreidte déanta ag an gcailín go gcuirfí í faoi bhrú síceasóisialta díréireach ar a filleadh ar an Afganastáin.

Déanfaidh IND scrúdú ar cibé an ann nó nach ann do bhrú síceasóisialta díréireach bunaithe ar imthosca nach mór seo a leanas a bheith san áireamh iontu:

a.      cé chomh iartharaithe agus atá an cailín;

b.      imthosca daonnúla ar leith, arb iad atá le bheith san áireamh iontu ná imthosca leighis (an chailín nó duine dá teaghlach) agus bás duine de theaghlach an chailín san Ísiltír; agus

c.      inghlacthacht páirte i sochaí na hAfganastáine, lena n‑áirítear measúnú ar chomhdhéanamh teaghlaigh agus gurb ann do ghníomhaithe cumhachtacha (taoisigh treibhe, taoisigh cogaidh) le cosaint ar an gcailín.

I ndáil le pointe a, déanfaidh IND measúnú ar cé chomh iartharaithe agus atá sí ar bhonn na n‑imthosca seo a leanas:

–        tá an cailín 10 mbliain d’aois ar a laghad;

–        bhí cónaí uirthi san Ísiltír ar feadh 8 mbliana ar a laghad, ó dháta a céad iarratas ar thearmann ar feadh tréimhse shocraithe go dtí dáta a iarratais ar chead gnáthchónaithe ar feadh tréimhse socraithe mar a chuirtear síos air sa mhír seo; agus

–        tá freastalta aici ar scoil san Ísiltír.

I gcás nach gcomhlíonann sí ceann amháin nó níos mó de na himthosca sin, beidh dualgas cruthúnais níos airde uirthi d’fhonn cás sochreidte a dhéanamh nach mór cead gnáthchónaithe a thabhairt di ar feadh tréimhse socraithe faoin mbeartas seo mar sin. […]”

III. Na fíorais sna príomhimeachtaí, na ceisteanna a tharchuirtear le haghaidh réamhrialú agus an nós imeachta os comhair na Cúirte Breithiúnais

5.        An 29 Meán Fómhair 2015, d’fhág na hachomharcóirí an Iaráic i dteannta a n‑athar, a máthar agus a n‑aintín. An 7 Samhain 2015, thaisc siad iarratais ar chosaint idirnáisiúnta le húdaráis na hÍsiltíre. Bhí na hachomharcóirí 10 mbliana d’aois agus 12 bhliain d’aois ag an am sin. An 31 Iúil 2018, dhiúltaigh an Raad van State (an Chomhairle Stáit, an Ísiltír) dá n‑iarratais go cinnte. An 4 Aibreán 2019, thaisc na hachomharcóirí iarratais ina dhiaidh ar chosaint idirnáisiúnta, ar diúltaíodh dóibh an 21 Nollaig 2020 toisc gurbh fhollasach nach raibh bunús leo. An 28 Nollaig 2020, rinne na hachomharcóirí achomharc i gcoinne na gcinntí sin os comhair na cúirte a rinne an tarchur, a d’éist leis na hachomhairc sin an 17 Meitheamh 2021. Faoi dháta na héisteachta, bhí na hachomharcóirí 15 bliana d’aois agus 17 mbliana d’aois agus bhí sainchónaí orthu go leanúnach san Ísiltír ar feadh cúig bliana agus seacht mí go leith.

6.        Áitíonn na hachomharcóirí go bhfuil luachanna, noirm agus iompar a bpiaraí tarraingthe chucu mar gheall ar a dtréimhse chónaithe fhada san Ísiltír le linn chéim a saolta ina múnlaíonn daoine aonair a bhféiniúlacht. San Ísiltír, tá sé tugtha faoi deara acu go bhfuil sé de shaoirse acu, mar chailíní, a rogha saoil féin a dhéanamh. Tugann siad le fios gur mian leo a chinneadh dóibh féin, mar a chinn siad san Ísiltír, dul i gcumann buachaillí nó gan dul ina gcumann, páirt a ghlacadh i spórt nó gan páirt a ghlacadh ann, staidéar a dhéanamh nó gan staidéar a dhéanamh, go bpósfaí iad nó nach bpósfaí iad agus, dá bpósfaí iad, go bpósfaí iad leis an duine lenar mhaith leo a bheith pósta, agus obair a dhéanamh as baile nó gan obair a dhéanamh as baile. Ba mhaith leo féin cinneadh a dhéanamh dóibh féin ar dhearcthaí polaitiúla agus reiligiúnacha agus a bheith in ann na dearcthaí sin a léiriú go poiblí. Ós rud é go mbeadh na luachanna, noirm agus iompar sin do-thréigthe acu ar a bhfilleadh ar an Iaráic, tá cosaint idirnáisiúnta á lorg acu.

7.        Measann an chúirt a rinne an tarchur gurb é atá sna luachanna, noirm agus iompar dá dtagraíonn na hachomharcóirí ná creideamh i gcomhionannas inscne go bunúsach. (7) Tá ar an gcúirt sin a chinneadh an bhféadfaí nó nach bhféadfaí a mheas go mbaineann na hachomharcóirí le grúpa sóisialta áirithe de réir bhrí Airteagal 10(1)(d) de Threoir 2011/95, an bhfuil nó nach bhfuil leas an linbh le cur san áireamh mar chuid d’iarratas ar chosaint idirnáisiúnta, cathain agus conas a bhfuil siad le cur san áireamh, agus ar cheart an díobháil a chur san áireamh a mhaíonn na hachomharcóirí a d’fhulaing siad mar gheall ar an strus a bhaineann le maireachtáil le héiginnteacht faidréiseach faoina gcónaí san Ísiltír chomh maith leis an mbagairt go dtabharfaí orthu filleadh ar a dtír thionscnaimh.

8.        Mar sin, chinn an chúirt a rinne an tarchur bac a chur ar na himeachtaí agus na ceisteanna seo a leanas a tharchur chuig an gCúirt Bhreithiúnais le haghaidh réamhrialú:

“(1)      Maidir le hAirteagal 10(1)(b) de [Threoir 2011/95], an bhfuil léiriú le déanamh amhail go bhfuil sé le meas gur cúlra comhchoiteann atá do-athraithe nó tréithe atá ina gcuid chomh bunúsach den fhéiniúlacht nár cheart iallach a chur ar dhuine iad a thréigean iad noirm, luachanna agus iompar iarbhír de chuid an Iarthair a tharraingíonn náisiúnaigh tríú tír chucu féin le linn cónaí a bheith orthu i gcríoch an Bhallstáit agus lánpháirt á glacadh acu i sochaí ar feadh cuid mhór den chéim dá saolta ina múnlaíonn siad a bhféiniúlacht?

(2)      Má tá freagra dearfach ar an gcéad cheist, an bhfuil sé le meas go bhfuil “[baint le] grúpa sóisialta áirithe” de réir bhrí Airteagal 10(1)(d) de [Threoir 2011/95] ag náisiúnaigh tríú tír a bhfuil a gcomhionann de noirm agus luachanna de chuid an Iarthair tarraingthe chucu trí chónaí iarbhír a bheith orthu sa Bhallstát le linn na céime dá saolta ina múnlaíonn siad a bhféiniúlacht, gan beann ar na cúiseanna leis? An bhfuil measúnú le déanamh ó dhearcadh an Bhallstáit ar cibé an ann nó nach ann do “g[h]rúpa sóisialta áirithe... ag a bhfuil... féiniúlacht ar leithligh sa tír ábhartha” nó an bhfuil léiriú le déanamh air seo, léite i gcomhar le hAirteagal 10(2) de [Threoir 2011/95], amhail go bhfuil tábhacht chinntitheach ag dul le hinléiritheacht an náisiúnaigh tríú tír go meastar sa tír thionscnaimh go mbaineann sé nó sí le grúpa sóisialta áirithe nó go gcuirtear é ina leith ach go háirithe? An bhfuil an ceanglas nach bhfuil iartharú le bheith ina chúis le stádas dídeanaí ach amháin i gcás inarb iad cúrsaí reiligiúnacha nó polaitiúla a spreagann é i gcomhréir le hAirteagal 10 de [Threoir  2011/95], arna léamh i gcomhar leis an toirmeasc ar refoulement agus an ceart chun tearmainn?

(3)      An bhfuil cleachtas dlí náisiúnta lena measann cinnteoir, agus iarratas ar chosaint idirnáisiúnta á mheasúnú aige, leas an linbh a mheas gan a shocrú go nithiúil ar dtús céard is leas an linbh ann (i ngach nós imeachta) i gcomhréir le dlí an Aontais agus, go háirithe, le hAirteagal 24(2) den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (“an Chairt”), arna léamh i gcomhar le hAirteagal 51(1) den Chairt? An bhfuil a mhalairt d’fhreagra le tabhairt ar an gceist seo i gcás ina bhfuil measúnú le déanamh ag an mBallstát ar an iarratas ar shainchónaí a dheonú ar ghnáthfhorais agus ina bhfuil leas an linbh le cur san áireamh agus cinneadh á dhéanamh ar an iarratas sin?

(4)      I bhfianaise Airteagal 24(2) den Chairt, conas, agus ag cén céim den mheasúnú ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta, a bhfuil leas an linbh agus, le bheith cruinn faoi, an díobháil a tharla do mhionaoiseach de dheasca a shainchónaithe fhada i mBallstát le cur san áireamh agus le meas? An bhfuil sé ábhartha chuige sin cibé an raibh nó nach raibh an sainchónaí iarbhír dleathach? An bhfuil sé ábhartha, agus leas an linbh á meas mar chuid den mheasúnú thuasluaite, cibé an ndearna nó nach ndearna Ballstát cinneadh ar an iarratas ar chosaint idirnáisiúnta laistigh de na teorainneacha ama arna leagan síos le dlí an Aontais, cibé ar comhlíonadh nó nár comhlíonadh oibleagáid maidir le filleadh arna forchur cheana féin agus cibé an ndearna nó nach ndearna an Ballstát aistriú i ndiaidh cinneadh um fhilleadh a eisiúint dá dheasca go raibh sainchónaí iarbhír an mhionaoisigh in ann leanúint ar aghaidh sa Bhallstát?

(5)      An bhfuil cleachtas dlí náisiúnta lena ndéantar idirdhealú idir iarratas tosaigh ar chosaint idirnáisiúnta agus iarratais ar chosaint idirnáisiúnta ina dhiaidh, ar dá réir a thugtar neamhaird ar ghnáthfhorais i gcás iarratais ina dhiaidh ar chosaint idirnáisiúnta, i gcomhréir le dlí an Aontais, i bhfianaise Airteagal 7 den Chairt, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 24(2) de?”

9.        Thaisc na hachomharcóirí, Rialtais na Seice, na Gréige, na Fraince, na hÍsiltíre agus an Coimisiún Eorpach barúlacha i scríbhinn. D’fhreagair na páirtithe sin agus Rialtas na Spáinne ceisteanna i scríbhinn agus ó bhéal ón gCúirt ag éisteacht an 18 Aibreán 2023.

IV.    Anailís

A.      An chéad cheist agus an dara ceist

10.      Pléifidh mé an chéad cheist agus an dara ceist le chéile ós rud é go bhféachtar le léiriú a dhéanamh ar Airteagal 10(1)(d) de Threoir  2011/95 leis an dá cheann acu.

11.      Fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur de go bunúsach an bhfuil nó nach bhfuil sé le meas go bhfuil baint le grúpa sóisialta áirithe de réir bhrí na chéad eanga d’Airteagal 10(1)(d) ag náisiúnaigh tríú tír a raibh cónaí orthu i mBallstát ar feadh cuid mhór de chéim a saoil ina múnlaíonn siad a bhféiniúlacht toisc go bhfuil acu “cúlra comhchoiteann atá do-athraithe” nó tréithe atá “chomh bunúsach den fhéiniúlacht nár cheart iallach a chur ar dhuine iad a thréigean”. An gceanglaítear leis an bhforáil sin nach bhféadfaí cloí le luachanna áirithe a bheith ina húdar le cosaint idirnáisiúnta a dheonú ach amháin i gcás ina bhfuil bunús reiligiúnach nó polaitiúil leis? Cén measúnú ar cheart don chúirt a rinne an tarchur a dhéanamh ar cibé an gcomhlíontar nó nach gcomhlíontar an coinníoll sa dara heang d’Airteagal 10(1)(d) arb é atá ann ná cibé an bhfuil ag an ngrúpa sin sainfhéiniúlacht sa tír ábhartha, toisc go meastar gur grúpa ar leith é sa tsochaí mórthimpeall?

