Language of document : ECLI:EU:C:2022:271

Eagrán sealadach

TUAIRIM AN ABHCÓIDE GHINEARÁLTA

PITRUZZELLA

arna tabhairt an 7 Aibreán 2022 (1)

Cás C460/20

TU,

RE

v

Google LLC

(Iarraidh ar réamhrialú ón Bundesgerichtshof (Cúirt Bhreithiúnais na Cónaidhme, an Ghearmáin))

(Tarchur chun réamhrialú – Cosaint sonraí pearsanta – Iarraidh ar dhíliostú faisnéise a líomhnaítear a bheith bréagach agus íomhánna i bhfoirm mionsamhlacha (“thumbnails”) a scriosadh)






I.      Réamhrá

1.        Leis an iarraidh ar réamhrialú a scrúdaítear sa Tuairim seo, cuireann an Bundesgerischsof (Cúirt Bhreithiúnais na Cónaidhme, an Ghearmáin, “BGH”) dhá cheist ar an gCúirt Bhreithiúnais maidir le léirmhíniú Airteagal 17(3)(a) de Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n‑aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (2) (“RGCS”), Airteagal 12(b) agus an chéad fhomhír d’Airteagal 14(a) de Threoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhar 1995 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, (3) arna léamh i bhfianaise Airteagail 7, 8, 11 agus 16 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (“an Chairt”) Ardaíodh na ceisteanna sin i gcaingean a thionscain TU agus RE (“na hiarratasóirí”) i gcoinne Google LLC (“Google” nó “an cosantóir”), ag lorg, ar thaobh amháin, an díliostú do naisc áirithe a thaispeántar i dtorthaí na gcuardach a dhéantar ag baint úsáid as an inneall cuardaigh arna oibriú ag an gcosantóir, lena dtagraítear d’ailt ar líne arna bhfoilsiú ag tríú páirtí ina n‑aithnítear na hiarratasóirí agus, ar an taobh eile, deireadh a chur le taispeáint na ngriangraf i gceann de na hailt sin mar mhionsamhlacha (“thumbnails”).

2.        Ní rún ar bith é nach amháin go bhfuil innill chuardaigh mar óstach ar na hábhair a tháirgeann daoine eile ar líne, ach go bhfuil ról gníomhach acu i scaipeadh faisnéise. Ní bheadh “saibhreas an ghréasáin” ach ina fhéidearthacht mura mbeadh úsáideoirí in ann rochtain a fháil ar an bhfaisnéis atá de dhíth orthu a bhuí le hinneall cuardaigh agus, as an lear mór faisnéise a tháirgtear ar an idirlíon, bheadh a lán faisnéise nach bhféadfaí a rochtain murach na hinnill sin. Nuair a ligtear leis an inneall cuardaigh don úsáideoir cuardach a dhéanamh ar bhonn eochairfhocail áirithe, amhail ainm duine, déanann sé roghanna faoi na suíomhanna atá le háireamh sna torthaí cuardaigh agus an t‑ord atá le tabhairt dóibh sa liosta torthaí, agus tá tionchar as cuimse aige sin ar scaipeadh faisnéise. Déantar na roghanna sin leis an algartam a úsáidtear agus braitheann siad, mar sin, ar na critéir roghnúcháin a roghnaigh oibreoir an innill cuardaigh le linn na céime ríomhchlárúcháin. Déantar roghanna breise ar mórscála mar chuid de na beartais modhnóireachta ar an ábhar arna ndéanamh ag an ardán de réir na gcaighdeán arna nglacadh ag an ardán, mar shampla ar mhaithe lena shamhail ghnó a chosaint, íogaireachtaí áirithe de chuid úsáideoirí an idirlín a chosaint nó oibleagáidí dlíthiúla a chomhlíonadh. Mar chuid de na gníomhaíochtaí sin, déantar cinntí maidir le hábhair nár ceart a fhoilsiú sna torthaí ar na cuardaigh a dhéanann úsáideoirí an idirlín.

