Language of document : ECLI:EU:C:2022:98

BREITHIÚNAS NA CÚIRTE (an Chúirt iomlán)

16 Feabhra 2022(*)

Clár



“Caingean le haghaidh neamhniú – Rialachán (AE, Euratom) 2020/2092 – Córas ginearálta coinníollachta chun buiséad an Aontais a chosaint – Cosaint bhuiséad an Aontais i gcás sárú ar phrionsabail an smachta reachta i mBallstát – Bunús dlí – Airteagal 322(1)(a) CFAE – Airteagal 311 CFAE – Airteagal 312 CFAE – Imchéimniú líomhnaithe ar Airteagal 7 CAE agus Airteagal 269 CFAE – Sáruithe líomhnaithe ar Airteagal 4(1), Airteagal 5(2) agus Airteagal 13(2) CAE, ar an dara mír d’Airteagal 296 CFAE, ar Phrótacal (Uimh. 2) maidir le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta a chur i bhfeidhm agus ar phrionsabail na tabhartha, na deimhneachta dlíthiúla, na comhréireachta agus na córa comhionainne i leith na mBallstát i bhfianaise na gConarthaí – Líomhain maidir le mí-úsáid cumhachtaí”

I gCás C‑157/21,

CAINGEAN le haghaidh neamhniú faoi Airteagal 263 CFAE, arna tabhairt an 11 Márta 2021,

Poblacht na Polainne, arna hionadú ag B. Majczyna, agus S. Żyrek, i gcáil Gníomhairí,

Iarratasóir,

arna thacú ag

An Ungáir, arna hionadú ag M.Z. Fehér agus M.M. Tátrai, i gcáil Gníomhairí,

Idiragraí,

agus

Parlaimint na hEorpa, arna hionadú ag R. Crowe, F. Drexler, U. Rösslein, T. Lukácsi agus A. Pospíšilová Padowska, i gcáil Gníomhairí,

Comhairle an Aontais Eorpaigh, arna hionadú ag A. de Gregorio Merino, E. Rebasti, A. Tamás agus A. Sikora-Kalėda, i gcáil Gníomhairí,

Cosantóirí,

arna dtacú ag

Ríocht na Beilge, arna hionadú ag M. Jacobs, C. Pochet agus L. Van den Broeck, i gcáil Gníomhairí,

Ríocht na Danmhairge, arna hionadú ar dtús ag M. Søndahl Wolff agus J. Nymann-Lindegren, agus ag M. Søndahl Wolff agus V. Pasternak Jørgensen ina dhiaidh sin, i gcáil Gníomhairí,

Poblacht Chónaidhme na Gearmáine, arna hionadú ag J. Möller agus R. Kanitz, i gcáil Gníomhairí,

Éire, arna hionadú ag M. Browne, J. Quaney agus A. Joyce, i gcáil Gníomhairí, le cúnamh ó D. Fennelly, Abhcóide,

Ríocht na Spáinne, arna hionadú ar dtús ag J. Rodríguez de la Rúa Puig agus S. Centeno Huerta, agus ag J. Rodríguez de la Rúa Puig agus A. Gavela Llopis ina dhiaidh sin, i gcáil Gníomhairí,

Poblacht na Fraince, arna hionadú ag A.‑L. Desjonquères, A.‑C. Drouant agus E. Leclerc, i gcáil Gníomhairí,

Ard-Diúcacht Lucsamburg, arna hionadú ar dtús ag A. Germeaux agus T. Uri, agus ag A. Germeaux ina dhiaidh sin, i gcáil Gníomhairí,

Ríocht na hÍsiltíre, arna hionadú ag M.K. Bulterman agus J. Langer, i gcáil Gníomhairí,

Poblacht na Fionlainne, arna hionadú ag H. Leppo agus S. Hartikainen, i gcáil Gníomhairí,

Ríocht na Sualainne, arna hionadú ag O. Simonsson, J. Lundberg, C. Meyer-Seitz, A. Runeskjöld, H. Shev, M. Salborn Hodgson, H. Eklinder agus R. Shahsavan Eriksson, i gcáil Gníomhairí,

An Coimisiún Eorpach, arna ionadú ag D. Calleja Crespo, J.‑P. Keppenne, J. Baquero Cruz agus K. Herrmann, i gcáil Gníomhairí,

Idiragraithe,

tugann AN CHÚIRT (an Chúirt iomlán)

agus í comhdhéanta mar seo a leanas: K. Lenaerts, Uachtarán, L. Bay Larsen, Leas-Uachtarán, A. Arabadjiev (Rapóirtéir), A. Prechal, K. Jürimäe, C. Lycourgos, E. Regan, S. Rodin, I. Jarukaitis, N. Jääskinen, I. Ziemele agus J. Passer, Uachtaráin Dlísheomra, M. Ilešič, J.–C. Bonichot, M. Safjan, F. Biltgen, P.G. Xuereb, N. Piçarra, L. S. Rossi, A. Kumin, N. Wahl, D. Gratsias, M. L. Arastey Sahún, M. Gavalec agus Z. Csehi, Breithiúna,

Abhcóide Ginearálta: M. Campos Sánchez-Bordona,

Cláraitheoirí: M. Aleksejev, Ceann Aonaid, agus I. Illéssy, Riarthóir,

ag féachaint don nós imeachta i scríbhinn agus tar éis éisteacht an 11 agus an 12 Deireadh Fómhair 2021,

tar éis éisteacht le Tuairim an Abhcóide Ghinearálta ag éisteacht an 2 Nollaig 2021,

an Breithiúnas seo a leanas:

Breithiúnas

1        Trína hiarratas, iarrann Poblacht na Polainne ar an gCúirt Bhreithiúnais Rialachán (AE, Euratom) 2020/2092 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2020 maidir le córas ginearálta coinníollachta chun buiséad an Aontais a chosaint (IO 2020 L 433I, lch. 1, agus ceartúchán IO 2021 L 373, lch. 94, “an Rialachán a chonspóidtear”) a neamhniú.

I.      An dlí lena mbaineann

A.      Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001

2        Foráiltear le hAirteagal 2(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún (IO 2001 L 145, lch. 43):

“Tá ag gach saoránach den Aontas agus ag gach duine nádúrtha nó dlítheanach a chónaíonn nó a bhfuil a oifig chláraithe aige i mBallstát ceart rochtana ar dhoiciméid na n‑institiúidí, ach sin faoi réir na bprionsabal, na gcoinníollacha agus na dteorainneacha a shainítear leis an Rialachán seo.”

[aistriúchán neamhoifigiúil]

3        De réir Airteagal 4 den Rialachán sin:

“[...]

2.      Diúltóidh na hinstitiúidí rochtain a thabhairt ar dhoiciméad i gcás ina ndéanfadh nochtadh dochar do chosaint:

[...]

–        imeachtaí cúirte agus tuairimí dlí,

[...]

mura bhfuil leas sáraitheach poiblí ann i dtaca le nochtadh an doiciméid lena mbaineann.

3.      Diúltófar rochtain a thabhairt ar dhoiciméad arna tharraingt suas ag institiúid dá húsáid inmheánach nó arna fháil ag institiúid, ar doiciméad é a bhaineann le hábhar nach bhfuil cinneadh déanta aici ina leith fós, dá ndéanfaí lena nochtadh dochar tromchúiseach do phróiseas cinnteoireachta na hinstitiúide sin, mura bhfuil leas sáraitheach poiblí ann i dtaca le nochtadh an doiciméid lena mbaineann.

Diúltófar rochtain a thabhairt ar dhoiciméad ina bhfuil tuairimí atá beartaithe le haghaidh úsáid inmheánach mar chuid de phléití agus réamhchomhairliúcháin laistigh den institiúid lena mbaineann, fiú tar éis an cinneadh a ghlacadh, i gcás ina ndéanfaí dochar tromchúiseach do phróiseas cinnteoireachta na hinstitiúide dá nochtfaí an doiciméad, mura bhfuil leas sáraitheach poiblí ann i dtaca le nochtadh an doiciméid lena mbaineann.

[...]

5.      Féadfaidh Ballstát a iarraidh ar institiúid gan doiciméad arna thionscnamh sa Bhallstát sin a nochtadh gan comhaontú an Bhallstáit sin a fháil roimh ré.

6.      Mura mbaineann ach cuid amháin den doiciméad arna iarraidh le ceann amháin nó níos mó de na heisceachtaí, déanfar na codanna eile den doiciméad a nochtadh.

7.      Ní bheidh feidhm ag na heisceachtaí dá dtagraítear i míreanna 1, 2 agus 3 ach amháin le linn na tréimhse a bheidh bonn cirt leis an gcosaint ar bhonn ábhar an doiciméid. [...]”

[aistriúchán neamhoifigiúil]

4        Foráiltear in Airteagal 5 den Rialachán sin:

“I gcás ina bhfaigheann Ballstát iarratas ar dhoiciméad atá ina sheilbh, ar doiciméid é de thionscnamh institiúide, murar léir go nochtfar nó nach nochtfar an doiciméad, rachaidh an Ballstát i gcomhairle leis an institiúid lena mbaineann chun cinneadh a dhéanamh nach gcuirfidh baint amach chuspóirí an Rialacháin seo i gcontúirt.

Ina ionad sin, féadfaidh an Ballstát an t‑iarratas a chur chuig an institiúid.”

[aistriúchán neamhoifigiúil]

B.      Rialacha Nós Imeachta na Comhairle

5        An 1 Nollaig 2009, ghlac Comhairle an Aontais Eorpaigh Cinneadh 2009/937/AE lena nglactar Rialacha Nós Imeachta (IO 2009 L 325, lch. 35). Foráiltear le hAirteagal 6(2) de na Rialacha Nós Imeachta sin (“Rialacha Nós Imeachta na Comhairle”), dar teideal “Rúndacht ghairmiúil agus doiciméid a thabhairt ar aird in imeachtaí dlí”):

“Féadfaidh an Chomhairle nó [Coiste na mBuanionadaithe de Rialtais na mBallstát (Coreper)] cóip nó sliocht de dhoiciméid ón gComhairle, nach bhfuil rochtain ag an bpobal orthu cheana féin i gcomhréir leis na forálacha a bhaineann le rochtain phoiblí ar dhoiciméid, a thabhairt ar aird in imeachtaí dlí a údarú.”

[aistriúchán neamhoifigiúil]

6        Faoi Airteagal 10 den Rialachán sin, dar teideal “Rochtain phoiblí ar dhoiciméid na Comhairle”:

“Tá na forálacha sonracha maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid na Comhairle leagtha amach in Iarscríbhinn II.”

[aistriúchán neamhoifigiúil]

7        In Iarscríbhinn II de na Rialacha Nós Imeachta sin, dar teideal “Forálacha sonracha maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid na Comhairle”, sonraítear in Airteagal 5, a bhaineann le “[h]iarrataí arna gcur isteach ag Ballstáit”, mar a leanas:

“Nuair a chuireann Ballstát iarratas chuig an gComhairle, déileálfar leis i gcomhréir le hAirteagail 7 agus 8 de [Rialachán Uimh. 1049/2001] agus le forálacha ábhartha na hIarscríbhinne seo. I gcás ina ndiúltaítear do rochtain go hiomlán nó go páirteach, cuirfear in iúl don iarratasóir nach mór aon iarratas dearbhúcháin a sheoladh go díreach chuig an gComhairle.”

[aistriúchán neamhoifigiúil]

C.      Treoracha maidir le doiciméid inmheánacha na Comhairle a phróiseáil

8        Le Nóta 7695/18 an 10 Aibreán 2018, ghlac an Chomhairle treoracha a bhaineann le doiciméid inmheánacha na Comhairle a láimhseáil. Is mar a leanas an fhoclaíocht i bpointí 1, 2, 20 agus 21 de na treoracha sin:

“1.      Tá treoracha sa doiciméad seo maidir le láimhseáil doiciméad neamh-rúnaicmithe na Comhairle a dháiltear go hinmheánach don Chomhairle, dá comhaltaí, don Choimisiún, don tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS) agus, ag brath ar an ábhar, d’institiúidí áirithe eile (mar shampla, Parlaimint na hEorpa, an Chúirt Bhreithiúnais agus an Banc Ceannais Eorpach) agus comhlachtaí (mar shampla, Coiste na Réigiún agus Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa) de chuid an Aontais Eorpaigh. D’fhéadfadh drochthionchar a bheith ag nochtadh poiblí míthráthúil na ndoiciméad sin ar na próisis chinnteoireachta laistigh den Chomhairle.

2.      Tá baint dhíreach ag na treoracha le feidhmiú na Comhairle agus, dá bhrí sin, ní mór do na Ballstáit mar chomhaltaí den Chomhairle iad a urramú, i gcomhréir le prionsabal an chomhair dhílis lena rialaítear an caidreamh idir institiúidí an Aontais Eorpaigh agus na Ballstáit.

[...]

20.      Níor cheart doiciméid ‘LIMITE’ a phoibliú mura bhfuil cinneadh chuige sin déanta ag oifigigh chuí-údaraithe den Chomhairle, ag an riarachán náisiúnta de Bhallstát (féach mír 21) nó, i gcás inarb iomchuí, ag an gComhairle, i gcomhréir le [Rialachán Uimh. 1049/2001] agus Rialacha Nós Imeachta na Comhairle.

21.      Ní fhéadfaidh baill foirne institiúidí nó chomhlachtaí an Aontais Eorpaigh seachas an Chomhairle a chinneadh doiciméid ‘LIMITE’ a phoibliú gan dul i gcomhairle ar dtús le hArdrúnaíocht na Comhairle (ARC). Rachaidh comhaltaí foirne den riarachán náisiúnta de Bhallstát i gcomhairle le ARC sula ndéanfaidh siad cinneadh den sórt sin, ach amháin má tá sé soiléir go bhféadfar an doiciméad a phoibliú, i gcomhréir le hAirteagal 5 de [Rialachán Uimh. 1049/2001].”

[aistriúchán neamhoifigiúil]

D.      Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013

9        Sainmhínítear le hAirteagal 2(1) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO 2013 L 248, lch. 1), chun críocha an Rialacháin sin, “leasanna airgeadais an Aontais” mar “ioncam, caiteachas agus sócmhainní a chumhdaítear le buiséad an Aontais Eorpaigh agus iad siúd a chumhdaítear le buiséad na n‑institiúidí, na gcomhlachtaí, na n‑oifigí agus na ngníomhaireachtaí agus na buiséid a ndéanann siad bainistiú agus faireachán orthu”.

E.      An Rialachán Airgeadais

10      De réir Airteagal 2 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh 283/2014 agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE, agus lena n‑aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO 2018 L 193, lch. 1, “an Rialachán Airgeadais”), dar teideal “Sainmhínithe”:

“Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

[...]

(7)      ciallaíonn ‘cur chun feidhme an bhuiséid’ gníomhaíochtaí a chur i gcrích a bhaineann le bainistiú, faireachán, rialú agus iniúchadh na leithreasuithe buiséid i gcomhréir leis na modhanna dá bhforáiltear in Airteagal 62;

[...]

(19)      ciallaíonn ‘rialú’ aon bheart a ghlactar chun cinnteacht réasúnta a sholáthar maidir le héifeachtacht, éifeachtúlacht agus tíosaíocht oibríochta, iontaofacht tuairiscithe, acmhainní agus faisnéis a chosaint, calaois agus neamhrialtachtaí a chosc agus a bhrath agus a cheartú agus maidir lena leanúint, agus bainistíocht leordhóthanach ar na rioscaí a bhaineann le dlíthiúlacht agus le rialtacht na mbun-idirbheart, agus cineál ilbhliantúil na gclár á gcur san áireamh chomh maith le cineál na n-íocaíochtaí lena mbaineann. D’fhéadfadh seiceálacha éagsúla a bheith ag baint le rialuithe, mar aon le cur i bhfeidhm aon pholasaithe agus nósanna imeachta chun na cuspóirí dá dtagraítear sa chéad abairt a bhaint amach;

[...]

(42)      ciallaíonn ‘eagraíocht de chuid na mBallstát’ eintiteas arna bhunú i mBallstát mar chomhlacht dlí poiblí, nó mar chomhlacht atá faoi rialú ag an dlí príobháideach, ar comhlacht é ar cuireadh misean seirbhíse poiblí ar a iontaoibh aige agus ar chuir an Ballstát sin ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais ar fáil dó;

[...]

(59)      ciallaíonn ‘bainistíocht fhónta airgeadais’ cur chun feidhme an bhuiséid de réir phrionsabal [na barainneachta], phrionsabal na héifeachtúlachta agus phrionsabal na héifeachtachta;

[...]”

11      Foráiltear le hAirteagal 56 den Rialachán sin, dar teideal “An buiséad a chur chun feidhme de réir phrionsabal na bainistíochta fónta airgeadais”:

“1.      Déanfaidh an Coimisiún ioncam agus caiteachas an bhuiséid a chur chun feidhme i gcomhréir leis an Rialachán seo, faoina fhreagracht féin agus laistigh de theorainneacha na leithreasuithe arna n‑údarú.

2.      Comhoibreoidh na Ballstáit leis an gCoimisiún chun go n‑úsáidfear na leithreasuithe i gcomhréir le prionsabail na bainistíochta fónta airgeadais.”

12      Foráiltear le hAirteagal 62(1) den Rialachán sin, dar teideal “Modhanna cur chun feidhme an bhuiséid”:

“1.      Cuirfidh an Coimisiún an buiséad chun feidhme ar aon cheann de na bealaí a leanas:

(a)      go díreach (‘bainistíocht dhíreach’), mar a leagtar amach in Airteagal 125 go hAirteagal 153, a dhéanfaidh a ranna, lena n‑áirítear a fhoireann i dtoscaireachtaí an Aontais faoi údarás a gCinn toscaireachta féin, i gcomhréir le hAirteagal 60(2), nó trí ghníomhaireachtaí feidhmiúcháin amhail dá dtagraítear in Airteagal 69;

(b)      faoi bhainistíocht roinnte leis na Ballstáit (‘bainistíocht roinnte’) mar a leagtar amach in Airteagal 63 agus Airteagail 125 go 129;

(c)      go neamhdhíreach (‘bainistíocht neamhdhíreach’) mar a leagtar amach in Airteagail 125 go 149 agus Airteagail 154 go 159, i gcás ina bhforáiltear dó sa bhunghníomh nó sna cásanna dá dtagraítear i bpointí (a) go (d) d’Airteagal 58(2), trí chúraimí cur chun feidhme an bhuiséid a chur ar iontaoibh […]

[...]”

13      Leagtar amach in Airteagal 63(2) den Rialachán céanna, dar teideal “Bainistíocht roinnte leis na Ballstáit”:

“Le linn dóibh cúraimí maidir le cur chun feidhme an bhuiséid a fheidhmiú, glacfaidh na Ballstáit na bearta uile is gá, lena n‑áirítear bearta reachtacha, rialála agus riaracháin chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint, eadhon:

(a)      trína áirithiú go ndéantar gníomhaíochtaí a mhaoinítear as an mbuiséad a chur chun feidhme i gceart agus go héifeachtach agus i gcomhréir leis na rialacha earnáilsonracha is infheidhme;

(b)      trí comhlachtaí ainmniúcháin a bheidh freagrach as bainistiú agus rialú a dhéanamh ar chistí an Aontais a ainmniú i gcomhréir le mír 3 agus as maoirseacht a dhéanamh ar na comhlachtaí sin;

(c)      trí neamhrialtachtaí agus calaois a chosc, a bhrath agus a cheartú;

(d)      trí chomhar a dhéanamh, i gcomhréir leis an Rialachán seo agus leis na rialacha earnáilsonracha, leis an gCoimisiún, [leis an Oifig Eorpach Frith‑Chalaoise (OLAF), le Cúirt Iniúchóirí na hEorpa] agus, i gcás na mBallstát sin atá rannpháirteach i gcomhar feabhsaithe de bhun Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle [an 12 Deireadh Fómhair 2017 lena gcuirtear comhar feabhsaithe chun feidhme ar bhunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (“OIPE”) (IO 2017 L 283, lch. 1)], le hOifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh freisin, tar éis a bunaithe.

D’fhonn leasanna airgeadais an Aontais a chosaint, agus prionsabal na coimhdeachta á urramú acu agus i gcomhréir leis an Airteagal seo, agus na rialacha ábhartha earnáilsonracha, déanfaidh na Ballstáit rialuithe ex ante agus ex post lena gcuimsítear, i gcás inarb iomchuí, seiceálacha ar an láthair ar idirbhearta ionadaíocha agus/nó ar shamplaí idirbheart atá riosca-bhunaithe. Déanfaidh siad freisin cistí a íocadh go míchuí a ghnóthú agus imeachtaí dlí a thionscnamh de réir mar is gá i dtaca leis sin.

Déanfaidh na Ballstáit pionóis éifeachtacha athchomhairleacha chomhréireacha a fhorchur ar fhaighteoirí i gcás ina bhforáiltear don mhéid sin i rialacha earnáilsonracha nó i bhforálacha sonracha sa dlí náisiúnta.

Mar chuid dá mheasúnú riosca agus i gcomhréir le rialacha a bhaineann le hearnálacha ar leith, déanfaidh an Coimisiún faireachán ar chórais bhainistíochta agus rialaithe arna mbunú sna Ballstáit. Déanfaidh an Coimisiún, ina obair iniúchóireachta, prionsabal na comhréireachta a urramú agus cuirfidh sé san áireamh leibhéal an riosca a bheidh á mheasúnú i gcomhréir le rialacha earnáilsonracha.”

14      Foráiltear le hAirteagal 135 den Rialachán Airgeadais, dar teideal “Leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí bhíthin rioscaí a bhrath, eisiamh agus pionóis airgeadais a fhorchur”:

“1.      Chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint, bunóidh agus oibreoidh an Coimisiún córas luathbhratha agus eisiaimh.

Is é a bheidh mar chuspóir le córas den sórt sin gur fusa a bheidh sé:

(a)      daoine nó eintitis, dá dtagraítear i mír 2, a mbaineann baol leo ó thaobh leasanna airgeadais an Aontais, a bhrath go luath;

[...]

3.      Is é an t‑oifigeach údarúcháin atá freagrach a dhéanfaidh an cinneadh faisnéis a bhaineann le luathbhrath faoi na rioscaí dá dtagraítear i bpointe (a) den dara fomhír de mhír 1 den Airteagal seo a chlárú, daoine nó eintitis dá dtagraítear i mír 2 a eisiamh agus/nó pionós airgeadais a fhorchur ar fhaighteoir. Clárófar faisnéis a bhaineann leis na cinntí sin sa bhunachar sonraí dá dtagraítear in Airteagal 142(1). I gcás ina ndéanfar na cinntí sin ar bhonn Airteagal 136(4), beidh an fhaisnéis a bhaineann leis na daoine dá dtagraítear sa mhír sin ina cuid den fhaisnéis a chlárófar sa bhunachar sonraí.

4.      Bunófar an cinneadh daoine nó eintitis dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo a eisiamh nó pionós airgeadais a fhorchur ar fhaighteoir ar bhreithiúnas deiridh nó, sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 136(1), ar chinneadh riaracháin críochnaitheach, nó ar réamhaicmiú sa dlí a rinne an painéal dá dtagraítear in Airteagal 143 sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 136(2) chun a áirithiú go ndéanfar measúnú láraithe ar na cásanna sin. Sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 141(1), déanfaidh an t‑oifigeach údarúcháin atá freagrach rannpháirtí a dhiúltú i gcás nós imeachta um dhámhachtain ar leith.

Gan dochar d'Airteagal 136(5), féadfaidh an t‑oifigeach údarúcháin cinneadh a dhéanamh rannpháirtí nó faighteoir a eisiamh agus/nó pionós airgeadais a fhorchur ar fhaighteoir agus féadfaidh sé cinneadh a dhéanamh an fhaisnéis lena mbaineann a fhoilsiú, ar bhonn réamhaicmiú amhail dá dtagraítear in Airteagal 136(2), ach moladh a fháil roimh ré ón bpainéal dá dtagraítear in Airteagal 143.”

II.    An Rialachán a chonspóidtear

15      Is léir ó bhrollach an Rialacháin a chonspóidtear gur glacadh an Rialachán sin ar bhonn “[CFAE], agus go háirithe pointe (a) d’Airteagal 322(1)” agus “[CEFA], agus go háirithe Airteagal 106a de”.

16      Luaitear in aithrisí 2, 3, 5 go 10, 12 go 16, 18 go 20 agus 26 den Rialachán a chonspóidtear:

“(2)      Sna conclúidí uaithi an 21 Iúil 2020, dúirt an Chomhairle Eorpach go bhfuiltear chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta atá leabaithe sna Conarthaí, go háirithe na luachanna a leagtar amach in Airteagal 2 CAE. Ina theannta sin, chuir sí i dtreis go láidir a thábhachtaí atá sé leasanna airgeadais an Aontais a chosaint agus a thábhachtaí atá sé an smacht reachta a urramú.

(3)      Leis an smacht reachta, ceanglaítear go gníomhaíonn na cumhachtaí poiblí uile laistigh de na srianta atá leagtha amach le dlí, i gcomhréir le luachanna an daonlathais agus le hurraim na gceart bunúsach, mar a shonraítear sa Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (an “Chairt”) agus in ionstraimí eile is infheidhme, agus faoi rialú ag cúirteanna neamhspleácha neamhchlaonta. Ceanglaítear leis, go háirithe, go ndéanfar prionsabail na dlíthiúlachta [(breithiúnas an 29 Aibreán 2004, an Coimisiún v CAS Succhi di Frutta, C‑496/99 P, EU:C:2004:236, mír 63)], arb é a thugtar le tuiscint léi gurb ann do phróiseas déanta dlí trédhearcach, cuntasach, daonlathach agus iolraíoch; prionsabal na deimhneachta dlíthiúla [(breithiúnas an 12 Samhain 1981, Meridionale Industria Salumi agus páirtithe eile, 212/80 go 217/80, EU:C:1981:270, mír 10)], prionsabal an toirmisc ar threallachas na gcumhachtaí feidhmiúcháin [(breithiúnas an 21 Meán Fómhair 1989, Hoechst v an Coimisiún, 46/87 agus 227/88, EU:C:1989:337, mír 19)], prionsabal na cosanta éifeachtaí breithiúnaí, lena n‑áirítear an rochtain ar cheartas, ag cúirteanna neamhspleácha neamhchlaonta ([breithiúnais an 27 Feabhra 2018, Associação Sindical dos Juízes Portugueses, C‑64/16, EU:C:2018:117, míreanna 31, 40 agus 41, agus an 25 Iúil 2018, Minister for Justice and Equality (Easnaimh sa chóras breithiúnach), C‑216/18 PPU, EU:C:2018:586, míreanna 63 go 67)], agus prionsabal scaradh na gcumhachtaí [(breithiúnais an 22 Nollaig 2010, DEB, C‑279/09, EU:C:2010:811, mír 58; an 10 Samhain 2016, Poltorak, C‑452/16 PPU, EU:C:2016:858, mír 35; agus an 10 Samhain 2016, Kovalkovas, C‑477/16 PPU, EU:C:2016:861, mír 36) a urramú [(Teachtaireacht ón gCoimisiún dar teideal “Creat AE nua chun an Smacht Reachta a neartú”, COM(2014) 158 final, Iarscríbhinn I)].

[...]

(5)      A luaithe a thagann tír is iarrthóir chun bheith ina Ballstát, bíonn an tír sin rannpháirteach i struchtúr dlí atá bunaithe ar an réamhleagan bunúsach gur comhluachanna ag na Ballstát uile eile na luachanna ar a bhfuil an tAontas fothaithe, agus aithníonn sé go gcomhroinneann siad iad leis, mar a luaitear in Airteagal 2 CAE. Leis an réamhleagan sin, tugtar le tuiscint go bhfuil iontaoibh fhrithpháirteach idir na Ballstáit go ndéanfar na comhluachanna sin a aithint agus, dá bhrí sin, go n-urramófar dlí an Aontais lena ndéantar iad a chur chun feidhme, agus tugann an réamhleagan sin an bonn cirt leis an méid sin [(Tuairim 2/13 (Aontachas an Aontais Eorpaigh le ECHR) an 18 Nollaig 2014, EU:C:2014:2454, mír 168)]. Ba cheart go leanfadh dlíthe agus cleachtais Ballstát de na comhluachanna ar a bhfuil an tAontas fothaithe a chomhlíonadh.

(6)      Cé nach bhfuil aon ordlathas i gceist le luachanna an Aontais, tá urraim don smacht reachta bunriachtanach chun na luachanna bunúsacha eile ar a bhfuil an tAontas fothaithe a chosaint, luachanna amhail an tsaoirse, an daonlathas, an comhionannas agus an urraim do chearta an duine. Tá dlúthbhaint idir an urraim don smacht reachta agus an urraim don daonlathas agus do na cearta bunúsacha. Ní féidir daonlathas agus urraim do chearta bunúsacha a bheith ann gan urraim don smacht reachta, agus vice versa.

(7)      Aon uair a chuireann Ballstáit buiséad an Aontais chun feidhme, lena n‑áirítear acmhainní a leithdháiltear trí Ionstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh arna bunú de bhun Rialachán (AE) 2020/2094 ([ón gComhairle an 14 Nollaig 2020 lena mbunaítear Ionstraim Théarnaimh de chuid an Aontais Eorpaigh chun tacú leis an téarnamh i ndiaidh ghéarchéim COVID-19 (IO 2020 L 433I, lch. 23)], agus trí iasachtaí agus ionstraimí eile arna ráthú ag buiséad an Aontais, agus gan beann ar an modh cur chun feidhme a úsáideann siad, is réamhchoinníoll bunriachtanach é an urraim don smacht reachta chun prionsabail na bainistíochta fónta airgeadais atá cumhdaithe in Airteagal 317 [CFAE] a chomhlíonadh.

(8)      Ní féidir le Ballstáit bainistíocht fhónta airgeadais a áirithiú ach amháin má ghníomhaíonn údaráis phoiblí i gcomhréir leis an dlí, má dhéanann seirbhísí imscrúdaitheacha agus seirbhísí ionchúisimh cásanna calaoise, lena n‑áirítear calaois chánach, imghabháil chánach, éilliú, agus coinbhleacht leasa nó sáruithe eile ar an dlí a leanúint go héifeachtach, agus más féidir cinntí treallacha nó neamhdhleathacha údarás poiblí, lena n‑áirítear údaráis forfheidhmithe dlí, a bheith faoi réir athbhreithniú breithiúnach éifeachtach ag cúirteanna neamhspleácha agus ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

(9)      Ba cheart go ráthófaí neamhspleáchas agus neamhchlaontacht na breithiúnachta i gcónaí, agus ba cheart do sheirbhísí imscrúdaithe agus ionchúisimh a bheith in ann a bhfeidhmeanna a fheidhmiú go cuí. Ba cheart acmhainní agus nósanna imeachta leordhóthanacha airgeadais agus daonna a bhronnadh ar an mbreithiúnacht, agus ar sheirbhísí imscrúdaithe agus ionchúisimh le gníomhú go héifeachtach agus ar shlí ina dtugtar lánurraim don cheart chun triail chóir, lena n‑áirítear an urraim ar na cearta chun cosanta. Ba cheart breithiúnais chríochnaitheacha a chur chun feidhme go héifeachtach. Tá na coinníollacha sin de dhíth mar ráthaíocht íosta i gcoinne cinntí neamhdhleathacha treallacha de chuid údaráis phoiblí a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh do leasanna airgeadais an Aontais.

(10)      Glactar leis go háirithe, má tá an bhreithiúnacht neamhspleách, go bhfuil an comhlacht breithiúnach lena mbaineann in ann a fheidhmeanna breithiúnacha a fheidhmiú faoi na rialacha ábhartha agus sa chleachtas araon, ar bhealach iomlán neamhspleách, gan a bheith faoi réir ag aon srian ordlathais ná a bheith ina thánaiste ag aon chomhlacht eile, agus gan orduithe ná treoracha a ghlacadh ó aon fhoinse ar chor ar bith, go bhfuil cosaint aige dá bharr ar idirghabhálacha seachtracha nó brú seachtrach a d’fhéadfadh bac a chur ar bhreithiúnas neamhspleách a chomhaltaí agus tionchar a imirt ar a gcinntí. Le ráthaíochtaí maidir le neamhspleáchas agus neamhchlaontacht, tá rialacha de dhíth, go háirithe maidir le comhdhéanamh an chomhlachta agus maidir le ceapachán, fad seirbhíse agus forais lena chomhaltaí a dhiúltú agus a chur as oifig, chun deireadh a chur le haon dabht réasúnach in intinn daoine aonair maidir leis an gcomhlacht sin a bheith beag beann ar thosca seachtracha agus maidir lena neodracht i ndáil leis na leasanna a thugtar os a chomhair.

[...]

(12)      Le hAirteagal 19 CAE, ina léirítear go nithiúil an luach atá leis an smacht reachta a leagtar amach in Airteagal 2 CAE, ceanglaítear ar Bhallstáit cosaint dlí éifeachtach a sholáthar sna réimsí atá folaithe le dlí an Aontais, lena n‑áirítear na réimsí sin a bhfuil baint acu le buiséad an Aontais a chur chun feidhme. Is é croí an smachta reachta an t‑athbhreithniú breithiúnach éifeachtach, atá ceaptha chun comhréireacht le dlí an Aontais a áirithiú, a bheith ann, agus tá cúirteanna neamhspleácha de dhíth chuige sin [(breithiúnas an 27 Feabhra 2018, Associação Sindical dos Juízes Portugueses, C‑64/16, EU:C:2018:117, míreanna 32 go 36)]. Tá sé bunriachtanach neamhspleáchas na gcúirteanna a choinneáil, mar atá dearbhaithe sa dara fomhír d’Airteagal 47 den Chairt ([breithiúnas an 27 Feabhra 2018, Associação Sindical dos Juízes Portugueses, C‑64/16, EU:C:2018:117, míreanna 40 agus 41]). Is fíor an méid sin, go háirithe, don athbhreithniú breithiúnach ar bhailíocht beart, conarthaí nó ionstraimí eile a n‑eascraíonn caiteachas poiblí nó fiachas poiblí astu, inter alia i gcomhthéacs nósanna imeachta um sholáthar poiblí a fhéadfar a thabhairt os comhair na gcúirteanna freisin.

(13)      Dá bhrí sin, tá gaol soiléir idir an urraim don smacht reachta agus cur chun feidhme éifeachtúil bhuiséad an Aontais i gcomhréir le prionsabail na bainistíochta fónta airgeadais.

(14)      D’fhorbair an tAontas ionstraimí agus próisis éagsúla lena gcuirtear chun cinn an smacht reachta agus a chur i bhfeidhm, lena n‑áirítear tacaíocht airgeadais le haghaidh eagraíochtaí na sochaí sibhialta, Sásra Eorpach an Smachta Reachta agus Scórchlár Ceartais AE, agus is leo sin a thugtar freagairt éifeachtach ó institiúidí de chuid an Aontais ar sháruithe ar an smacht reachta trí imeachtaí um shárú agus an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 7 CAE. Comhlánaítear na hionstraimí sin leis an sásra dá bhforáiltear sa Rialachán seo trí bhuiséad an Aontais a chosaint ar sháruithe ar phrionsabail an smachta reachta lena ndéantar difear dá bhainistíocht f[h]ónta airgeadais nó do chosaint leasanna airgeadais an Aontais.

(15)      Sáruithe ar phrionsabail an smachta reachta, go háirithe sáruithe lena ndéantar difear d’fheidhmiú cuí údarás poiblí agus d’athbhreithniú breithiúnach éifeachtach, is féidir leo dochar tromchúiseach a dhéanamh do leasanna airgeadais an Aontais. Is amhlaidh atá i gcás sáruithe aonair ar phrionsabail an smachta reachta agus is fíor sin murab ionann agus riamh i gcás sáruithe forleathana nó a tharlaíonn mar gheall ar chleachtais nó neamhghníomhartha a dhéanann údaráis phoiblí, nó mar gheall ar bhearta ginearálta arna nglacadh ag údaráis den sórt sin.

(16)      Tá measúnú cáilíochtúil críochnúil ón gCoimisiún de dhíth chun na sáruithe ar phrionsabail an smachta reachta a shainaithint. Ba cheart an measúnú sin a bheith oibiachtúil, neamhchlaonta agus cothrom agus ba cheart go gcuirfí san áireamh leis faisnéis ábhartha ó na foinsí atá ar fáil agus ó institiúidí aitheanta, lena n‑áirítear breithiúnais ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, tuarascálacha ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa, an Tuarascáil bhliantúil ón gCoimisiún maidir leis an Smacht Reachta agus Scórchlár Ceartais AE, tuarascálacha na hOifige Eorpaí Frith‑Chalaoise (OLAF), tuarascálacha Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE) de réir mar is ábhartha, agus conclúidí agus moltaí ó eagraíochtaí agus líonraí idirnáisiúnta ábhartha, lena n‑áirítear comhlachtaí de chuid Chomhairle na hEorpa amhail Grúpa Stát na hEorpa i gcoinne Éillithe (GRECO) agus Coimisiún na Veinéise, go háirithe seicliosta an smachta reachta dá chuid, agus líonraí Eorpacha na gcúirteanna uachtaracha agus na gcomhairlí a bhíonn ag an mbreithiúnacht. Bheadh an Coimisiún in ann dul i gcomhairle le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha agus le Coimisiún na Veinéise dá mba ghá chun críocha measúnú cáilíochtúil críochnúil a dhéanamh.

[...]

(18)      Ba cheart feidhm a bheith ag prionsabal na comhréireachta agus na bearta atá le glacadh á gcinneadh, agus aird chuí á tabhairt go háirithe ar thromchúis na staide, an méid ama atá imithe thart ó thosaigh an t‑iompar ábhartha, an fad a mhair an t‑iompar agus a mhinice a tharla sé arís, an méid a bhí ar intinn, leibhéal an chomhoibrithe ón mBallstát lena mbaineann chun deireadh a chur le sáruithe ar phrionsabail an smachta reachta, agus na héifeachtaí ar bhainistiú fónta airgeadais bhuiséad an Aontais nó ar leasanna airgeadais an Aontais.

(19)      Tá sé bunriachtanach leasanna dlisteanacha faighteoirí agus tairbhithe deiridh a choimirciú go cuí nuair a dhéantar bearta a ghlacadh i gcás sáruithe ar phrionsabail an smachta reachta. Agus breithniú á dhéanamh ar ghlacadh beart, ba cheart don Choimisiún an tionchar a d’fhéadfadh a bheith acu ar fhaighteoirí agus tairbhithe deiridh a chur san áireamh. Agus é á chur san áireamh go bhfuil íocaíochtaí bainistíochta roinnte ón gCoimisiún chuig na Ballstáit neamhspleách ó thaobh dlí de ar íocaíochtaí a dhéanann údaráis náisiúnta le tairbhithe, níor cheart a mheas go ndéanann bearta iomchuí arna nglacadh faoin Rialachán seo difear d’infhaighteacht an chistithe le haghaidh íocaíochtaí le tairbhithe de réir na [sprioc-amanna] íocaíochta a leagtar amach faoi na rialacha earnáilsonracha agus airgeadais is infheidhme. Na cinntí a ghlactar faoin Rialachán seo agus na hoibleagáidí i leith faighteoirí nó tairbhithe deiridh a leagtar amach sa Rialachán seo is cuid iad de dhlí infheidhme an Aontais i ndáil le cistiú a chur chun feidhme i mbainistíocht roinnte. Ba cheart do na Ballstáit a mbaineann na bearta leo tuairisciú go rialta don Choimisiún maidir lena n‑oibleagáidí i leith faighteoirí nó tairbhithe deiridh a bheith á gcomhlíonadh acu. Trí thuairisciú ar chomhlíonadh na n‑oibleagáidí íocaíochta i leith tairbhithe a leagtar amach sna rialacha earnáilsonracha agus airgeadais is infheidhme, ba cheart don Choimisiún a bheith in ann a fhíorú nach mbeidh tionchar ag cinntí a dhéanfar faoin Rialachán seo, ar aon bhealach, go díreach nó go hindíreach, ar na híocaíochtaí a bheidh le déanamh faoi na rialacha [earnáilsonracha] agus airgeadais is infheidhme.