1.      Achoimre ar na barúlacha arna bhfáil

12.      Tugann Rialtas na hÍsiltíre dá aire, de réir threoirlínte IND, atá bunaithe ar bhreithiúnas an Raad van State (an Chomhairle Stáit), (8) nach mbaineann mná a bhfuil stíl mhaireachtála de chuid an Iarthair acu le grúpa sóisialta áirithe. Mar sin féin, d’fhéadfaidís cosaint idirnáisiúnta a fháil i gcás: (i) ina bhfuil an stíl mhaireachtála sin bunaithe ar chreideamh reiligiúnach nó polaitiúil atá ina chuid bunúsach dá bhféiniúlacht nó dá n‑ionracas; nó (ii) go bhfuil sé sochreidte go ndéanfaidh gníomhaithe ina dtír thionscnaimh géarleanúint orthu mar gheall ar thréithe atá ionann agus do-athraithe; nó (iii) ina mbeidh siad i mbaol go dtabharfaí íde mídhaonna dóibh de réir bhrí Airteagal 15(b) de Threoir 2011/95 ina dtír thionscnaimh. Déantar léiriú leathan ar an gcoincheap go bhfuil creidimh polaitiúla ina gcuid bunúsach d’fhéiniúlacht nó d’ionracas, dá dtagraítear faoin gcéad choinníoll thuas, amhail go n‑áirítear ann géarleanúint ar mhná nach ndéanann de réir nósanna sóisialta, rialacha reiligiúnacha nó noirm chultúrtha lena ndéantar idirdhealú ar fhorais inscne. (9)

13.      Tá Rialtais na Seice, na Gréige, na hUngáire agus na hÍsiltíre ar aon tuairim go bhfuil argóintí na n‑achomharcóirí bunaithe ar thosaíocht do stíl mhaireachtála áirithe. Ní fhéadfadh sin a bheith ina chúis le cosaint idirnáisiúnta a dheonú faoi rialacha náisiúnta lena dtrasuítear Treoir 2011/95. I ndiaidh dóibh dul in oiriúint an tsaoil i mBallstát le linn tréimhse chónaithe fhada ina chríoch, d’fhéadfaí a bheith ag súil leis go rachaidís in ath-oiriúint don saol ar a bhfilleadh ar a dtír thionscnaimh trí dhéanamh de réir norm agus nósanna a dtíre tionscnaimh mar a dhéanann cónaitheoirí eile. Níl fonn stíle maireachtála áirithe ina chreideamh atá chomh bunúsach d’fhéiniúlacht nó do choinsias duine nár cheart iallach a chur ar dhuine é a thréigean. Níl aon chomhthréith ó nádúr nó cúlra comhchoiteann ag na hachomharcóirí toisc go bhfuil aicme thoimhdean de mhná agus cailíní a bhfuil stíl mhaireachtála de chuid an Iarthair faighte acu ró-leathan, ró-ilchineálach agus ró-theibí le bheith ina grúpa sóisialta léirshonraithe chun críocha Airteagal 10(1)(d) de Threoir  2011/95. Níl iarracht déanta ag na hachomharcóirí ach an oiread bunús a thabhairt leis an gcúis leis nó leis an gcaoi go ndéanfaí géarleanúint orthu ar a bhfilleadh ar a dtír thionscnaimh.

14.      Easaontaíonn Rialtas na Spáinne, Rialtas na Fraince agus an Coimisiún leo. Measann siad go bhféadfadh sé go mbaineann na cailíní le grúpa sóisialta áirithe atá bunaithe, inter alia, ar inscne agus aois, arb ionann iad agus tréithe ó nádúr.

15.      Ina bharúlacha ó bhéal, d’áitigh Rialtas na Spáinne go dtugtar le fios leis an ordú tarchuir nach amhlaidh gur chuir na hachomharcóirí rompu feabhas a chur orthu ó thaobh airgeadais agus cultúir de amháin; cuirtear síos níos cruinne orthu mar mhná nó cailíní a bhfuil dóigh bheatha tharraingthe chucu lena n‑aithnítear agus lena gceadaítear a gcearta bunúsacha a bheith acu. Mar sin, comhlíonann siad an chéad choinníoll d’Airteagal 10(1)(d) de Threoir 2011/95. Braitheann sé ar na himthosca a bhaineann lena dtír thionscnaimh an gcomhlíontar nó nach gcomhlíontar an dara coinníoll den fhoráil, ar dá réir a bhfuil féiniúlacht ar leithligh ag an ngrúpa sa tír ábhartha.

16.      Áitíonn Rialtas na Fraince go bhfágann tréimhse fhada a chaitheamh i mBallstát go bhfuil acu cúlra comhchoiteann atá do‑athraithe nó comhchreideamh atá chomh bunúsach d’fhéiniúlacht nó de choinsias duine nár cheart iallach a chur ar dhuine iad a thréigean. Trí leanúint ar aghaidh ag cloí leis na luachanna, noirm agus iompar is forleithne sa Bhallstát sin, meastar sa tsochaí mórthimpeall ina dtír thionscnaimh go mbaineann daoine aonair a bhfuil na comhthréithe sin acu le grúpa ar leith. Mar shampla, d’fhéadfaí na hachomharcóirí a fhágáil gan cosaint ar ghéarleanúint a dhéanamh ag na húdaráis dá gcuirfidís i gcoinne pósadh éigeantais.

17.      Áitíonn an Coimisiún go bhfuil an creideamh go bhfuil cearta comhionanna ag fir agus mná inmheasta mar chomhchreideamh bunúsach. Tugtar le fios go bhfuil cailíní agus mná i mbaol a measta mar ghrúpa ar leith sa tír thionscnaimh toisc gurb ann do dhlíthe sa tír sin lena ndéantar idirdhealú ar a leithéid sin de dhaoine agus lena bhféachtar le pionóis a ghearradh orthu go díréireach i gcás ina sáraíonn siad noirm agus nósanna áirithe.

2.      Réamhbharúil

18.      Tugann an chúirt a rinne an tarchur dá haire nach mbaineann an cás seo le “mná iartharaithe” iontu féin. (10) Tá tagairtí san ordú tarchuir, áfach, do “stíl mhaireachtála de chuid an Iarthair” agus “iompar iartharaithe”, rud lena bhféadfadh sé go bhfuil úsáid na dtéarmaí sin á léiriú atá i gCiorclán 2000 (C) maidir le Náisiúnaigh Eachtracha. Bhí na páirtithe ar thaisc barúlacha den tuairim den chuid is mó go raibh na coincheapa “iartharaithe” agus “de chuid an Iarthair” ró-dhoiléir lena gcur i bhfeidhm i gcomhthéacs iarratais ar chosaint idirnáisiúnta. Aontaím leis na barúlacha sin. Is réigiúin ollmhóra ilghnéitheacha iad “an tOirthear” agus “an tIarthar” ina bhfuil an iliomad traidisiúin reiligiúnacha, cóid mhorálta agus luachanna. In éagmais sainmhínithe beachta, nár cuireadh iad faoi chaibidil os comhair na Cúirte Breithiúnais, níl ciall den chuid is mó le téarmaí amhail “stíl mhaireachtála de chuid an Iarthair” agus “mná iartharaithe”. Mar atá níos díobálaí fós, déantar contrárthacht bhréige atá mar chuid de phlé deighilteach le cur i bhfeidhm na dtéarmaí “de chuid an Oirthir” agus “de chuid an Iarthair” i gcomhthéacs cóid mhorálta agus luachanna. Seachnaítear úsáid na dtéarmaí sin sa Tuairim seo mar sin.

3.      Measúnú

(a)    Achoimre ar chreat dlíthiúil agus réamhrá

19.      Tháinig an Coinbhinsiún i dtaobh Stádas Dídeanaithe, ar síníodh sa Ghinéiv an 28 Iúil 1951 (11) (“Coinbhinsiún na Ginéive”) i bhfeidhm an 22 Aibreán 1954. Forlíonadh air leis an bPrótacal maidir le Stádas Dídeanaithe, a tugadh i gcrích i Nua Eabhrac an 31 Eanáir 1967, a tháinig i bhfeidhm an 4 Deireadh Fómhair 1967. (12) Is bunchloch an chórais dlí maidir le cosaint ar dhídeanaithe é Coinbhinsiún na Ginéive. (13) Bíodh is páirtithe conarthacha i gCoinbhinsiún na Ginéive iad na Ballstáit go léir, ní páirtí conarthach é an tAontas Eorpach.

20.      Treoraítear údaráis inniúla na mBallstát le Treoir 2011/95 le tagairt a dhéanamh do choincheapa coiteanna, a bhfuil léiriú le déanamh orthu i gcomhréir le Coinbhinsiún na Ginéive. Tugtar faoi deara le brollach an Choinbhinsiúin sin go bhfuil Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe le haghaidh Dídeanaithe (“UNHCR”) freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm coinbhinsiún idirnáisiúnta lena ráthaítear an chosaint ar dhídeanaithe. I bhfianaise an róil a thugtar do UNHCR le Coinbhinsiún na Ginéive, chinn an Chúirt go bhfuil doiciméid UNHCR ábhartha go háirithe maidir leis an léiriú ar Threoir  2011/95. (14) Tá léiriú le déanamh ar an Treoir sin i gcomhréir leis an gCairt chomh maith. (15)

21.      Ní mór an chosaint idirnáisiúnta dá dtagraítear le Treoir  2011/95 a dheonú, i bprionsabal, do náisiúnach tríú tír nó do dhuine gan stát a bhfuil eagla dhea-bhunaithe a ghéarleanúna air ar chúiseanna a bhaineann le cine, náisiúntacht, tuairim pholaitiúil nó baint le grúpa sóisialta áirithe (dídeanaí), nó atá i bhfíorbhaol go dtarlódh díobháil thromchúiseach dó (duine atá incháilithe le haghaidh cosaint choimhdeach) i gcás a fhillte ar a thír thionscnaimh, nó a fillte ar a tír thionscnaimh. (16)

22.      Leagtar amach na cúiseanna le géarleanúint le hAirteagal 10 de Threoir 2011/95. (17) Tá gach rud a liostaítear in Airteagal 10(1) de Threoir 2011/95 ábhartha maidir leis an measúnú ar cibé an ann nó nach ann do na cúiseanna le géarleanúint; níl an dá aicme comheisiach. (18) Tugtar le fios le húsáid na bhfocal “go háirithe” i bhforanna na forála sin nach bhfuil na breithnithe a leagtar amach ann uileghabhálach. Ag an deireadh ar fad, is cásdlí socair é nach mór gach cinneadh maidir le stádas dídeanaí nó cosaint choimhdeach a thabhairt nó a dhiúltú a bheith bunaithe ar mheasúnú ar leith. (19)

23.      Tá tugtha dá aire ag UNHCR go bhfuil an téarma “baint le grúpa sóisialta” in Airteagal 1A(2) de Choinbhinsiún na Ginéive le léamh amhail go dtiocfadh sé chun cinn, agus go nglacfaí leis cineál ilghnéitheach athraitheach grúpaí i sochaithe éagsúla agus forbairt norm ceart daonna idirnáisiúnta. Tá aitheanta ag Stáit gur grúpa sóisialta áirithe iad mná, treibheanna, grúpaí gairmeacha agus homaighnéasaigh chun críocha an Choinbhinsiúin sin. De réir na gcúinsí áirithe i sochaí, d’fhéadfadh bean éileamh a shuíomh ar bhonn tuairim pholaitiúil (i gcás ina mbreathnaíonn an Stát ar a hiompar mar ráiteas polaitiúil a fhéachann sé lena chur faoi chois), reiligiúin (i gcás ina bhfuil a hiompar bunaithe ar chreideamh reiligiúnach a bhfuil an Stát ina choinne) nó baint le grúpa sóisialta áirithe. (20)

24.      Ní mór dhá choinníoll charnacha a chomhlíonadh ionas gurb ann do “ghrúpa sóisialta áirithe” chun críocha Airteagal 10(1)(d) de Threoir  2011/95. Ar an gcéad dul síos, caithfidh go bhfuil ag lucht an ghrúpa sin “comhthréith ó nádúr” nó “cúlra comhchoiteann atá do-athraithe”, nó comhthréith nó comhchreideamh atá “chomh bunúsach sin dá fhéiniúlacht nó dá choinsias nár cheart iallach a chur ar dhuine é nó í a thréigean”. Baineann an méid seo le gnéithe inmheánacha grúpa mar a bhfuil cur síos indéanta orthu. Ar an dara dul síos, ní mór féiniúlacht ar leithligh a bheith ag an ngrúpa sin sa tír ábhartha toisc go meastar gur grúpa ar leith é sa tsochaí mórthimpeall. (21) Baineann é sin le meas de shaghas éigin sa tsochaí, nó rud a bhfuil cur síos indéanta air mar ghnéithe seachtracha grúpa. Chun na críocha seo, tá an tír thionscnaimh ina “tír ábhartha”, arb í an Iaráic anseo, agus is í sochaí na tíre tionscnaimh sin “an tsochaí mórthimpeall”.

