Language of document :

Caingean arna tabhairt an 21 Feabhra 2024 – Sport-Point v EUIPO – Imperial (QUIET PLEASE)

(Cás T-99/24)

Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Sport-Point Holding GmbH (München, an Ghearmáin) (ionadaí: N. Schmitz, Dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Imperial SpA (Funo di Argelato, an Iodáil)

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

Iarratasóir an trádmhairc atá faoi cheist: an t-iarratasóir os comhair na Cúirte Ginearálta

Trádmharc atá faoi cheist: Iarratas ar mharc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh ‘QUIET PLEASE’ – Iarratas ar chlárú Uimh. 18 320 939

Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí freasúra

Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCeathrú Bord Achomhairc de EUIPO an 20 Nollaig 2023 i gCás R 1012/2023-4

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh atá faoi chonspóid a leasú, ionas go ghlacfar iarratas ar trádmharc an Aontais Eorpaigh Uimh 18 320 939 le haghaidh clárú;

mar mhalairt air sin, an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní

a ordú do EUIPO na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí arna maíomh

Sárú ar Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

____________