Chun an chosaint a thugtar d’fhaighteoirí nó tairbhithe deiridh a threisiú, ba cheart don Choimisiún faisnéis agus treoir a sholáthar trí shuíomh gréasáin nó tairseach idirlín, chomh maith le huirlisí leormhaithe chun an Coimisiún a chur ar an eolas maidir le haon sárú ar an oibleagáid dhlíthiúil atá ar eintitis rialtais agus ar na Ballstáit leanúint d’íocaíochtaí a dhéanamh tar éis glacadh bearta de bhun an Rialacháin seo. Ba cheart don Choimisiún obair leantach a dhéanamh maidir leis an bhfaisnéis sin chun a fhíorú ar urramaíodh na rialacha is infheidhme, go háirithe [Airteagal 69, pointe (b) d’Airteagal 74(1) agus Airteagal 104 de Rialachán (AE) 2021/1060] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle [an 24 Meitheamh 2021] lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, an Ciste Comhtháthaithe, agus an Ciste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus rialacha airgeadais maidir leis na cistí sin agus maidir leis an gCiste Tearmainn agus Imirce, an Ciste Slándála Inmheánaí agus an Ionstraim um Bainistiú Teorainneacha agus um Viosaí ([IO 2021 L 231, lch. 159]). I gcás inar gá, chun a áirithiú go n‑íocfar aon mhéid atá dlite ag eintitis rialtais nó ag Ballstáit go héifeachtach le faighteoirí nó tairbhithe deiridh, ba cheart don Choimisiún íocaíochtaí a rinneadh a aisghabháil, nó de réir mar is iomchuí, ceartú airgeadais a dhéanamh trí thacaíocht ón Aontais do chlár a laghdú i gcomhréir leis na rialacha earnáilsonracha agus airgeadais is infheidhme.

(20)      Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú do chur chun feidhme an Rialacháin seo agus i bhfianaise a thábhachtaí agus atá éifeachtaí airgeadais na mbeart arna nglacadh de bhun an Rialacháin seo, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Chomhairle, ar cheart di gníomhú ar bhonn togra ón gCoimisiún.

[...]

(26)      Maidir leis an nós imeachta lena nglacfar agus lena mbainfear na bearta, [ba] cheart prionsabail na hoibiachtúlachta, an neamh‑idirdhealaithe agus na córa comhionainne i leith na mBallstát a urramú, agus ba cheart an nós imeachta a dhéanamh de réir cur chuige neamhpháirteach fianaisebhunaithe. Má mheasann an Ballstát lena mbaineann, go heisceachtúil, gurb ann do sháruithe tromchúiseacha ar na prionsabail sin, féadfaidh sé a iarraidh ar Uachtarán na Comhairle Eorpaí an t‑ábhar a chur faoi bhráid na chéad Chomhairle Eorpaí eile. In imthosca eisceachtúla den sórt sin, níor cheart aon chinneadh a dhéanamh a bhaineann leis na bearta go dtí go mbeidh an t‑ábhar pléite ag an gComhairle Eorpach. De ghnáth, ní thógfaidh an próiseas sin níos faide ná trí mhí ón tráth a mbeidh an Coimisiún tar éis a thogra a chur faoi bhráid na Comhairle.”

17      Foráiltear le hAirteagal 1 den Rialachán a chonspóidtear:

“Bunaítear leis an Rialachán seo na rialacha atá riachtanach chun buiséad an Aontais a chosaint i gcás sáruithe ar phrionsabail an smachta reachta sna Ballstáit.”

18      Foráiltear le hAirteagal 2 den Rialachán sin:

“Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)      tagraíonn ‘an smacht reachta’ do luach an Aontais a chumhdaítear in Airteagal 2 CAE. Áirítear leis prionsabail na dlíthiúlachta, lena dtugtar le tuiscint gurb ann do phróiseas reachtóireachta trédhearcach, cuntasach, daonlathach agus iolraíoch; prionsabal na deimhneachta dlíthiúla; prionsabal an toirmisc ar threallachas na gcumhachtaí feidhmiúcháin; cosaint éifeachtach bhreithiúnach, lena n‑áirítear rochtain ar an gceartas, ag cúirteanna neamhspleácha neamhchlaonta, maidir le cearta bunúsacha freisin; prionsabal scaradh na gcumhachtaí; agus prionsabal an neamh‑idirdhealaithe agus an chomhionannais faoin dlí. Tuigfear an smacht reachta ag féachaint do luachanna agus prionsabail eile an Aontais a chumhdaítear in Airteagal 2 CAE.

(b)      ciallaíonn ‘eintiteas rialtais’ aon údarás poiblí ar aon leibhéal rialtais, lena n‑áirítear údaráis náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla, chomh maith le heagraíochtaí de chuid na mBallstát de réir bhrí phointe 42 d’Airteagal 2 [den Rialachán Airgeadais].”

19      Foráiltear le hAirteagal 3 den Rialachán a chonspóidtear, dar teideal “Sáruithe ar phrionsabail an smachta reachta”, mar a leanas:

“Chun críocha an Rialacháin seo, féadfaidh na nithe seo a leanas a bheith ina léirithe táscacha ar sháruithe ar phrionsabail an smacht reachta:

(a)      neamhspleáchas na breithiúnachta a chur i mbaol;

(b)      mainneachtain cinntí treallacha nó neamhdhleathacha ag údaráis phoiblí, lena n‑áirítear cinntí údarás forfheidhmithe dlí, a chosc, a cheartú nó a smachtbhannú, acmhainní airgeadais agus daonna a choinneáil siar a dhéanann difear dá bhfeidhmiú cuí nó mainneachtain a áirithiú nach bhfuil coinbhleachtaí leasa ann;

(c)      teorainn a chur le hinfhaighteacht agus éifeachtacht leigheasanna dlí, lena n‑áirítear trí rialacha nós imeachta sriantacha, agus easpa cur chun feidhme breithiúnas, nó teorainn a chur le himscrúdú, ionchúiseamh nó smachtbhannú éifeachtach ar sháruithe ar an dlí.”

20      Foráiltear le hAirteagal 4 den Rialachán a chonspóidtear, dar teideal “Coinníollacha maidir le bearta a ghlacadh”, mar a leanas:

“1.      Déanfar bearta iomchuí i gcás ina suitear i gcomhréir le hAirteagal 6 go ndéanann sáruithe ar phrionsabail an smachta reachta i mBallstát difear – ar bhealach chomh díreach sin agus gur leor é le difear a dhéanamh, nó go bhfuil baol mór ann go ndéanfadh siad difear – do phrionsabail [bainistíochta fónta airgeadais] bhuiséad an Aontais nó do chosaint leasanna airgeadais an Aontais.

2.      Chun críocha an Rialacháin seo, bainfidh sáruithe ar phrionsabail an smachta reachta le ceann nó níos mó acu seo a leanas:

(a)      feidhmiú cuí na n‑údarás a chuireann buiséad an Aontais chun feidhme, lena n‑áirítear iasachtaí agus ionstraimí eile arna ráthú ag buiséad an Aontais, go háirithe i gcomhthéacs an tsoláthair phoiblí nó nósanna imeachta deontais;

(b)      feidhmiú cuí na n‑údarás a dhéanann rialú airgeadais, faireachán agus iniúchtaí, agus feidhmiú cuí córas éifeachtach trédhearcach bainistithe airgeadais agus cuntasachta;

(c)      feidhmiú cuí seirbhísí imscrúdaithe agus ionchúisimh phoiblí i ndáil le calaois, lena n‑áirítear calaois chánach, éilliú nó sáruithe eile ar dhlí an Aontais a bhaineann le cur chun feidhme bhuiséad an Aontais nó le leasanna airgeadais an Aontais a chosaint, a imscrúdú agus a ionchúiseamh;

(d)      athbhreithniú breithiúnach éifeachtach ag cúirteanna neamhspleácha ar ghníomhaíochtaí nó neamhghníomhartha na n‑údarás dá dtagraítear i bpointe (a), (b) agus i bpointe (c);

(e)      cosc ar chalaois, lena n‑áirítear calaois chánach, éilliú nó sáruithe eile ar dhlí an Aontais a bhaineann le cur chun feidhme bhuiséad an Aontais nó le leasanna airgeadais an Aontais a chosaint a chosc agus a smachtbhannú, agus forchur pionós éifeachtach athchomhairleach ar fhaighteoirí ag cúirteanna náisiúnta nó ag údaráis riaracháin;

(f)      gnóthú cistí a íocadh go mícheart;

(g)      an comhar éifeachtach tráthúil le OLAF agus, faoi réir rannpháirtíocht an Bhallstáit lena mbaineann, le OIPE sna himscrúduithe nó ionchúisimh a dhéanann siad de bhun na [ngníomhartha] ábhartha de chuid an Aontais, i gcomhréir le prionsabal an chomhair dhílis;

(h)      staideanna nó iompar eile ag údaráis is ábhartha do bhainistíocht fhónta airgeadais ar bhuiséad an Aontais, nó do chosaint leasanna airgeadais an Aontais.”

21      Foráiltear in Airteagal 5(1) go (4) den Rialachán sin, dar teideal “Bearta chun buiséad an Aontais a chosaint”, mar a leanas:

“1.      Ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha dá bhforáiltear in Airteagal 4 den Rialachán seo, agus de réir, féadfar ceann amháin nó níos mó de na bearta iomchuí seo a leanas a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 6 den Rialachán seo:

(a)      i gcás ina gcuireann an Coimisiún buiséad an Aontais chun feidhme faoin mbainistíocht dhíreach nó indíreach de bhun phointe (a) agus phointe (c) d’Airteagal 62(1) den Rialachán Airgeadais, agus i gcás inarb eintiteas rialtais an faighteoir:

(i)      íocaíochtaí nó cur chun feidhme an ghealltanais dhlíthiúil a chur ar fionraí nó an gealltanas dlíthiúil a fhoirceannadh de bhun Airteagal 131(3) den Rialachán Airgeadais;

(ii)      toirmeasc ar ghealltanais dhlíthiúla nua a dhéanamh;

(iii)      eisíocaíochtaí tráthchodanna, nó aisíoc luath iasachtaí a ráthaítear le buiséad an Aontais a chur ar fionraí ina n‑iomláine nó i bpáirt;

(iv)      an buntáiste eacnamaíoch faoi ionstraim arna ráthú le buiséad an Aontais a chur ar fionraí nó a laghdú;

(v)      toirmeasc ar chomhaontuithe nua a dhéanamh maidir le hiasachtaí nó ionstraimí eile a ráthaítear le buiséad an Aontais;

(b)      i gcás ina gcuireann an Coimisiún buiséad an Aontais chun feidhme faoin mbainistíocht roinnte leis na Ballstáit de bhun phointe (b) d’Airteagal 62(1) den Rialachán Airgeadais:

(i)      formheas ceann amháin nó níos mó de na cláir a chur ar fionraí nó leasú a dheanamh ar an bhfionraí sin;

(ii)      gealltanais a chur ar fionraí;

(iii)      gealltanais a laghdú, lena n‑áirítear trí cheartuithe airgeadais nó aistrithe chuig cláir chaiteachais eile;

(iv)      réamh-mhaoiniú a laghdú;

(v)      sprioc-amanna íocaíochtaí a bhriseadh;

(vi)      íocaíochtaí a chur ar fionraí.

2.      Mura bhforáiltear dá mhalairt sa chinneadh lena nglactar na bearta, ní dhéanfaidh forchur beart iomchuí difear d’oibleagáidí na n‑eintiteas rialtais dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1 ná d’oibleagáidí Ballstát dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1 an clár nó an ciste dá ndéanann an beart difear a chur chun feidhme, agus go háirithe a n‑oibleagáidí i leith na bhfaighteoirí nó na dtairbhithe deiridh, lena n‑áirítear an oibleagáid atá orthu íocaíochtaí a dhéanamh faoin Rialachán seo agus faoi na rialacha earnáilsonracha nó airgeadais is infheidhme. Agus cistí de chuid an Aontais faoi bhainistíocht roinnte á gcur chun feidhme acu, déanfaidh na Ballstáit lena mbaineann bearta arna nglacadh de bhun an Rialacháin seo tuarascáil a chur chuig an gCoimisiún ar a mhéid a chomhlíonann siad na hoibleagáidí sin gach trí mhí ó ghlacadh na mbeart sin.

Fíoróidh an Coimisiún ar comhlíonadh an dlí is infheidhme agus, i gcás inar gá, déanfaidh sé na bearta iomchuí uile chun buiséad an Aontais a chosaint, i gcomhréir le rialacha earnáilsonracha agus airgeadais.

3.      Beidh na bearta a dhéanfar comhréireach. Cinnfear iad i bhfianaise thionchair iarbhír nó fhéideartha na sáruithe ar phrionsabail an smachta reachta ar bhainistiú fónta airgeadais bhuiséad an Aontais nó ar leasanna airgeadais an Aontais. Tabharfar aird chuí ar chineál, fad, tromchúis agus raon feidhme na sáruithe ar phrionsabail an smachta reachta. Díreofar na bearta, a mhéid is féidir, ar na gníomhaíochtaí de chuid an Aontais a ndearna na sáruithe difear dóibh.

4.      Déanfaidh an Coimisiún faisnéis agus treoir a chur ar fáil chun leas faighteoirí nó tairbhithe deiridh maidir leis na hoibleagáidí atá ar na Ballstáit dá dtagraítear i mír 2 trí shuíomh gréasáin nó tairseach idirlín. Cuirfidh an Coimisiún uirlisí leormhaithe ar fáil freisin, ar an suíomh gréasáin nó an tairseach idirlín céanna, d’fhaighteoirí agus tairbhithe deiridh chun an Coimisiún a chur ar an eolas maidir le haon sárú ar na hoibleagáidí sin a dhéanfaidh difear do na faighteoirí nó tairbhithe deiridh sin, dar leo. Cuirfear an mhír seo i bhfeidhm ar bhealach lena n‑áirithítear cosaint na ndaoine a thuairiscíonn sáruithe ar dhlí an Aontais, i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i dTreoir (AE) 2019/1937 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle [an 23 Deireadh Fómhair 2019 maidir le cosaint daoine a thuairiscíonn sáruithe ar dhlí an Aontais (IO 2019 L 305, lch. 17)]). Ag gabhail leis an bhfaisnéis a sholáthróidh na faighteoirí nó tairbhithe deiridh i gcomhréir leis an mír seo beidh cruthúnas go ndearna an faighteoir nó tairbhí deiridh lena mbaineann gearán foirmiúil a thaisceadh le húdarás ábhartha an Bhallstáit lena mbaineann.”

22      Foráiltear le hAirteagal 6 den Rialachán sin, dar teideal “An nós imeachta”, mar a leanas:

“1.      I gcás ina gcinnfidh an Coimisiún go bhfuil forais réasúnacha aige lena mheas gur comhlíonadh na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 4 agus mura mbreithneoidh sé go gceadófaí leis na nósanna imeachta eile a leagtar amach i reachtaíocht an Aontais buiséad an Aontais a chosaint ar bhealach níos éifeachtaí, seolfaidh sé fógra i scríbhinn chuig an mBallstát lena mbaineann, ina leagfar amach na heilimintí fíorasacha agus na forais shonracha ar ar bhunaigh sé a thorthaí. Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas gan mhoill faoi aon fhógra den sórt sin agus faoina bhfuil ann.

2.      I bhfianaise na faisnéise a gheofar de bhun mhír 1, féadfaidh Parlaimint na hEorpa cuireadh a thabhairt don Choimisiún chuig dialóg struchtúrtha maidir lena thorthaí.

3.      Agus measúnú á dhéanamh aige cibé acu a comhlíonadh nó nár comhlíonadh coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 4, déanfaidh an Coimisiún an fhaisnéis ábhartha atá ar fáil ó na foinsí a chur san áireamh, lena n‑áirítear cinntí, conclúidí agus moltaí ó institiúidí an Aontais agus ó eagraíochtaí idirnáisiúnta ábhartha eile agus ó institiúidí aitheanta eile.

4.      Féadfaidh an Coimisiún aon fhaisnéis bhreise a iarraidh atá de dhíth air chun an measúnú dá dtagraítear i mír 3 a dhéanamh, [sula] ndéanfaidh sé an fógra i scríbhinn a sheoladh de bhun mhír 1 agus dá éis.

5.      Soláthróidh an Ballstát lena mbaineann an fhaisnéis atá de dhíth agus féadfaidh sé barúlacha a thabhairt maidir leis na torthaí a leagtar amach san fhógra dá dtagraítear i mír 1 laistigh de theorainn ama a bheidh le sonrú ag an gCoimisiún, teorainn arb í a bheidh inti mí amháin ar a laghad agus nach faide í ná 3 mhí ón dáta a dtabharfar fógra faoi na torthaí. Sna barúlacha a thabharfaidh sé uaidh, féadfaidh an Ballstát a mholadh go nglacfaí bearta feabhais chun aghaidh a thabhairt ar na torthaí a leagtar amach san fhógra ón gCoimisiún.

6.      Agus cinneadh á dhéanamh aige cibé acu a thíolacfaidh nó nach dtíolacfaidh sé togra le haghaidh cinneadh cur chun feidhme maidir leis na bearta iomchuí, cuirfidh an Coimisiún san áireamh an fhaisnéis a gheobhaidh sé agus aon bharúlacha a dhéanfaidh an Ballstát lena mbaineann, chomh maith le leordhóthanacht aon bheart feabhais a mholtar. Déanfaidh an Coimisiún a mheasúnú laistigh de theorainn ama tháscach aon mhí amháin ón tráth a bhfaighfear aon fhaisnéis nó a bharúlacha ón mBallstát lena mbaineann, nó, nuair nach bhfaightear aon fhaisnéis nó aon bharúlacha, ón tráth a rachaidh an teorainn ama arna socrú i gcomhréir le mír 5 in éag, agus in aon chás laistigh de theorainn réasúnach ama.

7.      I gcás ina mbeartóidh an Coimisiún togra a dhéanamh de bhun mhír 9, [sula] ndéanfaidh sé amhlaidh, tabharfaidh sé deis don Bhallstát a bharúlacha a thíolacadh, go háirithe ar chomhréireacht na mbeart atá á mbeartú, laistigh de mhí amháin.

8.      Agus measúnú á dhéanamh aige ar chomhréireacht na mbeart a bheidh le forchur, tabharfaidh an Coimisiún aird chuí ar an bhfaisnéis agus an treoir dá dtagraítear i mír 3.

9.      I gcás ina measfaidh an Coimisiún go bhfuil na coinníollacha atá in Airteagal 4 á gcomhlíonadh agus nach dtabharfaidh na bearta feabhais atá molta ag an mBallstát faoi mhír 5, más ann dóibh, aghaidh go leordhóthanach ar na torthaí atá san fhógra ón gCoimisiún, cuirfidh sé togra le haghaidh cinneadh cur chun feidhme maidir leis na bearta iomchuí faoi bhráid na Comhairle laistigh de mhí amháin tar éis barúlacha an Bhallstáit a fháil nó, i gcás nach gcuirtear aon bharúlacha in iúl, gan aon mhoill mhíchuí, i gcás nach bhfaighfear aon bharúlacha, agus in aon chás laistigh de mhí amháin ón teorainn ama arna leagan síos i mír 7. Leagfar amach sa togra na forais shonracha agus an fhianaise shonrach ar ar bhunaigh an Coimisiún a thorthaí.

10.      Glacfaidh an Chomhairle an cinneadh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 9 den Airteagal seo laistigh de mhí amháin tar éis di an togra ón gCoimisiún a fháil. I gcás ina n‑eascróidh imthosca eisceachtúla, féadfar síneadh nach mó ná dhá mhí a chur leis an tréimhse faoi nach mór an cinneadh cur chun feidhme sin a ghlacadh. D’fhonn cinneadh tráthúil a áirithiú, bainfidh an Coimisiún úsáid as na cearta atá aige faoi Airteagal 237 CFAE, i gcás ina measfaidh sé gurb iomchuí sin.

11.      Féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, togra an [Choimisiúin] a leasú agus an téacs leasaithe a ghlacadh tri bhíthin [cinneadh] cur chun feidhme ón gComhairle.”

23      Foráiltear le hAirteagal 7(1) agus (2) den Rialachán a chonspóidtear, dar teideal “Bearta a bhaint”, mar a leanas:

“1.      Féadfaidh an Ballstát lena mbaineann, tráth ar bith, bearta nua feabhais a ghlacadh agus fógra i scríbhinn a chur faoi bhráid an Choimisiúin ina gcuimseofar fianaise lena thaispeáint nach bhfuil na coinníollacha atá in Airteagal 4 á gcomhlíonadh níos mó.

2.      Arna iarraidh sin don Bhallstát lena mbaineann, nó ar a thionscnamh féin agus ar a dhéanaí bliain amháin tar éis don Chomhairle bearta a ghlacadh, déanfaidh an Coimisiún athmheasúnú ar an staid sa Bhallstát lena mbaineann agus aird aige ar an bhfianaise a thíolaic an Ballstát lena mbaineann agus, ina theannta sin, ar leordhóthanacht aon bheart nua feabhais arna [ghlacadh] ag an mBallstát lena mbaineann.

I gcás ina measfaidh an Coimisiún nach bhfuil na coinníollacha atá in Airteagal 4 á gcomhlíonadh a thuilleadh, cuirfidh sé togra maidir le cinneadh cur chun feidhme lena ndéantar na bearta a glacadh a bhaint faoi bhráid na Comhairle.

I gcás ina measfaidh an Coimisiún go bhfuil an staid ba shiocair le glacadh na mbeart leigheasta i bpáirt, cuirfidh sé faoi bhráid na Comhairle togra maidir le cinneadh cur chun feidhme lena ndéantar na bearta a glacadh a oiriúnú.

I gcás ina measfaidh an Coimisiún nár leigheasadh an staid ba shiocair le glacadh na mbeart, cuirfidh sé faoi bhráid an Bhallstáit lena mbaineann cinneadh réasúnaithe agus cuirfidh sé an Chomhairle ar an eolas ina leith.

Nuair a thíolacfaidh an Ballstát lena mbaineann fógra i scríbhinn de bhun mhír 1, tíolacfaidh an Coimisiún a thogra nó glacfaidh sé a chinneadh laistigh de mhí amháin ón tráth a bhfaighidh sé an fógra sin. Féadfar síneadh a chur leis an tréimhse sin in imthosca lena bhfuil údar cuí, agus sa chás sin cuirfidh an Coimisiún na cúiseanna atá leis an síneadh in iúl don Bhallstát lena mbaineann gan mhoill.

Beidh feidhm de réir analaí ag an nós imeachta a leagtar amach i míreanna 3, 4, 5, 6, 9, 10 agus 11 d’Airteagal 6, de réir mar is iomchuí.”

III. Éilimh na bpáirtithe agus an nós imeachta os comhair na Cúirte Breithiúnais

24      Iarrann Poblacht na Polainne ar an gCúirt Bhreithiúnais an Rialachán a chonspóidtear a neamhniú agus a ordú don Pharlaimint agus don Chomhairle na costais a íoc.

25      Iarrann an Pharlaimint agus an Chomhairle ar an gCúirt Bhreithiúnais an chaingean a dhíbhe agus a ordú do Phoblacht na Polainne na costais a íoc.

26      Le hiarratas an 12 Bealtaine 2021, d’iarr an Pharlaimint go ndéileálfaí leis an gcás seo faoin nós imeachta brostaithe dá bhforáiltear in Airteagal 133 de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte. Mar thaca leis an iarratas sin, d’áitigh an Pharlaimint go raibh glacadh an Rialacháin a chonspóidtear ina choinníoll polaitiúil bunriachtanach chun Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027 (IO 2020 L 433I, lch. 11, “an creat airgeadais ilbhliantúil 2021 go 2027) a fhormheas, agus, i bhfianaise na héigeandála eacnamaíche, ní mór na cistí ar fáil faoi phlean téarnaimh COVID-19 dar teideal “Next Generation EU” a chur ar fáil do na Ballstáit laistigh de thréimhsí ama an-ghearr. Shoiléirigh sí ina leith sin, inter alia, i gcomhréir le hAirteagal 3(4) de Rialachán 2020/2094, nach mór 60 % ar a laghad de na gealltanais dhlíthiúla a dhéanamh roimh an 31 Nollaig 2022 ar a dhéanaí agus nach mór na gealltanais dhlíthiúla ar fad a dhéanamh roimh an 31 Nollaig 2023 ar a dhéanaí. Thairis sin, chuir an Pharlaimint in iúl, tar éis theacht i bhfeidhm Chinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 ón gComhairle an 14 Nollaig 2020 maidir le córas acmhainní dílse an Aontais Eorpaigh agus lena n‑aisghairtear Cinneadh 2014/335/AE Euratom (IO 2020 L 424, lch. 1), go gcuirfeadh an Coimisiún, ó shamhradh na bliana 2022, tús le cistí a fháil ar iasacht ar na margaí caipitil chun an plean téarnaimh thuasluaite a mhaoiniú. De réir na Parlaiminte, agus cistí an-mhór á bhfáil ar iasacht agus á gcur ar fáil laistigh de thréimhse ama an-ghearr, is cinnte go mbeidh rioscaí ann do bhuiséad an Aontais, dá bhfuil sé beartaithe leis an Rialachán a chonspóidtear a chosaint. Bheadh cosaint den sórt sin tábhachtach, toisc go mbeadh baol ann go mbeadh iarmhairtí diúltacha ann, go háirithe maidir le dlúthpháirtíocht laistigh den Aontas san fhadtéarma, mura ndéanfaí an buiséad sin a chosaint go héifeachtach.

27      Foráiltear le hAirteagal 133(1) de na Rialacha Nós Imeachta, ar iarratas ón iarratasóir nó ón gcosantóir, go bhféadfadh Uachtarán na Cúirte, tar éis éisteacht leis an bpáirtí eile, leis an mBreitheamh is Rapóirtéir agus leis an Abhcóide Ginearálta, cinneadh a dhéanamh go ndéanfar cás a chinneadh de bhun an nós imeachta brostaithe nuair a éilíonn nádúr an cháis go ndéileálfar leis laistigh d’achar gearr ama.

28      Sa chás seo, ar an 9 Meitheamh 2021, chinn Uachtarán na Cúirte, tar éis éisteacht leis na páirtithe eile, leis an mBreitheamh is Rapóirtéir agus leis an Abhcóide Ginearálta, an t‑iarratas sin a dheonú. Ba é buntábhacht an cháis seo do dhlíchóras an Aontais ba chúis leis an gcinneadh sin, go háirithe a mhéid a bhaineann sé le hinniúlachtaí an Aontais chun a bhuiséad agus a leasanna airgeadais a chosaint i gcoinne éifeachtaí a d’fhéadfadh a bheith ann mar thoradh ar sháruithe ar na luachanna in Airteagal 2 CAE.

29      Le cinneadh ó Uachtarán na Cúirte an 25 Meitheamh 2021, ceadaíodh do Ríocht na Beilge, Ríocht na Danmhairge, Poblacht Chónaidhme na Gearmáine, Éire, Ríocht na Spáinne, Poblacht na Fraince, Ard-Diúcacht Lucsamburg, Ríocht na hÍsiltíre, Poblacht na Fionlainne, Ríocht na Sualainne agus don Choimisiún idirghabháil a dhéanamh chun tacú le héilimh na Parlaiminte agus na Comhairle.

30      Le cinneadh ó Uachtarán na Cúirte an lá céanna, ceadaíodh don Ungáir idirghabháil a dhéanamh chun tacú le héilimh Phoblacht na Polainne.

31      Le hiarratas an 11 Bealtaine 2021, d’iarr an Chomhairle ar an gCúirt Bhreithiúnais gan a chur san áireamh na sleachta in iarratas Phoblacht na Polainne agus sna hiarscríbhinní a ghabhann leis, ina dtagraítear do Thuairim Uimh. 13593/18 ó Sheirbhís Dlí na Comhairle an 25 Deireadh Fómhair 2018 faoin togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le buiséad an Aontais Eorpaigh a chosaint i gcás easnamh ginearálaithe i ndáil leis an smacht reachta sna Ballstáit [(COM/2018) 324 final), as ar tháinig an Rialachán a chonspóidtear (“Tuairim Dlí Uimh. 13593/18”) nó ina ndéantar ábhar nó réasúnaíocht na Tuairime Dlí sin a atáirgeadh. An 29 Meitheamh 2021, chinn an Chúirt go bhforchoimeádfaidh sí a breith don bhreithiúnas críochnaitheach.

32      An 7 Meán Fómhair 2021, ag glacadh leis go raibh mórthábhacht ag baint leis an gcás seo, chinn an Chúirt, tar éis an tAbhcóide Ginearálta a éisteacht, an cás a tharchur chuig an gCúirt iomlán, i gcomhréir leis an mír dheiridh d’Airteagal 16 de Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

IV.    An iarraidh gan sleachta áirithe d’iarratas Phoblacht na Polainne a chur san áireamh

A.      Argóintí na bpáirtithe

33      Mar thaca lena hiarraidh go ndéanfaí neamhaird de mhíreanna 53, 75, 126, 133 agus 139 d’iarratas Phoblacht na Polainne, a mhéid a dtagraítear iontu do Thuairim Dlí Uimh. 13593/18, agus an t‑ábhar a atáirgeadh nó an anailís á léiriú ansin, áitíonn an Chomhairle gur doiciméad inmheánach neamh‑rúnaicmithe an Tuairim sin atá marcáilte “LIMITE”. Dá réir sin, tá sé cumhdaithe le rúndacht ghairmiúil agus tá a thabhairt ar aird in imeachtaí dlí faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos, go háirithe, in Airteagal 6(2) de Rialacha Nós Imeachta na Comhairle agus i míreanna 20 agus 21 de na treoracha a bhaineann le próiseáil dhoiciméid inmheánacha na Comhairle.

34      De réir Airteagal 6(2) de na Rialacha Nós Imeachta sin, ní fhéadfaidh ach an Chomhairle nó Coreper cóip nó sliocht de dhoiciméid na Comhairle, nach bhfuil rochtain ag an bpobal orthu cheana i gcomhréir le forálacha dhlí an Aontais Eorpaigh a bhaineann le rochtain phoiblí ar dhoiciméid, a thabhairt ar aird in imeachtaí dlí a údarú. Ina theannta sin, i gcomhréir le míreanna 20 agus 21 de na treoracha sin, níor cheart doiciméad “LIMITE” a phoibliú mura bhfuil cinneadh chuige sin déanta ag oifigeach cuí-údaraithe den Chomhairle, ag riarachán náisiúnta de Bhallstát, tar éis dó dul i gcomhairle le ARC, nó, i gcás inarb iomchuí, ag an gComhairle, i gcomhréir le Rialachán Uimh. 1049/2001 agus le Rialacha Nós Imeachta na Comhairle.

35      Sa chás seo, áfach, go dtí seo, ní dhearna an Chomhairle, faoi Rialachán Uimh. 1049/2001, ach na chéad ocht mír de Thuairim Dlí Uimh. 13593/18 a phoibliú agus níor thug sí cead do Phoblacht na Polainne é a thabhairt ar aird sna himeachtaí dlí seo.

36      De réir chásdlí socair na Cúirte Breithiúnais agus na Cúirte Ginearálta, bheadh sé contrártha le leas an phobail, lena gceanglaítear nach mór do na hinstitiúidí a bheith in ann leas a bhaint as tuairimí a seirbhíse dlí, arna dtabhairt go hiomlán neamhspleách, dá ligfí doiciméid inmheánacha den sórt sin a thabhairt ar aird in imeachtaí os comhair na Cúirte Breithiúnais gan cead ón institiúid lena mbaineann nó ordú ón gCúirt Breithiúnais maidir leis an tabhairt ar aird sin.

37      Tugann an Chomhairle chun suntais nár thug sí ach rochtain pháirteach ar Thuairim Dlí Uimh. 13593/18 tar éis iarratais arna ndéanamh faoi Rialachán Uimh. 1049/2001 mar gheall ar an riosca go bhféadfadh iarratasóir, in imeachtaí a bhaineann le bailíocht an Rialacháin a chonspóidtear, cur ina coinne na hargóintí a chuir a seirbhís dlí féin in iúl sa Tuairim sin, de shárú ar na ceanglais a bhaineann le triail chóir agus comhionannas arm idir páirtithe in imeachtaí dlí. Mar a tharlaíonn, tháinig na rioscaí sin chun cinn nuair a tionscnaíodh an chaingean seo.

38      Thairis sin, de réir na Comhairle, vótáil Poblacht na Polainne i gcónaí, ar bhonn na n-argóintí sin, i bhfabhar na gcinntí lena ndiúltaítear rochtain phoiblí ar Thuairim Dlí Uimh. 13593/18. Má theastaigh ón mBallstát sin go ndéanfaí an Tuairim sin a phoibliú, ba cheart di iarraidh chuige sin a dhéanamh faoi Rialachán Uimh. 1049/2001 nó údarú a iarraidh i gcomhréir le Rialacha Nós Imeachta na Comhairle agus na treoracha a bhaineann le doiciméid inmheánacha na Comhairle a phróiseáil.

39      Áitíonn an Chomhairle, dá n-údarófaí do Phoblacht na Polainne Tuairim Dlí Uimh. 13593/18 a úsáid sa chás seo, cé nár lean sí an nós imeachta dá bhforáiltear chun na críche sin agus nár cuireadh an cheist faoi réir athbhreithniú breithiúnach éifeachtach, go rachfaí timpeall ar na nósanna imeachta dá bhforáiltear le Rialachán Uimh. 1049/2001 agus le Rialacha Nós Imeachta na Comhairle. Déanann sí tagairt, i ndáil leis sin, do chásdlí socair na Cúirte Breithiúnais lena gceadaítear iarratais na n‑institiúidí a ndoiciméid inmheánacha a tharraingt as comhad na Cúirte nuair nach bhfuil údarú tugtha acu dá dtabhairt ar aird in imeachtaí, agus measann sí nach féidir, mar thoradh air sin, Tuairim Dlí Uimh. 13593/18 a úsáid sa chás seo.

40      Ina theannta sin, áitíonn an Chomhairle, dá nglacfaí le tabhairt ar aird Thuairim Dlí Uimh. 13593/18 sna himeachtaí seo, go gcuirfí iallach uirthi measúnuithe a dhéanamh, os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, ar thuairim a bhí beartaithe le haghaidh úsáid inmheánach agus a thug a seirbhís dlí féin agus an Rialachán a chonspóidtear á dhréachtú, agus go ndéanfaí neamhaird ar na ceanglais maidir le triail chóir agus go gcuirfí isteach ar an bhféidearthacht atá ag an gComhairle tuairimí atá neamhbhalbh, oibiachtúil agus iomlán a fháil.

41      Ar deireadh, de réir chásdlí na Cúirte, cé gur nochtadh Tuairim Dlí Uimh. 13593/18 gan údarú ón gComhairle ar shuíomh gréasáin eagraíocht meán agus, mar sin, gur nochtadh a ábhar don phobal, níl aon tionchar aige sin ar na cúinsí sin. Thairis sin, bheadh an damáiste a dhéanfaí don Chomhairle agus d'institiúidí an Aontais Eorpaigh de bharr úsáid neamhúdaraithe na tuairime dlí sin sna himeachtaí seo i bhfad níos mó ná an damáiste a tharla de thoradh fhoilsiú na tuairime sin sna meáin. Dá gceadófaí do Phoblacht na Polainne dul i muinín na Tuairime Dlí sin, chuirfí i mbaol an leas poiblí gur cheart na hinstitiúidí a bheith in ann leas a bhaint as tuairimí a seirbhíse dlí go hiomlán neamhspleách agus bhainfí an bonn d’éifeachtacht na nósanna imeachta atá dírithe ar an leas sin a chosaint.

42      Cuireann Poblacht na Polainne in aghaidh argóintí na Comhairle.

B.      Breithniú na Cúirte

43      Lena hargóintí, áitíonn an Chomhairle go bunúsach, ar an gcéad dul síos, gur sháraigh Poblacht na Polainne Airteagal 6(2) de Rialacha Nós Imeachta na Comhairle trí shleachta ó Thuairim Dlí Uimh. 13593/18 a atáirgeadh i míreanna 53, 126, 133 agus 139 den iarratas agus trí ábhar na Tuairime sin a athfhoirmliú i mír 75 den iarratas sin; ar an dara dul síos, go ndearna sí neamhaird ar an leas poiblí gur cheart an Chomhairle a bheith in ann leas a bhaint as tuairimí a seirbhíse dlí, arna dtabhairt go hiomlán neamhspleách; ar an tríú dul síos, gur chuir sí ar an gComhairle seasamh a ghlacadh, b’fhéidir, sna príomhimeachtaí maidir le hanailísí a seirbhíse dlí féin, rud a sháródh prionsabal an chomhionannais arm; ar an gceathrú dul síos, gur sháraigh sí mír 20 agus mír 21 de na treoracha maidir le doiciméid inmheánacha na Comhairle a phróiseáil; agus, ar an gcúigiú dul síos, go ndearna sí neamhaird ar Rialachán Uimh. 1049/2001.

44      Maidir leis an líomhain go ndearnadh sárú ar Airteagal 6(2) de Rialacha Nós Imeachta na Comhairle, ba cheart a mheabhrú, faoin bhforáil sin, “[go bhféadfadh] an Chomhairle nó Coreper cóip nó sliocht de dhoiciméid ón gComhairle, nach bhfuil rochtain ag an bpobal orthu cheana féin […] a thabhairt ar aird in imeachtaí dlí a údarú” [aistriúchán neamhoifigiúil].

45      I ndáil leis sin, ar dtús, ba cheart a thabhairt faoi deara go dtagraítear san iarratas do mhíreanna i dTuairim Dlí Uimh. 13593/18 nach iad na hocht mír a rinne an Chomhairle a phoibliú de bhun Rialachán Uimh. 1049/2001, agus, ina dhiaidh sin, nár iarr Poblacht na Polainne ar an gComhairle údarú a thabhairt chun cóip nó sleachta den Tuairim sin a thabhairt ar aird in imeachtaí dlí agus, ar deireadh, nár chuir an Ballstát sin cóip den Tuairim sin i gceangal lena hiarratas.

46      Dá réir sin, ní mór a chinneadh cibé ar thug nó nár thug Poblacht na Polainne sleachta den tuairim dlí ar aird in imeachtaí, de réir bhrí Airteagal 6(2) de Rialacha Nós Imeachta na Comhairle, trí iad a atáirgeadh nó a athfhoirmliú, trína lua, ina hiarratas.

