Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 28 Feabhra 2024 – PU v Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh
(Cás T-442/22) 1
(Caingean le haghaidh neamhniú agus cúitimh – Dlí institiúideach – Rialachán (AE) 2017/1939 – Ionchúisitheoirí Tarmligthe Eorpacha Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh a cheapadh – Diúltú duine de na hiarrthóirí arna n-ainmniú ag [faoi rún] a cheapadh – Teorainn ama chun imeachtaí a thionscnamh – Beart dearbhaithe – Easpa cúram díreach – Do-ghlacthacht – Nasc cúisíoch)
Teanga an cháis: an Ghréigis
Páirtithe
Iarratasóir: PU (ionadaithe: P. Yatagantzidis agus D. Tsarapatsanis, Dlíodóirí)
Cosantóir: Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (ionadaithe: L. De Matteis, F.-R. Radu agus C. Charalambous, Gniomhairí)
Ábhar
Trína chaingean iarrann an t-iarratasóir, ar an gcéad dul síos, ar bhonn Airteagal 263 CFAE, go bunúsach, go gcuirfí ar neamhní, a mhéid a bhaineann siad léis, Cinneadh Uimh. 90/2021 ó Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh an 8 [faoi rún], lena ndiúltaítear dá iarratas agus d’iarratas iarrthóir amháin eile, A, le haghaidh poist mar Ionchúisitheoirí Tarmligthe Eorpacha i [faoi rún], Cinneadh Uimh. 15/2022 ó Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh an 23 [faoi rún] lena ndiúltaítear don ghearán uaidh agus ó A i gcoinne an chinnidh atá faoi chonspóid an 8 [faoi rún] agus Cinneadh Uimh. 21/2022 ó Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh an 30 [faoi rún] lena gceaptar beirt Ionchúisitheoirí Tarmligthe Eorpacha de [faoi rún] agus, ar an dara dul síos, de bhun Airteagal 268 CFAE, d’iarr an t-iarratasóir cúiteamh as damáiste a bhain dó.
An chuid oibríochtúil
Díbhtear an chaingean.
Ordaítear do PU a chostais féin agus costais Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh a íoc.
____________
1 IO C 380 an 3.10.2022.