(b)    Gnéithe inmheánacha grúpa

25.      Is léir ó théacs an dara mír d’Airteagal 10(1)(d) de Threoir 2011/95 go bhféadfadh inscne (22) agus gnéithe a bhaineann le hinscne a bheith ábhartha le suíomh gurb ann do ghrúpa sóisialta áirithe. I gcásanna áirithe, d’fhéadfadh sé gur critéar leordhóthanach í inscne lena leithéid de ghrúpa a shainiú. (23) De réir UNHCR, is sampla soiléir iad mná d’fhothacar sóisialta, a shainítear trí saintréithe dúchasacha, a chaitear go minic leo mar atá éagsúil ó fhir. I sochaithe áirithe, d’fhéadfadh mná a bheith ina ngrúpa sóisialta áirithe toisc go ndéantar idirdhealú córasach orthu i leith a gcearta bunúsacha i gcomparáid le fir.(24)

26.      Sa chás seo, ní áitíonn na hachomharcóirí go ndlitear cosaint idirnáisiúnta orthu mar gheall ar a n‑inscne amháin. Deir siad nach féidir leo a luachanna, noirm agus iompar a thréigean, atá bunaithe ar an gcreideamh i gcomhionannas inscne, a tharraing siad chucu san Ísiltír. Mar sin, tarraingítear an cheist maidir le cibé an bhféadfadh a leithéid de chreideamh a bheith ina gcomhthréith nó ina gcomhchreideamh atá chomh bunúsach d’fhéiniúlacht nó de choinsias duine nár cheart iallach a chur ar dhuine iad a thréigean. Pléifidh mé le brí na bhfocal “tréith” agus “creideamh” ar dtús roimh scrúdú a dhéanamh ar an gceanglas nach mór comhchreideamh a bheith ann atá chomh bunúsach d’fhéiniúlacht nó de choinsias duine nár cheart iallach a chur ar dhuine iad a thréigean.

(1)    Brí “tréithe” agus “creidimh”

27.      I gcomhthéacs luachanna, norm agus iompar a mhaíonn na hachomharcóirí a bheith tarraingthe chucu le linn a dtréimhse chónaithe san Ísiltír, tagraíonn an chúirt a rinne an tarchur do tharraingt luachanna, norm agus iompair a d’fhéadfaidís a bheith ina “dtréith” atá chomh bunúsach d’fhéiniúlacht nár cheart iallach a chur ar dhuine é a thréigean.

28.      Ní dhéantar sainmhíniú le Treoir 2011/95 ar na téarmaí “tréith ó nádúr” agus “tréith... atá... chomh bunúsach d’fhéiniúlacht nó de choinsias duine nár cheart iallach a chur ar dhuine iad a thréigean” a úsáidtear in Airteagal 10(1)(d) di. I measc na sainmhínithe a dhéantar ar “thréith” duine sna foclóirí atá “gné nó bua is dual don duine sin agus lena ndéantar iad a shainaithint”. Ciallaíonn “ó nádúr” “ó bhreith” nó “dar tréithe atá le duine aonair ó bhroinn”. Airde duine, dathanna a súl agus a n‑oidhreachtúlacht atá i samplaí de thréithe ó nádúr. Ní thugtar ach sampla amháin de “chomhthréith” le Treoir 2011/95, eadhon gnéaschlaonadh. (25)

29.      Tugtar orm a bhaint de chonclúid leis na sainmhínithe sin nach bhfuil “tréith” inchurtha síos do tharraingt luachanna, norm agus iompair áirithe. (26) Is cosúil go n‑oireann an focal “creideamh”, a chiallaíonn “glacadh leis nó braistint gur fíor rud éigin”, níos mó d’imthosca na n‑achomharcóirí.

30.      I bhfianaise an tseasaimh arna ghlacadh ag Rialtas na hÍsiltíre, tá sé ábhartha ina dhiaidh sin a fhiafraí an bhfuil nó nach bhfuil léiriú le déanamh ar an gcomhchreideamh dá dtagraítear sa chéad eang d’Airteagal 10(1)(d) de Threoir 2011/95 amhail gur tagairt intuigthe do chreideamh reiligiúnach nó polaitiúil í. Tugann an Coimisiún dá aire go bhféadfadh úsáid an fhocail “Glaubensüberzeugung” a bheith ina húdar amhrais faoi cibé an gcaithfidh nó nach gcaithfidh gur reiligiúnach an creideamh i gceist.

31.      Tagraítear le hAirteagal 10 de Threoir 2011/95, lena bpléitear le géarleanúint ar fhorais reiligiúnacha, do “chreidimh dhiachúla, neamhdhiachúla nó aindiacha”. Mar shampla, úsáidtear i leagan na Gearmáinise, i leagan an Bhéarla, i leagan na Fraincise agus i leagan na hOllainnise den Airteagal sin de Threoir 2011/95 na téarmaí “religiöse Überzeugung”, “religious belief”, “croyances religieuses” agus “godsdienstige overtuiging”. Os a choinne sin, is iad “Glaubensüberzeugung”, “ belief”, “croyance” agus “geloof” an focal a úsáidtear i bpointe (d) den Airteagal sna leaganacha teanga sin faoi seach.

32.      Tagraítear le hAirteagal 10(1)(e) de Threoir 2011/95, a bhaineann le géarleanúint pholaitiúil, do leanúint do thuairim, do smaoineamh nó do chreideamh maidir leis na gníomhaithe géarleanúna féideartha dá dtagraítear in Airteagal 6 agus maidir lena gcuid beartas nó modhanna.

33.      Tagraítear le hAirteagal 10(1)(b) de Threoir 2011/95 do chreidimh dhiachúla, neamhdhiachúla nó aindiacha mar sin; tagraítear le hAirteagal 10(1)(b) do thuairimí, smaointe agus creidimh pholaitiúla; agus tagraítear le hAirteagal 10(1)(d) do chreidimh atá chomh bunúsach d’fhéiniúlacht nó do choinsias nár cheart iallach a chur ar dhuine iad a thréigean. (27) Ar an mbonn sin, is cosúil nach bhfuil aon táscairí téacsúla nó comhthéacsúla ann le tabhairt faoi deara go gcaithfidh gur bunús reiligiúnach nó polaitiúil an bunús le creideamh de réir Airteagal 10(1)(d). (28) Ina theannta sin, ní aithnítear le léiriú contráilte a dhéanamh go bhféadfadh sé gurbh ann do réimse dearcthaí ar shaincheisteanna bunúsacha i reiligiún áirithe agus go bhféadfadh duine a dhearcthaí a athrú gan iompú chun malairt chreidimh. (29)

(2)    An bhfuil an creideamh i gceist ina chomhchreideamh atá chomh bunúsach d’fhéiniúlacht nó do choinsias duine nár cheart iallach a chur ar dhuine é a thréigean?

34.      Téann creideamh i gcomhionannas inscne i bhfeidhm ar réimse roghanna maidir le hoideachas agus roghnú gairme, ar mhéid agus cineál gníomhaíochtaí go poiblí, ar inbhainteacht amach neamhspleáchais eacnamaíoch trí obair as baile, ar chinntí maidir le cónaí in aonar nó le teaghlach agus ar an saor-rogha maidir le páirtí. Is cuid bhunúsach d’fhéiniúlacht duine aonair na ceisteanna seo. (30)

35.      Cumhdaítear go bhfuil comhionannas inscne ar luachanna agus aidhmeanna bunúsacha an Aontais Eorpaigh le hAirteagal 2 agus Airteagal 3(3) CAE, agus aithnítear gur bunphrionsabal dhlí an Aontais é le cásdlí na Cúirte Breithiúnais. Maítear le hAirteagal 8 de CFAE go bhfuil sé d’aidhm ag an Aontas neamhionannais idir fir agus mná a dhíchur agus comhionannas eatarthu a chur ar aghaidh. Cuirtear an tAontas Eorpach i gcumas le hAirteagal 19 de CFAE reachtaíocht a thabhairt isteach le hidirdhealú ar bhonn gnéis a chomhrac. Bunaítear le hAirteagal 157 de CFAE prionsabal an phá chomhionainn as obair chomhionann agus soláthraítear leis bunús dlí le dlí comhionannais inscne a achtú i réimse na fostaíochta. Aithnítear le hAirteagal 157(4) CFAE gur modh le comhionannas inscne a bhaint amach í an ghníomhaíocht dhearfach.

36.      Ó ghlacadh na chéad treoracha sa réimse seo sna 1970aidí, tá reachtaíocht leathan maidir le comhionannas inscne forbartha ag an Aontas Eorpach, go príomha i réimse na fostaíochta, lena n‑áirítear ceisteanna amhail pá comhionann, slándáil shóisialta, fostaíocht, dálaí oibre agus ciapadh. (31) Cuirtear toirmeasc leis an reachtaíocht sin ar idirdhealú díreach agus indíreach ar bhonn inscne agus cruthaítear léi cearta le haghaidh daoine aonair i ndlíchórais na mBallstát. (32)

37.      Léirítear roinnt cearta bunúsacha a chumhdaítear sa Chairt anois leis na luachanna, noirm agus iompar a mhaígh na hachomharcóirí a bheith tarraingthe chucu le linn a dtréimhse chónaithe san Ísiltír: áirítear in Airteagal 21(1) an ceart nach ndéanfaí idirdhealú ar bhonn gnéis; aithnítear le hAirteagal 23 an ceart chun comhionannas idir fir agus mná i ngach réimse, lena n‑áirítear fostaíocht, obair agus pá; (33) tagraítear le hAirteagal 9 don cheart chun pósadh gan srian; foráiltear le hAirteagal 11 don tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil; cumhdaítear le hAirteagal 14 an ceart chun oideachais agus chun rochtain a fháil ar ghairmoiliúint agus ar oiliúint leanúnach; agus foráiltear le hAirteagal 15 don cheart chun obair a dhéanamh agus chun gairm a roghnú. (34) Tá na Ballstáit ina bpáirtithe sa Coinbhinsiún maidir le Gach Cineál Idirdhealaithe in aghaidh na mBan a Dhíothú iad chomh maith, lenarb é is aidhm ná cur le gach ceart daonna ban a aithint go cothrom, a bheith acu agus a fheidhmiú sna réimsí polaitiúla, eacnamaíocha, sóisialta, cultúrtha agus sibhialta. (35)

38.      Níl amhras orm ach gur imríodh a leithéid de thionchar ar go leor daoine a bhfuil a saolta caite acu san Ísiltír le luach an chomhionannais inscne gur cuid doscriosta dá bhféiniúlacht é.

39.      I bhfianaise a bhfuil roimhe seo, measaim nach bhféadfaí a bheith ag súil leis go dtréigfeadh cailíní agus mná, a bhfuil luachanna, noirm agus iompar tarraingthe chucu lena léirítear creideamh i gcomhionannas inscne, an creideamh sin faoi mar nach mbítear ag súil leis go dtréigfeadh duine a chreidimh reiligiúnacha nó polaitiúla, nó a creidimh reiligiúnacha nó polaitiúla, nó go séanfadh sé nó sí a ghnéaschlaonadh, nó a gnéaschlaonadh. Tugtar le tuiscint uaidh sin, nach bhféadfadh Ballstáit a bheith ag súil leis go gcuirfeadh cailíní agus mná a n‑iompar in oiriúint trí dhéanamh go discréideach le bheith sábhailte, rud is amhlaidh is mó toisc gur minic gnéithe féiniúlacht a bheith le sonrú go poiblí a mhúnlaítear le creideamh i gcomhionannas inscne. (36) Tá cinnte ag an gCúirt Bhreithiúnais cheana féin, i gcomhthéacs homaighnéasach, nach leagtar síos srianta le hAirteagal 10(1)(b) de Threoir 2011/95 ar an meon i ndáil lena bhféiniúlacht nó lena n‑iompar atá inghlactha ag daoine a bhaineann le grúpa sóisialta áirithe. (37)

40.      Ansin, tarraingítear an cheist maidir le cibé an bhfuil nó nach bhfuil creideamh i gcomhionannas inscne chomh glactha agus slogtha acu go ndearnadh cuid dá bhféiniúlacht de. (38) I bhfianaise aoiseanna na n‑iarratasóirí agus fad a dtréimhse cónaithe san Ísiltír, tugann an chúirt a rinne an tarchur dá haire go bhfuil cuid mhór den chéim dá saolta ina múnlaíonn siad a bhféiniúlacht caite acu sa Bhallstát sin. (39) Níl amhras orm ach gurbh an‑chor sa saol ab ea tumadh na n‑iarratasóirí i gcultúr an Bhallstáit sin lenar tugadh deiseanna agus tuiscint a dtodhchaí dóibh a bheidís aineolach orthu fairis sin. Dá bhrí sin, tá sé le dealramh, murab ionann agus a bpiaraí san Iaráic nach raibh an cor sin sa saol acu, go bhfuil dóigh bheatha chomh tarraingthe chucu atá ar aon dul le cearta bunúsacha a aithint agus a bheith ag duine, go háirithe a gcreideamh i gcomhionannas inscne, go bhfuil an creideamh sin chomh glactha agus slogtha acu go ndearnadh cuid dá bpearsantacht de. Ní mór do na húdaráis inniúla, agus do na cúirteanna náisiúnta ar deireadh thiar, measúnú a dhéanamh ar an méid arb amhlaidh atá faoi threoir dhálaí ar leith na n‑achomharcóirí agus, i gcás inarb iomchuí, an breithniú á chur san áireamh ar leagadh amach in Airteagal 10(2) de Threoir 2011/95. (40)

(c)    Gnéithe inmheánacha grúpa

41.      D’ainneoin débhrí éigin, is cosúil gur mian leis an gcúirt a rinne an tarchur go bunúsach a fhiafraí den chinneadh atá ar na húdaráis inniúla agus cúirteanna náisiúnta ar comhlíonadh nó nár comhlíonadh an ceanglas sa dara heang d’Airteagal 10(1)(d) de Threoir 2011/95, eadhon an bhfuil nó nach bhfuil féiniúlacht ar leithligh ag grúpa sóisialta áirithe sa tír ábhartha toisc go meastar gur grúpa ar leith é sa tsochaí mórthimpeall. Tarraingítear saincheisteanna maidir leis an dualgas cruthúnais agus maidir leis an measúnú substainteach ar éilimh na n‑achomharcóirí leis an gceist sin.

