Language of document :

Ordú na Cúirte Ginearálta an 21 Nollaig 2023 – Broad Far (Hong Kong) agus M21 v an Coimisiún

(Cás T-791/22) 1

(Caingean le haghaidh neamhniú – Sláinte phoiblí – Díolúintí áirithe a tharraingt siar i ndáil le táirgí tobac téite – Easpa cúram leithleach – Do-ghlacthacht)

Teanga an cháis: an Iodáilis

Páirtithe

Iarratasóirí: Broad Far (Hong Kong) Ltd (Wan Chai, Hong Cong, an tSín),M21 Srl (San Donato Milanese, an Iodáil) (ionadaí: F. Specchiale, Dlíodóir)

Cosantóir: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: H. van Vliet, D. Recchia agus F. van Schaik, Gníomhairí)

Ábhar

Lena gcaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann na hiarratasóirí, ar thaobh amháin, go gcuirfí ar neamhní nó nach gcuirfí i bhfeidhm Airteagal 27(2) de Threoir 2014/40/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Aibreán 2014 maidir le comhfhogasú dhlíthe, rialacháin agus fhorálacha riaracháin na mBallstát a bhaineann le monarú, cur i láthair agus díol táirgí tobac agus táirgí gaolmhara agus lena n-aisghairtear Treoir 2001/37/CE (IO 2014 L 127, lch 1) agus ar an taobh eile, go gcuirfí ar neamhní Treoir Tharmligthe (AE) 2022/2100 ón gCoimisiún an 29 Meitheamh 2022 lena leasaítear Treoir 2014/40 maidir le díolúintí áirithe a tharraingt siar i ndáil le táirgí tobac téite (IO 2022 L 283, lch. 4).

An chuid oibríochtúil

Diúltaítear don chaingean.

Ní gá a thuilleadh rialú a thabhairt ar na hiarratais ar idiragairt a chuir Poblacht na Fraince, Parlaimint na hEorpa agus Comhairle an Aontais Eorpaigh isteach.

Ordaítear do Broad Far (Hong Kong) Ltd agus M21 Srl a gcostais féin a íoc agus na costais arna dtabhú ag an gCoimisiún Eorpach ach amháin na costais a bhaineann leis na hiarratais ar idiragairt.

Ordaítear do Broad Far (Hong Kong), M21, don Choimisiún, do Phoblacht na Fraince, don Pharlaimint agus don Chomhairle a gcostais féin a bhaineann leis na hiarratais ar idiragairt a íoc.

____________

1     IO C 71, 27.2.2023.