47      I ndáil leis sin, ba cheart a thabhairt faoi deara go bhfuil athfhriotail ón Tuairim sin i míreanna 53, 126 agus 133 den iarratas agus go bhfuil argóintí a bhaineann go sonrach le Poblacht na Polainne i mír 75 agus mír 139 den iarratas sin, agus i mír 126 chomh maith, agus líomhnaíonn an Ballstát sin gur léiriú é ar an anailís sa Tuairim Dlí sin. Dá bhrí sin, i leith argóintí den sórt sin, i dteannta dearbhuithe maidir le comhchoibhneas le Tuairim Dlí Uimh. 13593/18 – nach féidir, dar leis an gComhairle, a gcruinneas a mheas – ní féidir a mheas gur sleachta as an Tuairim Dlí sin iad.

48      Sna himthosca sin, ní mór a mheas nach bhféadfar ach mír 53, mír 126 agus mír 133 den iarratas a mheas mar “shleachta” ó Thuairim Dlí Uimh. 13593/18, de réir bhrí Airteagal 6(2) de Rialacha Nós Imeachta na Comhairle. Ina theannta sin, is “tabhairt ar aird in imeachtaí dlí” de réir na forála sin sleachta den sórt sin a chur ar fáil i ndoiciméad pléadála.

49      Dá bhrí sin, ceanglaíodh i bprionsabal ar Phoblacht na Polainne údarú a fháil ón gComhairle, faoi Airteagal 6(2) de Rialacha Nós Imeachta na Comhairle, chun na sleachta ó Thuairim Dlí Uimh. 13593/18 atá i mír 53, mír 126 agus mír 133 den iarratas a thabhairt ar aird os comhair na Cúirte.

50      Chuige sin, cinnte is léir, mar a thugann an Chomhairle le fios, ó chásdlí socair na Cúirte go mbeadh sé contrártha le leas an phobail, lena n‑éilítear go mbeadh na hinstitiúidí in ann leas a bhaint as tuairimí a seirbhíse dlí, arna dtabhairt go hiomlán neamhspleách, dá ligfí go bhféadfaí doiciméid inmheánacha den sórt sin a thabhairt ar aird in imeachtaí os comhair na Cúirte gan cead ón institiúid lena mbaineann nó ordú ón gCúirt maidir leis an tabhairt ar aird sin (ordú an 14 Bealtaine 2019, an Ungáir v an Pharlaimint, C‑650/18, nár foilsíodh, EU:C:2019:438, mír 8 agus an cásdlí dá dtagraítear, agus breithiúnas an 31 Eanáir 2020, an tSlóivéin v an Chróit, C‑457/18, EU:C:2020:65, mír 66).

51      Trí thuairim dlí den sórt sin a thabhairt ar aird gan údarú, cuireann an t‑iarratasóir i gcoinne na hinstitiúide lena mbaineann, in imeachtaí a bhaineann le bailíocht gnímh a chonspóidtear, tuairim a thug a seirbhís dlí féin agus an gníomh sin á dhréachtú. I bprionsabal, dá gceadófaí don iarratasóir seo tuairim dlí ó institiúid a chur os comhair na Cúirte, i gcás nach bhfuil a nochtadh údaraithe ag an institiúid sin, bheadh sé sin contrártha le ceanglais maidir le triail chóir agus b’ionann sin agus dul timpeall ar an nós imeachta atá ann maidir le rochtain a iarraidh ar dhoiciméad den sórt sin, arna bhunú le Rialachán Uimh. 1049/2001 (féach, chuige sin, ordú an 14 Bealtaine 2019, an Ungáir v an Pharlaimint, C‑650/18, nár foilsíodh, EU:C:2019:438, mír 14 agus an cásdlí dá dtagraítear, agus breithiúnas an 31 Eanáir 2020, an tSlóivéin v an Chróit, C‑457/18, EU:C:2020:65, mír 68).

52      Ba cheart a chur san áireamh, áfach, prionsabal na trédhearcachta, a chumhdaítear in Airteagal 1 agus Airteagal 10(3) CAE agus in Airteagal 15(1) agus Airteagal 298(1) CFAE, lena ráthaítear, inter alia, go bhfuil an riarachán níos dlisteanaí, níos éifeachtaí agus níos freagraí don saoránach i gcóras daonlathach (féach, chuige sin, ordú an 14 Bealtaine 2019, an Ungáir v an Pharlaimint, C‑650/18, nár foilsíodh, EU:C:2019:438, mír 13 agus an cásdlí dá dtagraítear). Trí chead a thabhairt d’éagsúlachtaí idir roinnt tuairimí a phlé go hoscailte, cuidíonn an trédhearcacht sin freisin le muinín na saoránach sin a mhéadú (breithiúnas an 4 Meán Fómhair 2018, ClientEarth v an Coimisiún, C‑57/16 P, EU:C:2018:660, mír 75 agus an cásdlí dá dtagraítear).

53      Is fíor nach bhfuil prionsabal na trédhearcachta in ann, ach go heisceachtúil, údar a thabhairt in imeachtaí dlí do nochtadh de dhoiciméad institiúide nach bhfuil rochtain ag an bpobal air agus ina bhfuil tuairim dlí. Sin an fáth ar rialaigh an Chúirt nach bhfuil údar maith ann, mar gheall ar leas sáraitheach poiblí, chun doiciméad ina bhfuil tuairim dlí de chuid institiúide a choimeád i gcás comhaid nuair, ar thaobh amháin, nach mbaineann an tuairim sin le nós imeachta reachtach lena bhfuil gá le trédhearcacht mhéadaithe agus, ar an taobh eile, nach bhfuil de bhuntáiste leis an gcoimeád sin ach go bhfuil an Ballstát lena mbaineann in ann brath ar an gcomhairle dlí sin i gcomhthéacs imeachtaí. Dar leis an gCúirt, is cosúil go bhfuil an tabhairt ar aird de thuairim dlí den sórt sin á treorú ag leasanna an iarratasóra féin chun tacú lena argóint, agus ní ag leas sáraitheach poiblí, amhail an nós imeachta as ar tháinig an gníomh a chonspóidtear a phoibliú (féach, chuige sin, ordú an 14 Bealtaine 2019, an Ungáir v an Pharlaimint, C‑650/18, nár foilsíodh, EU:C:2019:438, mír 18, agus breithiúnas an 31 Eanáir 2020, an tSlóivéin v an Chróit, C‑457/18, EU:C:2020:65, mír 71).

54      Sa chás seo, ní mór a thabhairt faoi deara, murab ionann agus na cásanna ba chúis leis an gcásdlí dá dtagraítear sa mhír roimhe seo, go mbaineann Tuairim Dlí Uimh. 13593/18 le nós imeachta reachtach.

55      I ndáil leis sin, mheas an Chúirt, maidir le nochtadh doiciméad ina bhfuil tuairim de sheirbhís dlí de chuid institiúide ar shaincheisteanna dlí a thagann chun cinn le linn na díospóireachta ar thionscnaimh reachtacha, go ndéanfadh sé sin trédhearcacht agus oscailteacht an phróisis reachtaigh a mhéadú agus ceart na saoránach Eorpach chun scrúdú a dhéanamh ar an bhfaisnéis a bhí mar bhunús le gníomh reachtach a neartú. Bhain an Chúirt as sin nach bhfuil aon ghá ginearálta le rúndacht maidir leis na tuairimí ó sheirbhís dlí na Comhairle a bhaineann le próiseas reachtach agus go bhforchuirtear, i bprionsabal, le Rialachán 1049/2001 oibleagáid iad a nochtadh (féach, chuige sin, breithiúnas an 1 Iúil 2008, an tSualainn agus Turco v an Chomhairle, C‑39/05 P agus C‑52/05 P, EU:C:2008:374, míreanna 67 agus 68).

56      Is í go díreach trédhearcacht ina leith sin a chuidíonn, trí chead a thabhairt d’éagsúlachtaí idir roinnt tuairimí a phlé go hoscailte, le hamhras a laghdú in aigne na saoránach, ní hamháin maidir le dlíthiúlacht gnímh reachtaigh ar leith ach maidir le dlisteanacht an phróisis reachtaigh ina iomláine freisin (féach, chuige sin, breithiúnas an 1 Iúil 2008, an tSualainn agus Turco v an Chomhairle, C‑39/05 P agus C‑52/05 P, EU:C:2008:374, mír 59), agus a chuidíonn le neartú phrionsabail an daonlathais agus na hurraime do chearta bunúsacha mar atá leagtha síos in Airteagal 6 CAE agus sa Chairt, mar a shonraítear in aithris 2 de Rialachán Uimh. 1049/2001.

57      Ní chuireann an trédhearcacht sin cosc, áfach, ar dhiúltú do thuairim dlí shonrach a nochtadh, ar tuairim dlí í a tugadh i gcomhthéacs próiseas reachtach ar leith ach ag a bhfuil nádúr an-íogair nó raon feidhme an‑leathan a théann thar chomhthéacs an phróisis reachtaigh sin, ar bhonn comhairle dlí a chosaint, agus sa chás sin ní mór don institiúid lena mbaineann cúiseanna mionsonraithe a thabhairt maidir leis an diúltú (breithiúnas an 1 Iúil 2008, an tSualainn agus Turco v an Chomhairle, C‑39/05 P agus C‑52/05 P, EU:C:2008:374, mír 69).

58      Sa chás seo, áfach, mar a thug an tAbhcóide Ginearálta Campos Sánchez-Bordona faoi deara, i mír 70 go mír 72 dá Thuairim in an Ungáir v an Pharlaimint agus an Chomhairle (C‑156/21, EU:C:2021:974), níor léirigh an Chomhairle go bhfuil Tuairim Dlí Uimh. 13593/18 de chineál atá an-íogair nó ag a bhfuil raon feidhme an‑leathan a théann thar chomhthéacs an phróisis reachtaigh ábhartha.

59      Dá réir sin, ní chuirtear, le hAirteagal 6(2) de Rialacha Nós Imeachta na Comhairle ná leis an gcásdlí dá dtagraítear i mír 50 den bhreithiúnais seo, cosc ar Phoblacht na Polainne an Tuairim Dlí sin a nochtadh go hiomlán nó go páirteach ina hiarratas.

60      Cé go bhfuil leas ar leith ag Poblacht na Polainne go gcuirfeadh an Chúirt Bhreithiúnais na sleachta faoi dhíospóid ina hiarratas san áireamh, níl an cinneadh sin neamhbhailí. Toisc gur dócha go gcuideodh sé le hamhras a laghdú in aigne na saoránach, ní hamháin maidir le dlíthiúlacht an Rialacháin a chonspóidtear ach maidir le dlisteanacht an phróisis reachtaigh ina iomláine freisin, dá gcuirfeadh san áireamh na sleachta, is ar mhaithe leis an leas sáraitheach poiblí dá dtagraítear i míreanna 55 agus 56 den bhreithiúnas seo.

61      Dá bhrí sin, agus gan aon ghá le rialú a dhéanamh go leithleach ar na pléadálacha maidir le sárú ar mhíreanna 20 agus 21 de na treoracha a bhaineann le doiciméid inmheánacha na Comhairle a phróiseáil, ar Rialachán Uimh. 1049/2001 agus ar phrionsabal an chomhionannais arm, mar ní éireodh leis na pléadálacha sin ar aon nós, ag féachaint do na breithnithe a rinneadh i míreanna 52 go 60 den bhreithiúnas seo, ní mór diúltú, toisc é a bheith gan bhunús, d’iarratas na Comhairle go ndéanfaí neamhaird ar na sleachta in iarratas Phoblacht na Polainne, a mhéid a thagraítear iontu do Thuairim Dlí Uimh. 13593/18 agus a hábhar á atáirgeadh nó an anailís atá inti á léiriú.

V.      An chaingean

62      Chun tacú lena gníomh, ardaíonn Poblacht na Polainne aon phléadáil déag. Ba cheart an chéad, an dara, an cúigiú, an séú agus an t‑aonú pléadáil déag, lena líomhnaítear, go bunúsach, nach raibh an inniúlacht ag an Aontas Eorpach an Rialachán a chonspóidtear a ghlacadh, a scrúdú ar dtús agus le chéile.

A.      An chéad, an dara, an cúigiú, an séú agus an taonú pléadáil déag, lena líomhnaítear nach raibh an inniúlacht ag an Aontas Eorpach an Rialachán a chonspóidtear a ghlacadh

1.      Argóintí na bpáirtithe

63      Faoin gcéad phléadáil, maíonn Poblacht na Polainne, le tacaíocht ón Ungáir, nach gceadaíonn cineál agus réim na n‑inniúlachtaí a thugtar don Aontas Eorpach leis na Conarthaí don Chomhairle sásra a bhunú amhail an ceann dá bhforáiltear sa Rialachán a chonspóidtear, lena dtugtar d’institiúidí an Aontais rialú a dhéanamh ar urramú phrionsabail an smachta reachta ag na Ballstáit agus lena gcuirtear eisíocaíocht cistí ó bhuiséad an Aontais faoi réir comhlíonadh na bprionsabal sin.

64      Is fíor go bhféadfadh reachtas an Aontais sásra a thionscnamh go dlíthiúil, ar bhonn Airteagal 322(1)(a) CFAE, sásra lena ndéantar eisíocaíochtaí ó bhuiséad an Aontais coinníollach ar chomhlíonadh phrionsabal na bainistíochta fónta airgeadais ag na Ballstáit. Mar sin féin, leanann sé ón bprionsabal sin mar atá sainmhínithe in Airteagal 2(59) den Rialachán Airgeadais, agus ó na sonraí in Airteagal 56(2) den Rialachán sin, nach mór na hoibleagáidí atá ar na Ballstáit de bhua an phrionsabail sin a bheith sonrach agus de thoradh forálacha sonracha dlí lena léirítear an nasc díreach idir na ceanglais a tugadh isteach agus prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais ar chistí an Aontais agus cosaint leasanna airgeadais an Aontais.

65      Leis an Rialachán a chonspóidtear, áfach, chruthaigh reachtas an Aontais, mar is léir ó Airteagal 1 de, sásra lena ndéantar eisíocaíochtaí ó bhuiséad an Aontais a chur faoi réir, ní comhlíonadh na mBallstát d’oibleagáidí sonracha dá bhforáiltear le dlí an Aontais agus a bhaineann le comhlíonadh phrionsabal na bainistíochta fónta airgeadais, ach comhlíonadh phrionsabail an smachta reachta.

66      Measann Poblacht na Polainne nach dtagann bunú sásra den sórt sin faoi na cumhachtaí a thugtar do reachtas an Aontais le hAirteagal 322(1)(a) CFAE, cé go bhforáiltear le hAirteagal 4(1) den Rialachán a chonspóidtear go gcaithfidh sárú ar phrionsabail an smachta reachta arna shuí difear a dhéanamh – ar bhealach chomh díreach sin agus gur leor é le difear a dhéanamh nó go bhfuil baol mór ann go ndéanfadh sé difear – do bhainistíocht fhónta airgeadais bhuiséad an Aontais nó do chosaint leasanna airgeadais an Aontais.

67      Sa chéad áit, níorbh fhéidir le reachtas an Aontais, i rialachán arna ghlacadh de bhun Airteagal 322(1)(a) CFAE, an coincheap “smacht reachta” a shainiú ná na heilimintí lena gceadaítear sárú ar na prionsabail a chumhdaítear sa choincheap seo a chinneadh.

68      Ar dtús, díorthaíodh prionsabail an smachta reachta ó thraidisiúin bhunreachtúla agus pholaitiúla na mBallstát agus sonraíodh a n‑inneachar i gcásdlí na gcúirteanna bunreachtúla. Más fíor é go bhfuil critéir áirithe forbartha ag eagraíochtaí idirnáisiúnta, go háirithe An Chomhairle Eorpach, chun comhlíonadh na bprionsabal sin a mheasúnú, bheadh cur chun feidhme na bprionsabal sin teoranta, i ndlí an Aontais, do na spriocanna a shaothraíonn siad a lua. I bhfianaise na ndifríochtaí idir na Ballstáit maidir lena bhféiniúlacht náisiúnta, a gcórais bhunreachtúla agus dlí agus a dtraidisiúin dhlíthiúla, níorbh fhéidir le reachtas an Aontais a shonrú, i gcás phrionsabail uile an smachta reachta, na bealaí inar féidir na cuspóirí a shaothraíonn siad a bhaint amach. Dá réir sin, tá an oibleagáid atá ar na Ballstáit na prionsabail sin a chomhlíonadh teoranta don ghá a n‑inneachar bunriachtanach a ráthú.

69      Ansin, cé go bhfuil an tAontas Eorpach bunaithe ar na luachanna atá in Airteagal 2 CAE, ní shonraítear an t‑inneachar sna Conarthaí agus ní thugtar aon chumhacht do reachtas an Aontais a raon feidhme a shainiú i ngníomhartha reachtaíochta tánaistí, fiú faoi Airteagal 19 CAE. Ní fhorchuirtear leis an bhforáil dheireanach sin aon oibleagáid nithiúil maidir le heagrú an cheartais sna Ballstáit, a thagann faoi inniúlacht eisiach na mBallstát sin.

70      Ar deireadh, agus é ag dul thar na cumhachtaí a thugtar dó le hAirteagal 322(1)(a) CFAE, sainmhíníonn reachtas an Aontais in Airteagal 2(a) den Rialachán a chonspóidtear an coincheap “smacht reachta”, trína raon feidhme a leathnú chuig luachanna eile atá in Airteagal 2 CAE freisin. Ar an gcaoi chéanna, anuas ar chritéir a d’fhéadfadh a bheith “ina léirithe táscacha ar sháruithe ar phrionsabail an smachta reachta” a bheith leagtha amach in Airteagal 3 den Rialachán sin, liostaítear in Airteagal 4(2) den Rialachán sin staideanna nó iompar ag údaráis a gcaithfidh sárú ar phrionsabail an smachta reachta difear a dhéanamh dóibh chun críocha an Rialacháin chéanna, gan sonrú, áfach, ó reachtas an Aontais ar an ngaol idir na forálacha sin agus go bhfuil an liosta sin uileghabhálach, ag féachaint do mhír (h) de.

71      Agus é sin á dhéanamh, thug reachtas an Aontais an chumhacht don Choimisiún agus don Chomhairle freisin a shonrú tuilleadh, agus an Rialachán a chonspóidtear á chur i bhfeidhm, na ceanglais a bhaineann le comhlíonadh an smachta reachta. Ina theannta sin, d’fheidhmeofaí cumhacht den sórt sin ex post, trí staid reatha i mBallstát a mheasúnú, a cheadódh dóibh na ceanglais sin a oiriúnú i leith an tsáraithe a líomhnaítear i gcoinne an Bhallstáit lena mbaineann agus iad a chur i bhfeidhm le héifeacht aisghníomhach sa chás a scrúdaíodh.

72      Sa dara háit, measann Poblacht na Polainne nach bhféadfadh reachtas an Aontais, ar bhonn Airteagal 322(1)(a) CFAE, nós imeachta malartach a bhunú seachas na cinn dá bhforáiltear faoi seach in Airteagal 7 CAE agus in Airteagal 258 CFAE, trí chumhacht a thabhairt don Choimisiún agus don Chomhairle sáruithe ar phrionsabail an smachta reachta ag na Ballstáit a shuí.

73      Go deimhin, ní fhéadfadh ach amháin an Chomhairle Eorpach, de bhun Airteagal 7 CAE, sárú den sórt sin a shuí. Ní fhéadfaí maolú ar chumhacht eisiach na Comhairle Eorpaí ach amháin trí chur i bhfeidhm Airteagal 19(1) CAE, agus maidir leis an oibleagáid dá bhforáiltear ann, sna réimsí a chumhdaítear le dlí an Aontais, cosaint bhreithiúnach éifeachtach a áirithiú, féadfaidh an Chúirt sárú ar an oibleagáid sin a chinneadh in imeachtaí arna dtionscnamh faoi Airteagal 258 CFAE.

74      Bheadh údar maith le cumhacht eisiach na Comhairle Eorpaí, de bhun Airteagal 7 CAE, sáruithe ar phrionsabail an smachta reachta a shuí toisc go bhfuil faireachán ar chomhlíonadh an luacha seo lánroghnach agus go bhféadfadh sé brath ar chúinsí polaitiúla. Mar sin, de réir na gConarthaí, is faoi ionadaithe rialtais na mBallstát a bheadh sé cinntí den sórt sin a dhéanamh agus bheadh siad sin díolmhaithe ó aon athbhreithniú breithiúnach ar na tuillteanais. Go deimhin, in éagmais ceanglais shoiléire, ní bheadh an Chúirt in ann measúnú a dhéanamh ar chomhréireacht thorthaí na Comhairle Eorpaí leis na ceanglais a eascraíonn as an luach sin. Ar an gcúis sin, teorannaítear in Airteagal 269 CFAE an t‑athbhreithniú breithiúnach arna dhéanamh ag an gCúirt do chomhlíonadh na “treoracha nós imeachta” atá sainmhínithe in Airteagal 7 CAE amháin, agus ní féidir baint a bheith ag an athbhreithniú sin le cinneadh na Comhairle Eorpaí gur “sárú tromchúiseach agus leanúnach” é den luach sin ag Ballstát.

75      Dá bhrí sin, éiríonn an cheist an bhféadfadh cinneadh ar fhorfheidhmiú ón gComhairle lena deimhnítear, i gcomhréir leis an Rialachán a chonspóidtear, sárú ag Ballstát ar phrionsabail an smachta reachta a bheith faoi réir athbhreithniú breithiúnach ar na tuillteanais gan difear d’inniúlacht eisiach na Comhairle Eorpaí, de thoradh Airteagal 7 CAE agus Airteagal 269 CFAE, chun measúnú a dhéanamh ar an urraim ag na Ballstáit ar na luachanna atá in Airteagal 2 CAE.

76      Sa tríú háit, tá Poblacht na Polainne den tuairim, trí shásra a bhunú chun pionóis airgeadais a fhorchur ar na Ballstáit, gur sháraigh reachtas an Aontais na cumhachtaí a thugtar dó le hAirteagal 322(1)(a) CFAE.

77      I ndáil leis sin, meabhraíonn Poblacht na Polainne, le tacaíocht ón Ungáir, nach mór, i gcóras dlí an Aontais, do shásra coinníollachta cothrománaí agus earnála maidir le heisíocaíocht cistí ó bhuiséad an Aontais trí cheanglas a chomhlíonadh. Ar dtús, ba cheart a shainiú go beacht na coinníollacha chun cistí de chuid an Aontais a fháil agus na critéir chun comhlíonadh na gcoinníollacha sin a mheasúnú. Ansin, ba cheart “nasc díreach leordhóthanach” a bheith idir na coinníollacha chun na heisíocaíochtaí a fháil faoin sásra agus cuspóir an tsásra, ionas go mbeadh neamhchomhlíonadh an choinníll go díreach ina bhagairt ar chuspóir an mhaoinithe, bainistíocht fhónta airgeadais nó leasanna airgeadais an Aontais. Ar deireadh, ba cheart a chruthú go bhfuil fíornasc idir sárú an choinníll agus cailleadh maoinithe, go háirithe chun críocha measúnú a dhéanamh ar chomhréireacht an bhirt um chosaint bhuiséad an Aontais.

78      Leanann as na ceanglais sin nach bhféadfaí sásra coinníollachta a úsáid chun smachtbhannaí a chur ar sháruithe ar dhlí an Aontais nach mbíonn tionchar díreach acu ar bhaint amach chuspóir an mhaoinithe nó ar úsáid cheart na gcistí.

79      Mar sin, níl an chéad cheanglas comhlíonta sa chás seo. Go deimhin, ní féidir prionsabail an smachta reachta a chumhdach le sásra coinníollachta den sórt sin ós rud é nach sonraítear na prionsabail sin nó na hoibleagáidí nithiúla nach mór do na Ballstáit a urramú i ndáil leis sin sna Conarthaí ná sa reachtaíocht thánaisteach.

80      Thairis sin, níl aon inniúlacht ag an Aontas Eorpach maidir le gnéithe iomadúla den smacht reachta mar atá sainmhínithe in Airteagal 2(a) den Rialachán a chonspóidtear, lena n‑áirítear an ceanglas próiseas reachtach trédhearcach, cuntasach, daonlathach agus iolraíoch a bheith ann. Ina theannta sin, ós rud é go ndéantar Airteagal 3 agus Airteagal 4(2) den Rialachán sin a fhoirmliú i dtéarmaí an-ghinearálta, ní bheadh, chun sárú ar phrionsabail an smachta reachta a shuí, gá ach oiread a léiriú go raibh sárú ar oibleagáidí sonracha ag Ballstát agus bheadh sé faoi réir measúnú lánroghnach. Dá réir sin, ní féidir a chur as an áireamh go bhfuil an measúnú sin ag brath ar chúinsí polaitiúla, go bhfuil sé treallach nó go ndéantar é de shárú ar phrionsabal na córa comhionainne i leith na mBallstát i bhfianaise na gConarthaí.

81      Níl an dara ceanglas comhlíonta ach oiread. Go deimhin, foirmítear na cásanna de shárú ar phrionsabail an smachta reachta ag Ballstát, mar a leagtar amach in Airteagal 3 agus Airteagal 4(2) den Rialachán a chonspóidtear i dtéarmaí ginearálta, tá siad ar liosta nach bhfuil uileghabhálach, agus ní bhunaítear leo aon oibleagáid dhlíthiúil bheacht. Fágann na tréithe éagsúla sin nach bhfuil aon tábhacht leis an oibleagáid “[nasc] chomh díreach sin agus gur leor é” a léiriú idir an sárú a suíodh agus an riosca do bhainistíocht fhónta airgeadais chistí an Aontais. Mar sin, de réir Phoblacht na Polainne, beidh an ceanglas sin, a bheidh ag brath ar an hipitéis arna glacadh, comhlíonta go huathoibríoch nó dodhéanta a léiriú, ina ábhar measúnaithe pholaitiúil agus tabharfaidh sé rogha iomlán don Choimisiún agus don Chomhairle srian a chur ar rochtain na mBallstát ar mhaoiniú an Aontais.

82      Tá an tríú ceanglas maidir le sásra coinníollachta chomh lochtach céanna, ós rud é go mbeadh sé dodhéanta a léiriú, i gcomhthéacs measúnú atá go heisiach polaitiúil, go bhfuil fíornasc ann idir neamhchomhlíonadh an choinníll maidir le maoiniú a fháil, is é sin le rá sárú ar phrionsabail an smachta reachta, agus maoiniú ó bhuiséad an Aontais a chailleadh. Ós rud é nach féidir teorannú an mhaoinithe agus a raon feidhme teacht ach amháin ó mheasúnú polaitiúil, ní fhéadfadh cinneadh na Comhairle a bheith comhréireach agus dhéanfaí neamhaird ar Airteagal 5(3) agus aithris 18 den Rialachán a chonspóidtear leis.

83      Mar mhalairt air sin, i gcás ina measann an Chúirt go raibh an reachtas inniúil ar an Rialachán a chonspóidtear a ghlacadh, measann Poblacht na Polainne, le tacaíocht ón Ungáir, faoin dara pléadáil, gur cheart an Rialachán sin a bheith bunaithe ar an tríú fomhír d’Airteagal 311 CFAE, a bhaineann le córas acmhainní dílse an Aontais, nó ar Airteagal 312(2) CFAE, a bhaineann leis an gcreat airgeadais ilbhliantúil.

84      I dtaca leis sin, tugann an Ballstát sin dá haire go mbeidh feidhm ag an Rialachán sin, go háirithe de réir aithris 7, ní hamháin maidir leis na gealltanais bhuiséadacha go léir arna ndéanamh faoin gcreat airgeadais ilbhliantúil 2021-2027, ach freisin leis na hacmhainní a leithdháiltear le Rialachán 2020/2094 agus le hiasachtaí agus ionstraimí eile a ráthaítear le buiséad an Aontais. Dá bhrí sin, tá dlúthbhaint idir an Rialachán sin agus Cinneadh 2020/2053 agus an creat airgeadais ilbhliantúil 2021‑2027, agus ní le buiséid bhliantúla éagsúla an Aontais.

85      Ós rud é go bhfuil feidhm ag an Rialachán a chonspóidtear le buiséid bhliantúla an Aontais ina dhiaidh sin, ní fhéadfadh ach an tríú fomhír d’Airteagal 311 CFAE nó Airteagal 312(2) CFAE, arb é bunús dlí leis na creataí airgeadais ilbhliantúla, a bheith mar bhunús dlí iomchuí don Rialachán sin.

86      Dá bhrí sin, agus an Rialachán a chonspóidtear á ghlacadh ar bhonn Airteagal 322(1)(a) CFAE tríd an ngnáthnós imeachta reachtach, rinneadh imchéimniú ar na ceanglais nós imeachta a eascraíonn as Airteagail 311 agus 312 CFAE, lena bhforáiltear nósanna imeachta reachtacha speisialta.

87      Faoin gcúigiú pléadáil, maíonn Poblacht na Polainne, le tacaíocht ón Ungáir, go mbunaítear leis an Rialachán a chonspóidtear sásra nua chun faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh phrionsabail an smachta reachta ag na Ballstáit, nach bhforáiltear dó sna Conarthaí agus lena ndéantar imchéimniú ar an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 7 CAE.

88      Go deimhin, tá cuspóir ag an sásra sin, nach sásra coinníollachta é, atá cosúil le cuspóir an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 7 CAE, agus an dara nós imeachta sin agus an nós imeachta dá bhforáiltear leis an Rialachán a chonspóidtear beartaithe chun faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh phrionsabail an smachta reachta ag na Ballstáit agus chun pionóis a fhorchur i gcás nach gcomhlíontar na prionsabail sin. Tá an dá nós imeachta sin neamhspleách ar a chéile freisin, agus níl an sásra a bhunaítear leis an Rialachán sin faoi réir nós imeachta a oscailt faoi Airteagal 7 CAE.

89      Mar sin, ar an gcéad dul síos, cé go bhfuil an Chomhairle Eorpach, ag gníomhú di d’aon toil, inniúil ar chinneadh a dhéanamh go bhfuil sárú ar phrionsabail an smachta reachta ann faoi Airteagal 7(2) CAE, foráiltear leis an Rialachán a chonspóidtear gur faoin gCoimisiún ar dtús é a chinneadh go bhfuil sárú den sórt sin ann, agus is leis an gcinneadh ón gComhairle a fhorchuirfear na bearta a ghlacfar trí thromlach cáilithe agus a léireofar measúnú an Choimisiúin.

90      Ansin, cé go n‑éilítear le hAirteagal 7 CAE go suitear sárú “tromchúiseach agus leanúnach” ar phrionsabail an smachta reachta, ní cheanglaítear leis an Rialachán a chonspóidtear ach go mbeadh sárú simplí ar leith ann, mar is léir ó Airteagal 4(1), arna léamh i bhfianaise aithris 15.

91      Ar deireadh, cuimsítear sa nós imeachta faoi Airteagal 7 CAE dhá chinneadh: baineann an chéad cheann, ón gComhairle Eorpach, le sárú a shuí, agus an dara ceann, ón gComhairle, le smachtbhannaí a ghlacadh, agus, dá bhrí sin, ní léir go bhforchuirfear smachtbhannaí dá gcinnfí sárú. Os a choinne sin, foráiltear sa Rialachán a chonspóidtear go nglacfaidh an Chomhairle cinneadh amháin a bhaineann le sárú agus leis na bearta atá le glacadh chun buiséad an Aontais a chosaint araon.

92      Trí cheanglais nós imeachta a leagan síos nach bhfuil chomh sriantach leis na ceanglais dá bhforáiltear in Airteagal 7 CAE, agus ag an am céanna ag ligean don chuspóir céanna a bhaint amach, baineann an Rialachán a chonspóidtear aon éifeacht úsáideach de.

93      Sonraíonn Poblacht na Polainne, sa chomhthéacs sin, nach bhfuil cinneadh déanta ag an gComhairle Eorpach, faoin nós imeachta arna thionscnamh faoi láthair ina coinne faoi Airteagal 7 CAE, go bhfuil “sárú tromchúiseach leanúnach [...] ar na luachanna dá dtagraítear ag Airteagal 2 [CAE]” ann, ar bhonn mhír 2 den Airteagal sin, agus, dá bhrí sin, nach féidir leis an gComhairle, mar atá sé, smachtbhanna a ghlacadh de bhun mhír 3 den Airteagal sin. Mar sin, is é an cuspóir atá le bunú an tsásra dá bhforáiltear sa Rialachán a chonspóidtear ná imchéimniú a dhéanamh ar an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 7 CAE.

94      In éagmais athbhreithniú ar na Conarthaí faoi Airteagal 48 CAE, is é atá i gceist le sásra a thabhairt isteach chun faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh gealltanas idirnáisiúnta, nach bhfuil aon bhunús leis sna Conarthaí, ná mí-úsáid shuntasach dlí agus sárú ar bhunphrionsabail an dlí idirnáisiúnta, go háirithe prionsabal chomhionannas ceannasach na Stát agus an prionsabal nach gcuirfear isteach ar a ngnóthaí inmheánacha, arna gcódú i gCairt na Náisiún Aontaithe agus i Rún 2625 (XXV) ó Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe an 24 Deireadh Fómhair 1970, dar teideal “Dearbhú Phrionsabail an Dlí Idirnáisiúnta maidir le Caidreamh Cairdiúil agus Comhar idir Stáit de réir Chairt na Náisiún Aontaithe”. De bhua na bprionsabal sin, ní fhéadfadh na nósanna imeachta trína bhféadfaí freagracht na Stát a ghlacadh as sáruithe ar a ngealltanais idirnáisiúnta a dhíorthú ach amháin ó noirm an dlí idirnáisiúnta ar ghlac siad leo faoi shaoirse.

95      Faoin séú pléadáil, líomhnaíonn Poblacht na Polainne, le tacaíocht ón Ungáir, go bhféadfaí, agus neamhaird á tabhairt ar Airteagal 7 CAE agus ar Airteagal 269 CFAE, a iarraidh ar an gCúirt scrúdú a dhéanamh ar thuillteanas na sáruithe ar phrionsabail an smachta reachta arna líomhain ag an gCoimisiún, le linn athbhreithniú breithiúnach ar chinntí na Comhairle arna nglacadh faoin Rialachán a chonspóidtear. Go deimhin, d’fhonn a bheith in ann athbhreithniú den sórt sin a dhéanamh, bheadh ar an gCúirt critéir a fhorbairt maidir le luach an smachta reachta, ar bhonn sainmhíniú ar an luach sin a eascraíonn as reachtaíocht thánaisteach, ar critéir iad a chuirfí i bhfeidhm ina dhiaidh sin i gcomhthéacs nós imeachta arna thionscnamh faoi Airteagal 7 CAE, cé nach bhfuil dlínse ag an gCúirt chun measúnú a dhéanamh ar thuillteanais na ngearán a ardaítear i gcoinne Ballstáit faoin nós imeachta seo.

96      Mar sin féin, tá ról an-sonrach ag Airteagal 7 CAE sa chóras leigheasanna dá bhforáiltear leis na Conarthaí, ós rud é go n‑údaraíonn sé go heisceachtúil d’institiúidí an Aontais faireachán a dhéanamh ar urramú luachanna bunúsacha an Aontais ag na Ballstáit i réimsí a thagann faoi inniúlacht eisiach na mBallstát.

97      Faoin aonú pléadáil déag, líomhnaíonn Poblacht na Polainne, le tacaíocht ón Ungáir, go bhfuil mí-úsáid cumhachtaí ag baint leis an Rialachán a chonspóidtear. Leanann as an gcásdlí go bhfuil mí-úsáid cumhachtaí nó nós imeachta ag baint le gníomh de chuid an Aontais nuair a dhealraíonn sé, ar bhonn fianaise oibiachtúil, ábhartha agus chomhsheasmhach, gur glacadh é agus é mar aidhm eisiach nó, ar a laghad, aidhm chinntitheach aige críocha seachas na cinn a luaitear ann a bhaint amach nó chun nós imeachta dá bhforáiltear go speisialta sa Chonradh a sheachaint.

98      Sa chás seo, is fíor go bhfuil mar chuspóir sonraithe ag an Rialachán a chonspóidtear, mar is léir óna theideal, buiséad an Aontais a chosaint, agus sonraítear ina aithris 7 go bhfuil sé riachtanach, chun an cuspóir sin a bhaint amach, urraim a thabhairt do phrionsabal na bainistíochta fónta airgeadais, lena ndéanfaí toimhdiú ar luachanna an smachta reachta a urramú. Mar an gcéanna, de réir Airteagal 1 dá chuid, leagfadh sé síos na rialacha is gá chun buiséad an Aontais a chosaint i gcás sárú ar phrionsabail an smachta reachta i mBallstát.

99      Mar sin féin, ní fhreagraíonn an cuspóir dearbhaithe sin d’fhíoraidhm an Rialacháin a chonspóidtear. Tugann Poblacht na Polainne le fios, ina leith sin, gur cuireadh in iúl sa togra as ar eascair glacadh an Rialacháin a chonspóidtear gur tugadh “laigí ginearálta” i gcomhardú cumhachtaí Ballstát áirithe chun solais le “roinnt imeachtaí a thit amach le déanaí” agus gur “léirigh siad an chaoi ar féidir le heaspa urraime don smacht reachta a bheith ina ábhar imní tromchúiseach agus comónta laistigh den Aontas Eorpach” agus gur spreag siad sin “institiúidí amhail Parlaimint na hEorpa, chomh maith leis an bpobal i gcoitinne [iarraidh] go soiléir ar an Aontas Eorpach bearta a dhéanamh chun an smacht reachta a chosaint.”

100    Ina theannta sin, áitíonn an Ballstát sin, mar a líomhain sí faoina céad phléadáil cheana féin, nach sásra coinníollachta chun buiséad an Aontais a chosaint é an sásra a bhunaítear leis an Rialachán a chonspóidtear, ach sásra pionósach atá dírithe ar sháruithe ar phrionsabail an smachta reachta a phionósú. Tá tacaíocht leis an gcinneadh sin ó Biuro Analiz Sejmowych Kancelarii Sejmu RP (Oifig Anailíse Pharlaiminteach de Sheansailéireacht an tSeomra Íochtaraigh de Phoblacht na Polainne) agus i dtuarascálacha bliantúla na Cúirte Iniúchóirí, ina dtuairiscítear go bhfuil feabhas ag teacht ar chur chun feidhme bhuiséad an Aontais agus ar bhainistiú airgeadais an Aontais dá réir. Go deimhin, laghdódh céatadán na n‑earráidí, arbh ionann é agus 4.4 % sa bhliain 2014, go 3.8 % agus ansin 3.1 % sna blianta 2015 agus 2016. Mar sin, ní thugann an gá atá le buiséad an Aontais a chosaint údar maith leis an Rialachán a chonspóidtear a ghlacadh.

101    Dá bhrí sin, aontaíonn Poblacht na Polainne leis an tuairim ó Sheirbhís Dlí na Comhairle a chuir sí in iúl i dTuairim Dlí Uimh. 13593/18 maidir leis an sásra dá bhforáiltear sa togra ba chúis le glacadh an Rialacháin a chonspóidtear, arb é sin nach “léirítear […] mar a nasctar an urraim ar an smacht reachta, […] le cur chun feidhme fónta bhuiséad an Aontais agus le leasanna airgeadais an Aontais a chosaint.” Cé go luaitear, in aithrisí áirithe den Rialachán sin, nasc den sórt sin a bheith ann, ní mhínítear an nasc sin, áfach, agus is lú fós a léirítear é.