(1)    An dualgas cruthúnais

42.      Foráiltear dó le hAirteagal 4(3) de Threoir 2011/95 nach mór an measúnú a dhéanamh ar an iarratas ar chosaint idirnáisiúnta ar bhonn aonair agus nach mór an méid seo a leanas a chur san áireamh, inter alia: (a) na fíoras ábhartha go léir a mhéid a bhaineann siad leis an tír thionscnaimh, lena n‑áirítear a dlíthe agus rialacháin agus an cur i bhfeidhm orthu; (b) ráitis agus doiciméid ábhartha arna dtíolacadh ag an iarratasóir; agus (c) seasamh ar leith an iarratasóra agus a ndálaí pearsanta. De réir Airteagal 4(1) de Threoir 2011/95, d’fhéadfadh Ballstáit a mheas go bhfuil sé de dhualgas ar an iarratasóir an t‑ábhar is gá a thaisceadh le bunús a thabhairt lena iarratas, nó lena hiarratas, ar chosaint idirnáisiúnta a luaithe is féidir, lena n‑áirítear na cúiseanna mar thaca leis an iarratas sin. (41) Mar sin, ní mór d’iarratasóirí na cúiseanna leis go bhfuil eagla a ngéarleanúna orthu ina dtír thionscnaimh a chur in alt a chéile agus bunús a thabhairt leo.

43.      An mbaineann an ceanglas seo le dualgas bunús a thabhairt le féiniúlacht ar leithligh sa tír thionscnaimh a bheith ag an ngrúpa sóisialta áirithe lena mbaineann an t‑iarratasóir chomh maith toisc go meastar gur grúpa ar leith é sa tsochaí mórthimpeall, ar seasamh é ar cosúil go bhfuil sé á maíomh ag Rialtas na hÍsiltíre? Ní móide é. Níl sna ráitis atá le taisceadh ag an iarratasóir de réir Airteagal 4(1) de Threoir 2011/95 d’fhonn bunús a thabhairt lena iarratas ar chosaint idirnáisiúnta ach túsphointe mheasúnú na n‑údarás inniúla ar na fíoras agus na himthosca is bun leis an iarratas sin. Ceanglaítear leis an bhforáil sin ar an mBallstát measúnú a dhéanamh, i gcomhar leis an iarratasóir, ar mhéid ábhartha a iarratais nó a hiarratais. (42)

44.      Tá rialaithe ag an gCúirt Bhreithiúnais, go praiticiúil, mar gheall ar an gceanglas nach mór don Bhallstát dul i gcomhar sa mheasúnú, nach mór don Bhallstát sin cuidiú leis an iarratasóir agus an méid is gá á chruinniú aige d’fhonn bunús a thabhairt leis an iarratas sin i gcás, ar chúis ar bith, ina bhfuil an méid arna chur ar fáil ag iarratasóir ar chosaint idirnáisiúnta easnamhach, as dáta nó neamh-ábhartha. D’fhéadfadh sé gur mó a bhfuil aicmí áirithe doiciméid infhaighte ag Ballstáit ná ag iarratasóirí. (43) Mar sin, is cosúil go bhfuil sé de chomhdhualgas ar an iarratasóir agus ar an mBallstát a chruthú go bhfuil féiniúlacht ar leithligh ag grúpa sóisialta áirithe i dtír áirithe agus nach bhfuil sé ar an iarratasóir amháin. Sa chomhthéacs sin, tá sé ábhartha a thabhairt chun cuimhne, faoi Airteagal 4(5) de Threoir 2011/95, nach bhfuil gnéithe ráitis an iarratasóra nach dtacaítear leo trí fhianaise scríbhinn le deimhniú i gcás, inter alia, ina bhfhionntar go bhfuil na ráitis sin comhleanúnach agus le dealramh agus nach dtagtar salach leo ar fhaisnéis shonrach agus ghinearálta atá ábhartha do chás an iarratasóra.

45.      Foráiltear dó le hAirteagal 10(2) de Threoir 2011/95, i gcomhthéacs measúnú a dhéanamh ar cibé an bhfuil nó nach bhfuil eagla dhea-bhunaithe a ghéarleanúna, is cuma an bhfuil nó nach bhfuil an tréith aige nó aici lena dtarraingítear an ghéarleanúint, ar choinníoll go gcuireann gníomhaí na géarleanúna a leithéid de thréith i leith an iarratasóra. (44) Cuirtear in iúl go soiléir le téacs na forála sin go dtiocfadh sé i dtreis ar shuíomh gurb ann do ghrúpa sóisialta áirithe. Murab ionann agus an méid atá á thabhairt le tuiscint ag an gcúirt a rinne an tarchur, ní chuirtear an measúnú ar an meas ar na gníomhaithe géarleanúna in ionad an chinnidh maidir le cibé an bhfuil nó nach bhfuil féiniúlacht ar leithligh ag an ngrúpa sa tír thionscnaimh, nó ní dhéantar leis gur lú an tábhacht leis. Ní dhéantar difear leis ach do cé chomh inléirithe agus atá sé go mbaineann an t‑iarratasóir le grúpa sóisialta, ós rud é go bhféadfadh sé a bheith leordhóthanach chun críocha an iarratais ar chosaint idirnáisiúnta a léiriú go meastar go bhfuil sé nó sí amhlaidh amháin. (45)

(2)    Measúnú substainteach

46.      Tá aitheanta ag an gCúirt Bhreithiúnais go bhféadfaí tacú le cinneadh go meastar gur grúpa ar leith sa tsochaí mórthimpeall iad homaighnéasaigh toisc gurb ann do dhlíthe coiriúla lena ndírítear ar na daoine sin go sonrach. Dá réir sin, is táscaire é glacadh le hiompar áirithe ag fir sa tsochaí, i gcás ina ngearrtar pionós as a chomhionann d’iompar ag mná, go meastar sa tsochaí mórthimpeall go bhfuil mná, nó aicmí áirithe ban, ar leith. Dá bhrí sin, tá ar na húdaráis inniúla na rialacha dlí agus na gnáthaimh a bhaineann le cúrsaí sóisialta agus cultúrtha i dtír thionscnaimh an iarratasóra a chur san áireamh. (46)

47.      Sainaithnítear grúpaí daoine a mheastar sa tsochaí mórthimpeall gurb ar leith iad leis an treoir maidir leis an Iaráic ó Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann (“EUAA”) (47) le déanaí. De réir na treorach tíre sin, daoine, go háirithe mná, a sháraíonn na gnáthaimh a bhaineann le cúrsaí sóisialta, d’fhéadfadh sé go measfaí go bhfuil siad dímhorálta, go n‑aithiseofaí iad agus go mbeidís i mbaol mórdhíobhála. (48) Áirítear sna sáruithe sin, de réir tuairiscí, caidrimh ghnéis sheachphósta, fulaingt éignithe nó cineálacha eile foréigin ghnéasaigh, diúltú a bheith pósta le fear a roghnaigh a muintir, (49) pósadh in aghaidh thola a muintire, cuma a bheith uirthi, nó gléasadh, atá míchuí agus teagmháil nó geandáil nach bhfuil glacadh leo. Tuairiscítear nach bhfuil sna poist lena bhfuil glacadh leo le haghaidh ban ach poist san earnáil a bhaineann leis an mbaile agus i ranna rialtais. Níl aon ghlacadh sa tsochaí ar mhná agus cailíní a oibríonn i siopaí, i siopaí caife, sa tsiamsaíocht, san altranas nó san earnáil iompair. D’fhéadfaí gníomhaíocht phoiblí ban, lena n‑áirítear iad a bheith ar an idirlíon agus a ngníomhaíochtaí ann, a bheith ina cúis chiaptha. D’fhéadfaí mná a shrianadh ó pháirt a ghlacadh in agóidí mar gheall ar eagla ar a ndaoine muinteartha go measfaí go diúltach iad. D’fhéadfaí iad a fhágáil gan cosaint ar aithisiú sa tsochaí nó ar mheas go bhfuil onóir an teaghlaigh sáraithe acu trí chlúmhilleadh gnéis. (50)

48.      Is cosúil óna bhfuil roimhe seo go bhféadfadh sé go meastar san Iaráic go bhfuil gnáthaimh a bhaineann le cúrsaí sóisialta á sárú ag cailíní agus mná a chreideann i gcomhionannas inscne toisc a gcreideamh a léiriú, mar shampla trí ráitis nó iompar a bhaineann lena roghanna faoi cheisteanna amhail an t‑oideachas, gairm bheatha agus obair as baile, méid agus cineál gníomhaíochtaí go poiblí, cinntí maidir le cónaí in aonar nó le teaghlach agus an saor-rogha maidir le páirtí. Is faoi na húdaráis inniúla agus na cúirteanna náisiúnta a chinneadh an amhlaidh nó nach amhlaidh an cás do na hachomharcóirí ina n‑imthosca pearsanta.

(d)    An Ghéarleanúint

49.      D’áitigh cuid de na páirtithe ar thaisc barúlacha nár thug na hachomharcóirí aon fhianaise le léiriú go mbeidís thíos le gníomhartha géarleanúna ar a bhfilleadh ar a stát tionscnaimh. Is saincheist dhifriúil í, bíodh sí ábhartha dó, (51) ó chinneadh an mbaineann siad le grúpa sóisialta áirithe de réir bhrí Airteagal 10(1)(d) de Threoir 2011/95. Níl treoir á lorg ag an gcúirt a rinne an tarchur faoin léiriú le déanamh ar fhorálacha na Treorach sin a bhaineann go sonrach leis an measúnú ar eagla dhea-bhunaithe ghéarleanúna. Is leor a thabhairt faoi deara, faoi Airteagal 8(2) de Threoir 2011/95, agus scrúdú á dheanamh an bhfuil nó nach bhfuil eagla dhea-bhunaithe a ghéarleanúna ar an iarratasóir, nach mór do Bhallstáit, inter alia, na himthosca ginearálta a mheas atá forleathan sa chuid ábhartha den tír thionscnaimh. Chuige sin, ní mór dóibh faisnéis bheacht chothrom le dáta a fháil ó fhoinsí ábhartha amhail UNHCR agus EUAA.

50.      Tugtar le fios le treoir tíre maidir leis an Iaráic le déanaí go bhféadfaí cailíní agus mná a sháraíonn gnáthaimh a bhaineann le cúrsaí sóisialta a fhágáil gan cosaint ar ghníomhartha atá a dhéine sin gurb ionann agus géarleanúint iad. (52) Dá bhrí sin, d’fhéadfadh na hachomharcóirí, agus a ngarghaolta, a bheith thíos le díoltas arb ionann é agus géarleanúint de réir bhrí Airteagal 9 de Threoir 2011/95, toisc go meastar gurb ar leith iad i ndáil leis sin. (53) Is ábhar measúnaithe ag na húdaráis inniúla agus na cúirteanna náisiúnta iad dóchúlacht agus tromchúis an bhaoil sin, i bhfianaise imthosca na n‑achomharcóirí, chomh maith.

