Iarraidh ar réamhrialú ón Bundesgerichtshof (an Ghearmáin) a taisceadh an 11 Iúil 2023 – ROGON GmbH & Co. KG, MVI Management GmbH and DC v Deutscher Fußballbund e. V. (DFB)
(Cás C-428/23, ROGON agus páirtithe eile)
Teanga an cháis: an Ghearmáinis
An chúirt a rinne an tarchur
Bundesgerichtshof
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir, achomharcóir ar phointe dlí agus freagróir san achomharc ar phointe dlí: ROGON GmbH & Co. KG, MVI Management GmbH, DC
Cosantóir, freagróir san achomharc ar phointe dlí agus achomharcóir ar phointe dlí: Deutscher Fußballbund e. V. (DFB)
Na ceisteanna a tharchuirtear
Baineann na ceisteanna le haghaidh réamhrialú le léiriú ar Airteagal 101 CFAE:
An bhfuil feidhm ag na prionsabail arna bhforbairt ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh sna breithiúnais in Wouters an 19 Feabhra 2002 (C-309/99) agus Meca Medina an 18 Iúil 2006 (C-519/04 P), ar dá réir, agus an riail lena gcuirtear cosc ar chairtéil á cur i bhfeidhm,
– nach mór aird a thabhairt ar an gcomhthéacs foriomlán ina ndéantar an cinneadh atá i dtrácht nó ina bhfuil éifeachtaí aige agus, go sonrach, ar na cuspóirí atá aige,
– agus ar dá réir a chaithfear a mheas cé acu an bhfuil éifeachtaí an chinnidh lena gcuirtear srian ar an iomaíocht mar chuid dhílis de na cuspóirí sin a shaothrú,
– agus an bhfuil siad i gcomhréir leis na cuspóirí sin (“tástáil Meca Medina”)
maidir le rialacháin comhlachais spóirt, atá dírithe ar bhaill an chomhlachais agus a rialaíonn úsáid seirbhísí gnóthas lasmuigh den chomhlachas ar mhargadh réamhtheachtach ó ghníomhaíochtaí an chomhlachais?
Más freagra dearfach a thabharfar ar Cheist 1, an gcaithfear tástáil Meca Medina a chur i bhfeidhm i ndáil le gach foráil de na rialacháin sin, nó an mbraitheann a cur i bhfeidhm ar chritéir shubstainteacha, amhail gaireacht nó scoiteacht rialach aonair ó ghníomhaíocht spóirt an chomhlachais?
____________