102    Tá sé le tuiscint ag Poblacht na Polainne as an méid sin nach é fíorchuspóir an togra seo buiséad an Aontais a chosaint ach an smacht reachta a chosaint trí bhíthin bearta a bhaineann le buiséad an Aontais. Ina theannta sin, chuir na parlaimintí náisiúnta agus Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa tuairim chomhchosúil in iúl, agus chuir Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa in iúl gur bhreithnigh sé “an togra atá á bhreithniú níos mó mar ionstraim fhéideartha chun na luachanna uile dá dtagraítear in Airteagal 2 CAE a chosaint trí bhuiséad an Aontais” [aistriúchán neamhoifigiúil]. Déantar an tuairim sin a dhaingniú tuilleadh le haithris 14 den Rialachán a chonspóidtear, lena n‑áirítear an mheicníocht dá bhforáiltear sa Rialachán sin i measc na n‑ionstraimí chun an smacht reachta a chosaint.

103    Ba cheart a mheas, dá bhrí sin, gurb ionann cuspóir an tsásra seo agus cuspóir an “nós imeachta um rialú polaitiúil” dá bhforáiltear in Airteagal 7 CAE. I ndáil leis sin, ós rud é nach bhfuil, in Airteagal 7(3) CAE ná in aon fhoráil eile de na Conarthaí, teorainneacha substainteacha maidir le cearta Ballstáit a fhéadfar a fhionraí i gcás sárú tromchúiseach leanúnach ar na luachanna atá in Airteagal 2 CAE, d’fhéadfadh na bearta chun buiséad an Aontais a chosaint a fhéadfar a fhorchur ar Bhallstát faoi Airteagal 5(1) den Rialachán a chonspóidtear freagairt freisin do na bearta sin a d’fhéadfadh an Chomhairle a ghlacadh faoi Airteagal 7(3) CAE nuair a chinneann sí “cearta áirithe a [chinneann] ó na Conarthaí a chur i bhfeidhm” a chur ar fionraí.

104    Ós rud é go bhféadfaí bearta de chineál na mbeart dá bhforáiltear in Airteagal 5(1) den Rialachán a chonspóidtear a fhorchur fiú roimh theacht i bhfeidhm an Rialacháin sin, de bhun an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 7 CAE, tá sé mícheart a rá, dá bhrí sin, in aithris 14 den Rialachán sin go bhforlíonann an sásra a bhunaítear leis sin na hionstraimí dlí atá ann cheana agus atá beartaithe chun sáruithe ar phrionsabail an smachta reachta a chomhrac.

105    Ina theannta sin, léirítear in Airteagal 7(4) CAE agus an dara fomhír d’Airteagal 7(2) den Rialachán a chonspóidtear, a bhaineann leis na bearta arna nglacadh a mhodhnú agus deireadh a chur leo, gurb é cuspóir na sásraí sin an Ballstát lena mbaineann a spreagadh chun luach an smacht reachta a urramú. Mar sin féin, gan gá ann le cinneadh d’aon toil ón gComhairle Eorpach, leagtar síos leis an Rialachán sin nós imeachta chun smachtbhannaí a ghlacadh atá i bhfad níos lú srianta ná mar a fhoráiltear in Airteagal 7 CAE, rud a bhaineann dá éifeacht úsáideach.

106    I dTuairim an 27 Bealtaine 2014, chuir Seirbhís Dlí na Comhairle in iúl, ar thaobh amháin, go sainmhínítear d’aon ghnó in Airteagal 7 CAE: creat rialaithe beacht, struchtúrtha i gcéimeanna éagsúla; tairseach ardteoiriciúil chun nósanna imeachta a thionscnamh; tromlach treisithe laistigh den Chomhairle agus den Chomhairle Eorpach; chomh maith le sraith ráthaíochtaí nós imeachta don Bhallstát lena mbaineann, lena n‑áirítear an fhéidearthacht go ndéanfadh an Chúirt Bhreithiúnais athbhreithniú breithiúnach ar bhonn teoranta agus, ar an taobh eile, nach soláthraítear leis an Airteagal sin bunús dlí chun an nós imeachta sin a fhorbairt nó a mhodhnú. Athdhearbhaíodh an seasamh sin go sainráite i dTuairim Dlí Uimh. 13593/18, a thugann le fios freisin nach féidir, le reachtaíocht thánaisteach, an nós imeachta sin a mhodhnú ná a fhorlíonadh, agus nach bhféadfaí a éifeacht úsáideach a bhaint de mar thoradh uirthi sin.

107    Dá bhrí sin, mar gheall air go bhfuil an cuspóir, na prionsabail agus na bearta is infheidhme mar an gcéanna, is imchéimniú follasach agus toiliúil ar an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 7 CAE é an sásra a bhunaítear leis an Rialachán a chonspóidtear.

108    Áitíonn Poblacht na Polainne go bhfuil cosúlachtaí idir an cás seo agus an cás as ar tháinig breithiúnas an 17 Nollaig 2020, Openbaar Ministerie (Neamhspleáchas an údaráis bhreithiúnaigh eisiúna) (C‑354/20 PPU agus C‑412/20 PPU, EU:C:2020:1033, míreanna 57 go 60). Meabhraíonn sí go raibh an Chúirt den tuairim, sa bhreithiúnas sin, agus í ag brath ar aithris 10 de Chinneadh Réime 2002/584/CGB ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002 maidir leis an mbarántas gabhála Eorpach agus na nósanna imeachta um thabhairt suas idir Ballstáit (IO 2002 L 190, lch. 1), arna leasú le Cinneadh Réime 2009/299/CGB ón gComhairle an 26 Feabhra 2009 (IO 2009 L 81, lch. 24), nach ionann easnaimh chórasacha nó ghinearálaithe maidir le neamhspleáchas bhreithiúnacht an Bhallstáit ag eisiúint barántas gabhála Eorpach, dá thromchúisí agus a bhí siad, agus údar maith le fionraí i gcleachtas ar chur chun feidhme shásra an bharántais gabhála Eorpaigh i leith an Bhallstáit sin fad nach mbeidh na cinntí dá bhforáiltear in Airteagal 7 CAE glactha ag an gComhairle Eorpach agus ag an gComhairle.

109    Mar sin féin, ní léirítear in aithris 10 ach na hiarmhairtí dlíthiúla a eascraíonn as Airteagal 7 CAE. Dhealródh sé, dá bhrí sin, ón mbreithiúnas a luadh sa mhír roimhe seo nach féidir ach leis an gComhairle, de bhun Airteagal 7(3) CAE, na cearta a thagann ó na Conarthaí a chur ar fionraí i leith Ballstáit mar gheall ar shárú ag an mBallstát sin ar na luachanna atá in Airteagal 2 CAE.

110    Déanann an Pharlaimint agus an Chomhairle, le tacaíocht ó Ríocht na Beilge, ó Ríocht na Danmhairge, ó Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine, ó Éirinn, ó Ríocht na Spáinne, ó Phoblacht na Fraince, ó Ard‑Diúcacht Lucsamburg, ó Ríocht na hÍsiltíre, ó Phoblacht na Fionlainne, ó Ríocht na Sualainne agus ón gCoimisiún, tuillteanas an argóint sin a dhíospóid.

2.      Breithniú na Cúirte

111    Faoina céad, dara, cúigiú, séú agus aonú pléadáil déag, áitíonn Poblacht na Polainne, le tacaíocht ón Ungáir, go bunúsach, ar thaobh amháin, nach féidir Airteagal 322(1)(a) CFAE ná aon fhoráil eile de CFAE a bheith ina bhunús dlí iomchuí chun an Rialachán a chonspóidtear a ghlacadh, go háirithe Airteagal 2 go Airteagal 4 de. Sonraíonn sí mar mhalairt air sin, dá mba rud é go measfadh an Chúirt go raibh reachtas an Aontais inniúil chun an Rialachán a chonspóidtear a ghlacadh, gur cheart é a ghlacadh ar bhonn an tríú fomhír d’Airteagal 311 CFAE nó Airteagal 312(2) CFAE. Cuirtear leis, ar an taobh eile, go ndéantar leis an nós imeachta a thionscnaítear leis an Rialachán sin imchéimniú ar an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 7 CAE, a bhfuil carachtar eisiach aige, mar sin féin, chun na luachanna atá in Airteagal 2 CAE a chosaint, agus go sáraítear leis dlínse teoranta na Cúirte dá bhforáiltear in Airteagal 269 CFAE.

(a)    Bunús dlí an Rialacháin a chonspóidtear

112    Mar réamhphointe, ba cheart a mheabhrú, faoi théarmaí Airteagal 322(1)(a) CFAE, go ndéanfaidh an Pharlaimint agus an Chomhairle, ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach agus tar éis dul i gcomhairle leis an gCúirt Iniúchóirí, trí bhíthin rialachán, “na rialacha airgeadais lena sonrófar go háirithe an gnáthnós imeachta chun an buiséad a bhunú agus a chur chun feidhme agus chun cuntais a thíolacadh agus a iniúchadh”.

113    Tá na rialacha sin beartaithe chun rialú a dhéanamh ar gach gné a bhaineann le cur chun feidhme bhuiséad an Aontais arna cumhdach le Teideal II, dar teideal “Forálacha airgeadais”, de Chuid a Sé de CFAE, a bhaineann le “Forálacha institiúideacha agus airgeadais” agus, dá bhrí sin, ar an gcur chun feidhme sin sa chiall is leithne.

114    Cé go bhfuil Airteagal 322 CFAE i gCaibidil 5, dar teideal “Forálacha coitianta”, de Theideal II, ba cheart a thabhairt faoi deara go bhfuil tagairt don fhoráil sin in Airteagal 310(2) agus (3) CFAE, atá ag tús Theideal II, sa chéad agus dara mír d’Airteagal 315 agus sa chéad agus dara mír d’Airteagal 316 CFAE, atá i gCaibidil 3 den Teideal sin, dar teideal “Buiséad bliantúil an Aontais”, agus in Airteagal 317 CFAE, atá i gCaibidil 4 den Teideal sin, dar teideal “An buiséad a chur chun feidhme agus a urscaoileadh”.

115    Tá baint ag Airteagail 310 agus 315 go 317 CFAE le cur chun feidhme bhuiséad an Aontais.

116    Sonraítear in Airteagal 310 CFAE, i mír 1, nach mór gach ioncam agus caiteachas de chuid an Aontais a áireamh i meastacháin a tharraingeofar suas do gach bliain airgeadais agus a thaispeáint sa bhuiséad, agus foráiltear, i mír 3, go bhfuil gá, chun an caiteachas arna thaispeáint sa bhuiséad a chur chun feidhme, le gníomh de chuid an Aontais atá ceangailteach ó thaobh dlí a ghlacadh roimh ré chun bunús dlí a sholáthar dá ghníomhaíocht agus do chur chun feidhme an chaiteachais chomhfhreagraigh i gcomhréir leis an Rialachán dá dtagraítear in Airteagal 322 CFAE, ach amháin sna cásanna dá bhforáiltear sa dlí sin. Ar deireadh, ceanglaítear le hAirteagal 310, i mír 5, go ndéanfaí an buiséad sin a chur chun feidhme i gcomhréir le prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais agus go gcomhoibreoidh na Ballstáit agus an tAontas chun a áirithiú go n-úsáidfear na leithreasuithe sa bhuiséad i gcomhréir leis an bprionsabal sin.

117    Foráiltear le hAirteagal 315 CFAE, i mír 1, más rud é, i dtosach bliana airgeadais, nach bhfuil an buiséad glactha go cinntitheach fós, go bhféadfar suim nach mó ná an dóú cuid déag de na leithreasuithe buiséid don bhliain airgeadais roimhe sin a chaitheamh gach mí i leith aon chaibidil den bhuiséad, de réir fhorálacha na rialachán a bheidh déanta de bhun Airteagal 322 CFAE, ach nach mbeidh an tsuim sin de bhreis ar an dóú cuid déag de na leithreasuithe dá bhforáiltear sa chaibidil sin sa dréachtbhuiséad. Baineann Airteagal 316 CFAE le leithreasuithe nár úsáideadh ag deireadh na bliana airgeadais a thabhairt ar aghaidh chuig an mbliain airgeadais ina dhiaidh sin.

118    Sonraítear in Airteagal 317 CFAE, go háirithe, go gcuirfidh an Coimisiún an buiséad i ngníomh i gcomhar leis na Ballstáit, i gcomhréir le forálacha na rialachán arna ndéanamh de bhun Airteagal 322 CFAE, ar a fhreagracht féin agus laistigh de theorainneacha na leithreasuithe, i gcomhréir le prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais. Ceanglaítear ar na Ballstáit leis freisin go gcomhoibreoidh siad leis an gCoimisiún chun a áirithiú go n-úsáidfear na leithreasuithe i gcomhréir leis an bprionsabal sin agus sonraítear go leagfar síos sna rialachán arna nglacadh de bhun Airteagal 322 CFAE na hoibleagáidí maidir le rialú agus iniúchóireacht a bheidh ar na Ballstáit i gcur chun feidhme an bhuiséid agus na freagrachtaí a bheidh mar thoradh air sin.

119    Leanann as sin go gcumhdaítear leis na rialacha airgeadais lena leagtar síos “go háirithe an gnáthnós imeachta” chun an buiséad a chur chun feidhme agus cuntais a thíolacadh agus a iniúchadh, de réir bhrí Airteagal 322(1)(a) CFAE arna léamh i bhfianaise na bhforálacha dá dtagraítear i mír 115 den bhreithiúnas, ní hamháin na rialacha lena sainítear an tslí a gcuirtear an caiteachas atá sa bhuiséad sin chun feidhme, ach freisin, go háirithe, na rialacha lena leagtar síos na hoibleagáidí maidir le rialú agus iniúchóireacht atá ar na Ballstáit nuair a chuireann an Coimisiún an buiséad chun feidhme i gcomhar leo, chomh maith leis na freagrachtaí atá ann mar thoradh air sin. Go háirithe, is léir go bhfuil na rialacha airgeadais sin beartaithe, inter alia, lena áirithiú go gcomhlíonfar prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais, lena n‑áirítear ag na Ballstáit, agus buiséad an Aontais á chur chun feidhme.

120    I bhfianaise na mbreithnithe sin thuasluaite, is gá a scrúdú, sa chás seo, an bhféadfadh Airteagal 322(1)(a) CFAE a bheith ina bhunús dlí iomchuí chun an Rialachán a chonspóidtear a ghlacadh.

121    I ndáil leis sin, is cásdlí socair é nach mór an rogha maidir le bunús dlí gnímh de chuid an Aontais a bheith bunaithe ar fhachtóirí oibiachtúla a d’fhéadfadh a bheith faoi réir athbhreithniú breithiúnach, lena n‑áirítear cuspóir agus ábhar an ghnímh sin (breithiúnais an 3 Nollaig 2019, Poblacht na Seice v an Pharlaimint agus an Chomhairle, C‑482/17, EU:C:2019:1035, mír 31; an 8 Nollaig 2020, an Ungáir v an Pharlaimint agus an Chomhairle, C‑620/18, EU:C:2020:1001, mír 38; agus an 8 Nollaig 2020, an Pholainn v an Pharlaimint agus an Chomhairle, C‑626/18, EU:C:2020:1000, mír 43).

122    Ina theannta sin, chun an bunús dlí iomchuí a chinneadh, féadfar an comhthéacs dlí a bhaineann le rialacha nua a chur san áireamh, go háirithe a mhéid is go bhféadfadh an comhthéacs sin solas a chaitheamh ar an gcuspóir atá á shaothrú leis na rialacha sin (breithiúnais an 3 Nollaig 2019, Poblacht na Seice v an Pharlaimint agus an Chomhairle, C‑482/17, EU:C:2019:1035, mír 32; an 8 Nollaig 2020, an Ungáir v an Pharlaimint agus an Chomhairle, C‑620/18, EU:C:2020:1001, mír 39, agus an 8 Nollaig 2020, an Pholainn v an Pharlaimint agus an Chomhairle, C‑626/18, EU:C:2020:1000, mír 44).

123    Sa chás seo, ar an gcéad dul síos, maidir leis an gceist an bhfuil an Rialachán a chonspóidtear, ag féachaint dá chuspóir, in ann teacht faoi réim feidhme an bhunúis dlí d’Airteagal 322(1)(a) CFAE, áitíonn Poblacht na Polainne, le tacaíocht ón Ungáir, go bunúsach, gurb é fíorchuspóir an Rialacháin sin a cheadú, i gcás sáruithe ar phrionsabail an smachta reachta, smachtbhannaí trí bhíthin bhuiséad an Aontais a chur i bhfeidhm, ar cuspóir é sin a eascraíonn, go háirithe, as an dara fomhír d’Airteagal 7(2) den Rialachán sin, as aithris 14 de, ach, chomh maith leis sin, as an bhfhíoras nár léiríodh go bhfuil nasc idir urraim don smacht reachta agus bainistíocht fhónta airgeadais an Aontais, as an meabhrán míniúcháin a ghabhann leis an togra ba shiocair le glacadh an Rialacháin a chonspóidtear agus as staidreamh as a leanann, nuair a glacadh an Rialachán sin, nach raibh aon ghá le buiséad an Aontais a chosaint.

124    I ndáil leis sin, ar dtús, sonraítear in Airteagal 1 den Rialachán a chonspóidtear go mbunaítear leis “na rialacha atá riachtanach chun buiséad an Aontais a chosaint i gcás sáruithe ar phrionsabail an smachta reachta sna Ballstáit”. Is léir, mar sin, ó théarmaí na forála sin gurb é aidhm an Rialacháin sin buiséad an Aontais Eorpaigh a chosaint ar éifeachtaí a d’fhéadfadh a bheith mar thoradh ar sháruithe ar phrionsabail an smachta reachta i mBallstát.

125    Ar an dara dul síos, leanann as léamh ar Airteagal 4(1) agus Airteagal 6(1) den Rialachán a chonspóidtear le chéile nach féidir leis an gCoimisiún an nós imeachta dá bhforáiltear chun “bearta iomchuí” a ghlacadh chun buiséad an Aontais a chosaint a thionscnamh ach amháin nuair a chinneann sé go bhfuil forais réasúnacha ann chun a mheas ní hamháin go raibh sáruithe ar phrionsabail an smachta reachta i mBallstát ach, thar aon rud eile, go ndéanann na sáruithe sin difear — ar bhealach chomh díreach sin agus gur leor é le difear a dhéanamh, nó go bhfuil baol mór ann go ndéanfadh siad difear — do bhainistíocht fhónta airgeadais bhuiséad an Aontais nó do chosaint leasanna airgeadais.

126    Thairis sin, is léir ó Airteagal 5(1) agus (3) den Rialachán sin gurb éard atá sna bearta iomchuí sin, go bunúsach, ná íocaíochtaí a chur ar fionraí; cur chun feidhme gealltanas dlíthiúil a chur ar fionraí; eisíocaíochtaí tráthchodanna a chur ar fionraí; buntáiste eacnamaíoch faoi ionstraim arna ráthú a chur ar fionraí; formheas clár nó gealltanas a chur ar fionraí; gealltanais dlí a fhoirceannadh; toirmisc ar ghealltanais dhlíthiúla agus comhaontuithe nua a dhéanamh; aisíocaíochtaí luatha d’iasachtaí ráthaithe; buntáiste eacnamaíoch faoi ionstraim ráthaithe, gealltanais nó réamh-mhaoiniú a laghdú; agus sprioc-amanna íocaíochta a bhriseadh; ar bearta iad nach mór a bheith comhréireach, i.e. teoranta don mhéid a bhfuil fíorghá leis i bhfianaise thionchair iarbhír nó fhéideartha na sáruithe ar phrionsabail an smachta reachta ar bhainistiú fónta airgeadais bhuiséad an Aontais nó ar leasanna airgeadais an Aontais.

127    Ina theannta sin, i gcomhréir leis an dara fomhír d’Airteagal 7(2) den Rialachán a chonspóidtear, cuirfidh an Coimisiún faoi bhráid na Comhairle togra go ndéanfar na bearta a glacadh a chúlghairm i gcás nach gcomhlíontar na coinníollacha in Airteagal 4 den Rialachán sin a thuilleadh agus, dá bhrí sin, go háirithe i gcás nach bhfuil baol mór ann a thuilleadh go ndéanfar difear do bhainistíocht fhónta airgeadais bhuiséad an Aontais nó do chosaint leasanna airgeadais an Aontais, rud a fhágfaidh, mar sin, mar a luaigh an tAbhcóide Ginearálta Campos Sánchez-Bordona i mír 185 dá Thuairim sa chás an Ungáir v an Pharlaimint agus an Chomhairle (C‑156/21, EU:C:2021:974), nach mór na bearta sin a chúlghairm nuair a thagann deireadh leis an tionchar ar chur chun feidhme an bhuiséid, cé go bhféadfadh go bhfuil na sáruithe ar phrionsabail an smachta reachta a breithníodh fós ann.

128    Na cineálacha beart a d’fhéadfaí a ghlacadh, na critéir a bhaineann le rogha agus raon feidhme na mbeart sin agus na coinníollacha maidir le glacadh agus cúlghairm na mbeart, sa mhéid is go mbaineann siad go léir le difear nó le baol mór go ndéanfar difear do bhainistíocht fhónta airgeadais bhuiséad an Aontais nó do chosaint leasanna airgeadais an Aontais, tacaítear leo leis an gcinneadh go bhfuil an Rialachán a chonspóidtear beartaithe chun buiséad an Aontais a chosaint le linn a chur chun feidhme.

129    Ina theannta sin, is léir ó fhoclaíocht Airteagal 5(2) den Rialachán a chonspóidtear, arna léamh i bhfianaise Airteagal 5(4) agus aithris 19 den Rialachán sin, nach bhfuil sé beartaithe leis an bhforáil sin, mar a áitíonn Poblacht na Polainne, le tacaíocht ón Ungáir, pionós a ghearradh ar Bhallstát mar gheall ar shárú ar phrionsabal de chuid an smachta reachta, ach leasanna dlisteanacha na bhfaighteoirí deiridh agus na dtairbhithe a chosaint nuair a ghlactar bearta iomchuí faoin Rialachán sin i leith Ballstáit. Dá bhrí sin, leagtar amach leis an bhforáil sin iarmhairtí beart den sórt sin maidir le tríú páirtithe. Dá réir sin, níl tacaíocht le fáil san fhoráil sin don éileamh go mbeartaítear leis an Rialachán a chonspóidtear ní buiséad an Aontais a chosaint ach pionós a ghearradh mar gheall ar sháruithe ar an smacht reachta i mBallstát.

130    Ar an tríú dul síos, mar a luaigh an tAbhcóide Ginearálta Campos Sánchez-Bordona i mír 130 dá Thuairim, sa chás an Ungáir v an Pharlaimint agus an Chomhairle (C‑156/21, EU:C:2021:974), tá tacaíocht ar fáil in aithrisí an Rialacháin a chonspóidtear maidir leis an gcuspóir atá á shaothrú ag an Rialachán sin, agus é sin, mar is léir ó Airteagal 1, buiséad an Aontais a chosaint. Sonraítear in aithris 2 agus 7 go 9, go háirithe, gur dhearbhaigh an Chomhairle Eorpach nach mór leasanna airgeadais an Aontais a chosaint i gcomhréir leis na luachanna atá in Airteagal 2 CAE; gur coinníoll bunriachtanach é, aon uair a chuireann na Ballstáit buiséad an Aontais chun feidhme, an smacht reachta a urramú chun prionsabail na bainistíochta fónta airgeadais a chumhdaítear in Airteagal 317 CFAE a chomhlíonadh; nach bhféadfaidh na Ballstáit bainistíocht fhónta airgeadais a áirithiú ach amháin má ghníomhaíonn na húdaráis phoiblí i gcomhréir leis an dlí, má dhéantar sáruithe ar an dlí a leanúint go héifeachtach agus más féidir cinntí treallacha nó mídhleathacha údarás poiblí a bheith faoi réir athbhreithniú breithiúnach éifeachtach; agus go bhfuil gá le neamhspleáchas agus neamhchlaontacht na breithiúnachta agus na seirbhísí imscrúdaithe agus ionchúisimh mar ráthaíocht íosta i gcoinne cinntí treallacha agus mídhleathacha údarás poiblí ar dóigh dóibh dochar a dhéanamh do leasanna airgeadais an Aontais. Sonraítear in aithris 13 den Rialachán sin go bhfuil, dá bhrí sin, sa chomhthéacs seo “gaol soiléir idir an urraim don smacht reachta agus cur chun feidhme éifeachtúil bhuiséad an Aontais i gcomhréir le prionsabail na bainistíochta fónta airgeadais”, agus sonraítear in aithris 15 den Rialachán sin maidir le “[s]áruithe ar phrionsabail an smachta reachta, go háirithe sáruithe lena ndéantar difear d’fheidhmiú cuí údarás poiblí agus d’athbhreithniú breithiúnach éifeachtach, [gur] féidir leo dochar tromchúiseach a dhéanamh do leasanna airgeadais an Aontais”.

131    Maidir le haithris 14 den Rialachán a chonspóidtear, cé go sonraítear ann go “bhforlíonann” an sásra dá bhforáiltear ann na hionstraimí a dhéanann an smacht reachta a chur chun cinn agus a chur i bhfeidhm, sonraítear ann go rannchuidíonn an sásra sin leis an gcur chun cinn sin “trí bhuiséad an Aontais a chosaint ar sháruithe ar phrionsabail an smachta reachta lena ndéantar difear dá bhainistíocht f[h]ónta airgeadais nó do chosaint leasanna airgeadais an Aontais”.

132    Ar an gceathrú dul síos, a mhéid a mhaíonn Poblacht na Polainne, le tacaíocht ón Ungáir, go dtagraítear in aithrisí 7 go 9, 13 agus 15 den Rialachán a chonspóidtear go bhfuil nasc idir urraim don smacht reachta agus bainistíocht fhónta airgeadais bhuiséad an Aontais gan é a léiriú, áfach, ba cheart a thabhairt faoi deara go raibh reachtas an Aontais in ann na cinntí a rinneadh sna haithrisí sin a asbhaint ó na sainmheasúnuithe a bhí ar fáil dó le linn an nós imeachta reachtach, lena n‑áirítear Tuairim Uimh. 1/2018 ón gCúirt Iniúchóirí ar an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Bealtaine 2018 maidir le buiséad an Aontais a chosaint i gcás easnaimh ghinearálaithe i ndáil leis an smacht reachta sna Ballstáit (IO 2018 C 291, lch. 1), a raibh an Rialachán a chonspóidtear mar thoradh air. Is léir ó mhíreanna 10 agus 11 den Tuairim sin gur cheadaigh an institiúid sin “dearcadh an Choimisiúin maidir leis an bhfíric gur dócha go ndéanfadh cinntí treallacha agus mídhleathacha ó údaráis phoiblí atá freagrach as cistí a bhainistiú dochar do leasanna institiúidí airgeadais an Aontais” agus d’aithin sé go bhfuil “neamhspleáchas agus neamhchlaontacht na breithiúnachta riachtanach chun bainistíocht fhónta airgeadais a áirithiú agus chun buiséad an Aontais a chosaint [...], go háirithe a mhéid a bhaineann le feidhmiú ceart dlíthiúil, leis an gcomhrac i gcoinne na calaoise agus le leasanna dlisteanacha eile an Aontais” [aistriúchán neamhoifigiúil].

133    Ar an gcaoi chéanna, i míreanna 1.3 agus 1.4 dá Thuairim an 18 Deireadh Fómhair 2018 maidir leis an togra sin le haghaidh Rialachán (IO 2019 C 62, lch. 173), shonraigh Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa gur “coinníoll bunriachtanach é urramú éifeachtach a dhéanamh ar an smacht reachta chun go mbeidh muinín ag na saoránaigh as an dearbhú go bhfuil caiteachas an Aontais sna Ballstáit cosanta a dhóthain”, go “neartóidh an togra [ba chúis le glacadh an rialacháin seo] cosaint [...] leasanna airgeadais an Aontais” agus go bhféadfadh “bagairt thromchúiseach, leanúnach agus chórasach ar an smacht reachta [...], óna nádúr féin, a bheith ina riosca láithreach do leasanna airgeadais an Aontais”.

134    Ar an gcúigiú dul síos, sa mheabhrán míniúcháin a ghabhann lena thogra as ar eascair glacadh an Rialacháin a chonspóidtear, d’admhaigh an Coimisiún gur cuireadh in iúl gur mian leis idirghabháil an Aontais chun smacht reachta a chosaint agus, dá bhrí sin, bearta a ghlacadh chun a áirithiú go n‑urramófar é. Mar sin féin, sa mheabhrán míniúcháin céanna, thug an Coimisiún údar maith lena thogra faoin ngá atá le “leasanna airgeadais an Aontais Eorpaigh a chosaint ar an riosca go mbeadh caillteanais airgeadais ann arb iad easnaimh ghinearálaithe i ndáil leis an smacht reachta i mBallstát is cúis leo”.

135    Ar an séú dul síos, maidir leis an staidreamh a thaispeánann nach raibh aon ghá oibiachtúil ann buiséad an Aontais a chosaint nuair a glacadh an Rialachán a chonspóidtear, ba cheart a thabhairt faoi deara go mbaineann an staidreamh sin, de réir Phoblacht na Polainne féin, do chéatadán na n‑earráidí a fuarthas sna blianta 2014 go 2016. Mar sin féin, ní hé aidhm an Rialacháin sin na hearráidí a d’fhéadfaí a dhéanamh le linn chur chun feidhme bhuiséad an Aontais a leigheas, ach an dochar agus na rioscaí tromchúiseacha go ndéanfaí dochar don bhuiséad seo nó do chosaint leasanna airgeadais an Aontais a d’fhéadfadh teacht as sáruithe ar phrionsabail an smachta reachta.

136    Ar aon nós, ní leor argóintí Phoblacht na Polainne atá ag iarraidh fíor‑inmholtacht an Rialacháin a chonspóidtear a cheistiú, ar an bhforas nach gcomhlíonann an Rialachán riachtanas oibiachtúil, chun a léiriú gur sháraigh reachtas an Aontais teorainneacha a chumhachtaí

137    I bhfianaise na mbreithnithe sin thuasluaite, ní mór a chinneadh, contrártha lena mhaíonn Poblacht na Polainne, le tacaíocht ón Ungáir, gurb é cuspóir an Rialacháin a chonspóidtear buiséad an Aontais a chosaint ar thionchair a eascraíonn as sáruithe ar phrionsabail an smachta reachta i mBallstát ar bhealach sách díreach, agus ní pionós a ghearradh ar na sáruithe sin.

138    Tá an cuspóir sin comhsheasmhach leis an gceanglas nach mór buiséad an Aontais a chur chun feidhme i gcomhréir le prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais, a leagtar síos, go háirithe, in Airteagal 310(5) CFAE, agus an ceanglas sin infheidhme maidir leis na forálacha uile i dTeideal II de Chuid a Sé de CFAE a bhaineann le cur chun feidhme bhuiséad an Aontais agus, mar sin, le hAirteagal 322(1)(a) CFAE.

139    Sa dara háit, áitíonn Poblacht na Polainne, le tacaíocht ón Ungáir, go bunúsach, nach féidir leis an Rialachán a chonspóidtear teacht, go dlíthiúil, ag féachaint dá ábhar, faoi raon feidhme an bhunúis dlí d’Airteagal 322(1)(a) CFAE, go háirithe maidir le hAirteagail 2 go 4 de. Go deimhin, le hAirteagal 322(1)(a) CFAE ní féidir na luachanna atá in Airteagal 2 CAE a shonrú, ná, mar sin, coincheap an “smachta reachta” a shainiú, an coincheap sin a leathnú chuig luachanna eile in Airteagal 2 CAE, nó sáruithe ar an smacht reachta a aimsiú, is cuma cén nasc atá acu le buiséad an Aontais. Ina theannta sin, ní chuirfí aon inniúlacht ar an Aontas chun gnéithe áirithe de choincheap an “smachta reachta” a rialáil, amhail saintréithe an phróisis reachtaigh. Tugann Poblacht na Polainne le fios go ndéanann an sásra a bhunaítear leis an Rialachán a chonspóidtear eisíocaíochtaí ó bhuiséad an Aontais a chur faoi réir chomhlíonadh phrionsabail an smachta reachta ag na Ballstáit, agus ní faoi réir comhlíonadh oibleagáidí nithiúla maidir le prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais. Ba cheart, áfach, le sásra coinníollachta, na coinníollacha a shainiú go beacht chun na cistí a fháil, agus ba cheart nasc sách díreach a bheith acu sin le cuspóirí an mhaoinithe. Ba cheart an nasc idir sárú de cheann de na coinníollacha sin agus caillteanas an mhaoinithe a chruthú agus ní fhéadfar smachtbhanna a fhorchur ach amháin nuair a shuitear go bhfuil tionchar ag an sárú atá i gceist ar bhaint amach cuspóirí nó ar úsáid cheart cistí. Mar sin féin, foirmítear Airteagail 3 agus 4(2) den Rialachán sin i dtéarmaí an-ghinearálta, gan aon chritéir shonracha a sholáthar chun comhlíonadh an smachta reachta a mheasúnú. Go háirithe, d’fhágfadh Airteagal 4(2)(h) de go bhféadfaí staideanna agus iompar nár sainaithníodh fós a ghlacadh, agus mar sin d’osclófaí bealach do mhionsaothrú ex post ar na critéir atá dírithe ar sháruithe ar phrionsabail an smachta reachta a mheasúnú agus, dá bhrí sin, carachtar sásra pionóis a thabhairt don sásra a bhunaítear leis an Rialachán a chonspóidtear.

140    Maidir leis sin, ar an gcéad dul síos, comhaontaíonn na páirtithe sna himeachtaí go bhféadfadh “sásra coinníollachta”, a chuireann maoiniú a fháil ó bhuiséad an Aontais faoi réir comhlíonadh coinníollacha áirithe, teacht faoi chuimsiú an choincheapa de “rialacha airgeadais” de réir bhrí Airteagal 322(1)(a) CFAE.

141    Cé go measann Poblacht na Polainne, áfach, le tacaíocht ón Ungáir, nach mór dlúthnasc a bheith idir coinníoll den sórt sin agus ceann de na cuspóirí de chlár nó de ghníomhaíocht shonrach de chuid an Aontais nó le bainistíocht fhónta airgeadais bhuiséad an Aontais, measann an Pharlaimint agus an Chomhairle, le tacaíocht ó Ríocht na Beilge, ó Ríocht na Danmhairge, ó Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine, ó Éirinn, ó Ríocht na Spáinne, ó Phoblacht na Fraince, ó Ard‑Diúcacht Lucsamburg, ó Ríocht na hÍsiltíre, ó Phoblacht na Fionlainne, ó Ríocht na Sualainne agus ón gCoimisiún, go bhféadfadh “coinníollacht chothrománach” a bheith i gceist le sásra den sórt sin, sa chiall is go bhféadfadh an coinníoll i dtrácht a bheith nasctha le luach an smachta reachta a leagtar amach in Airteagal 2 CAE, nach mór a urramú i ngach réimse de ghníomhaíocht an Aontais.

142    I ndáil leis sin, ba cheart a mheabhrú go bhfuil an tAontas Eorpach fothaithe, faoi Airteagal 2 CAE, ar luachanna, lena n‑áirítear an smacht reachta, ar luachanna is coiteann do na Ballstáit na luachanna sin, agus, i gcomhréir le hAirteagal 49 CAE, go bhfuil urramú na luachanna sin ina réamhchoinníoll maidir le haontachas leis an Aontas d’aon Stát Eorpach ag cur isteach ar bhallraíocht den Aontas (féach, chuige sin, breithiúnas an 21 Nollaig 2021, Euro Box Promotion agus páirtithe eile, C‑357/19, C‑379/19, C‑547/19, C‑811/19 agus C‑840/19, EU:C:2021:1034, míreanna 160 agus 161 agus an cásdlí dá dtagraítear).

143    Mar a leagtar amach in aithris 5 den Rialachán a chonspóidtear, a luaithe is a thagann Stát is iarrthóir chun bheith ina Bhallstát, bíonn an tír sin rannpháirteach i struchtúr dlí atá bunaithe ar an réamhleagan bunúsach gur comhluachanna ag na Ballstát uile eile na luachanna in Airteagal 2 CAE ar a bhfuil an tAontas fothaithe, agus aithníonn sé go gcomhroinneann siad iad leis. Baineann an réamhleagan sin le saintréithe sonracha agus bunriachtanacha dhlí an Aontais, a bhaineann lena nádúr féin agus a eascraíonn as an neamhspleáchas atá ag an dlí sin i ndáil le dlíthe na mBallstát agus leis an dlí idirnáisiúnta. Leis an réamhleagan sin, tugtar le tuiscint go bhfuil iontaoibh fhrithpháirteach idir na Ballstáit go ndéanfar na comhluachanna sin a aithint agus, dá bhrí sin, go n-urramófar dlí an Aontais lena ndéantar iad a chur chun feidhme, agus tugann an réamhleagan sin bonn cirt leis an méid sin (féach, chuige sin, Tuairim 2/13 (Aontachas an Aontais Eorpaigh le ECHR) an 18 Nollaig 2014 EU:C:2014:2454, míreanna 166 go 168, agus breithiúnais an 27 Feabhra 2018, Associação Sindical dos Juízes Portugueses, C‑64/16, EU:C:2018:117, mír 30, agus an 20 Aibreán 2021, Repubblika, C‑896/19, EU:C:2021:311, mír 62). Soiléirítear san aithris sin freisin gur cheart leanúint de chomhlíonadh na gcomhluachanna ar a bhfuil an tAontas fothaithe le dlíthe agus cleachtais na mBallstát.

144    Dá bhrí sin, is coinníoll é go n-urramódh Ballstát na luachanna a leagtar amach in Airteagal 2 CAE d’fhonn leas a bhaint as na cearta go léir a eascraíonn as cur i bhfeidhm na gConarthaí ar an mBallstát sin (breithiúnais an 20 Aibreán 2021, Repubblika, C‑896/19, EU:C:2021:311, mír 63; an 18 Bealtaine 2021, Asociaţia “Forumul Judecătorilor din România” agus páirtithe eile, C‑83/19, C‑127/19, C‑195/19, C‑291/19, C‑355/19 agus C‑397/19, EU:C:2021:393, mír 162; agus an 21 Nollaig 2021, Euro Box Promotion agus páirtithe eile, C‑357/19, C‑379/19, C‑547/19, C‑811/19 agus C‑840/19, EU:C:2021:1034, mír 162). Ní féidir oibleagáid a dhéanamh den urraim do na luachanna sin, arbh oibleagáid é nach mór Stát is iarrthóir a chomhlíonadh chun aontú don Aontas Eorpach, ach a bhfhéadfadh sé neamhaird a dhéanamh air tar éis a aontachais.

145    Tá na luachanna atá in Airteagal 2 CAE sainaitheanta ag na Ballstáit agus comhroinneann siad iad. Sainmhínítear iontu féiniúlacht an Aontais mar dhlíchóras coiteann. Dá bhrí sin, ní mór don Aontas Eorpach a bheith in ann na luachanna sin a chosaint, laistigh de na teorainneacha dá chumhachtaí a leagtar síos sna Conarthaí.

146    Dá bhrí sin, i gcomhréir le prionsabal na tabhartha cumhachtaí a chumhdaítear in Airteagal 5(2) CAE agus le prionsabal an chomhchuibhis i leith bheartais an Aontais a leagtar síos in Airteagal 7 CFAE, féadfaidh an smacht reachta, comhluach de chuid an Aontais agus na mBallstát atá mar chuid de bhunchlocha an Aontais agus a dhlíchórais, a bheith ina bhunús do shásra coinníollachta a chumhdaítear le coincheap na “rialacha airgeadais” de réir bhrí Airteagal 322(1)(a) CFAE.