B.      An tríú ceist

51.      Tá dhá chuid sa tríú ceist. Ar an gcéad dul síos, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, agus iarratas á dhéanamh ar chosaint idirnáisiúnta, an gceanglaítear ar an gcinnteoir a shocrú céard is leas an linbh ann agus é a chur san áireamh, mar a thagraítear don choincheap sin in Airteagal 24(2) den Chairt. Ar an dara dul síos, fiafraíonn sí an dtabharfaí nó nach dtabharfaí a mhalairt d’fhreagra ar an gcéad chuid más rud é go bhfuil leas an linbh le cur san áireamh mar chuid “[d’]iarratas ar shainchónaí a dheonú ar ghnáthfhorais”, mar a thagraíonn sé dó.

52.      Is ábhartha a chur san áireamh sa chomhthéacs sin go mbaineann imeachtaí atá ar feitheamh os comhair na cúirte a rinne an tarchur le hiarratas ar chosaint idirnáisiúnta ina dhaidh seachas iarratais tosaigh ar chosaint idirnáisiúnta. (54)

1.      An chéad chuid

53.      Sainmhínítear mionaoiseach, is é sin le rá, leanbh, mar “náisiúnach tríú tír nó duine gan stát faoi bhun 18 mbliana d’aois” le hAirteagal 2(k) de Threoir 2011/95.

54.      Deimhnítear le hAirteagal 24(2) agus Airteagal 51(1) den Chairt bunúsacht chearta an linbh agus an cheanglais nach mór do Bhallstáit na cearta sin a chomhlíonadh agus dlí an Aontais á chur chun feidhme acu. Mar sin, tá léiriú le déanamh ar Threoir 2011/95 i bhfianaise Airteagal 24(2) den Chairt. (55) Léirítear é sin le haithris 16 de Threoir 2011/95, lena maítear go bhféachtar leis an Treoir sin cur i bhfeidhm, inter alia, Airteagal 24 den Chairt agus aithris 18 di a chur chun cinn, lena maítear gur chóir do Bhallstáit tús áite a thabhairt do leas an linbh agus an Treoir á cur chun feidhme acu, mar atá ar aon dul le Coinbhinsiún 1989 na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh. (56) Agus leas an linbh á mheas acu, ba chóir do na Ballstáit aird chuí a thabhairt, go háirithe, ar phrionsabal aontacht an aonaid teaghlaigh, ar a fholláine agus ar a fhorbairt shóisialta, nó a folláine nó a forbairt shóisialta, ar chúrsaí sábháilteachta agus slándála agus ar a thuairimí nó a tuairimí faoi threoir a aoise agus a aibíochta, nó a haoise agus a haibíochta.

55.      Ceanglaítear le hAirteagal 4(3)(c) de Threoir 2011/95 nach mór measúnú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta ar bhonn aonair agus seasamh agus dálaí pearsanta an iarratasóra á gcur san áireamh, lena n‑áirítear a leithéid de chúlra, inscne agus aois d’fhonn measúnú a dhéanamh, ar bhonn na ndálaí pearsanta sin, an géarleanúint nó mórdhíobháil iad na gníomhartha ar fágadh an duine, nó a bhfuil sé infhágtha, gan cosaint orthu. Sonraítear le hAirteagal 9(2)(f) di go bhféadfadh gníomhartha géarleanúna, inter alia, a bheith ina ngníomhartha a bhaineann go sainiúil le leanaí. (57)

56.      I bhfianaise a bhfuil roimhe seo, agus mar a thugtar le fios le cásdlí na Cúirte Breithiúnais, (58) táim den tuairim nach mór a shocrú ar bhonn aonair céard is leas an linbh ann agus nach mór é a chur san áireamh agus measúnú á dhéanamh ar iarratais ar chosaint idirnáisiúnta, lena n‑áirítear iarratais ina dhiaidh.

57.      D’áitigh Rialtas na hÍsiltíre go mbíonn leas an linbh á chur san áireamh go leordhóthanach ag údaráis inniúla na hÍsiltíre toisc go léirítear go hiomchuí iad sna gnéithe nós imeachta d’iarratais ar chosaint idirnáisiúnta lena mbaineann leanaí, nó lena bhfuil leanaí i gceist, mar shampla trí úsáid nósanna imeachta agallamh a oireann do leanaí. (59)

58.      Tá an‑tábhacht phraiticiúil le dul i muinín coimircí nós imeachta lena bhfreastalaítear ar riachtanais an linbh. Mar sin féin, níl aon rud le tabhairt le fios in Airteagal 24 den Chairt, in Airteagail 3 , 9, 12 agus 13 den Choinbhinsiún um Chearta an Linbh a bhunaítear an fhoráil sin den Chairt air, i dTreoir 2011/95 nó i gcásdlí na Cúirte Breithiúnais gur chóir gan leas an linbh a chur san áireamh agus measúnú á dhéanamh ar shubstaint iarratas maidir le leanaí. Maítear le hAirteagal 24(2) den Chairt é féin “nach mór” leas an linbh a chur san áireamh mar chuid de “gach” gníomh a bhaineann le leanbh. (60) De réir chásdlí na Cúirte Breithiúnais, ní fhéadfaidís a shocrú céard is leas an linbh ann trí ghrinn‑mheasúnú ginearálta a dhéanamh ar chás an linbh sin. (61) Sa chomhthéacs sin, d’fheádfadh sé go bhfuil sainchomhairle úsáideach nó riachtanach fiú. Tugann an Coimisiún chun comhairle, faoi Airteagal 10(3) de Threoir 2013/32, go bhfuil sé le háirithiú ag Ballstáit nach mór cinntí maidir le hiarratais ar chosaint idirnáisiúnta a dhéanamh i ndiaidh scrúdú iomchuí agus go bhfuil, inter alia, ceisteanna a bhaineann le leanaí inchurtha i gcomhairle saineolaithe cibé uair is gá. (62)

59.      Deirim chomh maith gur féidir gurb iomchuí measúnú nua a dhéanamh ar leas an linbh d’fhonn a shocrú céard is leas ann i gcás inar tháinig athrú cuí ábhartha ar dhálaí nó sláinte linbh idir dáta an mheasúnaithe ar a iarratas tosaigh nó a hiarratas tosaigh ar chosaint idirnáisiúnta nó aon iarratas ina dhiaidh. (63)

60.      Tagann cinntí maidir leis an uair bheacht agus leis an gcaoi bheacht a bhfuil a leithéid de cheisteanna le socrú agus le cur san áireamh faoi fheidhmiú a neamhspleáchais nós imeachta ag Ballstáit, agus aird á tabhairt ar an ngá le hurraim do phrionsabail na coibhéise agus na héifeachtachta. (64)

61.      Mar sin, is gá measúnú a dhéanamh ar leas an linbh d’fhonn cinneadh a dhéanamh ar iarratas mionaoisigh ar chosaint idirnáisiúnta nó cinneadh a dhéanamh lena mbaineann mionaoiseach nó a bhfuil iarmhairtí suntasacha air nó uirthi ag baint leis (65) agus lena gcomhlíontar ceanglais Threoir 2011/95, arna léamh i bhfianaise Airteagal 24(2) agus Airteagal 51(1) den Chairt. D’fhéadfaí a leithéid d’aois chróineolaíoch, aois fhorbartha, inscne, leochaileacht shainiúil, cor teaghlaigh, oideachas nó sláinte fhisiciúil nó mheabhrach an linbh a chur san áireamh mar chuid de mheasúnú iomchuí mar sin. (66)

62.      Sa chomhthéacs sin, tagaim le barúlacha Rialtais na Seice, na hUngáire agus na hÍsiltíre nach bhfuil i leas an linbh ach ceann amháin de na rudaí atá le cur san áireamh agus measúnú á dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta, cé gur ceann príomhthábhachtach é. Is tábhachtach a thabhairt chun cuimhne go bhfuil sé de chuspóir le Treoir  2011/95 daoine a shainaithint, a bhfuil cosaint idirnáisiúnta de dhíth orthu san Aontas Eorpach i ndáiríre, le cúis mhaith agus nach bhfuil an dara rogha acu. Níl cosaint idirnáisiúnta ar fáil ach do dhídeanaithe agus do dhaoine atá incháilithe le haghaidh cosaint choimhdeach mar a shainmhínítear iad le hAirteagal 2(d) agus (f) di faoi seach. Sa chomhthéacs dlí, ní mór d’údaráis inniúla tús áite a thabhairt do leas an linbh, (67) agus bheadh sé ar neamhréir le leagan amach agus cuspóirí ginearálta Threoir 2011/95 stádas dídeanaí agus cosaint choimhdeach a thabhairt do náisiúnaigh tríú tír i gcásanna nach mbaineann leis an mbunús le cosaint idirnáisiúnta. (68)

63.      Mar léiriú ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta ina bhfuil leas an linbh tábhachtach go háirithe, smaoiním ar dhálaí ina dtugtar le fios go mbeadh tionchar ní ba thromchúisí ar an leanbh sin ag leochaileacht mheabhrach nó fhisiciúil a bhaineann go sainiúil le leanbh nach measfaí gur gníomhartha géarleanúna iad dá mbainfidís le leanbh eile, nach bhfuil leochaileach mar sin, nó le duine fásta, i bhfianaise imthosca ábhartha eile amhail tacaíocht teaghlaigh sa tír thionscnaimh, a mhéid arbh ionann iad agus gníomhartha géarleanúna de réir bhrí Airteagal 9 de Threoir 2011/95. Tá leas an linbh ábhartha go háirithe i gcomhthéacs cineálacha géarleanúna a bhaineann go sainiúil le leanaí chomh maith. (69)

64.      Is indealaithe go soiléir é cás dá leithéid ó na imthosca is bun leis an mbreithiúnas i M’Bodj, (70) inar rialaigh an Chúirt nach ionann easpa sláinte iomchuí i dtír thionscnaimh iarratasóra agus íde nó pionós atá mídhaonna nó táireach ach amháin má shéantar sláinte ar iarratasóir d’aon ghnó atá buailte agus tinneas tromchúiseach agus go gcuirtear cosc ar Ballstát forálacha a thabhairt isteach nó a choimeád lena dtugtar cosaint choimhdeach do náisiúnach tríú tír atá buailte ag tinneas tromchúiseach ar an bhforas go bhfuil baol go rachadh sláinte duine in olcas de dheasca do-fhaighteacht cóireála iomchuí ina thír thionscnaimh nó ina tír thionscnaimh.

65.      Arís ar ais, tá measúnú le déanamh ar an méid sin ag na húdaráis inniúla, agus ag na cúirteanna náisiúnta ar deireadh thiar, i gcomhthéacs iarratais ar leith ar chosaint idirnáisiúnta.

2.      An dara cuid

66.      Tuigim ón bhfriotal inar chuir an chúirt a rinne an tarchur an dara cuid den tríú ceist nach bhfuil freagra le tabhairt uirthi i gcás inarb é is freagra ar an gcéad chuid ná go gceanglaítear ar an gcinnteoir a shocrú céard is leas an linbh ann agus é a chur san áireamh agus rialú á thabhairt aici ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta.

67.      Is deacair a thuiscint, ach go háirithe, ón ordú tarchuir conas a bhfuil aon nasc, i ndáiríre nó ó thaobh na loighice de, idir eachtraí imeachtaí maidir le “[h]iarratas ar shainchónaí a dheonú ar ghnáthfhorais” nach rialaítear le dlí an Aontais, de réir Rialtas na hÍsiltíre, (71) agus na hiarratais ar chosaint idirnáisiúnta faoin dlí náisiúnta lena dtrasuítear Treoir 2011/95 sa chás atá ar feitheamh os comhair na cúirte a rinne an tarchur. Tá Rialtais na Fraince agus na hUngáire chomh maith leis an gCoimisiún den tuairim nach leor an fhaisnéis san ordú tarchuir, go háirithe i ndáil leis an gciall le “[h]iarratas ar shainchónaí a dheonú ar ghnáthfhorais”, le freagra fónta a thabhairt ag an gCúirt Bhreithiúnais ar an dara cuid den tríú ceist. Thairis sin, mar fhreagra ar an gceist ón gCúirt Bhreithiúnais ag an éisteacht, dheimhnigh ionadaí na n‑achomharcóirí nach mbaineann na himeachtaí seo ach le hiarratais ar chosaint idirnáisiúnta, agus ní le “[hiarratais] ar shainchónaí a dheonú ar ghnáthfhorais”. Deimhnítear leis sin aighneacht Rialtas na hÍsiltíre nach bhfuil an dara cuid den tríú ceist ábhartha chun réiteach a thabhairt ar chúrsaí atá ar feitheamh os comhair na cúirte a rinne an tarchur. Mar gheall ar a bhfuil roimhe seo, molaim don Chúirt go bhfuil an dara cuid den tríú ceist do-ghlactha, agus molaim gan í a mheas a thuilleadh. (72)

C.      An ceathrú ceist

68.      Baineann an ceathrú ceist go sainiúil le díobháil a d’fhéadfadh mionaoiseach a bheith thíos léi mar gheall ar thréimhse chónaithe fhada i mBallstát agus leis an uair a bhfuil sí le cur san áireamh agus measúnú substainteach á dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta ina dhiaidh, más amhlaidh go bhfuil sé le cur san áireamh ar chor ar bith. Tá an chúirt a rinne an tarchur ag tuairimíocht faoin ábharthacht a d’fheadfadh a bheith le meas ar socraíodh nó nár socraíodh an t‑iarratas tosaigh laistigh de na teorannacha ama arna leagan síos le dlí an Aontais, an raibh nó nach raibh tréimhse chónaithe an iarratasóra sa Bhallstát dleathach agus ar comhlíonadh nó nár comhlíonadh, nó ar cuireadh nó nár cuireadh chun feidhme, oibleagáid maidir le filleadh arna forchur cheana féin.

