Caingean arna tabhairt an 11 Lúnasa 2023 – an Coimisiún Eorpach v Ríocht na Beilge
(Cás = "n" "Case" IF = "o" "Joined Cases" C-524/23)
Teanga an cháis: an Fhraincis
Páirtithe
Iarratasóir: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: W. Roels agus A. Ferrand, Gníomhairí)
Cosantóir: Ríocht na Beilge
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Bhreithiúnais:
a dhearbhú gur mhainnigh Ríocht na Beilge a hoibleagáidí faoi Threoir (AE) 2016/1164 ón gComhairle an 12 Iúil 2016 a chomhlíonadh lena leagtar síos rialacha chun dul i ngleic le cleachtais um sheachaint cánach a mbíonn tionchar díreach acu ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh 1 , trí mhainneachtain Airteagal 8(7) de a thrasuí i gceart;
a ordú do Ríocht na Beilge na costais a íoc.
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí
Measann an Coimisiún nach bhfuil Airteagal 8(7) de Threoir (AE) 2016/1164 trasuite i gceart ag Ríocht na Beilge. Níl aon fhaisnéis ag an gCoimisiún a léireodh trasuí éifeachtach agus iomlán an Airteagail seo.
____________
1 IO 2016, L 193, lch. 1.