147    I ndáil leis sin, ba cheart a thabhairt faoi deara, ar an gcéad dul síos, go bhfuil buiséad an Aontais ar cheann de na príomhionstraimí lena bhféadfar éifeacht phraiticiúil a thabhairt, i mbeartais agus i ngníomhaíochtaí an Aontais, do phrionsabal na dlúthpháirtíochta, atá in Airteagal 2 CAE, ar cheann de phrionsabail bhunúsacha dhlí an Aontais é féin é (féach, de réir analaí, breithiúnas an 15 Iúil 2021, an Ghearmáin v an Pholainn, C‑848/19 P, EU:C:2021:598, mír 38), agus, ar an dara dul síos, go bhfuil cur chun feidhme an phrionsabail sin, trí bhuiséad an Aontais, bunaithe ar iontaoibh fhrithpháirteach idir na Ballstáit as úsáid fhreagrach na n‑acmhainní coiteanna sa bhuiséad. Tá an iontaoibh fhrithpháirteach féin bunaithe, mar a luaitear i mír 143 den bhreithiúnas seo, ar ghealltanas gach Ballstáit a hoibleagáidí faoi dhlí an Aontais a chomhlíonadh agus, mar a luaitear in aithris 5 den Rialachán a chonspóidtear, na luachanna atá in Airteagal 2 CAE, lena n‑áirítear luach an smachta reachta, a urramú go leanúnach.

148    Ina theannta sin, mar a luaitear in aithris 13 den Rialachán a chonspóidtear, tá gaol soiléir idir an urraim do luach an smachta reachta, ar thaobh amháin, agus, ar an taobh eile, cur chun feidhme éifeachtúil bhuiséad an Aontais i gcomhréir le prionsabail na bainistíochta fónta airgeadais agus cosaint leasanna airgeadais an Aontais.

149    Go deimhin, d’fhéadfadh sé go gcuirfí isteach go mór ar an mbainistíocht fhónta airgeadais sin agus na leasanna airgeadais sin mar gheall ar sháruithe ar phrionsabail an smachta reachta i mBallstát, ós rud é go bhféadfadh é a bheith de thoradh ar na sáruithe sin, inter alia, nach bhféadfaí a ráthú go gcomhlíonfadh caiteachas atá cumhdaithe ag buiséad an Aontais na coinníollacha maoinithe go léir a leagtar síos le dlí an Aontais agus, dá bhrí sin, go gcomhlíonfadh sé na cuspóirí atá á saothrú ag an Aontas agus an caiteachas sin á mhaoiniú aige.

150    Go háirithe, ní féidir comhlíonadh na gcoinníollacha agus na gcuspóirí sin, mar eilimintí de dhlí an Aontais, a ráthú go hiomlán in éagmais athbhreithniú breithiúnach éifeachtach atá beartaithe chun comhlíonadh dhlí an Aontais a áirithiú, ach tugtar ar aird go bhfuil athbhreithniú den sórt sin, sna Ballstáit agus ar leibhéal an Aontais araon, ag cúirteanna agus binsí neamhspleácha, ina ghné dhílis de Stát atá faoi rialú ag an smacht reachta (féach, chuige sin, breithiúnas an 21 Nollaig 2021, Euro Box Promotion agus páirtithe eile, C‑357/19, C‑379/19, C‑547/19, C‑811/19 agus C‑840/19, EU:C:2021:1034, míreanna 219 agus 222.

151    Leanann ón méid sin thuasluaite, murab ionann agus a éilíonn Poblacht na Polainne, le tacaíocht ón Ungáir, go bhféadfadh sásra coinníollachta teacht faoi raon feidhme choincheap na “rialacha airgeadais” dá dtagraítear in Airteagal 322(1)(a) CFAE i gcás ina mbunaíonn sí, d’fhonn maoiniú a fháil ó bhuiséad an Aontais, coinníollacht chothrománach, a bhfuil nasc aici le hurraim Bhallstáit do luach an smachta reachta, atá in Airteagal 2 CAE, agus a bhaineann le cur chun feidhme bhuiséad an Aontais.

152    Le hAirteagal 4(1) den Rialachán a chonspóidtear, bunaítear sásra coinníollachta cothrománaí, ós rud é go bhforáiltear leis go ndéanfar bearta iomchuí i gcás ina suitear go ndéanann sáruithe ar phrionsabail an smachta reachta i mBallstát difear — ar bhealach chomh díreach sin agus gur leor é le difear a dhéanamh, nó go bhfuil baol mór ann go ndéanfadh siad difear — do bhainistíocht fhónta airgeadais bhuiséad an Aontais nó do chosaint leasanna airgeadais an Aontais.

153    Leagtar síos go huileghabhálach in Airteagal 5(1) den Rialachán sin na “bearta iomchuí” a d’fhéadfaí a ghlacadh; tá achoimre déanta orthu i mír 126 den bhreithiúnas seo, agus baineann siad go léir le cur chun feidhme bhuiséad an Aontais.

154    Maidir leis an gcoinníoll a leagtar síos in Airteagal 4(1) den Rialachán a chonspóidtear, a bhaineann le “sáruithe ar phrionsabail an smachta reachta”, sonraítear in Airteagal 2(a) den Rialachán sin go bhfuil an coincheap “an smacht reachta” le tuiscint, de réir bhrí an Rialacháin sin, mar “luach an Aontais a chumhdaítear in Airteagal 2 CAE” agus go gcumhdaíonn an coincheap prionsabal na dlíthiúlachta, prionsabal na deimhneachta dlíthiúla, prionsabal an toirmisc ar threallachas na gcumhachtaí feidhmiúcháin, cosaint éifeachtach bhreithiúnach, prionsabal scaradh na gcumhachtaí agus prionsabal an neamh‑idirdhealaithe agus an chomhionannais faoin dlí. Luaitear san fhoráil chéanna, áfach, go dtuigfear coincheap an “smachta reachta”, mar a shainítear é ar mhaithe le cur i bhfeidhm an Rialacháin a chonspóidtear “ag féachaint do luachanna agus prionsabail eile an Aontais a chumhdaítear in Airteagal 2 CAE”. Dá bhrí sin, d’fhéadfadh sé go mbeadh urraim do na luachanna agus na prionsabail sin — a mhéid is gur cuid den sainmhíniú ar luach an “smachta reachta” atá in Airteagal 2 CAE iad nó, mar is léir ón dara habairt den Airteagal sin, go bhfuil nasc láidir acu le sochaí a urramaíonn an smacht reachta — ina ceangal i gcomhthéacs sásra coinníollachta cothrománaí, amhail an sásra a bhunaítear leis an Rialachán a chonspóidtear.

155    Ina theannta sin, is é aidhm Airteagal 3 den Rialachán a chonspóidtear, ina luaitear nithe a d’fhéadfadh a bheith ina léirithe táscacha ar sháruithe ar na prionsabail sin, lena n‑áirítear mainneachtain a áirithiú nach bhfuil coinbhleachtaí leasa ann, cur i bhfeidhm an Rialacháin sin a éascú, mar a luaigh an tAbhcóide Ginearálta Campos Sánchez-Bordona i míreanna 152 agus 280 dá Thuairim sa chás an Ungáir v an Pharlaimint agus an Chomhairle (C‑156/21, EU:C:2021:974).

156    Leanann ó Airteagal 4(2) den Rialachán a chonspóidtear, chun teacht faoin sásra coinníollachta cothrománaí a bhunaítear in Airteagal 4(1), nach mór baint a bheith ag sáruithe ar phrionsabail an smachta reachta le staideanna nó iompar na n‑údarás a liostaítear i bpointí (a) go (h) d’Airteagal 4(2), a mhéid agus a bhaineann siad le bainistíocht fhónta airgeadais bhuiséad an Aontais nó le cosaint leasanna airgeadais an Aontais.

157    Dá bhrí sin, is comhghnéithe iad Airteagal 2(a), Airteagal 3, Airteagal 4(2) agus Airteagal 5(1) den Rialachán a chonspóidtear den sásra coinníollachta cothrománaí a bhunaítear in Airteagal 4(1) den Rialachán sin, ina leagtar amach na sainmhínithe is gá dá chur chun feidhme, ina sonraítear a raon feidhme agus ina leagtar síos na bearta is féidir a bheith ann dá réir. Mar sin, is dlúthchuid den sásra na forálacha sin agus, dá bhrí sin, tagann siad faoi choincheap na “rialacha airgeadais”, de réir bhrí Airteagal 322(1)(a) CFAE.

158    Ar an dara dul síos, ní chuirtear an breithniú sin ó bhail mar gheall ar argóint Phoblacht na Polainne, le tacaíocht ón Ungáir, nár tugadh aon inniúlacht don Aontas rialacha a ghlacadh maidir le gnéithe sonracha de choincheap an “smachta reachta”, ar nós próiseas reachtach atá cuntasach, daonlathach agus trédhearcach.

159    Go deimhin, mar a shonraítear i mír 125 den bhreithiúnas seo, is léir, agus Airteagal 4(1) agus Airteagal 6(1) den Rialachán a chonspóidtear á léamh le chéile, nach féidir leis an gCoimisiún tús a chur leis an nós imeachta a leagtar síos chun “bearta iomchuí” a ghlacadh chun buiséad an Aontais a chosaint ach amháin i gcás ina measann sé go bhfuil forais réasúnacha ann lena mheas ní hamháin go raibh sáruithe ar phrionsabail an smachta reachta ann i mBallstát, ach go ndéanann na sáruithe sin difear — ar bhealach chomh díreach sin agus gur leor é le difear a dhéanamh, nó go bhfuil baol mór ann go ndéanfadh siad difear — do phrionsabail bainistíochta fónta airgeadais bhuiséad an Aontais nó do chosaint leasanna airgeadais an Aontais.

160    Ina theannta sin, mar a luaitear i mír 156 den bhreithiúnas seo, leanann as Airteagal 4(2) den Rialachán a chonspóidtear nach mór, d’fhonn teacht faoin sásra coinníollachta cothrománaí a leagtar amach in Airteagal 4(1), go mbainfeadh sáruithe ar phrionsabail an smachta reachta leis na staideanna nó iompar ag údaráis i bpointí (a) go (h) d’Airteagal 4(2), a mhéid agus a bhaineann siad le bainistíocht fhónta airgeadais bhuiséad an Aontais nó le cosaint leasanna airgeadais an Aontais.

161    Féadfar an ábharthacht sin a thoimhdiú maidir le gníomhaíochtaí na n‑údarás a chuireann buiséad an Aontais chun feidhme agus a dhéanann rialú airgeadais, faireachán agus iniúchtaí, dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) d’Airteagal 4(2). Maidir le seirbhísí imscrúdaithe agus ionchúisimh phoiblí, ní thagraítear, i bpointe (c) den fhoráil sin, dá bhfeidhmiú cuí, ach amháin a mhéid agus a bhaineann sé le sáruithe ar dhlí an Aontais maidir le cur chun feidhme bhuiséad an Aontais nó le cosaint leasanna airgeadais an Aontais. Is amhlaidh atá i gcás sáruithe ar dhlí an Aontais dá dtagraítear i bpointe (e) a chosc agus a smachtbhannú ag cúirteanna náisiúnta nó údaráis riaracháin. Maidir leis an athbhreithniú breithiúnach dá dtagraítear i bpointe (d), ní chumhdaítear é ach a mhéid a bhaineann sé le hiompar na n‑údarás dá dtagraítear i bpointí (a) go (c). Ní bhaineann an gnóthú cistí a íocadh go mícheart, dá bhforáiltear i bpointe (f), ach le cistí a thagann ó bhuiséad an Aontais, rud atá fíor freisin maidir leis an gcomhar le OLAF agus le OIPE, a luaitear i bpointe (g). Ar deireadh, baineann pointe (h) le haon staid nó iompar eile ag údaráis is ábhartha do bhainistíocht fhónta airgeadais bhuiséad an Aontais nó do chosaint leasanna airgeadais an Aontais.

162    Dá bhrí sin, murab ionann agus a éilíonn Poblacht na Polainne, le tacaíocht ón Ungáir, ar an gcéad dul síos, leis an Rialachán a chonspóidtear, ní cheadaítear d’institiúidí an Aontais staideanna sna Ballstáit a scrúdú ach amháin a mhéid is atá siad ábhartha do bhainistíocht fhónta airgeadais bhuiséad an Aontais nó do chosaint leasanna airgeadais an Aontais agus, ar an dara dul síos, ní fhéadfar bearta iomchuí a ghlacadh faoin Rialachán sin ach amháin má tá sárú ann ar cheann de phrionsabail an smachta reachta a dhéanann difear — ar bhealach chomh díreach sin agus gur leor é le difear a dhéanamh, nó go bhfuil baol mór ann go ndéanfadh sé difear —do bhainistíocht fhónta airgeadais nó do chosaint leasanna airgeadais an Aontais sin.

163    Ní hamháin go dtagann na staideanna sin, atá ábhartha maidir le cur chun feidhme bhuiséad an Aontais, faoi raon feidhme dhlí an Aontais, ach d’fhéadfaí freisin, mar a luaitear i mír 151 den bhreithiúnas seo, iad a chumhdach le riail airgeadais, de réir bhrí Airteagal 322(1)(a) CFAE, i bhfoirm sásra coinníollachta cothrománaí atá nasctha le hurraim Bhallstáit do luach an smachta reachta.

164    Ar an tríú dul síos, murab ionann agus a éilíonn Poblacht na Polainne, le tacaíocht ón Ungáir, cé go bhféadfadh sásra coinníollachta cothrománaí a chomhlíonann na critéir a shainaithnítear i mír 151 den bhreithiúnas seo, a bhaineann leis an urraim atá ag Ballstát do luach an smachta reachta atá in Airteagal 2 CAE agus le cur chun feidhme bhuiséad an Aontais, teacht faoi chuimsiú an choincheapa de “rialacha airgeadais lena sonrófar go háirithe an gnáthnós imeachta chun an buiséad [...] a chur chun feidhme”, de réir bhrí Airteagal 322(1) CFAE, ní leathnaítear raon feidhme an choincheapa sin thar a bhfuil riachtanach chun buiséad an Aontais a chur chun feidhme i gceart.

165    Le hAirteagal 4(2) den Rialachán a chonspóidtear, teorannaítear raon feidhme an tsásra coinníollachta arna bhunú leis an Rialachán sin do staideanna agus iompar ag údaráis a bhfuil baint acu le cur chun feidhme bhuiséad an Aontais agus ceanglaítear, le hAirteagal 4(1), go mbeidh glacadh beart iomchuí faoi réir sáruithe a bheith ann ar phrionsabail an smachta reachta a dhéanann difear — ar bhealach chomh díreach sin agus gur leor é le difear a dhéanamh, nó go bhfuil baol mór ann go ndéanfadh siad difear —do bhainistíocht fhónta airgeadais bhuiséad an Aontais nó do chosaint leasanna airgeadais an Aontais. Ceanglaítear leis an gcoinníoll sin, dá bhrí sin, go gcruthófaí fíornasc idir na sáruithe sin agus an difear nó baol mór go ndéanfaí difear den sórt sin.

166    Ní mór a chur in iúl, i ndáil leis sin, go bhfuil cur i bhfeidhm Airteagal 4(1) agus (2) den Rialachán a chonspóidtear faoi réir na gceanglas nós imeachta a shonraítear in Airteagal 6(1) go (9) den Rialachán sin, a bhfuil sé i gceist leo, mar a luaitear in aithris 26 den Rialachán sin, go bhfuil oibleagáid ar an gCoimisiún, agus scrúdú á dhéanamh aige an bhfuil údar maith le bearta iomchuí a ghlacadh, cur chuige fianaisebhunaithe a úsáid agus prionsabail na hoibiachtúlachta, an neamh-idirdhealaithe agus na córa comhionainne i leith na mBallstát i bhfianaise na gConarthaí a urramú.

167    Maidir le, go sonrach, sáruithe ar phrionsabail an smachta reachta a shainaithint agus a mheas, luaitear in aithris 16 den Rialachán a chonspóidtear nach mór don mheasúnú sin a bheith oibiachtúil, neamhchlaonta agus cothrom. Ina theannta sin, tá comhlíonadh na n‑oibleagáidí sin go léir faoi réir athbhreithniú breithiúnach iomlán ag an gCúirt.

168    Ar an gceathrú dul síos, maidir leis na hagóidí nach ndéanann an sásra coinníollachta a bhunaítear leis an Rialachán a chonspóidtear eisíocaíochtaí ó bhuiséad an Aontais faoi réir comhlíonadh oibleagáidí sonracha atá sainithe go beacht ag na Ballstáit, go n‑úsáidtear in Airteagail 3 agus 4(2) den Rialachán sin téarmaí ginearálta nach leagtar síos iontu critéir shonracha chun comhlíonadh an smachta reachta a mheasúnú, agus le hAirteagal 4(2)(h) de go bhféadfaí déileáil le staideanna agus le hiompar nár aithníodh fós, ba chóir a thabhairt faoi deara, ar an gcéad dul síos, go leanann as Airteagal 4(1) den Rialachán sin go dtagraíonn an coinníoll a bhaineann leis an smacht reachta do chomhlíonadh na bprionsabal atá leagtha amach in Airteagal 2(a) den Rialachán céanna.

169    Mar sin féin, is ionann comhlíonadh phrionsabail an smachta reachta agus oibleagáid ar na Ballstáit toradh a ghnóthú, a leanann go díreach, mar atá meabhraithe i míreanna 142 go 145 den bhreithiúnas seo, óna mballraíocht san Aontas. Léiríonn aithris 3 den Rialachán a chonspóidtear go raibh na prionsabail sin ina n-ábhar do chásdlí flúirseach na Cúirte, agus luann aithrisí 8 go 10 agus 12 den Rialachán sin na príomhcheanglais a eascraíonn astu. Sonraítear na prionsabail sin tuilleadh in Airteagal 3 den Rialachán sin, trí chásanna a d’fhéadfadh a bheith ina dtáscaire ar sháruithe orthu a leagan amach, agus in Airteagal 4(2) den Rialachán céanna, trí staideanna agus iompar na n‑údarás ar dóigh dóibh a bheith ina gcúis le bearta iomchuí a ghlacadh a shainaithint, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 4(1).

170    Lena chois sin, ar an gcéad dul síos, ní fhágann nádúr ginearálta na dtéarmaí a úsáidtear in Airteagail 3 agus in 4(2) den Rialachán a chonspóidtear rogha Airteagal 322(1)(a) CFAE mar bhunús dlí an Rialacháin sin a cheistiú.

171    Ar an gcéad dul síos, maidir le hAirteagal 3 den Rialachán a chonspóidtear, gan dochar don cheist an gcomhlíonann na heilimintí chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh phrionsabail an smachta reachta atá leagtha amach san Airteagal sin ceanglais phrionsabal na deimhneachta dlíthiúla, arb é is ábhar don naoú pléadáil é, ní féidir a cheangal ar reachtas an Aontais a shonrú, faoi chuimsiú sásra coinníollachta den sórt sin, na cásanna go léir de shárú ar na prionsabail a chumhdaíonn an smacht reachta, is éard a bheadh i sárú den sórt sin neamhaird ar cheanglais a thuigeann na Ballstáit go nithiúil agus go beacht a dhóthain. Ós rud é, mar a tugadh faoi deara i mír 155 den bhreithiúnas seo, go bhfuil Airteagal 3 teoranta do chásanna a d’fhéadfadh a bheith ina dtáscaire ar sháruithe ar na prionsabail a chumhdaíonn an smacht reachta a lua, chun cur i bhfeidhm an tsásra sin a éascú, tá an tAirteagal sin atá, mar a tugadh faoi deara i mír 157 den bhreithiúnas seo, nasctha go doscartha leis an sásra sin agus, dá bhrí sin, ní údaraítear leis rogha Airteagal 322(1)(a) CFAE mar bhunús dlí an Rialacháin a chonspóidtear a cheistiú.

172    Ar an dara dul síos, maidir le hAirteagal 4(2) den Rialachán a chonspóidtear, mar atá meabhraithe i mír 156 den bhreithiúnas seo, sonraítear leis an bhforáil sin, chun go mbeifear in ann teacht faoin sásra coinníollachta cothrománaí a bhunaítear i mír 1 den Airteagal sin, ní mór baint a bheith ag sáruithe ar phrionsabail an smachta reachta le staideanna nó iompar na n-údarás dá dtagraítear ann, a mhéid agus gur ábhartha iad do bhainistíocht fhónta airgeadais bhuiséad an Aontais nó do chosaint leasanna airgeadais an Aontais.

173    Mar sin féin, contrártha leis an méid a áitíonn Poblacht na Polainne, le tacaíocht ón Ungáir, níl an fhoráil sin, go háirithe mír (h) de, de chineál a fhágann go bhfuil na cásanna a chumhdaítear leis an sásra coinníollachta a bhunaítear leis an Rialachán a chonspóidtear neamh‑uileghabhálach ná neamhbheacht a dhóthain le bheith ina cuid de.

174    Go deimhin, leanann sé ó léamh comhcheangailte ar Airteagail 4(1) agus 4(2)(h) den Rialachán a chonspóidtear go nglacfar bearta iomchuí nuair a shuitear go sáraítear ceann de na prionsabail a luaitear in Airteagal 2(a) den Rialachán sin agus nuair a bhaineann an sárú sin le staid is inchurtha i leith údaráis Ballstáit nó iompar údaráis den sórt sin, a mhéid atá an staid nó an t-iompar sin ábhartha do bhainistíocht fhónta airgeadais bhuiséad an Aontais nó do chosaint a leasanna airgeadais, agus go ndéanann an sárú sin difear ar bhealach chomh díreach sin agus gur leor é le difear a dhéanamh nó go bhfuil baol mór ann go ndéanfadh sé difear do bhainistíocht fhónta airgeadais bhuiséad an Aontais nó do chosaint a leasanna airgeadais.

175    Ina theannta sin, le hAirteagal 4(2) den Rialachán a chonspóidtear, a mhéid a thagraítear ann, i míreanna (a) go (g), d’údaráis áirithe, lena n‑áirítear na húdaráis “a chuireann buiséad an Aontais chun feidhme”, na húdaráis “a dhéanann rialú airgeadais, faireachán agus iniúchtaí” nó “údaráis riaracháin”, cuirtear faisnéis ar fáil maidir leis na húdaráis dá dtagraítear i mír (h).

176    Thairis sin, is féidir a thuiscint ón sainmhíniú ar an gcoincheap “eintiteas rialtais” in Airteagal 2(b) den Rialachán a chonspóidtear go dtagraítear d’údaráis phoiblí ar aon leibhéal rialtais, lena n‑áirítear údaráis náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla, agus do chomhlachtaí arna rialú ag an dlí poiblí, nó fiú comhlachtaí arna rialú ag an dlí príobháideach a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu chomh maith le ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais ón mBallstát. Tacaítear leis an gcinneadh sin le haithrisí 3, 8, 9, 15 agus 19 den Rialachán sin chomh maith le hAirteagal 3(b), ina dtagraítear go heisiach do “údaráis phoiblí” “údaráis forfheidhmithe dlí” agus “údaráis náisiúnta”.

177    Mar sin, ós rud é go leanann sé go haonchiallach ó théarmaí Airteagal 4(2) den Rialachán a chonspóidtear ina dtagraítear go heisiach do staideanna nó d’iompar atá inchurtha i leith údaráis de chuid Ballstáit, a mhéid atá na staideanna nó an t‑iompar sin ábhartha do bhainistíocht fhónta airgeadais bhuiséad an Aontais nó do chosaint leasanna airgeadais an Aontais, ní mór argóint Phoblacht na Polainne, ina líomhnaíonn sí nach féidir léi, ar bhonn na gcritéar sin, ar bhealach nithiúil agus beacht a dhóthain, na staideanna agus an t‑iompar dá dtagraítear a shainaithint agus, dá bhrí sin, nach féidir an fhoráil sin a bheith ina gné a chumhdaíonn an sásra coinníollachta arna bhunú leis an Rialachán a chonspóidtear ar bhonn Airteagal 322(1)(a) CFAE, a dhíbhe.

178    Ar an gcúigiú dul síos, maidir leis an gcáineadh atá dírithe ar an líomhain go bhfuil easpa riachtanais ann chun a léiriú go bhfuil nasc sách díreach ann idir sárú ar phrionsabal an smachta reachta agus cosaint an bhuiséid nó leasanna airgeadais an Aontais, ba cheart a mheabhrú go ndéantar, le hAirteagal 4(2) den Rialachán a chonspóidtear, bearta iomchuí a ghlacadh faoi mhír 1 den Airteagal sin a chur faoi réir sárú ar phrionsabail an smachta reachta a bhaineann le staideanna nó le hiompar na n‑údarás atá ábhartha le bainistíocht fhónta airgeadais bhuiséad an Aontais nó cosaint leasanna airgeadais an Aontais. Thairis sin, i gcomhréir le hAirteagal 4(1) den Rialachán sin, ní thugtar údar chun bearta a ghlacadh faoin Rialachán sin ach le sáruithe ar na prionsabail sin a dhéanann difear “ar bhealach chomh díreach sin agus gur leor é le difear a dhéanamh” don bhainistíocht fhónta airgeadais sin nó do na leasanna airgeadais sin nó le sáruithe a fhágann go bhfuil baol mór ann go ndéanfadh siad difear “ar bhealach chomh díreach sin agus gur leor é le difear a dhéanamh”.

179    Dá réir sin, ceanglaítear le hAirteagal 4(1) agus (2) den Rialachán a chonspóidtear nasc sách díreach a chruthú go córasach idir sárú den sórt sin agus difear nó baol mór go ndéanfar difear don bhainistíocht fhónta sin nó do na leasanna airgeadais sin, agus ní mór don nasc sin, mar a luadh i mír 165 den bhreithiúnas seo, a bheith fíor. Leanann sé freisin ó mhíreanna 168 go 170 den bhreithiúnas seo go mbaineann an nasc sin le neamhaird Bhallstáit ar cheann de na hoibleagáidí maidir le toradh a ghnóthú a thagann faoi luach an smachta reachta atá in Airteagal 2 CAE agus a ghlac sé ina iomláine, dá bhrí sin, trína aontachas leis an Aontas Eorpach.

180    Dá bhrí sin, agus ag cur san áireamh freisin an méid atá leagtha amach i mír 166 den bhreithiúnas seo, tá sé mícheart do Phoblacht na Polainne, le tacaíocht ón Ungáir, a éileamh go bhféadfaí nasc den sórt sin a bhunú go huathoibríoch.

181    Ar an séú dul síos, maidir leis an líomhain go gceadaítear, leis an discréid a thugtar don Choimisiún agus don Chomhairle leis an Rialachán a chonspóidtear, do na hinstitiúidí sin an sásra coinníollachta a bhunaítear leis an Rialachán sin a úsáid mar shásra chun smachtbhannaí a fhorchur ar sháruithe ar phrionsabail an smachta reachta, agus iad bunaithe ar mheasúnuithe de chineál polaitiúil, ní fhéadfadh sé a bheith rathúil ach an oiread.

182    Go deimhin, i bhfianaise na gceanglas atá leagtha amach i míreanna 166 agus 167 den bhreithiúnais seo, ní féidir a thoimhdiú, mar a dhéanann Poblacht na Polainne, go dtabharfadh an discréid a deonaíodh don Chomhairle agus don Choimisiún cead do na hinstitiúidí sin an sásra coinníollachta arna bhunú ag an Rialachán a chonspóidtear a chur i bhfeidhm mar shásra chun smachtbhannaí a fhorchur ar sháruithe ar phrionsabail an smachta reachta.

183    Ar an seachtú dul síos, éilíonn Poblacht na Polainne, le tacaíocht ón Ungáir, go mícheart gur chóir an Rialachán a chonspóidtear a bheith bunaithe ar an tríú fomhír d’Airteagal 311 CFAE maidir leis an gcóras acmhainní dílse, nó ar Airteagal 312(2) CFAE, maidir leis an gcreat airgeadais ilbhliantúil.

184    Go deimhin, ar thaobh amháin, faoi théarmaí an tríú fomhír d’Airteagal 311 CFAE, glacfaidh an Chomhairle “cinneadh lena leagfar síos na forálacha a bhaineann le córas acmhainní dílse an Aontais”, á shonrú go bhféadfaí, “sa chomhthéacs sin […] catagóirí nua acmhainní dílse a bhunú nó catagóir atá ann cheana a dhíothú”.

185    Mar sin féin, mar a d’áitigh an Chomhairle, agus an ceart aici, ní bhunaítear leis an Rialachán a chonspóidtear catagóir nua acmhainní dílse an Aontais agus ní dhíothaítear aon cheann acu. Ina theannta sin, ní rialaítear leis an t‑idirghníomhú idir na cineálacha éagsúla acmhainní dílse agus ní bhunaítear leis rialacha cur chun feidhme maidir le bailiú na n‑acmhainní dílse sin.

186    Más fíor go bhféadfadh baint a bheith ag an Rialachán sin le sáruithe ar phrionsabail an smachta reachta a bhfuil tionchar acu ar bhailiú acmhainní dílse an Aontais chomh maith, fós ní hé an cuspóir atá leis bailiú na n‑acmhainní sin a mhodhnú ná a oiriúnú i bhfianaise na sáruithe a aimsíodh, ach bearta iomchuí a ghlacadh maidir le caiteachas a dhéanfar as buiséad an Aontais nuair a dhéanann na sáruithe sin difear, nó nuair atá baol mór ann go ndéanfadh siad difear, do bhainistíocht fhónta airgeadais bhuiséad an Aontais nó do chosaint leasanna airgeadais an Aontais. Mar sin, ní bhaineann sé le bailiú acmhainní dílse an Aontais ach le cur chun feidhme a bhuiséad.

187    Ar an taobh eile, foráiltear le hAirteagal 312(2) CFAE go nglacfaidh an Chomhairle “rialachán lena mbunófar an creat airgeadais ilbhliantúil”.

188    Mar sin féin, níl mar aidhm ag an Rialachán a chonspóidtear, mar a thug an Chomhairle le fios, agus an ceart aici, caiteachas an Aontais a phleanáil thar thréimhse áirithe trí mhéideanna na n‑uasteorainneacha bliantúla a shocrú le haghaidh leithreasuithe faoi chomhair oibleagáidí agus creidmheasanna íocaíochta. Ina theannta sin, tá an Rialachán sin ceaptha mar shásra coinníollachta buan a bhfuil feidhm aige thar theorainneacha creata airgeadais ilbhliantúil ar leith.

189    I bhfianaise na nithe go léir thuas, ní mór líomhaintí Phoblacht na Polainne, arna dtacú ag an Ungáir, ina líomhnaítear easpa bunús dlí don Rialachán a chonspóidtear, toisc nach mbunaítear leis an Rialachán sin rialacha airgeadais de réir bhrí Airteagal 322(1)(a) CFAE, a dhíbhe.

190    Mar sin féin, is gá fós a fháil amach an é, mar a áitíonn Poblacht na Polainne, le tacaíocht ón Ungáir, go bunúsach, nach féidir le reachtas an Aontais rialacha airgeadais amhail na rialacha dá bhforáiltear sa Rialachán a chonspóidtear a ghlacadh, toisc go ndéantar imchéimniú ar Airteagal 7 CAE agus Airteagal 269 CFAE leo.

(b)    Imchéimniú ar Airteagal 7 CAE agus ar Airteagal 269 CFAE

191    Sa chéad áit, maidir le cineál eisiach an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 7 CAE chun na luachanna atá in Airteagal 2 CAE a chosaint, áitíonn Poblacht na Polainne, le tacaíocht ón Ungáir, go bunúsach, nach bhféadfaidh ach an Chomhairle Eorpach sárú ar phrionsabail an smachta reachta a chinneadh, de bhun Airteagal 7(2) CAE. Is é an institiúid sin amháin a d’fhéadfadh, mar gheall ar a chomhdhéanamh, faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh luach an smachta reachta, rud atá roghnach ina nádúr agus ar dóigh go mbeadh sé ag brath ar chúinsí polaitiúla. Is é an t-aon eisceacht ón gcumhacht eisiach sin atá ag an gComhairle Eorpach ná an oibleagáid atá ar na Ballstáit, a eascraíonn as Airteagal 19(1) CAE, athbhreithniú breithiúnach éifeachtach a áirithiú. Deimhníodh an chumhacht eisiach seo le breithiúnas an 17 Nollaig 2020, Openbaar Ministerie (Neamhspleáchas an údaráis bhreithiúnaigh eisiúna) (C‑354/20 PPU agus C‑412/20 PPU, EU:C:2020:1033, míreanna 57 go 60), trínar chinn an Chúirt, i gcás ina bhfaightear easnaimh chórasacha maidir le neamhspleáchas breithiúnachta Ballstáit, nach féidir ach an Chomhairle sásra an bharántais gabhála Eorpaigh a fhionraí, de bhun Airteagal 7(3) CAE.

192    Ar an gcéad dul síos, ba cheart a mheabhrú i ndáil leis sin go n‑áirítear i luachanna bunaidh an Aontais, ar luachanna is coiteann do na Ballstáit na luachanna sin, atá in Airteagal 2 CAE, na luachanna a bhaineann le meas ar dhínit an duine, ar an tsaoirse, ar an daonlathas, ar an gcomhionannas, ar an smacht reachta agus meas ar chearta an duine, i sochaí arb iad is sainairíonna inti, inter alia, an neamh-idirdhealú, an ceartas, an dlúthpháirtíocht agus an comhionannas idir mná agus fir.

193    Luaitear i mbrollach na Cairte, inter alia, go bhfuil an tAontas bunaithe ar phrionsabail an daonlathais agus an smachta reachta agus aithnítear na cearta, saoirsí agus prionsabail a leagtar amach sa Chairt. Sonraítear in Airteagail 6, 10 go 13, 15, 16, 20, 21 agus 23 den Chairt raon feidhme na luachanna maidir le dínit an duine, saoirse, comhionannas, meas ar chearta an duine, neamh-idirdhealú agus comhionannas idir mná agus fir, atá in Airteagal 2 CAE. Le hAirteagal 47 den Chairt agus le hAirteagal 19 CAE, ráthaítear, inter alia, an ceart chun leighis éifeachtaigh agus an ceart chun trialach córa arna bhunú roimh ré le dlí, i ndáil le cosaint na gceart agus saoirsí a ráthaítear le dlí an Aontais.

194    Thairis sin, sonraítear in Airteagail 8, 10, 19(1), 153(1)(i) agus 157(1) CFAE raon feidhme luachanna an chomhionannais, an neamh‑idirdhealaithe agus an chomhionannais idir mná agus fir agus ceadaítear leo do reachtas an Aontais reachtaíocht thánaisteach a ghlacadh a bhfuil sé d’aidhm aici na luachanna sin a chur chun feidhme.

195    Leanann ón dá mhír roimhe seo, murab ionann agus a éilíonn Poblacht na Polainne, le tacaíocht ón Ungáir, i dteannta an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal 7 CAE, go dtugtar, i roinnt forálacha de na Conarthaí, arna gcur chun feidhme ag gníomhartha éagsúla de reachtaíocht thánaisteach, an inniúlacht d’institiúidí an Aontais sáruithe ar na luachanna atá in Airteagal 2 CAE a rinneadh i mBallstát a scrúdú, a shuíomh agus, i gcás inarb iomchuí, a phionósú.

196    Maidir le luach an smachta reachta, go háirithe, cosnaítear gnéithe áirithe den luach sin faoi Airteagal 19 CAE, mar a aithníonn Poblacht na Polainne. Is amhlaidh atá i gcás Airteagail 47 go 50 den Chairt, atá i dTeideal VI, dar teideal “Ceartas”, agus lena ráthaítear, faoi seach, an ceart chun leighis éifeachtaigh agus trialach córa, toimhde na neamhchiontachta agus an ceart chun cosaint a fháil, prionsabail na dlíthiúlachta agus na comhréireachta i dtaca le cionta coiriúla agus pionóis agus an ceart chun nach ndéanfar duine a thriail ná a phionósú faoi dhó i ngeall ar an gcion coiriúil céanna.

197    Go sonrach, chinn an Chúirt go gceanglaítear ar na Ballstáit, le hAirteagal 19 CAE, lena gcuirtear luach an smachta reachta atá in Airteagal 2 CAE in iúl go nithiúil, i gcomhréir leis an dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE, foráil a dhéanamh maidir le córas leigheasanna agus nósanna imeachta dlí lena n‑áirithítear an ceart chun cosanta dlí éifeachtaí sna réimsí atá folaithe le dlí an Aontais (féach, chuige sin, breithiúnas an 2 Márta 2021, A. B. agus páirtithe eile (Breithiúna a ceapadh chun na Cúirte Uachtaraí – Caingne), C‑824/18, EU:C:2021:153, míreanna 108 agus 109 agus an cásdlí dá dtagraítear). Féadfaidh an Chúirt athbhreithniú a dhéanamh ar chomhlíonadh an cheanglais sin, go háirithe i gcaingean maidir le mainneachtain oibleagáidí a chomhlíonadh arna tabhairt ag an gCoimisiún faoi Airteagal 258 CFAE (féach, chuige sin, breithiúnais an 24 Meitheamh 2019, an Coimisiún v an Pholainn (Neamhspleáchas na Cúirte Uachtaraí), C‑619/18, EU:C:2019:531, míreanna 58 agus 59, agus an 5 Samhain 2019, an Coimisiún v an Pholainn (Neamhspleáchas na nGnáthchúirteanna), C‑192/18, EU:C:2019:924, míreanna 106 agus 107).

198    Chinn an Chúirt freisin go bhforchuirtear leis an dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE, arna léiriú i bhfianaise Airteagal 47 den Chairt, ar na Ballstáit oibleagáid shoiléir agus bheacht maidir leis an toradh atá le baint amach, toradh nach bhfuil faoi réir aon choinníoll maidir leis an neamhspleáchas nach mór a bheith ina shaintréith de na cúirteanna a n‑iarrtar orthu dlí an Aontais a léirmhíniú agus a chur i bhfeidhm, ionas gur faoi chúirt náisiúnta a bheidh sé gan aon fhoráil den dlí náisiúnta a sháraíonn an dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE a chur i bhfeidhm, tar éis di, más gá, léirmhíniú a fháil ar an bhforáil ón gCúirt mar chuid d’iarraidh ar réamhrialú. (féach, chuige sin, breithiúnas an 2 Márta 2021, A. B. agus páirtithe eile (Breithiúna a cheapadh chun na Cúirte Uachtaraí – Caingne), C‑824/18, EU:C:2021:153, míreanna 142 go 146).

199    Leanann mar sin ó na breithnithe a leagtar amach i míreanna 195 go 198 den bhreithiúnas seo nach mór argóint Phoblacht na Polainne nach féidir leis an Aontas luach an smachta reachta a chosaint ach amháin i gcomhthéacs an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 7 CAE a dhiúltú.

200    Ar an dara dul síos, fiú ag glacadh leis go bhféadfadh athbhreithniú, ag ionadaithe na mBallstát sa Chomhairle Eorpach agus sa Chomhairle, ar urramú luach an smachta reachta i gcomhthéacs nós imeachta faoi Airteagal 7 CAE a bheith bunaithe ar thosca polaitiúla, ar aon nós, ní leanann sé go mbeadh aon mheasúnú ar chomhlíonadh an luacha sin faoi fhoráil eile de dhlí an Aontais den chineál céanna, rud a aithníonn Poblacht na Polainne, ina theannta sin, nuair a thagraíonn sí d’Airteagal 19 CAE.