69.      De réir an ordaithe tarchuir, deir na hachomharcóirí gur tharla moill nó díobháil fhorbartha dóibh mar gheall ar an strus a bhaineann le héiginnteacht maidir leis an toradh ar na hiarratais tosaigh óna dteaghlach ar chosaint idirnáisiúnta agus maidir leis an mbagairt go dtabharfaí orthu filleadh ar a dtír thionscnaimh, agus thacaigh siad leis na héilimh seo trí fhianaise scríbhinn. Cé is moite d’ionadaí na n‑achomharcóirí, áitíonn na páirtithe go léir a d’fhreagair an ceathrú ceist nár chóir a shocrú céard is toradh iarratais ina dhiaidh ar chosaint idirnáisiúnta ann faoi threoir an chineáil díobhála sin.

70.      Níl amhras ach go mbíonn sé mar thoradh ar fhulaingt éiginnteachta faidréisí go bhfuil strus ann a d’fhéadfadh a bheith ina chúis le moill nó díobháil fhorbartha a bheith ag leanaí. (73) Ní fhéadfadh é sin a bheith ina fhoras ann féin le cosaint idirnáisiúnta a dhlí do dhuine faoi Threoir 2011/95 nó údar a thabhairt le cur chuige ní ba bhoige maidir leis an measúnú ar iarratas chun na críche sin, mar is cosúil go bhfuil an chúirt a rinne an tarchur ag tabhairt le tuiscint. Chinn tuismitheoirí na n‑achomharcóirí go raibh sé chun leasa a leanaí triail a bhaint as na leighis dlí go léir atá ar fáil i gcomhthéacs an iarratais tosaigh ar idirnáisiúnta agus iarratais ina dhiadh a thaisceadh thar ceann a leanaí. Níl aon rud le tabhairt le tuiscint gurbh fhada ná a bheifí ag súil leis go réasúnta ab ea próiseáil na n‑iarratas sin agus socrú na n‑achomharc sin. Níl aon dul as ach go gcuirfí fad trí chinntí thuismitheoirí na n‑achomharcóirí le tréimhse chónaithe an teaghlaigh san Ísiltír. Ní mór glacadh leis gur mheas na tuismitheoirí iarmhairtí a gcinntí ar fholláine a leanaí i bhfianaise na ndálaí sin. Ní mór talamh slán a dhéanamh de go ndearna siad a cinntí agus iad den tuiscint gurbh fhearr dá leanaí fanacht san Ísiltír ná filleadh ar an Iaráic. B’fhéidir nárbh é an rogha is fearr é, ach ar bhonn an cháis de chuid na n‑achomharcóirí féin, is deacair a ghlacadh leis gur tharla aon díobháil dóibh ní ba mhó ná an díobháil a tharlódh dóibh i gcás inar chinn a dtuismitheoirí filleadh ar an Iaráic ina dteannta.

71.      Ag an deireadh ar fad, agus cinntí á ndéanamh maidir le hiarratais ar chosaint idirnáisiúnta a bhaineann le mionaoiseach, ní mór a aois fhorbartha, nó a haois fhorbartha, agus a sláinte fisicí agus meabhraí ar dhéanamh an mheasúnaithe a chur san áireamh. Sa chomhthéacs sin, níl na himthosca a d’fhéadfadh drochthionchar a bheith acu ar fhorbairt nó sláinte leanaí ábhartha.

D.      An cúigiú ceist

72.      Lena cúigiú ceist, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur an bhfuil nó nach bhfuil cleachtas dlí náisiúnta lena ndéantar idirdhealú idir iarratas tosaigh ar chosaint idirnáisiúnta agus iarratais ar chosaint idirnáisiúnta ina dhiaidh, ar dá réir a thugtar neamhaird ar ghnáthfhorais i gcás iarratais ina dhiaidh ar chosaint idirnáisiúnta, i gcomhréir le dlí an Aontais, i bhfianaise Airteagal 7 den Chairt, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 24(2) de.

73.      Is deacair nasc a bhunú le dlí an Aontais agus ábharthacht na ceiste seo in imeachtaí atá ag feitheamh os comhair na cúirte a rinne an tarchur, rud lenarb é atá i gceist ná iarratais ina dhiaidh ar chosaint idirnáisiúnta seachas iarratais ar shainchónaí a dheonú ar ghnáthfhorais, nach rialaítear le dlí an Aontais mar a áitíonn Rialtas na hÍsiltíre. Mar sin, molaim don Chúirt go bhfuil an cheist seo do-ghlactha ar na cúiseanna céanna arna dtabhairt i mír 67 den Tuairim seo.

V.      Conclúid

74.      I bhfianaise a bhfuil roimhe seo, molaim don Chúirt an freagra seo a leanas a thabhairt ar na ceisteanna arna dtarchur ag an Den Haag, zittingsplaats ’s-Hertogenbosch (an Chúirt Dúiche, an Háig, agus í ina suí in’ s-Hertogenbosch, an Ísiltír):

(1)      Maidir le hAirteagal 10(1)(d) de Threoir 2011/95/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le caighdeáin i dtaca le cáilitheacht náisiúnach tríú tír nó daoine gan stát mar thairbhithe de chosaint idirnáisiúnta, i dtaca le stádas aonfhoirmeach do dhídeanaithe nó do dhaoine atá incháilithe le haghaidh cosaint choimhdeach agus i dtaca lena bhfuil sa chosaint a thugtar,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

–        tá comhthréith ó nádúr de réir a ngnéis bhitheolaíoch ag náisiúnaigh tríú tír ar cailíní nó mná iad agus d’fhéadfadh sé go bhfuil comhchreideamh acu i gcomhionannas inscne atá chomh bunúsach dá bhféiniúlacht nár cheart iallach a chur ar dhuine iad a thréigean de dheasca cónaí a bheith orthu i mBallstát ar feadh tréimhse shuntasach le linn na céime dá saolta ina múnlaíonn siad a bhféiniúlacht;

–        d’fhonn a shocrú an bhfuil nó nach bhfuil féiniúlacht ar leithligh ag grúpa sa tír ábhartha, toisc go meastar gur grúpa ar leith é sa tsochaí mórthimpeall, dlitear ar Bhallstáit de réir Airteagal 4 de Threoir 2011/95 na fíorais ábhartha go léir a chur san áireamh mar a bhaineann siad leis an tír thionscnaimh agus cinneadh á dhéanamh maidir le hiarratas ar chosaint idirnáisiúnta, lena n‑áirítear dlíthe agus rialacháin na tíre sin agus an cur i bhfeidhm orthu, mar aon le haon rud ábhartha eile a thaisceann an t‑iarratasóir ar chosaint idirnáisiúnta;

–        Tá féiniúlacht ar leithligh sa tír thionscnaimh ag grúpa cailíní agus ban a bhfuil comhchreideamh acu i gcomhionannas inscne i gcás, agus an creideamh sin á léiriú acu trí bhíthin ráitis nó iompair, ina meastar i sochaí na tíre sin go bhfuil gnáthaimh a bhaineann le cúrsaí sóisialta á sárú acu;

–        Ní gá bunús reiligiúnach nó polaitiúil a bheith ag comhchreideamh i gcomhionannas inscne.

(2)      Maidir le Treoir 2011/95, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 24(2) agus Airteagal 51(1) den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

–        ní luíonn cleachtas náisiúnta le dlí an Aontais, ar cleachtas é nach gcuireann cinnteoir leas an linbh san áireamh tríd, agus tús áite á thabhairt aige dó, nó measann sé leas an linbh gan socrú ar dtús, mar chuid de gach nós imeachta, céard is leas an linbh ann tríd, agus measúnú substainteach a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta nó ar iarratas ina dhiaidh ar chosaint idirnáisiúnta;

–        is faoi na Ballstáit na modhanna agus an nós imeachta a bhunú lena socraítear céard is leas an linbh ann, agus prionsabal na héifeachtachta á chur san áireamh ina iomláine:

–        níl an díobháil a tharla do mhionaoiseach de dheasca a thréimhse chónaithe fhada, nó a tréimhse chónaithe fhada, i mBallstát ábhartha do chinneadh maidir le hiarratas ina dhiaidh ar chosaint idirnáisiúnta a dheonú i gcás ina bhfuil an tréimhse chónaithe sin i mBallstát de thoradh cinntí thuismitheoirí nó chaomhnóirí an mhionaoisigh triail a bhaint as na leighis dlí go léir atá ar fáil le cur i gcoinne an iarratais tosaigh agus le hiarratas ina dhiaidh ar chosaint idirnáisiúnta a thaisceadh.


1      Bunteanga: an Béarla.


2      Sa Tuairim seo, tugaim “na hachomharcóirí” orthu.


3      Iarratais an 4 Aibreán 2019. Tugtar sainmhíniú le hAirteagal 2(q) de Threoir  2013/32/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le nósanna imeachta coiteanna chun stádas cosanta idirnáisiúnta a dheonú agus a tharraingt siar (IO 2013 L 180, lch. 60) ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta ina dhiaidh mar iarratas eile ar chosaint idirnáisiúnta arna dhéanamh i ndiaidh cinneadh cinntitheach a dhéanamh ar iarratas roimhe sin, lena n‑áirítear cásanna ina bhfuil a iarratas nó a hiarratas tarraingthe siar go sainráite ag an iarratasóir nó i gcásanna ina bhfuil diúltaithe ag an údarás cinntitheach don iarratas i ndiaidh a tharraingthe siar intuigthe i gcomhréir le hAirteagal 28(1) den Treoir sin.


4      Cinntí an 21 Nollaig 2020, a ndearnadh achomharc ina n‑aghaidh an 28 Nollaig 2020 agus a éist an chúirt a rinne an tarchur leo an 17 Meitheamh 2021.


5      Treoir an 13 Nollaig 2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin i dtaca le cáilitheacht náisiúnach tríú tír nó daoine gan stát mar thairbhithe de chosaint idirnáisiúnta, i dtaca le stádas aonfhoirmeach do dhídeanaithe nó do dhaoine atá incháilithe le haghaidh cosaint choimhdeach agus i dtaca lena bhfuil sa chosaint a thugtar (IO 2011 L 337, lch. 9).


6      Bíodh is gur cuid í an mhír sin den roinn dar teideal “Treoir thírshonrach” a bhaineann leis an Afganastáin, baineann an tarchur seo le hiarratasóirí arb as an Iaráic iad.


7      Ordú tarchuir, mír 23.


8      Werkinstructie 2019/1 Het beoordelen van asielaanvragen van verwesterde vrouwen (Treoir oibre 2019/1 An measúnú ar iarratais ar thearmann ó mhná iartharaithe).


9      Mír C2.3.2. de Chiorclán 2000 (C) maidir le Náisiúnaigh Eachtracha.


10      Ordú tarchuir, mír 25.


11      Sraith Conarthaí na Náisiún Aontaithe, iml. 189, 1954, lch. 150, Uimh. 2545.


12      Cuireadh deireadh tríd an bPrótacal sin le srianta ama agus geografacha Choinbhinsiún na Ginéive ionas go mbeadh feidhm uilechoiteann aige, seachas daoine a bheith i gceist leis amháin dá ndearnadh dídeanaithe de dheasca eachtraí a tharla roimh an 1 Eanáir 1951.


13      Féach Airteagal 78 de CFAE maidir le comhbheartas a fhorbairt maidir le tearmann, cosaint choimhdeach agus cosaint shealadach i gcomhréir le Coinbhinsiún na Ginéive agus le Prótacal an 31 Eanáir 1967 maidir le stádas dídeanaí. Féach, inter alia, aithrisí 3, 4, 14 agus 22 go 24 de Threoir 2011/95 chomh maith.


14      Breithiúnas an 9 Samhain 2021, Bundesrepublik Deutschland (Caomhnú an Aonaid Teaghlaigh) (C‑91/20, EU:C:2021:898, mír 56 agus an cásdlí dá dtagraítear).


15      Aithris 16 de Threoir  2011/95 de bhreithiúnas an 5 Meán Fómhair 2012, Y agus Z (C‑71/11 agus C‑99/11, EU:C:2012:518, míreanna 47 agus 48 agus an cásdlí dá dtagraítear).


16      Féach Airteagail 13 agus 18 de Threoir  2011/95, arna léamh i gcomhar leis na sainmhínithe ar “dídeanaí” agus “duine atá incháilithe le haghaidh cosaint choimhdeach” in Airteagail 2(d) agus (f) di faoi seach. Foráiltear dó le hAirteagal 5 den Treoir sin, inter alia, go n‑áirítear ann cásanna ina bhfuil eagla dhea-bhunaithe a ghéarleanúna nó a géarleanúna nó fíorbhaol mórdhíobhála, bunaithe ar eachtraí a tharla ó d’fhág an t‑iarratasóir a thír thionscnaimh nó a tír thionscnaimh. Ní lorgaítear léiriú ar an bhforáil sin leis an ordú tarchuir.


17      Féach mír 2 den Tuairim seo.


18      Cé go dtagraítear leis an dara mír d’Airteagal 10(1)(d) dó go “[n]déanfar machnamh cuí ar ghnéithe a bhaineann le hinscne, lena n‑áirítear féiniúlacht inscne, chun críocha baint le grúpa sóisialta áirithe a shocrú nó tréith dá leithéid de ghrúpa a aithint ”, ní choisctear leis sin gnéithe a bhaineann le hinscne a chur san áireamh i gcomhthéacs cúiseanna eile le géarleanúint in Airteagal 10 de Threoir  2011/95.


19      Airteagal 4 de Threoir  2011/95. Féach breithiúnas an 4 Deireadh Fómhair 2018, Ahmedbekova (C‑652/16, EU:C:2018:801, mír 48 agus an cásdlí dá dtagraítear) agus UNHCR, Treoirlínte maidir le Cosaint Idirnáisiúnta: Géarleanúint a bhaineann le hInscnei gcomhthéacs Airteagal 1A(2) de Choinbhinsiún 1951 agus/nó Prótacal 1967 maidir le Stádas Dídeanaithe a ghabhann leis, 2002, mír 7.


20      Féach UNHCR, Treoirlínte maidir le Cosaint Idirnáisiúnta: Baint le grúpa sóisialta áirithei gcomhthéacs Airteagal 1A(2) de Choinbhinsiún 1951 agus/nó Prótacal 1967 maidir le Stádas Dídeanaithe a ghabhann leis, 2002, míreanna 3 agus 4.


21      Is faoin gcúirt a rinne an tarchur atá sé a chinneadh an gcomhlíontar nó nach gcomhlíontar na coinníollacha carnacha sin faoi threoir cás fíorasach ar leith. Féach breithiúnas an 4 Deireadh Fómhair 2018, Ahmedbekova (C‑652/16, EU:C:2018:801, mír 89 agus an cásdlí dá dtagraítear).


22      Ní dhéantar sainmhíniú ar inscne le Treoir  2011/95, ar téarma é a dhéantar sainmhíniú eile air mar “na róil, cineálacha iompair, gníomhaíochtaí agus buanna arna ndéanamh sa tsochaí a mheastar ag sochaí áirithe go bhfuil siad cuí do mhná agus d’fhir” (Féach Airteagal 3(c) den Choinbhinsiún maidir le foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac (“Coinbhinsiún Iostanbúil”), a tháinig i bhfeidhm an 1 Lúnasa 2014 (Sraith Chonarthaí de chuid Chomhairle na hEorpa – Uimh. 210)). An 9 Bealtaine 2023, d’fhaomh Parlaimint na hEorpa d’aontachas an Aontais Eorpaigh leis an gcoinbhinsiún sin (féach Tuairim 1/19, (Coinbhinsiún Iostanbúil) an 6 Deireadh Fómhair 2021, EU:C:2021:832 chomh maith).


23      Tuairim an Abhcóide Ginearálta Richard de la Tour in Intervyuirasht organ na DAB pri MS (Íospartaigh ban an fhoréigin teaghlaigh) (C‑621/21, EU:C:2023:314, mír 73).


24      Féach UNHCR, Treoirlínte maidir le Cosaint Idirnáisiúnta: Géarleanúint a bhaineann le hInscne i gcomhthéacs Airteagal 1A(2) de Choinbhinsiún 1951 agus/nó Prótacal 1967 maidir le Stádas Dídeanaithe a ghabhann leis, 2002, míreanna 30 agus 31; an Oifig Tacaíochta Eorpach do Chúrsaí Tearmainn, (“EASO”), Treoir EASO maidir le baint le grúpa sóisialta áirithe, 2020, lch. 21; agus Tuairim an Abhcóide Ginearálta Richard de la Tour in Intervyuirasht organ na DAB pri MS (Íospartaigh ban an fhoréigin teaghlaigh) (C‑621/21, EU:C:2023:314, mír 71).


25      Féach breithiúnas an 7 Samhain 2013, X agus páirtithe eile (C‑199/12 go C‑201/12, EU:C:2013:720, mír 46) chomh maith.


26      D’fhéadfadh sé gurb ábhartha a rá chomh maith go maítear leis an gcéad eang d’Airteagal 10(1)(d) de Threoir  2011/95 gur féidir le grúpa a bheith ina ghrúpa sóisialta áirithe i gcás ina bhfuil cúlra coiteann do-athraithe ag na daoine a bhaineann leis. Nílim suite d’ábharthacht an bhreithnithe sin sa chás seo. Is deimhin go bhféadfaí a áitiú go bhfuil cúlra coiteann do-athraithe ag na hachomharcóirí, a bhfuil cuid mhór den chéim dá saolta ina múnlaíonn siad a bhféiniúlacht caite acu i mBallstát. Ní thugtar aon argóint chun cinn, áfach, sa chás seo go bhfuil eagla a ngéarleanúna ar na hachomharcóirí toisc go bhfuil cúlra coiteann acu.


27      Tá an méid seo gan dochar dó gur féidir le tosca polaitiúla nó reiligiúnacha a bheith ina mbunús le creideamh de réir bhrí Airteagal 10(1)(d0 de Threoir  2011/95 agus go bhfuil ról ag na tosca sin sa mheas ar an ngrúpa ag sochaí sa tír thionscnaimh.


28      Féach aithrisí 29 agus 30 de Threoir 2011/95, lena ndéantar idirdhealú soiléir idir na cúiseanna le géarleanúint a liostaítear in Airteagal 10(1) di, chomh maith.


29      Is é sin le rá, ní dhéantar trí fhorógraí reiligiúnacha agus dogmaí creidimh nach ann do chreidimh reiligiúnacha éagsúla i measc na gcreidmheach. Mar shampla, d’fhéadfadh sé go gcreideann Caitlicigh nach mór cead a thabhairt do mhná go n‑oirneofaí ina sagairtí iad in ainneoin go gcuirtear cosc air le dlí canónta.


30      Bhí Erik Erikson ar na chéad síceolaithe a chuir síos ar choincheap na féiniúlachta i gcomhthéacs forbairt phearsantachta. Mheas sé go gcuirtear duine i gcumas dul tríd an saol go diongbháilte daingean tríd an bhféiniúlacht sin, agus ionannas agus leanúnachas a bhraistint taobh istigh le himeacht aimsire agus gan beann ar an áit. Is síceolaíoch an rud í féiniúlacht, a mhúnlaítear leis an méid atá i bpáirt ag cumas bitheolaíoch agus síceolaíoch in éineacht leis na deiseanna agus an tacaíocht éagsúil atá ar fáil i gcomhthéacs sóisialta an duine. Is gnách d’fhéiniúlacht a theacht chun bheith ina saincheist lárnach sna déaga, ina bpléann an duine aonair le ceisteanna maidir le cuma, rogha ghairme, ardaidhmeanna gairme beatha, oideachas, caidrimh, gnéasacht, dearcthaí polaitiúla agus sóisialta, pearsantacht agus suimeanna. Is minic nach mór tuilleadh machnaimh agus athbhreithnithe a dhéanamh ar bhun‑ábhar féiniúlachta go mall sa saol. Rinneadh na teoiricí de chuid Eirkson a fhorbairt agus a mhionchoigeartú leis an mbrainse síceolaíochta maidir le féiniúlacht agus an duine féin. Féach, mar shampla, Branje, S., de Moor, E.L., Spitzer, J., Becht, A.I., “Dynamics of Identity Development in Adolescence: A Decade in Review”, Journal of Research on Adolescence, 2021, Iml. 1(4), lch. 908 go 927.


31      Féach, mar shampla, Treoir  2006/54/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2006 maidir le cur chun feidhme phrionsabal an chomhionannais deiseanna agus na córa comhionainne idir fir agus mná i gcúrsaí fostaíochta agus slí bheatha (IO 2006 L 204, lch. 23), Treoir 2010/41/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2010 maidir le prionsabal na córa comhionainne idir fir agus mná atá rannpháirteach i ngníomhaíocht ar bhonn féinfhostaithe a chur i bhfeidhm agus lena n‑aisghairtear Treoir 86/613/CEE (IO 2010 L 180, lch. 1) agus Treoir  2004/113/CE an 13 Nollaig 2004 lena gcuirtear chun feidhme prionsabal na córa comhionainne idir fir agus mná maidir le rochtain ar earraí agus ar sheirbhísí agus maidir le soláthar earraí agus seirbhísí (IO 2004 L 373, lch. 37).


32      Chomh luath le 1976, chinn an Chúirt go bhfuil éifeacht dhíreach ag prionsabal an phá chomhionainn idir fir agus mná mar a fhoráiltear dó le dlí an Aontais, rud a fhágann go bhféadfadh duine aonair á agairt i gcoinne a fhostóir nó a fostóir (breithiúnas an 8 Aibreán 1976, Defrenne, 43/75, EU:C:1976:56).


33      Is ceart uilechoiteann a aithnítear le Dearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine é an cearta ag gach duine chun comhionannais os comhair an dlí agus chun cosanta ar idirdhealú.


34      Féach forálacha comhionanna an Choinbhinsiúin Eorpaigh um Chearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha ar síníodh sa Róimh an 4 Samhain 1950 (“ECHR”), ar sínitheoirí leis iad na Ballstáit go léir, go háirithe Airteagal 14 (an toirmeasc ar idirdhealú), Airteagal 12 (an ceart chun pósadh) agus Airteagal 10 (an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil), mar aon le hAirteagal 2 den Phrótacal le ECHR (an ceart chun oideachais) chomh maith.


35      Glacadh leis an gCoinbhinsiún sin an 18 Nollaig 1979 i gComhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe agus tháinig sé i bhfeidhm an 3 Meán Fómhair 1981 (Sraith Conarthaí na Náisiún Aontaithe, Iml. 1249, lch. 13). Ní páirtí ann é an tAontas Eorpach.


36      Féach breithiúnas an 7 Samhain 2013, X agus páirtithe eile (C‑199/12 go C‑201/12, EU:C:2013:720, míreanna 70 go 75). Is féidir a thabhairt faoi deara go mbaineann measúnú na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine (“ECtHR”) i mbreithiúnas an 28 Meitheamh 2011, Sufi agus Elmi v An Ríocht Aontaithe (CE:ECHR:2011:0628JUD000831907, mír 275) le hábhar eile maidir le cibé an raibh nó nach raibh na hiarratasóirí i bhfíorbhaol drochíde fisiciúla mar atá ar neamhréir le hAirteagal 3 de ECHR agus/nó sáraithe ar Airteagal 2 de ECHR. Ba sa chomhthéacs sin ar mheas ECtHR an mbeadh nó nach mbeadh na baoil sin inseachanta ag na hiarratasóirí trína “mbearta a chaitheamh mar is cóir”.


37      Féach breithiúnas an 7 Samhain 2013, X agus páirtithe eile (C‑199/12 go C‑201/12, EU:C:2013:720, mír 68).


38      Féach UNHCR, Treoirlínte maidir le Cosaint Idirnáisiúnta: Baint le grúpa sóisialta áirithe i gcomhthéacs Airteagal 1A(2) de Choinbhinsiún 1951 agus/nó Prótacal 1967 maidir le Stádas Dídeanaithe a ghabhann leis, 2002, mír 15. Féach Treoir EASO maidir le baint le grúpa sóisialta áirithe, 2020, lch. 16 chomh maith.