201    Maidir leis an Rialachán a chonspóidtear, áfach, tá sé tugtha faoi deara i míreanna 168, 169 agus 179 den bhreithiúnas seo gur oibleagáid toraidh atá ar na Ballstáit é an oibleagáid na prionsabail a leagtar amach in Airteagal 2(a) de a chomhlíonadh, a leanann go díreach, mar atá tugtha chun cuimhne i míreanna 142 go 145 den bhreithiúnas seo, óna mballraíocht san Aontas Eorpach, de bhua Airteagal 2 CAE. Ina theannta sin, meabhraítear in aithris 3 den Rialachán a chonspóidtear go raibh na prionsabail sin ina n‑ábhar do chásdlí flúirseach na Cúirte, agus léiríonn aithrisí 8 go 10 agus 12, den Rialachán sin na príomhcheanglais a eascraíonn astu agus soiléirítear na prionsabail sin tuilleadh in Airteagal 3 den Rialachán sin, trí na cásanna a d’fhéadfadh a bheith ina dtáscairí ar sháruithe orthu a leagan amach, agus in Airteagal 4(2) den Rialachán céanna freisin, trí staideanna agus iompar ag údarás ar dóigh dóibh a bheith ina gcúis le bearta iomchuí a ghlacadh a shainaithint ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 4(1).

202    Ina theannta sin, tá sé tugtha faoi deara i míreanna 166 agus 167 den bhreithiúnas seo go bhfuil measúnuithe an Choimisiúin agus na Comhairle faoi réir na gceanglas nós imeachta a shonraítear in Airteagal 6(1) go (9) den Rialachán a chonspóidtear.

203    Sna himthosca sin, áfach, níl an ceart ag Poblacht na Polainne agus é á líomhain aici gur de chineál polaitiúil amháin na prionsabail a luaitear in Airteagal 2(a) den Rialachán a chonspóidtear agus nach dócha go ndéanfaí measúnú dlíthiúil amháin ar fhaireachán ar chomhlíonadh na bprionsabal sin.

204    Ar an tríú dul síos, contrártha lena bhfuil á éileamh ag Poblacht na Polainne, níor bunaíodh le breithiúnas an 17 Nollaig 2020, Openbaar Ministerie (Neamhspleáchas an údaráis bhreithiúnaigh eisiúna) (C‑354/20 PPU agus C‑412/20 PPU, EU:C:2020:1033) nádúr eisiach Airteagal 7 CAE ar dhóigh ar bith, ach dírítear leis ar na cásanna a chinneadh ina bhféadfadh easnaimh chórasacha agus ghinearálaithe maidir le neamhspleáchas na breithiúnachta sa Bhallstát a d’eisigh barántas gabhála Eorpach údar a thabhairt le neamhfhorghníomhú an bharánatais sin.

205    Sa dara háit, maidir leis an imchéimniú líomhnaithe leis an Rialachán a chonspóidtear ar an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 7 CAE agus an teorannú ar inniúlachtaí na Cúirte dá bhforáiltear in Airteagal 269 CFAE, maíonn Poblacht na Polainne, le tacaíocht ón Ungáir, go bunúsach, go bhfuil an sásra coinníollachta a bhunaítear leis an Rialachán sin agus an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 7 CAE ag comhtharlú i dtéarmaí cuspóirí, prionsabail agus bearta ar dócha a eascróidh óna gcur chun feidhme. Mar sin féin, leagtar síos leis an Rialachán sin rialacha nós imeachta atá níos solúbtha ná na cinn dá bhforáiltear in Airteagal 7 CAE agus tá raon feidhme níos leithne ag an sásra coinníollachta sin agus d’fhéadfaí é a chur i bhfeidhm níos tapúla ná an nós imeachta dá bhforáiltear san Airteagal sin, agus, mar sin, baineann sé aon éifeacht úsáideach den nós imeachta sin, rud a fhágann go bhfuil imchéimniú soiléir air. Is le hAirteagal 7 CAE amháin a údaraítear don Chomhairle Eorpach agus don Chomhairle faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh an smachta reachta i réimsí a thagann faoi inniúlacht eisiach na mBallstát. Mar gheall air sin, níl samhlacha athbhreithnithe atá leordhóthanach ag an gCúirt chun a chumasú di measúnú a dhéanamh, le linn an athbhreithnithe bhreithiúnaigh ar chinneadh ón gComhairle arna ghlacadh faoin Rialachán a chonspóidtear, ar chomhréireacht gníomhaíochta Ballstáit leis na hoibleagáidí atá air faoi dhlí an Aontais. Thiocfadh an sainmhíniú ar an smacht reachta atá in Airteagal 2(a) den rialachán sin chun bheith ina cheangal go ginearálta mar sin, i gcomhthéacs imeachtaí arna dtionscnamh faoi Airteagal 7 CAE atá dírithe ar shárú ar an luach sin nó baol tromchúiseach go ndéanfaí é a shárú agus in athbhreithniú breithiúnach arna dhéanamh ag an gCúirt ar chinneadh lena bhforchuirtear bearta iomchuí faoin Rialachán sin, de shárú ar Airteagal 269 CFAE.

206    I ndáil leis sin, ar an gcéad dul síos, ba cheart a thabhairt faoi deara nach féidir le reachtas an Aontais, gan Airteagal 7 CAE a shárú, nós imeachta a bhunú atá comhthreomhar leis an nós imeachta a leagtar síos leis an bhforáil sin, lena saothraítear an cuspóir céanna agus lena gceadaítear bearta comhionanna a ghlacadh, agus foráil á déanamh d’idirghabháil ó institiúidí eile nó do choinníollacha substainteacha agus nós imeachta atá éagsúil ó na coinníollacha a leagtar síos leis an bhforáil sin.

207    Mar sin féin, is féidir le reachtas an Aontais, i gcás ina bhfuil bunús dlí aige chun na críche sin, nósanna imeachta eile a bhunú, i reachtaíocht thánaisteach, a bhaineann leis na luachanna atá in Airteagal 2 CAE, lena n‑áirítear an smacht reachta, ar an gcoinníoll go bhfuil difríocht idir na nósanna imeachta sin, ó thaobh cuspóir agus ábhair de, agus an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 7 CAE. (féach, de réir analaí, breithiúnas an 7 Feabhra 1979, an Fhrainc v an Coimisiún, 15/76 agus 16/76, EU:C:1979:29, mír 26; ordú an 11 Iúil 1996, An Taisce agus WWF UK v an Coimisiún, C‑325/94 P, EU:C:1996:293, mír 25; agus breithiúnas an 11 Eanáir 2001, an Ghréig v an Coimisiún, C‑247/98, EU:C:2001:4, mír 13).

208    Sa chás seo, maidir le cuspóirí an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 7 CAE agus an nós imeachta sa Rialachán a chonspóidtear, faoi seach, leanann ó Airteagal 7(2) go (4) CAE go gceadaítear leis an nós imeachta a leagtar síos san Airteagal sin don Chomhairle, inter alia, i gcás ina bhfuil an Chomhairle Eorpach tar éis sáruithe tromchúiseacha leanúnacha de chuid Ballstáit ar na luachanna atá in Airteagal 2 CAE a shuíomh, cearta áirithe a chinneann ó na Conarthaí a chur i bhfeidhm ar an mBallstát sin a fhionraí, lena n‑áirítear cearta vótála ionadaí rialtas an Bhallstáit sin sa Chomhairle, agus gur féidir leis an gComhairle cinneadh a dhéanamh ina dhiaidh sin na bearta a ghlac sí a athrú nó a chúlghairm mar fhreagra ar athruithe sa staid ba bhun leis na bearta sin a fhorchur.

209    Is é cuspóir an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 7 CAE ná a chur ar chumas na Comhairle pionós a ghearradh ar sháruithe tromchúiseacha leanúnacha ar na luachanna in Airteagal 2 CAE, d’fhonn, inter alia, iallach a chur ar an mBallstát lena mbaineann deireadh a chur leis na sáruithe sin.

210    Os a choinne sin, mar is léir ó mhíreanna 124 go 137 den bhreithiúnas seo, leanann ó chineál na mbeart a d’fhéadfaí a ghlacadh faoin Rialachán a chonspóidtear agus ó na coinníollacha maidir leis na bearta sin a ghlacadh agus a chúlghairm gurb é cuspóir an nós imeachta arna bhunú leis an Rialachán sin ná a áirithiú, i gcomhréir le prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais a leagtar síos in Airteagal 310(5) agus sa chéad mhír d’Airteagal 317 CFAE, go ndéanfar buiséad an Aontais a chosaint má sáraítear prionsabail an smachta reachta i mBallstát, agus ní, trí bhuiséad an Aontais, sáruithe ar phrionsabail an smacht reachta a phionósú.

211    Dá bhrí sin, tá an cuspóir a bhaineann leis an nós imeachta dá bhforáiltear leis an Rialachán a chonspóidtear éagsúil ón gcuspóir a bhaineann le hAirteagal 7 CAE.

212    Maidir le hábhar an dá nós imeachta sin, ba cheart a thabhairt faoi deara go mbaineann raon feidhme an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 7 CAE leis na luachanna uile in Airteagal 2 CAE, cé nach mbaineann raon feidhme an nós imeachta arna bhunú leis an Rialachán a chonspóidtear ach le ceann amháin de na luachanna sin, eadhon an smacht reachta.

213    Thairis sin, cumhdaítear le hAirteagal 7 CAE measúnú ar gach sárú tromchúiseach agus leanúnach ar luach atá in Airteagal 2 CAE, cé go n‑údaraítear leis an Rialachán a chonspóidtear scrúdú a dhéanamh ar sháruithe ar phrionsabail an smachta reachta dá dtagraítear in Airteagal 2(a) den Rialachán sin, sa mhéid is go bhfuil forais réasúnacha ann lena mheas go bhfuil impleachtaí buiséadacha acu.

214    Maidir leis na coinníollacha chun an dá nós imeachta a thionscnamh, ba cheart a thabhairt faoi deara go bhféadfar an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 7 CAE a thionscnamh, de réir Airteagal 7(1), i gcás ina bhfuil baol soiléir ann go ndéanfaidh Ballstát sárú tromchúiseach ar na luachanna in Airteagal 2 CAE, agus go bhfuil an ceart tionscnaimh sin ag aon trian de na Ballstáit, ag an bParlaimint nó ag an gCoimisiún, agus gurb é an tairseach ar dtús ná go bhfuil baol soiléir ann de shárú tromchúiseach ar na luachanna sin agus, ansin, maidir le cearta áirithe a chinneann ó na Conarthaí a chur i bhfeidhm ar an mBallstát i gceist a fhionraí faoi Airteagal 7(2) agus (3) CAE, de shárú tromchúiseach agus leanúnach ar na cearta sin ag an mBallstát sin. Ar an taobh eile, is é an Coimisiún amháin a fhéadfaidh tús a chur leis an nós imeachta a bhunaítear leis an Rialachán a chonspóidtear, i gcás ina bhfuil forais réasúnacha ann lena mheas ní hamháin gur tharla sáruithe ar phrionsabail an smachta reachta i mBallstát, ach freisin, agus thar aon rud eile, go ndéanann na sáruithe sin difear — ar bhealach chomh díreach sin agus gur leor é le difear a dhéanamh, nó go bhfuil baol mór ann go ndéanfadh siad difear — do bhainistíocht fhónta airgeadais bhuiséad an Aontais nó do chosaint leasanna airgeadais an Aontais.

215    Thairis sin, is é an t‑aon choinníoll substainteach atá ag teastáil chun bearta a ghlacadh faoi Airteagal 7 CAE ná go suífeadh an Chomhairle Eorpach gurb ann do shárú tromchúiseach leanúnach ag Ballstát ar na luachanna atá in Airteagal 2 CAE. Os a choinne sin, mar a thugtar faoi deara i mír 165 den bhreithiúnas seo, de réir Airteagal 4(1) agus (2) den Rialachán a chonspóidtear, ní fhéadfar bearta a ghlacadh faoin Rialachán sin ach amháin i gcás ina gcomhlíontar dhá choinníoll. Ar an gcéad dul síos, ní mór a shuíomh go mbaineann sárú ar phrionsabail an smachta reachta i mBallstát le ceann amháin ar a laghad de na staideanna nó na cineálacha iompair ag údaráis dá dtagraítear i mír 2, a mhéid is atá siad ábhartha do bhainistíocht fhónta airgeadais bhuiséad an Aontais nó do chosaint leasanna airgeadais an Aontais. Ar an dara dul síos, ní mór a léiriú freisin go ndéanann na sáruithe sin difear —ar bhealach chomh díreach sin agus gur leor é le difear a dhéanamh, nó go bhfuil baol mór ann go ndéanfadh siad difear —don bhainistíocht fhónta airgeadais sin nó do chosaint na leasanna airgeadais sin, ar coinníoll é sin a fhágann nach mór fíornasc a chruthú idir na sáruithe sin agus difear nó baol mór de dhifear den sórt sin.

216    Maidir le cineál na mbeart a fhéadfar a ghlacadh ar bhonn Airteagal 7(3) CAE, is éard atá iontu ná “cearta áirithe a [chinneann] ó na Conarthaí a chur i bhfeidhm ar an mBallstát i gceist a fhionraí, lena n‑áirítear cearta vótála ionadaí rialtas an Bhallstáit sin sa Chomhairle”, agus féadfaidh, dá bhrí sin, baint a bheith acu le haon cheart a chinneann ó na Conarthaí a chur i bhfeidhm ar an mBallstát sin. Os a choinne sin, maidir leis na bearta a fhéadfar a ghlacadh faoin Rialachán a chonspóidtear, tá siad teoranta dóibh siúd atá liostaithe in Airteagal 5(1) den Rialachán sin agus déantar achoimre orthu i mír 126 den bhreithiúnas seo, agus is de chineál buiséadach iad go léir.

217    Ar deireadh, beartaítear le hAirteagal 7 CAE na bearta arna nglacadh a athrú agus a chúlghairm mar fhreagra ar athruithe sa staid ba bhun lena nglacadh amháin. Os a choinne sin, leis an dara agus an tríú fomhír d’Airteagal 7(2) den Rialachán a chonspóidtear, cuirtear cúlghairm agus athrú na mbeart arna nglacadh faoi réir na gcoinníollacha chun na bearta dá dtagraítear in Airteagal 4 den Rialachán sin a ghlacadh. Dá réir sin, féadfar na bearta sin a chúlghairm nó a athrú ní hamháin i gcás ina gcuirtear deireadh le sáruithe ar phrionsabail an smachta reachta sa Bhallstát lena mbaineann, ar a laghad i bpáirt, ach freisin i gcás nach bhfuil tionchar ag na sáruithe sin, cé go bhfuil na sáruithe sin fós ann, ar bhuiséad an Aontais a thuilleadh. D’fhéadfadh gurb amhlaidh a bheadh sé, inter alia: nuair nach mbaineann siad le ceann de na staideanna nó na cineálacha iompair ag údaráis dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal sin a thuilleadh; i gcás nach bhfuil na staideanna nó an t‑iompar sin ábhartha a thuilleadh do bhainistíocht fhónta airgeadais bhuiséad an Aontais nó do chosaint leasanna airgeadais an Aontais; i gcás nach ndéanann an sárú difear don bhainistíocht fhónta airgeadais sin nó do chosaint na leasanna airgeadais sin, nó i gcás nach bhfuil an nasc idir an sárú ar phrionsabal an smachta reachta agus an difear nó an baol mór go ndéanfaí difear díreach go leor a thuilleadh.

218    I bhfianaise na mbreithnithe sin thuasluaite, ní mór a mheas go bhfuil aidhmeanna éagsúla á saothrú leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 7 CAE agus an nós imeachta a bhunaítear leis an Rialachán a chonspóidtear agus gur léir go bhfuil ábhar ar leith acu.

219    Dá bhrí sin, murab ionann agus a éilíonn Poblacht na Polainne, le tacaíocht ón Ungáir, ní féidir a mheas gur bunaíodh leis an Rialachán a chonspóidtear nós imeachta comhthreomhar lena ndéantar imchéimniú ar Airteagal 7 CAE.

220    Ar an dara dul síos, maidir leis an argóint nach n‑údaraíonn ach Airteagal 7 CAE d’institiúidí an Aontais faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh an smachta reachta i réimsí a thagann faoi réim inniúlacht eisiach na mBallstát, tugadh faoi deara i míreanna 162 agus 163 den bhreithiúnas seo, ar dtús, go gceadaítear leis an Rialachán a chonspóidtear d’institiúidí an Aontais staideanna sna Ballstáit a scrúdú ach sin amháin don mhéid is ábhartha do chur chun feidhme bhuiséad an Aontais, i gcomhréir le prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais, nó do chosaint leasanna airgeadais an Aontais agus, ar an dara dul síos, nach bhféadfar bearta iomchuí a ghlacadh faoin Rialachán sin ach amháin i gcás ina shuitear go bhfuil sárú ann ar cheann de phrionsabail an smachta reachta i gceist sna staideanna sin a dhéanann difear – ar bhealach chomh díreach sin agus gur leor é le difear a dhéanamh nó go bhfuil baol mór ann go ndéanfadh sé difear – do bhainistíocht fhónta airgeadais bhuiséad an Aontais nó do chosaint a leasanna airgeadais.

221    Mar sin féin, ós rud é go mbaineann staideanna den sórt sin le cur chun feidhme bhuiséad an Aontais agus go dtagann siad, dá bhrí sin, faoi raon feidhme dhlí an Aontais, ní féidir le Poblacht na Polainne, le tacaíocht ón Ungáir, a éileamh nach gceadófaí ach le hAirteagal 7 CAE d’institiúidí an Aontais iad a scrúdú.

222    Ar an tríú dul síos, maidir leis an argóint nach bhfuil samhlacha athbhreithnithe atá leordhóthanach ann lena ligtear don Chúirt measúnú a dhéanamh, le linn athbhreithniú breithiúnach ar chinneadh ón gComhairle, ar chomhréireacht gníomhaíochta Ballstáit dá oibleagáidí faoi dhlí an Aontais, ní mór an argóint sin a dhíbhe ar na cúiseanna atá leagtha amach i míreanna 201 go 203 den bhreithiúnas seo.

223    Ar an gceathrú dul síos, a mhéid a mhaíonn Poblacht na Polainne, le tacaíocht ón Ungáir, go bhfuil coincheap an “smachta reachta”, mar atá sé sainmhínithe in Airteagal 2(a) den Rialachán a chonspóidtear ina cheangal go ginearálta, i gcomhthéacs nós imeachta faoi Airteagal 7 CAE agus i gcomhthéacs athbhreithniú breithiúnach arna dhéanamh ag an gCúirt ar chinneadh lena bhforchuirtear bearta iomchuí faoin Rialachán sin, de shárú ar Airteagal 269 CFAE, sa chéad áit, leanann sé ó mhíreanna 144 agus 154 den bhreithiúnas seo, gan dochar don cheist i dtaobh an gcomhlíonann an sainmhíniú sin ceanglais phrionsabal na deimhneachta dlíthiúla, arb é ábhar an naoú pléadáil é, tuigtear gurb é coincheap an “smachta reachta” dá dtagraítear in Airteagal 2(a) an luach atá in Airteagal 2 CAE, go bhfuil na prionsabail a shainaithnítear ann ina gcuid dhílis den sainmhíniú ar an luach sin nó go bhfuil dlúthbhaint acu le sochaí a bhfuil meas aici ar an smacht reachta agus go bhfuil na Ballstáit, trína n‑aontachas leis an Aontas Eorpach, tiomanta do na luachanna in Airteagal 2 CAE a urramú agus a chur chun cinn, arb é a n‑urramú coinníoll chun teacht ar na cearta go léir a thagann ó chur i bhfeidhm na gConarthaí ar na Ballstáit.

224    Leanann as sin go bhfuil comhlíonadh phrionsabail an smachta reachta atá luaite in Airteagal 2(a) den Rialachán a chonspóidtear ina cheangal ar na Ballstáit cheana féin, go neamhspleách den Rialachán sin.

225    Ina dhiaidh sin, tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara nach bhfuil Airteagal 269 CFAE, de réir a fhoclaíochta, dírithe ach ar athbhreithniú a dhéanamh ar dhlíthiúlacht gnímh arna ghlacadh ag an gComhairle Eorpach nó ag an gComhairle de bhun Airteagal 7 CAE.

226    Sna himthosca sin, agus i bhfianaise na mbreithnithe i míreanna 218 agus 219 den bhreithiúnas seo, maidir leis an athbhreithniú ar dhlíthiúlacht a fhéadfar a iarraidh ar an gCúirt a dhéanamh, go háirithe i gcaingean le haghaidh neamhniú a thionscnaítear ar bhonn Airteagal 263 CFAE, ar chinntí na Comhairle arna ndéanamh faoi Airteagal 6(10) den Rialachán a chonspóidtear, ní thagann sé faoi raon feidhme Airteagal 269 CFAE agus, dá bhrí sin, níl sé faoi réir na rialacha sonracha atá leagtha síos san Airteagal sin.

227    Dá bhrí sin, ní thugtar aon inniúlacht nua don Chúirt Bhreithiúnais leis an Rialachán a chonspóidtear.

228    Ar deireadh, d’fhéadfaí breithiúnais na Cúirte in achomhairc arna dtionscnamh i gcoinne cinntí ón gComhairle arna nglacadh faoi Airteagal 6(10) den Rialachán sin a chur san áireamh in imeachtaí faoi Airteagal 7 CAE, gan aon imchéimniú ar Airteagal 269 CFAE á dhéanamh lena gcur san áireamh sin, áfach.

229    I bhfianaise na mbreithnithe go léir thuas, ba chóir líomhaintí Phoblacht na Polainne, le tacaíocht ón Ungáir, lena líomhnaítear imchéimniú ar Airteagal 7 CAE agus Airteagal 269 CFAE a dhíbhe toisc iad a bheith gan bhunús, agus, mar sin, ní mór an chéad, an dara, an cúigiú, an séú agus an t-aonú pléadáil déag a dhíbhe toisc iad a bheith gan bhunús.

B.      An tríú pléadáil, lena líomhnaítear sárú ar Phrótacal Uimh. 2

1.      Argóintí na bpáirtithe

230    Mar mhalairt ar an gcéad phléadáil, áitíonn Poblacht na Polainne, le tacaíocht ón Ungáir, gur glacadh an Rialachán a chonspóidtear de shárú ar an oibleagáid dul i gcomhairle a eascraíonn as Prótacal Uimh. 2 maidir le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta a chur i bhfeidhm (“Prótacal Uimh. 2”).

231    Ní cheanglaítear le prionsabal na coimhdeachta, a bhfuil feidhm aige i réimsí nach dtagann faoi réim inniúlacht eisiach an Aontais, ar an Aontas idirghabháil a dhéanamh ach amháin más rud é agus a mhéid nach féidir na cuspóirí atá á saothrú a bhaint amach go sásúil trí ghníomhaíocht na mBallstát. De réir Phrótacal Uimh. 2, tá ar na parlaimintí náisiúnta comhlíonadh phrionsabal na coimhdeachta a áirithiú i gcomhréir leis an nós imeachta dá bhforáiltear sa Phrótacal sin.

232    Mar sin féin, ní thagann cosaint bhuiséad an Aontais faoi inniúlacht eisiach an Aontais, ach laistigh dá inniúlachtaí arna roinnt leis na Ballstáit. Ar thaobh amháin, go deimhin, ní luaitear an chosaint sin in Airteagal 3(1) CFAE agus, ar an taobh eile, leagtar amach in Airteagal 325(1) CFAE oibleagáid chomhchoiteann ar an Aontas agus ar na Ballstáit chun calaois agus aon ghníomhaíocht neamhdhleathach a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais a chomhrac.

233    Bhí an Coimisiún mícheart, dá bhrí sin, a mheas, ina thogra a raibh an Rialachán a chonspóidtear mar thoradh air, go bhfuil cosaint bhuiséad an Aontais ar cheann de na réimsí a thagann faoina inniúlacht eisiach, agus, mar sin, nár chomhlíon an institiúid sin a oibleagáidí faoi Phrótacal Uimh. 2. Go háirithe, níor sheol an institiúid sin an togra sin chuig na parlaimintí náisiúnta sna teangacha oifigiúla go léir den Aontas, contrártha leis na ceanglais sa chéad fhomhír d’Airteagal 6 den Phrótacal sin. Sin amhlaidh, sháraigh an Coimisiún an chéad fhomhír d’Airteagal 7 den Phrótacal sin chomh maith, faoina gcuireann an institiúid sin na tuairimí réasúnaithe a chuireann na parlaimintí náisiúnta ar fáil san áireamh.

234    Measann Poblacht na Polainne, le tacaíocht ón Ungáir, gur cheart déileáil le sáruithe den sórt sin ar an mbealach céanna le cearta na Parlaiminte i nósanna imeachta reachtacha. I ndáil leis sin, tá sé curtha in iúl ag an gCúirt go léiríonn rannpháirtíocht na Parlaiminte sa phróiseas reachtach an bunphrionsabal daonlathach gur chóir do dhaoine páirt a ghlacadh i bhfeidhmiú cumhachta trí thionól ionadaíoch, ionas go mbeadh comhairliúchán rialta leis an bParlaimint sna cásanna dá bhforáiltear in CFAE ina fhoirmiúlacht shubstaintiúil, agus chuirfeadh neamhchomhlíonadh an ghnímh lena mbaineann é ar neamhní. Ós rud é go bhfuil sé d’aidhm ag Prótacal Uimh. 2, de réir a bhrollaigh, a áirithiú go nglacfar cinntí chomh gar agus is féidir do na saoránaigh, ní mór, dá bhrí sin, sa chás seo, an Rialachán a chonspóidtear a chur ar neamhní mar gheall ar shárú ar an oibleagáid dul i gcomhairle leis na parlaimintí náisiúnta dá bhforáiltear ann.

235    Tá údar maith leis an neamhniú sin freisin toisc nach bhfuil an oibleagáid atá leagtha amach sa chéad fhomhír d’Airteagal 4 de Phrótacal Uimh. 2 comhlíonta go hiomlán ag an gCoimisiún, ar dá réir a chaithfidh sé a dhréachtghníomhartha reachtacha mar aon lena dhréachtaí leasaithe a chur chuig na parlaimintí náisiúnta. Ar ndóigh, tharchuir sé a chéad togra le haghaidh rialacháin chuig na parlaimintí sin, ach athraíodh go suntasach é ag céimeanna níos déanaí den nós imeachta reachtach, gan deis a thabhairt do na parlaimintí sin scrúdú nua a dhéanamh air. Mar sin féin, leanann sé ó chásdlí na Cúirte go bhfuil gá le comhairliúchán nua leis an bParlaimint gach uair a chlaonann an téacs a glacadh sa deireadh, arna mheas ina iomláine, ó shubstaint an téacs a ndeachthas i gcomhairle leis an bParlaimint maidir leis cheana féin, agus is foirmiúlacht shubstaintiúil atá sa chomhairliúchán nua sin a fhorordaítear ar phian neamhnithe.

236    Déanann an Pharlaimint agus an Chomhairle, le tacaíocht ó Ríocht na Beilge, ó Ríocht na Danmhairge, ó Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine, ó Éirinn, ó Ríocht na Spáinne, ó Phoblacht na Fraince, ó Ard‑Diúcacht Lucsamburg, ó Ríocht na hÍsiltíre, ó Phoblacht na Fionlainne, ó Ríocht na Sualainne agus ón gCoimisiún, na hargóintí sin a dhíospóid.

2.      Breithniú na Cúirte

237    Leanann as Airteagal 5(3) CAE nach bhfuil feidhm ag forálacha Phrótacal Uimh. 2 a bhaineann le prionsabal na coimhdeachta ach amháin sna “réimsí nach dtig [faoi] inniúlacht eisiach” de chuid an Aontais.

238    Ar an gcéad dul síos, áfach, contrártha leis an méid a mhaíonn Poblacht na Polainne, le tacaíocht ón Ungáir, níl Airteagal 325(1) CFAE ábhartha chun a chinneadh an dtagann an Rialachán a chonspóidtear laistigh de limistéar den sórt sin.

239    Go deimhin, leanann as míreanna 112 go 189 den breithiúnas seo go bhfuil an Rialachán a chonspóidtear bunaithe, go ceart, ar bhunús dlí eile, eadhon Airteagal 322(1)(a) CFAE, ós rud é go bhfuil an Rialachán sin dírithe ar bhuiséad an Aontais a chosaint ar staideanna nó ar iompar atá inchurtha i leith údaráis na mBallstát a eascraíonn as sáruithe ar phrionsabail an smachta reachta agus a dhéanann difear — ar bhealach chomh díreach sin agus gur leor é le difear a dhéanamh nó go bhfuil baol mór ann go ndéanfadh sé difear — do bhainistíocht fhónta airgeadais bhuiséad an Aontais nó do chosaint leasanna airgeadais an Aontais.

240    Ar an dara dul síos, tá sé ceart go sonraítear sa togra le haghaidh rialacháin as ar eascair glacadh an Rialacháin a chonspóidtear, faoin teideal “Coimhdeacht (i gcás inniúlachta neamheisiach)”, “nach bhféadfaí na rialacha airgeadais a rialaíonn buiséad an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 322 CFAE a ghlacadh ar leibhéal na mBallstát”.

241    I dtaca leis sin, mar a thug an tAbhcóide Ginearálta dá aire i míreanna 40 agus 45 dá Thuairim, tagann rialachán amhail an Rialachán a chonspóidtear, ina bhfuil rialacha airgeadais lena leagtar síos na socruithe chun buiséad an Aontais a bhunú agus a chur chun feidhme, de réir bhrí Airteagal 322(1)(a) CFAE, faoi fheidhmiú inniúlachta de chuid an Aontais maidir lena oibriú, nach féidir, óna nádúr, a fheidhmiú ach amháin ag an Aontas féin. Mar sin, níl baint ag prionsabal na coimhdeachta leis.

242    Dá bhrí sin, níl bunús leis an argóint ó Phoblacht na Polainne lena líomhnaítear go ndearna an Coimisiún sárú ar a oibleagáidí nós imeachta faoi fhorálacha Phrótacal Uimh. 2, agus, mar sin, ní mór an tríú pléadáil a dhíbhe.

C.      An ceathrú pléadáil, lena líomhnaítear gur sáraíodh an dara fomhír d’Airteagal 296 CFAE

1.      Argóintí na bpáirtithe

243    Maíonn Poblacht na Polainne, le tacaíocht ón Ungáir, nach gcomhlíontar leis an ráiteas ar na cúiseanna atá leis an Rialachán a chonspóidtear, mar atá le feiceáil sa togra as ar eascair an Rialachán sin, na ceanglais atá leagtha síos sa dara fomhír d’Airteagal 296 CFAE, lena n‑éilítear go mbeadh ráiteas i ngach gníomh de chuid an Aontais ar na cúiseanna ba bhun lena ghlacadh.

244    Mar sin, ní léir ó na cúiseanna a leagtar amach sa togra sin na cúiseanna faoina mbeadh sé riachtanach an Rialachán a chonspóidtear a ghlacadh.

245    Ina theannta sin, cé go dtagraítear sa ráiteas ar na cúiseanna d’Airteagal 322(1)(a) CFAE mar bhunús dlí an Rialacháin sin, ní raibh “míniú nó bonn cirt” leis an rogha sin, contrártha leis na ceanglais atá leagtha síos sa chéad fhomhír de mhír 25 den Chomhaontú Idirinstitiúideach idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (IO 2016 L 123, lch. 1). Dá bhrí sin, ní féidir a fhíorú ar glacadh an Rialachán sin faoi inniúlacht eisiach an Aontais nó faoina inniúlachtaí arna roinnt leis na Ballstáit, arb ionann é agus sárú ar na foirmiúlachtaí bunriachtanacha lena dtugtar údar maith le neamhniú an Rialacháin sin.

246    Déanann an Pharlaimint agus an Chomhairle, le tacaíocht ó Ríocht na Beilge, Ríocht na Danmhairge, Poblacht Chónaidhme na Gearmáine, Éire, Ríocht na Spáinne, Poblacht na Fraince, Ard-Diúcacht Lucsamburg, Ríocht na hÍsiltíre, Poblacht na Fionlainne, Ríocht na Sualainne agus an Coimisiún, na hargóintí sin a dhíospóid.

2.      Breithniú na Cúirte

247    Dheimhnigh Poblacht na Polainne ag an éisteacht go mbaineann an ceathrú pléadáil leis an réasúnaíocht sa togra ba chúis le glacadh an Rialacháin a chonspóidtear agus ní le réasúnaíocht an Rialacháin féin, mar a léirítear ina aithrisí.

248    Mar sin féin, ós rud é go n-iarrtar sa chaingean seo go ndéantar ní an togra sin, ach an Rialachán a chonspóidtear, a neamhniú, níl na hargóintí a chuirtear chun cinn chun tacú leis an bpléadáil sin ábhartha, mar a chuir an Pharlaimint agus an Chomhairle in iúl go cóir agus mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara i mír 58 dá Thuairim.

249    Go deimhin, baineann cásdlí socair na Cúirte, lenar cinneadh go gcaithfidh an ráiteas ar na cúiseanna le gníomh de chuid an Aontais, a cheanglaítear leis an dara fomhír d’Airteagal 296 CFAE, réasúnaíocht an údair i leith an ghnímh lena mbaineann a thaispeáint go soiléir agus gan aon éideimhne, sa chaoi is go mbeeadh a fhios ag páirtithe leasmhara na cúiseanna atá leis an mbeart a glacadh agus go bhféadfadh an Chúirt a rialú a fheidhmiú (breithiúnas an 11 Nollaig 2018, Weiss agus páiritithe eile, C‑493/17, EU:C:2018:1000, mír 31 agus an cásdlí dá dtagraítear), leis an ráiteas ar na cúiseanna atá taobh thiar den ghníomh a bhfuil a dhlíthiúlacht á scrúdú.

250    Cé nach mór, thairis sin, comhlíonadh na hoibleagáide cúiseanna a lua a mheasúnú ag féachaint ní hamháin d’fhoclaíocht an ghnímh, ach dá chomhthéacs agus na rialacha dlí go léir a rialaíonn an t‑ábhar lena mbaineann freisin (breithiúnas an 11 Nollaig 2018, Weiss agus páirtithe eile, C‑493/17, EU:C:2018:1000, mír 33 agus an cásdlí dá dtagraítear), ní féidir leis an gcomhthéacs sin, lena n‑áirítear, go háirithe, an togra le haghaidh an ghnímh lena mbaineann, údar a thabhairt, ann féin agus gan aird ar an réasúnaíocht atá sa ghníomh sin, leis an ngníomh sin a neamhniú.

251    Ar aon nós, fiú ag glacadh leis go mbaineann siad leis an réasúnaíocht atá leagtha amach sa Rialachán a chonspóidtear, ba cheart gearáin Phoblacht na Polainne, mar a dhéantar achoimre orthu i míreanna 244 agus 245 den bhreithiúnas seo, a dhíbhe i bhfianaise na mbreithnithe a leagtar amach go háirithe i míreanna 124, 130, 131, 134, 149, 159, 162, 163 agus 165 den bhreithiúnas seo.

252    Mar sin, ní mór an ceathrú pléadáil a dhíbhe toisc é a bheith neamhéifeachtúil.

D.      An seachtú pléadáil, lena líomhnaítear gur sáraíodh Airteagal 4(1) agus an dara habairt d’Airteagal 4(2), agus Airteagal 5(2) CAE

1.      Argóintí na bpáirtithe

253    Measann Poblacht na Polainne, le tacaíocht ón Ungáir, nach dtugtar le haon fhoráil de na Conarthaí inniúlacht do reachtas an Aontais chun an Rialachán a chonspóidtear a ghlacadh, rud a fhágann gur sháraigh reachtas an Aontais, trína ghlacadh, prionsabal na tabhartha a leagtar amach in Airteagail 4(1) agus 5(2) CAE. Sin amhlaidh, sháraigh sé freisin an oibleagáid, a leagtar síos sa dara habairt d’Airteagal 4(2) CAE, chun feidhmeanna bunriachtanacha na mBallstát a urramú.

254    Baineann na heilimintí ar a mbonn is gá a mheasúnú an bhfuil prionsabail an smachta reachta sáraithe ag na Ballstáit dá dtagraítear in Airteagail 3 agus 4(2) den Rialachán a chonspóidtear le réimsí a thagann faoi inniúlacht eisiach na mBallstát agus atá bunúsach i bhfeidhmiú a bhfeidhmeanna bunriachtanacha, go háirithe na cinn sin atá beartaithe chun sláine chríochach a áirithiú, an t‑ord poiblí a chothabháil agus an tslándáil náisiúnta a choimirciú. Go deimhin, ní hamháin go gcumhdófaí feidhmiú comhlachtaí Stáit, amhail cúirteanna náisiúnta, na húdaráis atá freagrach as conarthaí poiblí a dhámhachtain agus rialú airgeadais chomh maith le seirbhísí imscrúdaithe agus ionchúisimh, ach freisin a n‑eagrú, lena n-áirítear soláthar na n‑acmhainní airgeadais agus daonna is gá chun go bhfeidhmeodh na húdaráis sin i gceart, agus na rialacha nós imeachta is infheidhme a bhaineann leo.

255    Contrártha lena bhfuil á mhaíomh in aithris 7 den Rialachán a chonspóidtear, ní féidir inniúlacht ar bith de chuid reachtas an Aontais ina leith sin a thuiscint ón tábhacht a bhaineann le prionsabail an smachta reachta maidir le hord dlíthiúil an Aontais, go háirithe prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais a thagann faoina réim, a bunaíodh in Airteagal 317 CFAE.

256    Mar sin, ghlac reachtas an Aontais an Rialachán a chonspóidtear i gcomhréir le loighic na héifeachta iarmharta (“spillover effect”), is é sin próiseas a bhfuil ag a dheireadh, mar thoradh ar ghníomhaíocht lena saothraítear cuspóir sonrach, staid nach féidir an cuspóir tosaigh a bhaint amach inti ach amháin trí bhíthin gníomhaíochtaí nua. Sa chás seo, is é atá i gceist leis an éifeacht iarmharta sin ná go bhfuil sé le tuiscint ón gcuspóir dlisteanach maidir le buiséad an Aontais a chosaint go bhfuil gá ann aitheantas a thabhairt d’inniúlacht an Aontais i leith measúnú a dhéanamh ar nósanna imeachta agus ar riachtanais airgeadais agus foirne de sheirbhísí imscrúdaithe agus ionchúisimh na mBallstát, cé nach bhfuil aon bhunús leis an inniúlacht sin sna Conarthaí.

257    Mar sin féin, tá inniúlacht na mBallstát a gcuid seirbhísí imscrúdaithe agus ionchúisimh a eagrú nasctha go doscartha le feidhmeanna bunriachtanacha an Stáit, amhail an t‑ord poiblí a chaomhnú, nach mór don Aontas a urramú, agus an tslándáil náisiúnta, atá, i gcomhréir le hAirteagal 4(2) CAE, ina freagracht ar gach Ballstát faoi leith agus air sin amháin.