39      Féach mír 30 den Tuairim seo.


40      Féach mír 45 den Tuairim seo.


41      Airteagal 4(2) de Threoir 2011/95.


42      Breithiúnas an 19 Samhain 2020, Bundesamt für Migration und Flüchtlinge (Seirbhís mhíleata agus tearmann) (C‑238/19, EU:C:2020:945, mír 52 agus an cásdlí dá dtagraítear).


43      Féach, chuige sin, breithiúnais an 22 Samhain 2012, M. (C‑277/11, EU:C:2012:744, míreanna 65 agus 66), agus an 3 Márta 2022, Secretary of State for the Home Department (Stádas dídeanaí duine gan stát de bhunaidh na Palaistíne) (C‑349/20, EU:C:2022:151, mír 64 agus an cásdlí dá dtagraítear). Féach Treoirleabhair EASO: Measúnú Fianaise, 2015 chomh maith.


44      Féach, chuige sin, breithiúnas an 4 Deireadh Fómhair 2018, Ahmedbekova (C‑652/16, EU:C:2018:801, mír 85).


45      Féach, de réir analaí, breithiúnas an 25 Eanáir 2018, F (C‑473/16, EU:C:2018:36, míreanna 31 agus 32), agus Tuairim an Abhcóide Ghinearálta Mengozzi i Fathi (C‑56/17, EU:C:2018:621, mír 44 agus an cásdlí dá dtagraítear).


46      Féach Airteagal 4(3)(a) de Threoir 2011/95 agus Tuairimí an Abhcóide Ghinearálta Sharpston i gCásanna Uamtha X (C‑199/12 go C‑201/12, EU:C:2013:474, mír 35), agus i Shepherd (C‑472/13, EU:C:2014:2360, mír 56). Féach Tuairim an Abhcóide Ghinearálta Richard de la Tour in Intervyuirasht organ na DAB pri MS (Íospartaigh ban an fhoréigin teaghlaigh) (C‑621/21, EU:C:2023:314, míreanna 72 agus 73 agus an cásdlí dá dtagraítear) chomh maith.


47      Bunaíodh EUAA le teacht in ionad EASO agus lena chuid feidhmeanna a ghabháil chuige trí Rialachán (AE) 2021/2303 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Nollaig 2021 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann agus lena n‑aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 439/2010 (IO 2021 L 468, lch. 1).


48      Féach EUAA, Treoir Tíre: an Iaráic – Anailís choiteann agus nóta treorach, 2022, go háirithe Ranna 2.13 agus 2.17. Measann UNHCR, de réir a n‑imthosca ar leith, go mbeadh cosaint idirnáisiúnta dídeanaithe de dhíth ar dhaoine ag a bhfuil rialacha dochta Ioslamacha á sárú acu ar bhonn a reiligiúin nó na bainte atá acu le grúpa sóisialta áirithe: UNHCR, Breithnithe ar Chosaint Idirnáisiúnta i ndáil le Daoine ar teitheadh ó Phoblacht na Iaráic, 2019, lgh. 79 agus 80.


49      Is feiniméan leanúnach é pósadh leanaí san Iaráic, áit inar é 15 bliana d’aois an aois dhlíthiúil phósta le cead ó thuismitheoirí, agus inarb é 18 mbliana d’aois gan é (EUAA, Treoir Tíre: an Iaráic – Anailís choiteann agus nóta treorach, 2022, Ranna 2.16). De réir na heagraíochta comhpháirtíochta “Girls not Brides”, póstar 28% de chailíní roimh iad a bheith 18 mbliana d’aois agus póstar 7% díobh roimh iad a bheith 15 bliana d’aois. Maidir le pósadh leanaí go ginearálta, féach Rún an 4 Iúil 2018 ó Pharlaimint na hEorpa dar teideal “I dtreo straitéis seachtrach an Aontais i gcoinne luathphóstaí agus póstaí éigeantais - na chéad bhearta eile” (2017/2275(INI)).


50      Féach Tuarascáil EASO maidir le Faisnéis faoi Thír Thionscnaimh dar teideal an Iaráic: Eochairtháscairí socheacnamaíocha le haghaidh Bagdaid, Basra agus Erbil, 2020, go háirithe Roinn 1.4; EUAA, Treoir Tíre: an Iaráic – Anailís choiteann agus nóta treorach, 2022, go háirithe Ranna 2.13 agus 2.16.4; agus an tuarascáil ar an Iaráic an 28 Deireadh Fómhair 2020 le Humanists International, go háirithe an roinn dar teideal “Idirdhealú in aghaidh ban agus mionlach”.


51      Tuairim an Abhcóide Ghinearálta Richard de la Tour in Intervyuirasht organ na DAB pri MS (Íospartaigh ban an fhoréigin teaghlaigh) (C‑621/21, EU:C:2023:314, míreanna 74 agus 77 agus an cásdlí dá dtagraítear).


52      Féach mír 47 den Tuairim seo.


53      Ceanglaítear le hAirteagal 9(3), nach mór baint a bheith ann idir na fáthanna a luaitear in Airteagal 10 agus na gníomhartha géarleanúna dá dtugtar síos in Airteagal 9(1) de nó an easpa cosanta a bheith ann ar a leithéid de ghníomhartha.


54      Tá rialaithe ag an gCúirt Bhreithiúnais, ós rud é nach ndéantar idirdhealú le hAirteagal 40(2) de Threoir 2013/32 idir iarratas tosaigh ar chosaint idirnáisiúnta agus iarratas ar chosaint idirnáisiúnta ina dhiaidh i ndáil le cineál an ábhair inléirithe, nó na gcinntí léirithe, go bhfuil iarratasóir incháilithe le haghaidh cosaint idirnáisiúnta de réir Threoir 2011/95, go bhfuil an measúnú le déanamh sa dhá chás ar na fíorais agus na himthosca mar thaca leis na hiarratais sin i gcomhréir le hAirteagal 4 de Threoir 2011/95 (breithiúnas an 10 Meitheamh 2021, Staatssecretaris van Justitie en Veiligheid (Ábhar nua nó cinntí nua), C‑921/19, EU:C:2021:478, mír 40).


55      Féach, de réir analaí, breithiúnais an 9 Meán Fómhair 2021, Bundesrepublik Deutschland (Duine muinteartha) (C‑768/19, EU:C:2021:709, mír 38), agus an 1 Lúnasa 2022, Bundesrepublik Deutschland (Teaghlach a athaontú le dídeanaí mionaoiseach) (C‑273/20 agus C‑355/20, EU:C:2022:617, míreanna 36 go 39 agus an cásdlí dá dtagraítear).


56      Ar síníodh an 20 Samhain 1989 (Sraith Conarthaí na Náisiún Aontaithe, iml. 1577, lch. 3). De réir na Mínithe a bhaineann leis an gCairt um Chearta Búnusacha (IO 2007 C 303, lch. 17), tá Airteagal 24 den Chairt bunaithe ar an gcoinbhinsiún sin, rud ar dhaingnigh na Ballstáit go léir, go háirithe Airteagail 3, 9, 12 agus 13 de. Féach, de réir analaí, breithiúnas an 4 Deireadh Fómhair 2018, Ahmedbekova (C‑73/16, EU:C:2018:801, mír 64).


57      Léirítear ceanglais Airteagal 24 den Chairt le roinnt forálacha eile de Threoir 2011/95, mar aon le haithris 38 di. Ceanglaítear le hAirteagal 20(3) de Threoir 2011/95 cás sainiúil daoine leochaileach, go háirithe mionaoiseach, a chur san áireamh. Maítear le hAirteagal 20(5) di nach mór do Bhallstáit tús áite a thabhairt do leas an linbh agus na forálacha de Chaibidil VII na Treorach sin á gcur chun feidhme acu lenarb é atá i gceist ná mionaoisigh ar tugadh cosaint idirnáisiúnta dóibh. Baineann forálacha Chaibidil VII, mar shampla, le rochtain ar oideachas agus cúram sláinte (Airteagal 27(1) agus Airteagal 30 de Threoir 2011/95 faoi seach). Ní bhaineann ceanglais Airteagal 20(3) agus (5), áfach, le cur chun feidhme fhorálacha Chaibidil II de Threoir 2011/95, is é sin le rá, na ceanglais a bhaineann go sainiúil leis an measúnú ar iarratais ar chosaint idirnáisiúnta.


58      Breithiúnas an 9 Meán Fómhair 2021, Bundesrepublik Deutschland (Duine muinteartha) (C‑768/19, EU:C:2021:709, mír 38).


59      I gcomhréir le hAirteagal 15(3)(e) de Threoir 2013/32.


60      Féach Coiste na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh, Barúil Ghinearálta Uimh. 14 (2013) maidir le ceart an linbh go dtabharfaí tús áite dá leas (Airteagal 3(1)) (CRC/C/GC/14) chomh maith, lena mínítear gur ceart substaineach, prionsabal inléirithe agus riail nós imeachta é leas an linbh.


61      Féach, de réir analaí, breithiúnas an 14 Eanáir 2021, Staatssecretaris van Justitie en Veiligheid (Filleadh mionaoisigh neamhthionlactha) (C‑441/19, EU:C:2021:9, mír 46).


62      Féach, go háirithe, Airteagal 10(3)(d) de Threoir 2013/32.


63      Féach Treoirleabhair Praiticiúil EASO maidir le leas an linbh mar chuid de nósanna imeachta tearmainn, 2019, lch. 13, lena maítear gur próiseas leanúnach í tabhairt tús áite do leas an linbh nach mór measúnú a dhéanamh air sula ndéantar aon chinneadh tábhachtach riaracháin.


64      Féach, de réir analaí, breithiúnas an 9 Meán Fómhair 2020, Commissaire général aux réfugiés et aux apatrides (Diúltú d’iarratas ina dhiaidh – Teorainn ama le himeachtaí a thabhairt) (C‑651/19, EU:C:2020:681, míreanna 34 agus 35 agus an cásdlí dá dtagraítear).


65      Féach, de réir analaí, breithiúnais an 11 Márta 2021, État belge (Filleadh tuismitheoir leanaí) (C‑112/20, EU:C:2021:197, míreanna 33 go 38), agus an 17 Samhain 2022, Belgische Staat (Dídeanaí mionaoiseach atá pósta) (C‑230/21, EU:C:2022:887, mír 48 agus an cásdlí dá dtagraítear).


66      Féach, de réir analaí, breithiúnas an 14 Eanáir 2021, Staatssecretaris van Justitie en Veiligheid (Filleadh mionaoisigh neamhthionlactha) (C‑441/19, EU:C:2021:9, mír 47).


67      Mar shampla, i gcás ina nglacann cinnteoir leis go réasúnta nach gceadófar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta ó thuismitheoirí, d’fheadfadh sé go bhfuil sé chun leasa an linbh filleadh i dteannta na dtuismitheoirí ar an tír thionscnaimh dá bharr sin.


68      Féach, de réir analaí, breithiúnas an 18 Nollaig 2014, M’Bodj (C‑542/13, EU:C:2014:2452, mír 44).


69      Féach, de réir analaí, breithiúnas an 5 Meán Fómhair 2012, Y agus Z (C‑71/11 agus C‑99/11, EU:C:2012:518, míreanna 65 agus 66), agus, mar atá ag teacht leis, UNCHR, Treoirlínte maidir le Cosaint Idirnáisiúnta Uimh. 8: Éilimh Tearmainn ag Leanaí faoi Airteagal 1A(2) de Choinbhinsiún 1951 agus/nó Prótacal 1967 maidir le Stádas Dídeanaithe, 2009, míreanna 15 go 17. Féach an roinn de na treoirlínte maidir le cineálacha géarleanúna a bhaineann go sainiúil le leanaí.


70      Breithiúnas an 18 Nollaig 2014, (C‑542/13, EU:C:2014:2452).


71      Ina bharúlacha maidir leis an gcúigiú ceist, a bhaineann le sainchónaí a dheonú ar ghnáthfhorais, threoraigh Rialtas na hÍsiltíre an Chúirt chuig Airteagal 3.6a den Vreemdelingenbesluit 2000 (an Fhoraithne maidir le náisiúnaigh coigríche 2000) an 23 Samhain 2000 (Stb. 2000, Uimh. 497).


72      Breithiúnas an 14 Eanáir 2021, an Binse um Achomhairc i dtaobh Cosaint Idirnáisiúnta agus páirtithe eile (C‑322/19 agus C‑385/19, EU:C:2021:11, míreanna 51 go 55 agus an cásdlí dá dtagraítear).


73      Féach, mar shampla, Kalverboer, M.E., Zijlstra, A.E. agus Knorth, E.J., “The developmental consequences for asylum-seeking children living with the prospect for five years or more of enforced return to their home country”, European Journal of Migration and Law, Iml. 11, Martinus Nijhoff Publishers, 2009, lgh. 41 go 67.