258    Ghlac Seirbhís Dlí na Comhairle seasamh comhchosúil, trína a shonrú i dTuairim Dlí Uimh. 13593/18, ar an gcéad dul síos, nach dtugtar le hAirteagal 2 CAE inniúlacht ábhartha don Aontas ach liostaítear ann na luachanna nach mór d’institiúidí an Aontais agus dá Bhallstáit a urramú nuair a ghníomhaíonn siad laistigh de theorainneacha na gcumhachtaí a thugtar don Aontas leis na Conarthaí; ar an dara dul síos, nach bhféadfar sárú ar luachanna an Aontais, lena n‑áirítear an smacht reachta, a agairt in aghaidh Ballstáit ach amháin nuair a ghníomhaíonn an Ballstát sin i réimse a bhfuil inniúlacht ag an Aontas ann; agus, ar deireadh, nach mbeadh urramú an smachta reachta ag na Ballstáit, de réir na gConarthaí, faoi réir caingean nó athbhreithniú ag institiúidí an Aontais, go neamhspleách ar inniúlacht ábhartha shonrach a bheith ann faoina dtitfeadh an chaingean sin, faoi réir an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 7 CAE amháin.

259    Déanann an Pharlaimint agus an Chomhairle, le tacaíocht ó Ríocht na Beilge, Ríocht na Danmhairge, Poblacht Chónaidhme na Gearmáine, Éire, Ríocht na Spáinne, Poblacht na Fraince, Ard-Diúcacht Lucsamburg, Ríocht na hÍsiltíre, Poblacht na Fionlainne agus an Coimisiún, na hargóintí sin a dhíospóid.

2.      Breithniú na Cúirte

260    Faoin seachtú pléadáil, éilíonn Poblacht na Polainne, le tacaíocht ón Ungáir, go ndéanfaidh reachtas an Aontais, tríd an Rialachán a chonspóidtear a ghlacadh agus, ar an gcaoi sin, ar bhonn phrionsabal na bainistíochta fónta airgeadais a bunaíodh in Airteagal 317 CFAE, trí fhaireachán a bhunú ar chomhlíonadh na mBallstát de phrionsabail an smachta reachta i réimsí de ghníomhaíocht cheannasach na mBallstát sin a thagann faoina n‑inniúlacht eisiach agus atá bunúsach chun a chumasú dóibh a bhfeidhmeanna bunriachtanacha a chomhlíonadh, go ndéanfaidh sé an éifeacht úsáideach a bhaint de phrionsabal na tabhartha, atá leagtha amach in Airteagail 4(1) agus 5(2) CAE, agus den oibleagáid dá bhforáiltear sa dara habairt d’Airteagal 4(2) CAE chun feidhmeanna bunriachtanacha na mBallstát a urramú araon.

261    I dtaca leis sin, ar an gcéad dul síos, mar a cinneadh i míreanna 112 go 189 den bhreithiúnas seo, bhí reachtas an Aontais in ann an Rialachán a chonspóidtear a bhunú go bailí ar Airteagal 322(1)(a) CFAE, ionas nach n‑éireoidh le hargóint Phoblacht na Polainne gur thuig reachtas an Aontais, go hearráideach, tríd an Rialachán sin a ghlacadh, a inniúlacht ó phrionsabal na bainistíochta fónta airgeadais a bunaíodh in Airteagal 317 CFAE.

262    Ar an dara dul síos, mar atá sonraithe i míreanna 124 go 138, 152 go 157 agus 208 go 219 den bhreithiúnas seo, is léir ó chuspóir agus ó ábhar an Rialacháin a chonspóidtear, contrártha lena bhfuil á mhaíomh ag Poblacht na Polainne, nach n‑údaraíonn sé don Chomhairle smachtbhannaí a chur i bhfeidhm, ach bearta chun buiséad an Aontais agus a leasanna airgeadais a chosaint.

263    Ar an tríú dul síos, mar atá tugtha faoi deara i míreanna 142 go 145, 168, 169 agus 179 den bhreithiúnas seo, is oibleagáid atá le gnóthú ag na Ballstáit é an oibleagáid na prionsabail a luaitear in Airteagal 2(a) den Rialachán a chonspóidtear a chomhlíonadh, arna ndíorthú go díreach ó na gealltanais a thug siad dá chéile agus don Aontas, agus níl sa Rialachán sin ach cur chun feidhme maidir le gníomhaíocht na n‑údarás náisiúnta a bhaineann le caiteachas a chumhdaítear le buiséad an Aontais.

264    I ndáil leis sin, ba cheart a mheabhrú nach ráiteas de threoirlínte nó rúin de chineál polaitiúil amháin atá in Airteagal 2 CAE, ach go bhfuil luachanna ann a bhaineann, mar a luadh i mír 145 den bhreithiúnas seo, le féiniúlacht an Aontais mar dhlíchóras, luachanna a léirítear go nithiúil i bprionsabail ina bhfuil oibleagáidí atá ceangailteach ó thaobh an dlí de ar na Ballstáit.

265    Cé, mar is léir ó Airteagal 4(2) CAE, go n‑urramaíonn an tAontas Eorpach féiniúlachtaí náisiúnta na mBallstát, ar gné dhílis dá struchtúir bhunúsacha iad, idir pholaitiúil agus bhunreachtúil, sa chaoi is go bhfuil discréid áirithe ag na Ballstáit maidir le cur chun feidhme phrionsabail an smachta reachta a áirithiú, ní chiallaíonn sé sin, ar chaoi ar bith, go bhféadfadh an oibleagáid sin maidir leis an toradh atá le gnóthú a bheith éagsúil ó Bhallstát amháin go Ballstát eile.

266    Cé go bhfuil féiniúlachtaí náisiúnta ar leith acu, ar gné dhílis dá struchtúir bhunúsacha iad, idir pholaitiúil agus bhunreachtúil, a urramaíonn an tAontas Eorpach, cloíonn na Ballstáit leis an gcoincheap den “smacht reachta” atá acu, ar comhluach é dá dtraidisiúin bhunreachtúla féin, agus tá gealltanas tugtha acu é a urramú ar bhonn leanúnach.

267    Ar an gceathrú dul síos, cuireadh argóint Phoblacht na Polainne, le tacaíocht ón Ungáir, go mbaineann measúnú ar shárú ar phrionsabail an smachta reachta ag na Ballstáit le réimsí a thagann faoi inniúlacht eisiach na mBallstát as an áireamh cheana i míreanna 162, 163, 220 agus 221 den bhreithiúnas seo, ar an bhforas nach féidir leis an Rialachán sin ach staideanna agus iompar údarás a bhaineann le cur chun feidhme bhuiséad an Aontais nó le cosaint a leasanna airgeadais a mheasúnú.

268    Ar ndóigh, ní féidir a chur as an áireamh go bhfuil staideanna nó iompar den sórt sin inchurtha i leith údaráis a mheasann Ballstát a bheith rannpháirteach ina ghníomhaíocht cheannasach i réimsí atá bunúsach chun a fheidhmeanna riachtanacha a fheidhmiú. Is fíor an méid sin fós, nuair a dhéanann staid nó iompar den sórt sin difear nó nuair atá baol mór ann go ndéanfadh sé difear do bhainistíocht fhónta airgeadais bhuiséad an Aontais nó do chosaint a leasanna airgeadais, ní féidir an tAontas a cháineadh as na modhanna is gá a chur chun feidhme, agus a chéannacht á cosaint, lena n‑áirítear na luachanna atá in Airteagal 2 CAE, chun an bhainistíocht fhónta airgeadais sin nó na leasanna airgeadais sin a chosaint trí bhearta iomchuí a ghlacadh a bhaineann, i gcomhréir le hAirteagal 5(1) den Rialachán a chonspóidtear, go heisiach le cur chun feidhme bhuiséad an Aontais.

269    Tá sé tábhachtach a thabhairt chun cuimhne ina leith sin, de réir cásdlí socair, cé go bhfuil na Ballstáit saor chun a gcumhachtaí a fheidhmiú sna réimsí uile a fhorchoimeádtar dóibh, is fíor fós go gceanglaítear orthu iad a fheidhmiú i gcomhréir le dlí an Aontais, de bhrí nach féidir leo iad féin a shaoradh ó na hoibleagáidí atá orthu arna n-eascairt as an dlí sin (féach, chuige sin, breithiúnais an 27 Samhain 2012, Pringle, C‑370/12, EU:C:2012:756, mír 69 agus an cásdlí dá dtagraítear; an 19 Meán Fómhair 2017, an Coimisiún v Éire (Cáin chláraithe), C‑552/15, EU:C:2017:698, míreanna 71 agus 86; an 20 Aibreán 2021, Repubblika, C-896/19, EU:C:2021:311, mír 48 agus an cásdlí dá dtagraítear; agus an 15 Iúil 2021, an Coimisiún v an Pholainn (Réimeas araíonachta do bhreithiúna), C‑791/19, EU:C:2021:596, mír 56 agus an cásdlí dá dtagraítear).

270    Ina theannta sin, trína cheangal ar na Ballstáit na hoibleagáidí atá orthu arna n-eascairt as dlí an Aontais a chomhlíonadh mar sin, ní mhaíonn an tAontas ar aon bhealach go bhfeidhmíonn sé na hinniúlachtaí sin é féin nó, dá bhrí sin, go n-aistríonn sé chuige féin iad (féach, chuige sin, breithiúnas an 24 Meitheamh 2019, an Coimisiún v an Pholainn (Neamhspleáchas na Cúirte Uachtaraí), C‑619/18, EU:C:2019:531, mír 52).

271    I bhfianaise na mbreithnithe sin, ba chóir a mheas go bhfuil éilimh Phoblacht na Polainne ina líomhnaítear sárú ar phrionsabal na tabhartha agus ar an oibleagáid chun feidhmeanna bunriachtanacha na mBallstát a urramú go hiomlán gan bhunús.

272    Dá bhrí sin, ní mór an seachtú pléadáil a dhíbhe toisc é a bheith gan bhunús.

E.      An tochtú pléadáil, lena líomhnaítear sárú ar phrionsabal na córa comhionainne i leith na mBallstát i bhfianaise na gConarthaí agus easpa urraime dá bhféiniúlacht náisiúnta, dá bhforáiltear sa chéad abairt d’Airteagal 4(2) CAE

1.      Argóintí na bpáirtithe

273    Measann Poblacht na Polainne, le tacaíocht ón Ungáir, go mbeidh cur i bhfeidhm an Rialacháin a chonspóidtear de thionscnamh sáruithe ar an gcéad abairt d’Airteagal 4(2) CAE, ar dá réir a urramaíonn an tAontas chóir chomhionann na mBallstát i bhfianaise na gConarthaí chomh maith lena bhféiniúlacht náisiúnta, atá ina cuid dhílis dá struchtúir bhunúsacha, idir pholaitiúil agus bhunreachtúil.

274    Ar an gcéad dul síos, de réir aithris 16 den Rialachán a chonspóidtear, chun sáruithe ar phrionsabail an smachta reachta a aithint, ceanglaítear ar an gCoimisiún measúnú cáilíochtúil críochnúil a dhéanamh bunaithe ar fhaisnéis ábhartha ó na foinsí atá ar fáil agus ó institiúidí aitheanta, lena n‑áirítear conclúidí agus moltaí Choimisiún na Veinéise. Chuir Coimisiún na Veinéise in iúl, áfach, ina thuarascáil ar cheapacháin bhreithiúnacha, arna glacadh ag an 70ú seisiún iomlánach a bhí aige, gur ghá idirdhealú a dhéanamh idir Stáit ar cuid de na “seandaonlathais” iad agus na Stáit ar “daonlathais nua” iad, idirdhealú a d’fhéadfadh riosca tromchúiseach a chruthú go ndéileálfadh an Coimisiún ar bhealach éagsúil leis na Ballstáit faoin Rialachán sin.

275    Tugann Poblacht na Polainne, le tacaíocht ón Ungáir, le fios freisin gur cháin an Chúirt Iniúchóirí, i dTuairim Uimh. 1/2018 maidir leis an togra le haghaidh rialacháin as ar tháinig an Rialachán a chonspóidtear, an fhíric nach leagtar síos sa togra sin aon chritéar beacht maidir leis, go háirithe, na coinníollacha lena gcuirtear tús leis an nós imeachta agus rogha agus raon feidhme na mbeart a bheidh le glacadh, agus ní fhéadfaí a áirithiú go gcuirfear forálacha ábhartha an Rialacháin sin i bhfeidhm go comhsheasmhach agus, dá bhrí sin, go ráthófaí cóir chomhionann na mBallstát i bhfianaise na gConarthaí.

276    Ar an dara dul síos, áitíonn Poblacht na Polainne, le tacaíocht ón Ungáir, gur chuir suiteáil sásra pionóis sa Rialachán a chonspóidtear iallach ar reachtas an Aontais nós imeachta a roghnú chun buiséad an Aontais a chosaint lena sáraítear go díreach prionsabal na córa comhionainne i leith na mBallstát i bhfianaise na gConarthaí. Is léir ó Airteagal 6(10) agus (11) den Rialachán sin go ndéanfaidh an Chomhairle cinntí maidir leis na bearta sin a ghlacadh trí thromlach cáilithe mar a shainmhínítear é in Airteagal 16(4) CAE, a thugann le tuiscint go mbeadh rannpháirtíocht an Bhallstáit i gceist.

277    Mar sin féin, dá nglacfaí bearta pionósacha den sórt sin trí thromlach cáilithe, le rannpháirtíocht an Bhallstáit i gceist, bheadh idirdhealú díreach i gcoinne Ballstáit bheaga agus mheánmhéide mar thoradh air, toisc go n‑éilíonn an tromlach sin vóta cúig Bhallstát déag ar a laghad; arb ionann é agus 65 % de dhaonra an Aontais ar a laghad. Bheadh buntáiste mar sin ag na Ballstáit mhóra, a sheasann d’ardchéatadán de dhaonra an Aontais, le linn vótaí maidir le bearta a ghlacadh chun buiséad an Aontais a chosaint, go háirithe na cinn a bhaineann go díreach leosan, i gcomparáid le Ballstáit bheaga agus mheánmhéide, a sheasann do chéatadán íseal de dhaonra an Aontais. Cé nach féidir comhghaol den sórt sin a chonspóid maidir le glacadh gníomhartha reachtacha a mbeidh éifeacht acu sna Ballstáit go léir, bheadh scéal eile ann le bearta pionósacha atá ceaptha chun éifeachtaí a dhéanamh maidir le Ballstát aonair, amhail na cinn a d’fhéadfaí a ghlacadh faoin Rialachán a chonspóidtear.

278    Ina theannta sin, le forálacha na gConarthaí lena n‑údaraítear d’institiúidí an Aontais pionóis a ghearradh ar na Ballstáit, déantar a eisiamh go córasach ón vóta na Ballstáit sin ar a bhfuil an togra le haghaidh gníomh lena ngearrtar pionóis dírithe. Go háirithe, bheadh sé sin amhlaidh maidir le hAirteagal 126 CFAE, a bhaineann leis an easnamh poiblí iomarcach, agus le hAirteagal 7 CAE agus le hAirteagal 354 CFAE, maidir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 7.

279    Déanann an Pharlaimint agus an Chomhairle, le tacaíocht ó Ríocht na Beilge, ó Ríocht na Danmhairge, ó Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine, ó Éirinn, ó Ríocht na Spáinne, ó Phoblacht na Fraince, ó Ard‑Diúcacht Lucsamburg, ó Ríocht na hÍsiltíre, ó Phoblacht na Fionlainne, ó Ríocht na Sualainne agus ón gCoimisiún, na hargóintí sin a dhíospóid.

2.      Breithniú na Cúirte

280    Faoin ochtú pléadáil, líomhnaíonn Poblacht na Polainne, le tacaíocht ón Ungáir, go mbeadh cur i bhfeidhm an Rialacháin a chonspóidtear ina chúis le sáruithe ar phrionsabal na córa comhionainne i leith na mBallstát i bhfianaise na gConarthaí agus ar a bhféiniúlacht náisiúnta, a cheanglaítear ar an Aontas a urramú faoin gcéad abairt d’Airteagal 4(2) CAE. Thiocfadh na sáruithe sin, ar an gcéad dul síos, as an mbreithniú a rinne an Coimisiún ar thuairimí agus staidéir ó Choimisiún na Veinéise, ar an dara dul síos, as easpa beachtais na gcritéar a bhaineann, go háirithe, le coinníollacha tionscanta an nós imeachta dá bhforáiltear sa Rialachán sin agus le rogha agus raon feidhme na mbeart atá le glacadh agus, ar deireadh, as an riail vótála dá bhforáiltear in Airteagal 6(11) den Rialachán sin maidir leis na cinntí atá le glacadh ag an gComhairle faoi Airteagal 6(10) den Rialachán céanna.

281    I dtaca leis sin, ar an gcéad dul síos, maidir leis an gCoimisiún ag cur faisnéis ábhartha ó Choimisiún na Veinéise san áireamh, ba cheart a mheabhrú go bhfuil luach an smachta reachta, atá i gcroílár an tsásra coinníollachta cothrománaí a bhunaítear in Airteagal 4(1) den Rialachán a chonspóidtear, dírithe ar chomhlíonadh na bprionsabal a luaitear in Airteagal 2(a) den Rialachán sin.

282    Mar a meabhraíodh go deireanach i mír 263 den bhreithiúnas seo, is oibleagáid ar na Ballstáit atá le gnóthú é an oibleagáid sin na prionsabail sin a chomhlíonadh, a eascraíonn go díreach óna mballraíocht san Aontas, de bhua Airteagal 2 CAE, nach féidir le Ballstát ar bith neamhaird a dhéanamh air agus nach bhfuil sa Rialachán a chonspóidtear ach a chur chun feidhme maidir le gníomhaíocht de chuid na n‑údarás náisiúnta maidir le caiteachas arna chumhdach le buiséad an Aontais.

283    Mar sin féin, leanann as míreanna 265 agus 266 den bhreithiúnas seo, cé go gcaithfidh an Coimisiún agus an Chomhairle a measúnuithe a dhéanamh agus aird chuí á tabhairt ar na himthosca agus ar na comhthéacsanna a bhaineann go sonrach le gach nós imeachta arna chur i gcrích faoin Rialachán a chonspóidtear agus, go háirithe, é á chur san áireamh acu na sonraí a bhaineann le córas dlí an Bhallstáit i dtrácht agus an discréid atá ag an mBallstát sin maidir le cur chun feidhme phrionsabail an smachta reachta a áirithiú, níl an ceanglas sin ar neamhréir ar aon bhealach leis an gcur i bhfeidhm de chritéir mheasúnaithe aonfhoirmeacha.

284    Go háirithe, agus an tAontas ag urramú fhéiniúlacht náisiúnta na mBallstát, atá ina cuid dhílis dá struchtúir bhunúsacha, idir pholaitiúil agus bhunreachtúil, tá sé de dhualgas ar a institiúidí saintréithe chórais bhunreachtúla agus dlí na mBallstát sin a chur san áireamh, agus iad ag fíorú an bhfuil na Ballstáit ag comhlíonadh na n‑oibleagáidí atá gnóthú arna n-eascairt go díreach óna mballraíocht san Aontais de bhua Airteagal 2 CAE.

285    I ndáil leis sin, ní mór don Choimisiún ábharthacht na faisnéise a úsáideann sé agus iontaofacht a fhoinsí a áirithiú, agus é sin faoi réir athbhreithniú arna dhéanamh ag breithiúnacht an Aontais. Go háirithe, ní bhronntar le hAirteagal 6(3) den Rialachán a chonspóidtear luach promhaidh sonrach nó absalóideach agus ní cheanglaítear éifeachtaí dlíthiúla sonracha leis na foinsí faisnéise a luaitear ann ná leis na cinn a shonraítear in aithris 16 den Rialachán sin, agus, dá bhrí sin, ní dhéantar, leis an bhforáil sin, an Coimisiún a dhíolmhú ón oibleagáid atá air measúnú dícheallach a dhéanamh ar na fíorais.

286    Ina theannta sin, mar atá tugtha chun cuimhne i mír 202 den bhreithiúnas seo, tá measúnuithe an Choimisiúin agus na Comhairle faoi réir na gceanglas nós imeachta a shonraítear in Airteagal 6(1) go (9) den Rialachán a chonspóidtear. Leis na ceanglais sin, cuirtear béim, go háirithe, mar a shonraítear in aithris 26 den Rialachán sin, ar oibleagáid an Choimisiúin cur chuige fianaisebhunaithe a ghlacadh agus prionsabail na hoibiachtúlachta, an neamh-idirdhealaithe agus na córa comhionainne i leith na mBallstát i bhfianaise na gConarthaí a urramú le linn imeachtaí a sheoladh faoin bhforáil sin. Maidir le sáruithe ar phrionsabail an smachta reachta a aithint agus a mheasúnú, ní mór na ceanglais sin a thuiscint i bhfianaise aithris 16 den Rialachán sin, ar dá réir a chaithfidh an measúnú sin a bheith oibiachtúil, neamhchlaonta agus cothrom, agus comhlíonadh na n-oibleagáidí sin a bheith faoi réir athbhreithniú breithiúnach iomlán ag an gCúirt.

287    Mar sin, tá an Coimisiún fós freagrach as an bhfaisnéis a úsáideann sé agus as iontaofacht a fhoinsí. Ina theannta sin, tá an rogha ag an mBallstát lena mbaineann, le linn an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 6(1) go (9) den Rialachán a chonspóidtear, barúlacha a thíolacadh maidir leis an bhfaisnéis a bheartaíonn an Coimisiún a úsáid chun glacadh na mbeart iomchuí a mholadh. Dá bhrí sin, féadfaidh sé agóid a dhéanamh i gcoinne luach promhaidh gach ceann de na heilimintí a choinnítear, agus is féidir le tuillteanais mheasúnuithe an Choimisiúin a bheith, ar aon nós, faoi réir athbhreithniú ag breithiúnacht an Aontais i gcomhthéacs caingean arna tabhairt i gcoinne cinneadh ón gComhairle arna ghlacadh faoin Rialachán sin.

288    Ar an dara dul síos, maidir leis an líomhain a bhaineann le heaspa beachtais na gcritéar is infheidhme maidir leis na coinníollacha chun an nós imeachta a thionscnamh agus maidir le rogha agus raon feidhme na mbeart atá le glacadh, leanann as léamh ar Airteagal 4 agus Airteagal 6(1) den Rialachán a chonspóidtear le chéile nach bhféadfaidh an Coimisiún, mar atá tugtha faoi deara i mír 125 den bhreithiúnas seo, an nós imeachta seo a thionscnamh ach amháin nuair a chinneann sé go bhfuil forais réasúnacha ann chun a mheas go bhfuil ceann amháin ar a laghad de phrionsabail an smachta reachta luaite in Airteagal 2(a) den Rialachán sin sáraithe i mBallstát, go mbaineann an sárú sin le ceann amháin ar a laghad de na staideanna is inchurtha i leith údaráis Ballstáit nó le ceann amháin ar a laghad de na sóirt iompair ag údarás den sórt sin dá dtagraítear in Airteagal 4(2) den Rialachán sin, ar choinníoll go bhfuil na staideanna nó an an t‑iompar sin ábhartha maidir le bainistíocht fhónta airgeadais bhuiséad an Aontais nó le leasanna airgeadais an Aontais a chosaint, agus go ndéanann an sárú sin difear – ar bhealach chomh díreach sin agus gur leor é le difear a dhéanamh nó ina bhfuil baol mór ann go ndéanfadh sé difear – don bhainistíocht fhónta sin nó do na leasanna airgeadais sin, trí fhíornasc idir na sáruithe sin agus an difear sin nó an baol mór de dhifear sin.

289    Maidir leis na prionsabail sin, leanann as na breithnithe a rinneadh i mír 169 den bhreithiúnas seo nach féidir le Poblacht na Polainne a mhaíomh nach bhfuil eolas nithiúil agus beacht aici ar na hoibleagáidí atá le gnóthú agus atá ina gceangal uirthi de bhua a haontachais leis an Aontas maidir le luach an smachta reachta a urramú.

290    Chuige sin, cé gur fíor nach sonraítear in Airteagal 2(a) den Rialachán a chonspóidtear prionsabail an smachta reachta dá dtagraítear ann, luaitear in aithris 3 den Rialachán sin go bhfuil prionsabail na dlíthiúlachta, na deimhneachta dlíthiúla, an toirmisc ar threallachas na gcumhachtaí feidhmiúcháin, na cosanta éifeachtaí breithiúnaí agus scaradh na gcumhachtaí, dá dtagraítear san fhoráil sin, ina n‑ábhar do chorpas substaintiúil de chásdlí na Cúirte. Is amhlaidh atá sé i gcás phrionsabail an chomhionannais os comhair an dlí agus an neamh‑idirdhealaithe, a luaitear sa Rialachán freisin, mar is léir, go háirithe, ó mhíreanna 94 agus 98 de bhreithiúnas an 3 Meitheamh 2021, an Ungáir v an Pharlaimint (C‑650/18, EU:C:2021:426) agus ó mhíreanna 57 agus 58 de bhreithiúnas an 2 Meán Fómhair 2021, Stát na Beilge (Ceart cónaithe i gcás foréigean teaghlaigh) (C‑930/19, EU:C:2021:657).

291    Aithnítear agus soiléirítear, dá bhrí sin, na prionsabail sin maidir leis an smacht reachta, mar a forbraíodh iad ar bhonn Chonarthaí an Aontais i gcásdlí na Cúirte, i ndlíchóras an Aontais agus is as comhluachanna arna n‑aithint agus arna gcur i bhfeidhm ag na Ballstáit ina ndlíchórais féin a thagann siad.

292    Ina theannta sin, luaitear na príomhcheanglais a eascraíonn as na prionsabail sin in aithrisí 8 go 10 agus 12 den Rialachán a chonspóidtear. Go háirithe, soiléirítear na nithe a d’fhéadfadh a bheith ina léiriú ar sháruithe ar phrionsabail an smachta reachta, a leagadh síos in Airteagal 3 den Rialachán sin, chomh maith leis na staideanna agus leis an iompar nach mór dóibh baint a bheith acu le sáruithe ar na prionsabail sin, arna sainmhíniú in Airteagal 4(2) den Rialachán sin, chun bheith ina n‑údar le bearta iomchuí a ghlacadh, de réir bhrí Airteagal 4(1) den Rialachán sin.

293    Ar deireadh, tá measúnuithe an Choimisiúin agus na Comhairle faoi réir na gceanglas nós imeachta dá dtagraítear i mír 286 den bhreithiúnas seo.

294    Maidir le staideanna agus iompar ag údarás dá dtagraítear in Airteagal 4(2) den Rialachán a chonspóidtear agus a n‑ábharthacht do bhainistíocht fhónta airgeadais bhuiséad an Aontais nó dá leasanna airgeadais, tugadh faoi deara, i míreanna 171 go 177 den bhreithiúnas seo, go bhfuil siad beacht a dhóthain le go mbeidh Poblacht na Polainne in ann na staideanna agus an t‑iompar a chumhdaítear leis an bhforáil sin a shainaithint ar shlí atá nithiúil agus intuartha.

295    Maidir leis na coincheapa “bainistíocht fhónta airgeadais” agus “cosaint leasanna airgeadais an Aontais”, tagraítear don chéad cheann acu, go háirithe, in Airteagal 310(5) CFAE agus sa chéad mhír d’Airteagal 317 CFAE agus sainmhínítear é in Airteagal 2(59) den Rialachán Airgeadais mar chur chun feidhme an bhuiséid de réir phrionsabail [na barainneachta] […], phrionsabal na héifeachtúlachta agus phrionsabal na héifeachtachta, cé go mbaineann an dara ceann acu le hAirteagal 325 CFAE agus go gcumhdaítear leis, de réir Airteagal 63(2) den Rialachán Airgeadais, gach beart reachtach, rialála agus riaracháin atá ceaptha, inter alia, chun neamhrialtachtaí agus calaois a chosc, a bhrath agus a cheartú agus an buiséad á chur chun feidhme,

296    I dtaca leis sin, sainmhínítear le hAirteagal 2(1) de Rialachán Uimh. 883/2013 “leasa airgeadais an Aontais” mar “ioncam, caiteachas agus sócmhainní a chumhdaítear le buiséad an Aontais agus iad siúd a chumhdaítear le buiséad na n‑institiúidí, na gcomhlachtaí, na n‑oifigí agus na ngníomhaireachtaí agus na buiséid a ndéanann siad bainistiú agus rialú orthu”. Foráiltear le hAirteagal 135(1), (3) agus (4) den Rialachán Airgeadais, chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint, go mbunóidh agus go n‑oibreoidh an Coimisiún córas luathbhratha agus eisiaimh.

297    Chinn an Chúirt freisin go gcuimsíonn an coincheap “leasanna airgeadais an Aontais”, de réir bhrí Airteagal 325(1) CFAE, ní hamháin ioncam a chuirtear ar fáil do bhuiséad an Aontais ach na costais a chumhdaítear leis an mbuiséad sin freisin (breithiúnas an 21 Nollaig 2021, Euro Box Promotion agus páirtithe eile, C‑357/19, C‑379/19, C‑547/19, C‑811/19 agus C‑840/19, EU:C:2021:1034, mír 183). Tá an coincheap sin ábhartha, dá bhrí sin, ní hamháin i gcomhthéacs na mbeart chun neamhrialtachtaí agus calaois dá dtagraítear san fhoráil sin a chomhrac, ach maidir le bainistíocht fhónta airgeadais an bhuiséid sin freisin, ós rud é go rannchuidíonn cosaint na leasanna airgeadais sin leis an mbainistíocht fhónta sin freisin.

298    Dá bhrí sin, tá cosc ar éifeachtaí amhail na héifeachtaí dá dtagraítear in Airteagal 4(1) den Rialachán a chonspóidtear ina chomhlánú ar cheartú na n‑éifeachtaí sin, atá ina chuid dhílis de na coincheapa “bainistíocht fhónta airgeadais” agus “cosaint leasanna airgeadais an Aontais” agus, mar sin, ní mór é a mheas mar cheanglas leanúnach agus cothrománach de rialacháin airgeadais an Aontais.

299    Ina theannta sin, ceanglaítear leis an bhforáil sin go mbeadh baol “mór” go ndéanfaí difear do bhainistíocht fhónta airgeadais bhuiséad an Aontais nó dá leasanna airgeadais i gceist leis na sáruithe ar phrionsabail an smachta reachta a shuitear, agus, dá bhrí sin, éilíonn sé a léiriú go bhfuil dóchúlacht ard ag teacht le réadú an bhaoil sin, i ndáil leis na staideanna nó an t‑iompar ag údarás dá dtagraítear in Airteagal 4(2) den Rialachán a chonspóidtear, agus nach bhféadfar bearta iomchuí a ghlacadh ach amháin ar an gcoinníoll go mbunófar nasc sách díreach, eadhon fíornasc, idir sárú ar cheann de phrionsabail an smachta reachta agus an baol mór sin. Ina theannta sin, agus na bearta sin á nglacadh, is gá freisin na ceanglais nós imeachta a meabhraíodh go deireanach i mír 286 den bhreithiúnas seo a chomhlíonadh.

300    Maidir leis an nasc sách díreach idir sárú ar phrionsabal an smachta reachta a shuitear agus cosaint an bhuiséid nó leasanna airgeadais an Aontais, is leor tagairt a dhéanamh do mhíreanna 178 go 180 den bhreithiúnas seo.

301    Ar deireadh, tá rogha agus raon feidhme na mbeart a fhéadfar a ghlacadh faoin Rialachán a chonspóidtear teoranta, a mhéid, mar a shonraítear i mír 153 den bhreithiúnas seo, a liostaítear go huileghabhálach in Airteagal 5(1) den Rialachán a chonspóidtear na bearta cosanta éagsúla is féidir a ghlacadh.

302    De réir Airteagal 5(3) den Rialachán sin, ní mór bearta den sórt sin a bheith comhréireach agus cinntithe ar bhonn an tionchair a bheidh nó a d’fhéadfadh a bheith ag sáruithe ar phrionsabail an smachta reachta ar bhainistíocht fhónta airgeadais bhuiséad an Aontais nó ar leasanna airgeadais an Aontais. Ba cheart cineál, fad, tromchúis agus raon feidhme na sáruithe ar phrionsabail an smachta reachta a chur san áireamh go cuí agus ní mór iad a bheith dírithe, a mhéid is féidir, ar ghníomhaíochtaí an Aontais a ndéanann na sáruithe sin difear dóibh. Dá bhrí sin, ní mór do na bearta a ghlactar a bheith go hiomlán comhréireach leis an tionchar a bheidh ag na sáruithe ar phrionsabail an smachta reachta a shuitear ar bhuiséad an Aontais nó ar a leasanna airgeadais.

303    I bhfianaise na mbreithnithe roimhe seo agus na gceanglas nós imeachta a luaitear go deireanach i mír 286 den bhreithiúnais seo, níl bunús ar bith le hargóint Phoblacht na Polainne, ar thacaigh an Ungáir léi, lena líomhnaítear go bhfuil easpa beachtais sna critéir a bhaineann, go háirithe, leis na coinníollacha chun an nós imeachta a thionscnamh agus le rogha agus raon feidhme na mbeart atá le glacadh.

304    Ar an tríú dul síos, maidir leis an éileamh lena líomhnaítear nach bhfuil prionsabal na córa comhionainne i leith na mBallstát i bhfianaise na gConarthaí comhoiriúnach leis an riail vótála dá bhforáiltear in Airteagal 6(11) den Rialachán a chonspóidtear maidir le cinntí arna nglacadh ag an gComhairle faoi Airteagal 6(10) den Rialachán sin, tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara, ar thaobh amháin, go bhfuil an líomhain sin bunaithe, go páirteach, ar an argóint gur de chineál smachtbhannaí iad na bearta a fhéadfar a ghlacadh faoin Airteagal 6(10) sin, agus foráiltear sna Conarthaí go ndéanfaí an Ballstát lena mbaineann a eisiamh ón vóta.

305    Mar sin féin, mar atá sonraithe i míreanna 112 go 229 den bhreithiúnas seo, níl na bearta a fhéadfar a ghlacadh de bhun an Rialacháin a chonspóidtear ceaptha chun pionós a ghearradh ar Bhallstát as sáruithe ar phrionsabail an smachta reachta, ach chun bainistíocht fhónta airgeadais bhuiséad an Aontais nó a leasanna airgeadais a chosaint amháin.

306    Thairis sin, ní féidir Ballstát a eisiamh ón nós imeachta vótála tromlaigh cháilithe ach amháin i gcásanna ina bhforáiltear go sainráite sna Conarthaí dó agus ina bhfuil, dá bhrí sin, an tromlach cáilithe socraithe i gcomhréir le hAirteagal 238(3) CFAE.

307    Ar an taobh eile, cé gur fíor go bhfuil an chumhacht ag reachtas an Aontais nós imeachta atá éagsúil ón gceann a leanadh chun an bunrialachán a ghlacadh a úsáid chun forálacha cur chun feidhm bunrialachán a ghlacadh (féach, chuige sin, breithiúnas an 18 Meitheamh 1996, an Pharlaimint v an Chomhairle, C‑303/94, EU:C:1996:238, mír 23 agus an cásdlí dá dtagraítear), is fíor fós é, mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara i mír 96 dá Thuairim, gurb í an riail vótála dá bhforáiltear in Airteagal 6(11) den Rialachán a chonspóidtear, eadhon tromlach cáilithe le rannpháirtíocht na mBallstát ar fad, an riail dá bhforáiltear in Airteagal 16(3) CAE atá le cur i bhfeidhm de réir réamhshocraithe le linn phléití na Comhairle, ach amháin i gcásanna ina bhforáiltear a mhalairt sna Conarthaí.

308    Ba cheart a chur leis sin nach amháin go ndéantar sna Conarthaí féin foráil don riail vótála seo, ach nach sáraítear léi prionsabal na córa comhionainne i leith na mBallstát i bhfianaise na gConarthaí ach oiread.

309    Go háirithe, cé go bhféadfadh leasanna na mBallstát a bheith éagsúil agus, ag brath ar cibé an nglacann na Ballstáit go léir nó cuid acu páirt sa vótáil laistigh den Chomhairle, go bhféadfadh mionlach blocála a bheith éasca, a bheag nó a mhór, a bhaint amach sa vótáil sin, de réir Airteagal 16(4) CAE, ní bhaineann sé sin go sonrach leis an nós imeachta a bhunaítear leis an Rialachán a chonspóidtear agus luíonn sé go hiomlán leis na roghanna a rinne údair na gConarthaí. Go deimhin, i gcomhréir le luach an daonlathais atá in Airteagal 2 CAE, is é aidhm na forála sin a áirithiú go mbeidh cinntí na Comhairle ionadaíoch leordhóthanach do na Ballstáit agus do dhaonra an Aontais araon.

310    I bhfianaise na mbreithnithe thuasluaite, ní mór an t‑ochtú pléadáil a dhíbhe toisc é a bheith gan bhunús.

F.      An naoú pléadáil, lena líomhnaítear sárú ar phrionsabal na deimhneachta dlíthiúla

1.      Argóintí na bpáirtithe

311    Áitíonn Poblacht na Polainne, le tacaíocht ón Ungáir, nach gcomhlíonann forálacha an Rialacháin a chonspóidtear na ceanglais maidir le soiléireacht agus beachtas a eascraíonn as prionsabal na deimhneachta dlíthiúla, ós rud é nach sonraítear go soiléir sa Rialachán sin na ceanglais nach mór do na Ballstáit a chomhlíonadh chun go mbeidh siad in ann an cistiú ó bhuiséad an Aontais a deonaíodh dóibh a choinneáil agus toisc go dtugtar discréid róleathan don Choimisiún agus don Chomhairle.

312    Ar dtús, cruthaíonn coincheap an “smachta reachta”, atá le feiceáil in Airteagal 2(a) den Rialachán a chonspóidtear, fadhb ina leith sin. Ní fhéadfadh an coincheap sin, i bprionsabal, a bheith ina ábhar sainmhínithe uilíoch mar go n‑áireofaí ann líon neamh-uileghabhálach prionsabal a bhféadfadh a gciall a bheith éagsúil ó Stát amháin go Stát eile, de réir a shaintréithe bunreachtúla nó a thraidisiún dlíthiúil féin. Thairis sin, leathnódh an sainmhíniú sin raon feidhme an choincheapa sin go míchuí mar luach de chuid an Aontais, nach bhfuil ann ach ceann amháin de na luachanna atá in Airteagal 2 CAE, go dtí na luachanna eile atá san fhoráil sin.

313    Ar an dara dul síos, ní shásaíonn na heilimintí chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh phrionsabail an smachta reachta, a leagtar amach in Airteagail 3 agus 4 den Rialachán a chonspóidtear, na ceanglais maidir le soiléireacht agus beachtas toisc go gcaithfí iad a shonrú roimh ré chun na prionsabail sin a chur i bhfeidhm. Mar sin féin, in éagmais sainmhíniú uilíoch ar na prionsabail sin agus ag féachaint d’inniúlachtaí an-teoranta an Aontais chun éifeacht a thabhairt dóibh, níl aon inneachar nithiúil ábhartha acu i ndlí an Aontais. Cé gur fíor go bhfuil gnéithe áirithe de luach an smachta reachta soiléirithe ag an gCúirt Bhreithiúnais agus ag an gCúirt Eorpach um Chearta an Duine, níl sé sonraithe go fóill acu, áfach, inneachar na luachanna eile atá in Airteagal 2 CAE ná a gcaidreamh le prionsabal na hurraime d’fhéiniúlacht náisiúnta na mBallstát a leagtar amach in Airteagal 4(2) CAE.

314    Is fíor gur thagair an Chúirt, ina breithiúnas an 27 Feabhra 2018, Associação Sindical dos Juízes Portugueses (C‑64/16, EU:C:2018:117, mír 32), do luach an smachta reachta atá in Airteagal 2 CAE, ach shonraigh sí go raibh an luach sin corpraithe in Airteagal 19 CAE. Dá bhrí sin, le teacht chun bheith infheidhme, níor mhór na luachanna atá in Airteagal 2 CAE a ionchorprú i bhforálacha eile de na Conarthaí. Mar sin féin, ós rud é nach bhfuil na luachanna seachas an smacht reachta, a ionchorpraíodh go míchuí sa choincheap deiridh sin leis an Rialachán a chonspóidtear, sainmhínithe go soiléir, d’iarrfaí ar an gCúirt coincheapa amhail “iolrachas”, “neamh-idirdhealú”, “caoinfhulaingt”, “ceartas” agus “dlúthpháirtíocht” a shonrú. Sháródh, mar sin, leis an léirmhíniú ceangailteach ar na coincheapa sin ag an gCúirt, le linn athbhreithniú breithiúnach ar chinntí a glacadh faoin Rialachán sin, na hinniúlachtaí a shanntar don Aontas Eorpach.

315    De bharr easpa beachtais in Airteagail 3 agus 4(2) den Rialachán a chonspóidtear, sa mhéid is go n-úsáidtear iontu nathanna amhail “feidhmiú cuí” na “n-údarás” nó “seirbhísí” agus “feidhmiú cuí córas éifeachtach trédhearcach bainistithe airgeadais agus cuntasachta”, chomh maith le cineál neamh-uileghabhálach na liostaí atá sna forálacha sin, cheadófaí, mar sin, don Choimisiún agus don Chomhairle iad a shonrú agus an Rialachán sin á chur i bhfeidhm acu, rud a d’fhágfadh, go bunúsach, go bhféadfaí na caighdeáin a shonraítear amhlaidh a chur i bhfeidhm go haisghníomhach.

316    Ar an tríú dul síos, i measc na bhfoinsí faisnéise a cheanglaítear ar an gCoimisiún a úsáid faoi Airteagal 6(3) den Rialachán a chonspóidtear, agus é ag suí sárú ar phrionsabail an smachta reachta, tá “conclúidí agus moltaí” ó institiúidí an Aontais, ó eagraíochtaí idirnáisiúnta ábhartha eile agus ó institiúidí aitheanta eile, ach, faoi dhlí an Aontais, ní bheadh na foinsí sin ina gceangal ar na Ballstáit. Mar sin, ní féidir leis an Rialachán sin carachtar ceangailteach a thabhairt orthu. Ní shonraítear a dhóthain sa liosta táscach in aithris 16 den Rialachán sin na “cinntí, conclúidí agus moltaí” dá dtagraítear ann.

317    Déanann an Pharlaimint agus an Chomhairle, le tacaíocht ó Ríocht na Beilge, ó Ríocht na Danmhairge, ó Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine, ó Éirinn, ó Ríocht na Spáinne, ó Phoblacht na Fraince, ó Ard‑Diúcacht Lucsamburg, ó Ríocht na hÍsiltíre, ó Phoblacht na Fionlainne, ó Ríocht na Sualainne agus ón gCoimisiún, na hargóintí sin a dhíospóid.

2.      Breithniú na Cúirte

318    Faoin naoú pléadáil, éilíonn Poblacht na Polainne, le tacaíocht ón Ungáir, go sáraítear leis an Rialachán a chonspóidtear prionsabal na deimhneachta dlíthiúla agus go dtugtar discréid róleathan don Choimisiún agus don Chomhairle mar gheall ar an easpa beachtais, ar dtús, ar choincheap an “smachta reachta” in Airteagal 2(a) den Rialachán sin; ansin, ar na critéir atá leagtha amach in Airteagail 3 agus 4(2) den Rialachán sin; agus, ar deireadh, ar na foinsí faisnéise ar a n‑iarrtar ar an gCoimisiún a mheasúnuithe a bhunú i gcomhréir le hAirteagal 6(3) den Rialachán sin.

319    I gcomhréir le cásdlí socair na Cúirte, éilítear le prionsabal na deimhneachta dlíthiúla, ar thaobh amháin, go mbeadh rialacha dlí soiléir agus beacht agus, ar an taobh eile, go mbeadh a gcur i bhfeidhm intuartha ag iadsan atá faoina réir, go háirithe nuair a d’fhéadfadh iarmhairtí díobhálacha a bheith leo. Ceanglaítear leis an bprionsabal sin, go háirithe, nach mór a chur ar chumas na ndaoine lena mbaineann, leis an reachtaíocht sin, eolas beacht a bheith acu faoi mhéid na n‑oibleagáidí a fhorchuirtear orthu agus nach mór do na daoine sin a bheith in ann eolas soiléir a fháil maidir lena gcearta agus lena n‑oibleagáidí agus socruithe a dhéanamh dá réir (breithiúnas an 29 Aibreán 2021, Banco de Portugal agus páirtithe eile, C‑504/19, EU:C:2021:335, mír 51 agus an cásdlí dá dtagraítear).

320    Ní féidir a thuiscint as sin, áfach, go gcuireann na ceanglais sin bac ar reachtas an Aontais, i ndáil le riail a ghlacann sé, úsáid a bhaint as coincheap dlíthiúil teibí, ná go gceanglaítear leo go ndéanfar tagairt i riail theibí den sórt sin do na cásanna sonracha éagsúla ina bhféadfadh feidhm a bheith aici, toisc nach féidir leis an reachtas na cásanna sin go léir a chinneadh roimh ré (féach, de réir analaí, breithiúnas an 20 Iúil 2017, Marco Tronchetti Provera agus páirtithe eile, C‑206/16, EU:C:2017:572, míreanna 39 agus 40).

321    Dá bhrí sin, cé go dtugtar i ngníomh reachtach discréid do na húdaráis atá freagrach as a chur chun feidhme, ní thagann sé sin salach ar an gceanglas maidir le hintuarthacht, ar choinníoll go ndéantar an raon feidhme agus na nósanna imeachta chun cumhacht den sórt sin a fheidhmiú a shainiú le soiléireacht leordhóthanach, ag féachaint don aidhm dhlisteanach atá i gceist, chun cosaint leordhóthanach a sholáthar in aghaidh an treallachais (féach, chuige sin, breithiúnais an 17 Meitheamh 2010, Lafarge v an Coimisiún, C‑413/08 P, EU:C:2010:346, mír 94, agus an 18 Iúil 2013, Schindler Holding agus páirtithe eile v an Coimisiún, C‑501/11 P, EU:C:2013:522, mír 57).

322    Is i bhfianaise na mbreithnithe sin is gá scrúdú a dhéanamh, ar an gcéad dul síos, ar an argóint atá bunaithe ar an nádúr neamhbheacht agus róleathan atá ag coincheap an “smachta reachta”, atá sainmhínithe in Airteagal 2(a) den Rialachán a chonspóidtear.

323    I dtaca leis sin, ar an gcéad dul síos, níl sé beartaithe leis an bhforáil sin an coincheap sin a shainmhíniú go huileghabhálach; ní dhéantar ach, chun críoch an Rialacháin sin amháin, roinnt de na prionsabail a chumhdaítear leis a shonrú, arb iad, de réir reachtas an Aontais, na prionsabail is ábhartha do chuspóir an Rialacháin sin, eadhon cosaint bhuiséad an Aontais a áirithiú.

324    Ar an dara dul síos, contrártha lena áitíonn Poblacht na Polainne, le tacaíocht ón Ungáir, ní théann na prionsabail a luaitear in Airteagal 2(a) den Rialachán a chonspóidtear thar theorainneacha choincheap an “smachta reachta”. Go háirithe, ní dhéantar an tagairt do chearta bunúsacha a chosaint ach amháin mar léiriú ar cheanglais phrionsabal na cosanta éifeachtaí breithiúnaí, a ráthaítear freisin in Airteagal 19 CAE agus a admhaíonn Poblacht na Polainne féin gur cuid den choincheap sin é. Baineann an rud céanna leis na tagairtí do phrionsabail an neamh-idirdhealaithe agus na córa comhionainne. Go deimhin, cé go luaitear an smacht reachta go leithleach in Airteagal 2 CAE mar luach is coiteann do na Ballstáit agus do phrionsabail na córa comhionainne agus an neamh-idirdhealaithe, ní mór a thabhairt faoi deara nach féidir a mheas go n‑urramaítear an smacht reachta, de réir bhrí an chomhluacha sin, i mBallstát a bhfuil idirdhealú mar thréith ag an tsochaí.

325    Tá sé ina thacaíocht don bhreithniú sin gur luaigh Coimisiún na Veinéise, ina staidéar Uimh. 711/2013 an 18 Márta 2016, lena mbunaítear “liosta critéar don smacht reachta”, agus dá dtagraítear in aithris 16 den Rialachán a chonspóidtear, inter alia, go bhfuil coincheap an “smachta reachta” bunaithe ar dhlí atá cinnte agus intuartha, ina bhfuil sé de cheart ag gach duine go gcaithfeadh cinnteoirí leo le dínit, go comhionann agus go réasúnach agus i gcomhréir leis an dlí, agus go mbeadh leigheasanna dlí acu chun agóid a dhéanamh i gcoinne cinntí os comhair cúirteanna neamhspleácha agus neamhchlaonta, i gcomhréir le nós imeachta cothrom. Léirítear na saintréithe sin go beacht in Airteagal 2(a) den Rialachán sin.

326    Ar an tríú dul síos, i bhfianaise a bhfuil leagtha amach i míreanna 289 go 293 sa bhreithiúnas seo, ní mór argóint Phoblacht na Polainne, le tacaíocht ón Ungáir, nach bhfuil aon ábhar nithiúil i ndlí an Aontais ag prionsabail an smachta reachta atá luaite in Airteagal 2(a) den Rialachán a chonspóidtear, a dhíbhe toisc é a bheith gan bhunús.

327    Ar an gceathrú dul síos, maidir leis an nasc idir na prionsabail chéanna sin den smacht reachta agus urraim d’fhéiniúlacht náisiúnta na mBallstát a leagtar amach in Airteagal 4(2) CAE, is leor tagairt a dhéanamh do mhíreanna 282 go 286 den bhreithiúnas seo.

328    Ar an gcúigiú dul síos, maidir leis an argóint nach mór, chun go mbeidh siad infheidhme, na luachanna atá in Airteagal 2 CAE a ionchorprú i bhforálacha eile de na Conarthaí, ar thaobh amháin, tá sé tugtha faoi deara i míreanna 192 go 199 den bhreithiúnas seo go bhfuil forálacha iomadúla sna Conarthaí, a ionchorpraítear go minic i ngníomhartha éagsúla den reachtaíocht thánaisteach, lena dtugtar an chumhacht d’institiúidí an Aontais sáruithe arna ndéanamh i mBallstát ar na luachanna atá in Airteagal 2 CAE a scrúdú, a shuí agus, i gcás inarb iomchuí, pionóis a ghearradh ina leith. Ar an taobh eile, fuarthas i míreanna 112 go 189 sa bhreithiúnas seo gur bunús dlí é Airteagal 322(1)(a) CFAE lena gceadaítear do reachtas an Aontais forálacha a ghlacadh a bhaineann le sáruithe ar luach an smachta reachta agus na hiarmhairtí dlíthiúla a bhaineann leis na sáruithe sin a shuí, d’fhonn buiséad an Aontais agus a leasanna airgeadais a chosaint nuair a dhéanann sáruithe den sórt sin difear don bhuiséad sin agus do na leasanna sin nó nuair a bhíonn baol mór ann go ndéanfadh siad difear dóibh.

329    Ar an séú dul síos, ag glacadh leis go n‑iarrtar ar an gCúirt, i gcaingean le haghaidh neamhniú a tugadh i gcoinne cinneadh arna ghlacadh faoin Rialachán a chonspóidtear, na coincheapa “iolrachas”, “neamh-idirdhealú”, “caoinfhulaingt”, “ceartas” nó “dlúthpháirtíocht”, atá in Airteagal 2 CAE, a léirmhíniú, ní fheidhmeodh sí ach, contrártha lena bhfuil á éileamh ag Poblacht na Polainne, le tacaíocht ón Ungáir, na cumhachtaí a thugtar di leis na Conarthaí, go háirithe le hAirteagal 263 CFAE.

330    Sa dara háit, maidir leis an easpa beachtais a líomhnaítear maidir leis na critéir a úsáidtear in Airteagail 3 agus 4(2) den Rialachán a chonspóidtear, ar an gcéad dul síos, leanann as mír 155 den bhreithiúnas seo nach leagtar síos aon oibleagáid ar na Ballstáit in Airteagal 3, ach go bhfuil sé teoranta do nithe a lua a d’fhéadfadh a bheith ina léirithe táscacha ar sháruithe ar phrionsabail an smachta reachta agus go bhfuil sé mar aidhm leis, mar sin, cur i bhfeidhm an Rialacháin sin a éascú, trí na ceanglais is gné dhílis de na prionsabail sin a mhíniú.

331    Ar an dara dul síos, maidir leis na coincheapa a líomhnaítear a bheith míchruinn in Airteagal 4(2) den Rialachán sin, ba cheart a mheabhrú, ar dtús, go bhfuil scrúdú déanta ar an gcoincheap “údarás” i míreanna 175 agus 176 den bhreithiúnas seo agus nach gclúdaíonn an coincheap “seirbhísí” ach “seirbhísí imscrúdaithe agus ionchúisimh phoiblí”.

332    Ansin, maidir le “feidhmiú cuí” na n‑údarás poiblí, lena n‑áirítear údaráis forfheidhmithe dlí, údaráis a chuireann buiséad an Aontais chun feidhme agus údaráis a dhéanann rialú airgeadais, faireachán agus iniúchtaí, chomh maith le seirbhísí imscrúdaithe agus ionchúisimh phoiblí, dá dtagraítear in Airteagal 3(b) agus in Airteagal 4(2)(a) go (c) den Rialachán a chonspóidtear, is léir ó aithrisí 8 agus 9 den Rialachán sin go dtagraíonn an frása sin do chumas na n‑údarás sin a bhfeidhmeanna maidir le bainistíocht fhónta airgeadais bhuiséad an Aontais nó leasanna airgeadais an Aontais a fheidhmiú go cuí, go héifeachtach agus go héifeachtúil.

333    Ar deireadh, tagraíonn an frása “córas éifeachtach trédhearcach bainistithe airgeadais agus cuntasachta”, a úsáidtear in Airteagal 4(2)(b) den Rialachán a chonspóidtear, don choincheap “bainistíocht airgeadais”, a thagann faoi réim “bainistíocht fhónta airgeadais”, atá sna Conarthaí féin, go háirithe in Airteagail 310(5) agus sa chéad fhomhír d’Airteagal 317 CFAE, agus a shainmhínítear in Airteagal 2(59) den Rialachán Airgeadais mar chur chun feidhme an bhuiséid de réir phrionsabail na barraineachta, na héifeachtúlachta agus na héifeachtachta. Léiríonn an frása “freagracht airgeadais”, go háirithe, na hoibleagáidí a bhaineann le rialú airgeadais, faireachán agus iniúchtaí a luaitear in Airteagal 4(2)(b) agus tugann an frása “córas éifeachtach trédhearcach” le tuiscint go mbunófar sraith ordúil rialacha lena gcinnteofar go héifeachtach agus go trédhearcach an bhainistíocht agus an chuntasacht airgeadais sin.

334    Ar an tríú dul síos, diúltaíodh i míreanna 171 go 177 sa bhreithiúnas seo don argóint atá bunaithe ar nádúr neamh-uileghabhálach an liosta staideanna nó iompair atá leagtha amach in Airteagal 4(2) den Rialachán a chonspóidtear agus, maidir leis na cásanna a d’fhéadfadh bheith ina léirithe táscacha ar sháruithe, dá dtagraítear in Airteagal 3 den Rialachán sin, tugadh faoi deara i mír 171 den bhreithiúnas seo nach bhfuil gá ar dhóigh ar bith le sainmhíniú sonrach ar an gcoincheap “sárú” chun críocha sásra coinníollachta cothrománaí amhail an ceann a bhunaítear leis an Rialachán sin.

335    Ar an gceathrú dul síos, maidir leis an discréid a thugtar don Choimisiún agus don Chomhairle leis na forálacha sin, leanann as na breithnithe roimhe seo go gcomhlíonann na frásaí a cháin Poblacht na Polainne, le tacaíocht ón Ungáir, ceanglais phrionsabail na deimhneachta dhlithiúla a mheabhraítear i míreanna 319 go 321 sa bhreithiúnas seo. Ina theannta sin, chun údar a thabhairt le bearta iomchuí a ghlacadh faoin Rialachán a chonspóidtear, ní mór do na hinstitiúidí sin na coinníollacha go léir a leagtar amach go deireanach i míreanna 286 agus 288 den bhreithiúnas seo a bhunú go nithiúil.

336    Sa tríú háit, maidir leis an argóint nach sainmhínítear ar bhealach beacht go leor in Airteagal 6(3) agus (8) den Rialachán a chonspóidtear na foinsí faisnéise ar féidir leis an gCoimisiún brath orthu, nach mbeadh cuid acu ina gceangal ar na Ballstáit agus nach féidir a cheangal orthu leis an Rialachán sin, ba cheart a mheabhrú, mar a leagtar amach san Airteagal sin, agus scrúdú á dhéanamh aige an gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 4 den Rialachán sin agus measúnú á dhéanamh aige ar chomhréireacht na mbeart ábhartha de chuid an Aontais, go gcuirfidh an Coimisiún san áireamh aon fhaisnéis ábhartha ó na foinsí atá ar fáil, lena n‑áirítear cinntí, conclúidí agus moltaí ó institiúidí an Aontais, eagraíochtaí idirnáisiúnta ábhartha eile agus institiúidí aitheanta eile.

337    I ndáil leis sin, i gcomhréir le hAirteagal 4(1) den Rialachán a chonspóidtear, is faoin gCoimisiún atá sé a shuíomh go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 4 den Rialachán sin.

338    Ina theannta sin, faoi Airteagal 6(1) den Rialachán sin, ceanglaítear ar an gCoimisiún na heilimintí fíorais agus forais shonracha, ar a bhfuil a chonclúidí go bhfuil forais réasúnacha ann lena mheas go gcomhlíontar na coinníollacha sin bunaithe, a leagan amach i bhfógra i scríbhinn chuig an mBallstát lena mbaineann.

339    Dá bhrí sin, ceanglaítear ar an gCoimisiún measúnú dícheallach a dhéanamh ar na fíorais i bhfianaise na gcoinníollacha a leagtar síos in Airteagal 4 den Rialachán a chonspóidtear. Is fíor é sin freisin, i gcomhréir le hAirteagal 6(7) go (9) den Rialachán sin, maidir leis an gceanglas faoi chomhréireacht na mbeart, a leagtar síos in Airteagal 5(3) den Rialachán.

340    Ina theannta sin, luaitear in aithrisí 16 agus 26 i mbrollach an Rialacháin sin nach mór don Choimisiún measúnú cáilíochtúil críochnúil a dhéanamh, nach mór dó a bheith oibiachtúil, neamhchlaonta agus cothrom, nach mór dó prionsabail na hoibiachtúlachta, an neamh‑idirdhealaithe agus na córa comhionainne i leith na mBallstát i bhfianaise na gConarthaí a urramú agus nach mór é a dhéanamh de réir cur chuige neamhpháirteach fianaisebhunaithe.

341    Dá bhrí sin, ní mór don Choimisiún é féin a shásamh, faoi réir athbhreithniú bhreithiúnacht an Aontais Eorpaigh, maidir le hábharthacht na faisnéise a úsáideann sé agus iontaofacht a fhoinsí. Go háirithe, ní leagtar amach leis na forálacha sin aon luach cruthúnais sonrach nó absalóideach agus níl aon éifeachtaí dlíthiúla sonracha a ghabhann leis na foinsí faisnéise dá dtagraítear leo, nó leis na foinsí faisnéise dá dtagraítear in aithris 16 den Rialachán sin, agus dá bharr sin ní chomhlíontar leo an oibleagáid atá ar an gCoimisiún measúnú dícheallach a dhéanamh ar na fíorais, ar measúnú é a chomhlíonann go hiomlán na ceanglais a leagtar amach sa mhír roimhe seo.

342    Maidir leis sin, mínítear in aithris 16 den Rialachán a chonspóidtear go n‑áirítear san fhaisnéis ábhartha ó na foinsí atá ar fáil agus ó institiúidí aitheanta, inter alia, breithiúnais na Cúirte Breithiúnais, tuarascálacha na Cúirte Iniúchóirí, tuarascáil bhliantúil an Choimisiúin maidir leis an Smacht Reachta agus Scórchlár Ceartais AE, tuarascálacha ó OLAF, ó Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh agus ó Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha, mar aon le conclúidí agus moltaí ó eagraíochtaí agus líonraí idirnáisiúnta ábhartha, lena n‑áirítear comhlachtaí de chuid Chomhairle na hEorpa amhail Grúpa Stát na hEorpa i gcoinne Éillithe (GRECO) agus Coimisiún na Veinéise, go háirithe seicliosta an smachta reachta dá chuid, agus líonraí Eorpacha na gcúirteanna uachtaracha agus na gcomhairlí breithiúna.

343    Dá bhrí sin, is é an Coimisiún atá freagrach i gcónaí as an bhfaisnéis a úsáideann sé agus as iontaofacht a fhoinsí. Ina theannta sin, le linn an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 6(1) go (9) den Rialachán a chonspóidtear, tá sé de rogha ag an mBallstát lena mbaineann barúlacha a thíolacadh maidir leis an bhfaisnéis a bhfuil sé beartaithe ag an gCoimisiún í a úsáid d’fhonn a mholadh go nglacfaí bearta iomchuí. Dá réir sin, d’fhéadfadh sé cur in aghaidh luach cruthúnais gach ceann de na heilimintí fianaise a bhfuiltear ag brath orthu agus, ar aon chaoi, tá tuillteanas mheasúnuithe an Choimisiúin faoi réir athbhreithniú ag breithiúnacht an Aontais Eorpaigh i gcomhthéacs caingean arna tionscnamh i gcoinne cinneadh ón gComhairle a rinneadh faoin Rialachán sin.

344    Go háirithe, ní mór don Choimisiún an Ballstát lena mbaineann a chur ar an eolas go sonrach, a luaithe is a thionscnófar an nós imeachta in Airteagal 6(1) den Rialachán a chonspóidtear, agus go tréimhsiúil le linn an nós imeachta sin, faoin bhfaisnéis ábhartha ó na foinsí atá ar fáil ar a bhfuil sé beartaithe ag an gCoimisiún an togra a chuirfidh sí faoi bhráid na Comhairle a bhunú maidir le cinneadh cur chun feidhme i ndáil le bearta iomchuí. Ina theannta sin, contrártha lena bhfuil á éileamh ag Poblacht na Polainne, le tacaíocht ón Ungáir, ní thugtar aon ghné cheangailteach do na moltaí a fhéadfaidh an Coimisiún a chur san áireamh, i gcomhréir le hAirteagal 6(3) agus (8) den Rialachán sin.

345    Ag féachaint do na breithnithe go léir roimhe seo, ní mór an naoú pléadáil a dhíbhe toisc é a bheith gan bhunús.

G.      An deichiú pléadáil, lena líomhnaítear sárú ar phrionsabal na comhréireachta

1.      Argóintí na bpáirtithe

346    Áitíonn Poblacht na Polainne, le tacaíocht ón Ungáir, gur sháraigh reachtas an Aontais, trí shásra na coinníollachta arna bhunú tríd an Rialachán a chonspóidtear, prionsabal na comhréireachta, ós rud é go bhfuil forálacha eile de dhlí an Aontais ann atá beartaithe chun buiséad an Aontais a chosaint. Tugann sí le fios go gcuirfeadh, de réir Airteagal 6(1) den Rialachán sin, an Coimisiún an sásra sin i bhfeidhm, ach amháin dá mba rud é go measann sé go gceadaítear dó le nósanna imeachta eile dá bhforáiltear i reachtaíocht an Aontaisbuiséad an Aontais a chosaint ar bhealach níos éifeachtaí. Cuireann Poblacht na Polainne leis sin go soiléirítear in aithris 17 den Rialachán sin go bhforáiltear cheana i reachtaíocht airgeadais an Aontais do bhealaí éagsúla chun buiséad an Aontais a chosaint. Mar sin féin, níor leag reachtas an Aontais amach na fáthanna nach mbeadh na modhanna sin éifeachtach nó an bealach a leigheasfaí, leis an Rialachán sin, easnaimh a líomhnaítear.

347    Go háirithe, níl sé soiléir an fáth a raibh cosaint bhuiséad an Aontais curtha faoi réir sáruithe ar phrionsabail an smachta reachta a shuí agus nach ndearnadh baint dhíreach idir an chosaint sin agus comhlíonadh phrionsabal na bainistíochta fónta airgeadais, rud a sainíodh cheana féin in Airteagal 2(59) den Rialachán Airgeadais, a soiléiríodh i gCaibidil 7 den Rialachán sin agus a leagadh síos in Airteagal 56(2) de mar oibleagáid ar na Ballstáit. Mar sin, d’fhéadfadh reachtas an Aontais oibleagáidí na mBallstát maidir le comhlíonadh phrionsabal na bainistíochta fónta airgeadais ar chistí an Aontais a shonrú sa Rialachán Airgeadais.

348    Is cosúil, dá bhrí sin, gurb é an chúis is bun leis an gcur chuige a glacadh leis an Rialachán a chonspóidtear ná mian na Parlaiminte, na Comhairle agus an Choimisiúin imchéimniú a dhéanamh ar na srianta atá sna Conarthaí maidir lena n‑inniúlacht scrúdú a dhéanamh ar chomhlíonadh phrionsabail an smachta reachta ag na Ballstáit. Tríd an Rialachán sin a ghlacadh, thug reachtas an Aontais ceart neamhtheoranta don Chomhairle agus don Choimisiún measúnú a dhéanamh, ó thaobh na polaitíochta de, ar chomhlíonadh phrionsabail an smachta reachta agus chun aon sárú ar na prionsabail sin, go ginearálta, a nascadh le prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais ar chistí an Aontais.

349    Toisc nár léirigh sé breisluach an tsásra arna bhunú leis an Rialachán a chonspóidtear agus a nasc leis na forálacha eile atá beartaithe chun buiséad an Aontais a chosaint, sháraigh reachtas an Aontais prionsabal na comhréireachta.

350    Ina theannta sin, dá gcinnfí sáruithe ar phrionsabail an smachta reachta ar bhonn eilimintí polaitiúla agus in éagmais forálacha sonracha, chuirfí cosc ar chomhlíonadh cheanglas comhréireachta na mbeart arna nglacadh faoi Airteagal 5(3) den Rialachán a chonspóidtear. Bhainfeadh an rud céanna le scrúdú ar chineál, fad, tromchúis agus raon feidhme na sáruithe sin. Mar sin, ní féidir prionsabal na comhréireachta a urramú, rud atá níos tromchúisí fós ós rud é gur sáruithe córasacha iad na sáruithe ar phrionsabail an smachta reachta mar a thuigtear iad faoi Airteagail 3 agus 4(2) den Rialachán a chonspóidtear. Bheadh sé deacair glacadh leis go praiticiúil nach mbaineann “feidhmiú cuí na n‑údarás” ach le caiteachas faoi chiste nó faoi chlár sonrach. Mar sin féin, de bharr nádúr córasach na sáruithe a shuitear, agus gan aon chritéir lena dtreoródh rogha agus raon feidhme na mbeart atá le glacadh, bheadh an Coimisiún agus an Chomhairle in ann údar maith a thabhairt go héasca le bearta fairsinge arna nglacadh a mbeadh iarmhairtí móra airgeadais acu.

351    Déanann an Pharlaimint agus an Chomhairle, le tacaíocht ó Ríocht na Beilge, Ríocht na Danmhairge, Poblacht Chónaidhme na Gearmáine, Éire, Ríocht na Spáinne, Poblacht na Fraince, Ard-Diúcacht Lucsamburg, Ríocht na hÍsiltíre, Poblacht na Fionlainne agus an Coimisiún, na hargóinteí sin a dhíospóid.

2.      Breithniú na Cúirte

352    Faoin deichiú pléadáil, éilíonn Poblacht na Polainne, le tacaíocht ón Ungáir, go sáraítear leis an Rialachán a chonspóidtear prionsabal na comhréireachta ar an bhforas, ar an gcéad dul síos, gur theip ar reachtas an Aontais a léiriú, ag féachaint do na modhanna a bhí ann cheana chun buiséad an Aontais a chosaint, go bhfuil gá lena ghlacadh; ar an dara dul síos, go nochtfaí leis an nglacadh sin toil an reachtais sin imchéimniú a dhéanamh ar na teorainneacha sna Conarthaí ar inniúlacht institiúidí an Aontais chun scrúdú a dhéanamh ar urramú phrionsabail an smachta reachta ag na Ballstáit; agus, ar deireadh, go bhfuil na critéir atá liostaithe, go háirithe, in Airteagail 3, 4(2) agus 5(3) den Rialachán sin neamhbheacht.

353    Mar réamhphointe, ba cheart a mheabhrú, de réir chásdlí socair na Cúirte, go gceanglaítear le prionsabal na comhréireachta, atá mar chuid de phrionsabail ghinearálta dhlí an Aontais, go mbeadh gníomhartha institiúidí an Aontais oiriúnach chun na cuspóirí dlisteanacha a shaothraítear leis na rialacha i dtrácht a bhaint amach agus nach sárófaí leo an méid is gá chun na cuspóirí sin a bhaint amach, lena dtuigfí, nuair a thairgtear rogha idir roinnt bearta iomchuí, gur cheart dul ar iontaoibh na gceann is lú srianta agus nár cheart na míbhuntáistí a eascraíonn as a bheith díréireach leis na haidhmeanna a shaothraítear (breithiúnas an 6 Meán Fómhair 2017, an tSlóvaic agus an Ungáir v an Chomhairle, C‑643/15 agus C‑647/15, EU:C:2017:631, mír 206 agus an cásdlí dá dtagraítear).

354    Ar an gcéad dul síos, maidir le hinmholtacht an Rialachán a chonspóidtear a ghlacadh, d’aithin an Chúirt go bhfuil discréid leathan ag reachtas an Aontais agus go bhfuil feidhm aici sin ní hamháin maidir le cineál agus raon feidhme na bhforálacha atá le déanamh i réimsí ina bhfuil roghanna i gceist de chineál polaitiúil, eacnamaíoch nó sóisialta agus ina n‑iarrtar air measúnuithe agus meastóireachtaí casta a dhéanamh, ach freisin, go pointe áirithe, le sonraí bunúsacha a shuí, ionas nárbh é an cheist a bheadh le cur cé acu an raibh beart arna ghlacadh i réimse den sórt sin an t‑aon cheann a féadadh a ghlacadh nó arbh é an ceann is fearr a féadfadh a ghlacadh, mar ní fhéadfaí difear a dhéanamh do dhlíthiúlacht an ghnímh seo ach amháin má tá sé, ag féachaint don chuspóir atá beartaithe ag na hinstitiúidí inniúla a shaothrú, go follasach míchuí (breithiúnais an 3 Nollaig 2019, Poblacht na Seice v an Pharlaimint agus an Chomhairle, C‑482/17, EU:C:2019:1035, míreanna 77 agus 78, agus an 8 Nollaig 2020, an Pholainn v an Pharlaimint agus an Chomhairle, C‑626/18, EU:C:2020:1000, míreanna 95 agus 97).

355    Sa chás seo, mar a thug Poblacht na Polainne í féin dá haire ina hargóintí a bhaineann leis an gceathrú agus leis an aonú pléadáil déag, tugadh faoi deara sa mheabhrán míniúcháin a ghabhann leis an togra as ar tháinig an Rialachán a chonspóidtear go bhfuil “roinnt imeachtaí a thit amach le déanaí [a léirigh] laigí ginearálta [i gcomhardú cumhachtaí Ballstát áirithe, agus a léirigh] an chaoi ar féidir le heaspa urraime don smacht reachta a bheith ina ábhar imní tromchúiseach agus comónta laistigh den Aontas Eorpach”, go háirithe “[d’]institiúidí amhail Parlaimint na hEorpa”.

356    Ina theannta sin, leanann as, go háirithe, aithrisí 7, 8 agus 17 den Rialachán a chonspóidtear gur mheas reachtas an Aontais go bhféadfadh cásanna a bheith ann de bharr sáruithe ar phrionsabail an smachta reachta atá luaite in Airteagal 2(a) den Rialachán sin nach bhféadfaí a chumhdach go leordhóthanach leis an reachtaíocht atá ann cheana atá dírithe ar bhainistíocht fhónta airgeadais bhuiséad an Aontais nó leasanna airgeadais an Aontais a chosaint.

357    Mar sin féin, níor thug Poblacht na Polainne aon fhianaise ar aird lena léirítear gur sháraigh reachtas an Aontais an discréid leathan a bhí ar fáil dó ina leith sin, nuair a mheas sé, mar sin, gur gá, trí bhíthin an Rialacháin a chonspóidtear, difear nó baol mór go ndéanfaí difear don bhainistíocht fhónta nó do chosaint na leasanna airgeadais sin a d’fhéadfadh teacht as sáruithe ar phrionsabail an smachta reachta a leigheas.

358    Sa dara háit, maidir leis an líomhain go bhfuil imchéimniú déanta ar inniúlachtaí institiúidí an Aontais chun scrúdú a dhéanamh ar chomhlíonadh phrionsabail an smachta reachta ag na Ballstáit, ba cheart a thabhairt faoi deara nach bhfuil ceart neamhtheoranta tugtha ag reachtas an Aontais don Chomhairle agus don Choimisiún measúnú a dhéanamh, i bhfianaise cúinsí polaitiúla, ar chomhlíonadh phrionsabail an smachta reachta nó chun aon sárú ar na prionsabail sin arna shuí a nascadh, go ginearálta, le prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais ar chistí an Aontais. Go deimhin, chuir sé tionscnamh an nós imeachta faoi réir na gcritéar go léir a leagadh amach i mír 288 den bhreithiúnas seo, lena n‑áirithítear, mar atá tugtha faoi deara i míreanna 112 go 189 agus 200 go 203 den bhreithiúnas seo, go dtagann measúnuithe na n‑institiúidí sin faoi raon feidhme dhlí an Aontais agus gur de chineál dlíthiúil iad, seachas de chineál polaitiúil.

359    Sa tríú háit, maidir leis an easpa beachtais a líomhnaítear a bheith sna critéir lena gcinntear rogha agus raon feidhme na mbeart atá le glacadh, dá bhforáiltear, go háirithe, in Airteagal 5(3) den Rialachán a chonspóidtear, tá sé tugtha faoi deara i míreanna 301 go 303 den bhreithiúnas seo go bhfuil na critéir sin beacht go leor agus, go háirithe, go leanann as an gcéad abairt go dtí an tríú habairt den mhír sin nach mór na bearta a ghlactar a bheith go hiomlán comhréireach le tionchar na sáruithe ar phrionsabail an smachta reachta arna suí ar bhuiséad an Aontais nó ar leasanna airgeadais an Aontais.

360    Luaitear sa chéad abairt den fhoráil sin nach mór do na bearta a dhéantar a bheith “comhréireach”, agus sa dara habairt, go “[g]cinnfear iad i bhfianaise [thionchar] iarbhír nó [féideartha]” na sáruithe ar phrionsabail an smachta reachta ar bhainistiú fónta airgeadais bhuiséad an Aontais nó ar leasanna airgeadais an Aontais, agus, sa tríú habairt, go “[d]tabharfar aird chuí” ar chineál, fad, tromchúis agus raon feidhme na sáruithe ar phrionsabail an smachta reachta.

361    Mar a chuir an tAbhcóide Ginearálta Campos Sánchez-Bordona faoi deara i míreanna 177 agus 178 dá Thuairim sa chás an Ungáir v an Pharlaimint agus an Chomhairle (C-156/21, EU:C:2021:974), leanann ó ord na n‑abairtí sin agus ó na téarmaí a úsáidtear iontu go n‑áirithítear comhréireacht na mbeart atá le glacadh, go cinntitheach, de réir an chritéir maidir leis an “tionchar” a bhíonn ag sáruithe ar phrionsabail an smachta reachta ar bhainistiú fónta airgeadais bhuiséad an Aontais nó ar leasanna airgeadais an Aontais. Maidir leis na critéir faoi chineál, fad, tromchúis agus raon feidhme na sáruithe sin, ní féidir “aird chuí” a thabhairt dóibh ach amháin chun méid an tionchair sin a chinneadh, agus d’fhéadfadh siadsan a bheith éagsúil de réir shaintréithe na sáruithe a chinntear, agus solas á chaitheamh orthu agus na critéir sin á gcur i bhfeidhm.

362    Ar deireadh, a mhéid a áitíonn Poblacht na Polainne, le tacaíocht ón Ungáir, gur dócha gur sáruithe córasacha iad sáruithe ar phrionsabail an smachta reachta a shuitear, ionas go ndéanfaidh siad difear freisin do réimsí seachas na cinn atá ábhartha do bhainistíocht fhónta airgeadais bhuiséad an Aontais nó do chosaint leasanna airgeadais an Aontais, tá sé tugtha faoi deara i míreanna 267 go 270 den bhreithiúnas seo, i gcás inar dócha go ndéanfaidh sárú den sórt sin difear nó go bhfuil baol mór ann go ndéanfadh sé difear do bhainistíocht fhónta airgeadais bhuiséad an Aontais nó do chosaint leasanna airgeadais an Aontais, ní féidir an tAontas a cháineadh as na bearta is gá a chur chun feidhme chun an bhainistíocht fhónta agus leasanna airgeadais sin a chosaint.

363    I bhfianaise na mbreithnithe sin roimhe seo, ní mór an deichiú pléadáil agus, mar sin, an chaingean ina hiomláine a dhíbhe.

VI.    Costais

364    Faoi Airteagal 138(1) de na Rialacha Nós Imeachta, ordófar don pháirtí caillteach na costais a íoc má tá iarraidh ina leith sin sna pléadálacha.

365    Ós rud é go bhfuil iarraidh déanta ag an bParlaimint agus ag an gComhairle go n‑íocfadh Poblacht na Polainne na costais agus nár éirigh le Poblacht na Polainne, ní mór a ordú do Phoblacht na Polainne na costais a thabhaigh na páirtithe sin a íoc.

366    I gcomhréir le hAirteagal 140(1) de na Rialacha Nós Imeachta, iompróidh Ríocht na Beilge, Ríocht na Danmhairge, Poblacht Chónaidhme na Gearmáine, Éire, Ríocht na Spáinne, Poblacht na Fraince, Ard-Diúcacht Lucsamburg, an Ungáir, Ríocht na hÍsiltíre, Poblacht na Fionlainne, Ríocht na Sualainne agus an Coimisiún a gcostas féin mar idiragraithe sna himeachtaí.

Ar na forais seo, rialaíonn an Chúirt (an Chúirt iomlán) mar seo a leanas:

1.      Déantar an chaingean a dhíbhe.

2.      Ordaítear do Phoblacht na Polainne, chomh maith lena costais féin, na costais arna dtabhú ag Parlaimint na hEorpa agus ag Comhairle an Aontais Eorpaigh a iompar.

3.      Is ar Ríocht na Beilge, Ríocht na Danmhairge, Poblacht Chónaidhme na Gearmáine, Éire, Ríocht na Spáinne, Poblacht na Fraince, Ard-Diúcacht Lucsamburg, an Ungáir, Ríocht na hÍsiltíre, Poblacht na Fionlainne, Ríocht na Sualainne agus an Coimisiún Eorpach a gcostais féin a iompar.

Sínithe:


*      Teanga an cháis: an Pholainnis.