3.        Dá bhrí sin, feidhmíonn an t‑inneall cuardaigh mar “gatekeeper” don fhaisnéis, focal lena dtagraítear d’eintitis a bhfuil a ngníomhaíocht riachtanach ionas gur féidir tuairimí nó faisnéis arna dtáirgeadh ag tríú páirtithe a chur i gcúrsaíocht sa chumarsáid dhaonlathach. Tá iarmhairtí tábhachtacha ag an bhfeidhm sin na “geataí” trína dtéann an sreabhadh faisnéise a rialú, arna fheidhmiú ag inneall cuardaigh amhail Google, maidir leis an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil, a chumhdaítear in Airteagal 11 den Chairt agus maidir leis na cearta go ndéanfar an saol príobháideach a urramú agus sonraí pearsanta a chosaint a leagtar amach in Airteagail 7 agus 8 den Chairt. Go sonrach, má chuirtear leathanach gréasáin agus an fhaisnéis atá ann a bhaineann leis an duine sin ar liosta na dtorthaí a léireofar tar éis cuardaigh a rinneadh ar bhonn ainm duine, éascaítear go mór inrochtaineacht na faisnéise sin d’aon úsáideoir idirlín agus is féidir leis ról cinntitheach a bheith aige i scaipeadh na faisnéise sin dá bhrí sin, i bhfeidhmiú na saoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil. Ar an gcúis chéanna, d’fhéadfadh cur isteach níos suntasaí a bheith i gceist leis sin ar an gceart bunúsach go ndéanfar saol príobháideach an ábhair sonraí a urramú ná mar a bheadh ag foilsiú arna dhéanamh ag an bhfoilsitheoir ar an leathanach gréasáin sin, mar a bhí deis ag an gCúirt Bhreithiúnais a lua ina cásdlí. (4)

4.        San iarraidh ar réamhrialú a scrúdaítear sa Tuairim seo, is é atá i gceist ná sáiniúlacht na feidhme arna ndéanamh ag innill chuardaigh agus an teannas atá á chruthú aige sin idir na cearta bunúsacha dá dtagraítear in Airteagail 7, 8 agus 11 den Chairt i gcás nár scrúdaigh an Chúirt Bhreithiúnais fós, eadhon, cás ina ndíospóideann an t‑ábhar sonraí fíreannacht na sonraí a phróiseáiltear agus ina n‑iarrann sé, ar an gcúis sin, díliostú na nasc chuig na hábhair atá foilsithe ag tríú páirtithe ina bhfuil na sonraí sin le feiceáil.

II.    An dlí lena mbaineann

5.        Chomh maith le hAirteagail 7, 8, 11 agus 16 den Chairt, ina leagtar amach, faoi seach, an ceart go ndéanfar an saol príobháideach a urramú, an ceart go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint, an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil agus an tsaoirse chun gnó a sheoladh, is iad Airteagal 12(b) agus an chéad fhomhír d’Airteagal 14(a) de Threoir 95/46 na forálacha atá ábhartha chun críocha na hanailíse seo, nach ndéanfaidh mé ach tagairt dóibh, mar aon le hAirteagal 17 de RGCS. Leagtar síos leis an Airteagal sin, i mír 1, go mbeidh sé de cheart ag an ábhar sonraí go léirscriosfar sonraí pearsanta a bhaineann leis nó léi, go háirithe i gcás ina bpróiseáiltear na sonraí sin go neamhdhleathach, agus oibleagáid chomhfhreagrach an rialaitheora an léirscriosadh sin a dhéanamh. Sonraítear i mír 3(a) den Airteagal sin nach bhfuil feidhm ag mír 1 a mhéid atá an phróiseáil sin riachtanach “chun an ceart ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil a fheidhmiú”. Déanfar tagairt d’fhorálacha eile Threoir 95/46 agus RGCS a bhaineann leis an scrúdú ar an iarraidh ar réamhrialú le linn na hanailíse.

III. An díospóid sna príomhimeachtaí agus na himeachtaí os comhair na Cúirte Breithiúnais

6.        Tá poist ardleibhéil ag TU, nó tá infheistíocht aige i ngnóthais dhifriúla a thairgeann seirbhísí airgeadais. Bhí RE mar pháirtí le TU agus, go dtí Bealtaine 2015, bhí sí ina gníomhaire údaraithe i gceann de na gnóthais sin. Ar an 27 Aibreán 2015, an 4 Meitheamh 2015 agus an 16 Meitheamh 2015 faoi seach, d’fhoilsigh an suíomh gréasáin www.g...net (“g-net”) trí alt ina léirítear tuairimí criticiúla agus amhras faoi iontaofacht na samhla infheistíochta atá ag roinnt de na gnóthais sin. In éineacht leis an alt dar dháta an 4 Meitheamh 2015 bhí ceithre ghrianghraf, trí cinn d’TU agus ceann de RE, inar léiríodh na hiarratasóirí ag tiomáint só-charranna, i héileacaptar agus os comhair eitleán cairtfhostaithe. D’fhéadfadh na híomhánna sin, in éineacht leis na hailt, a thabhairt le fios go raibh saol na bhfuíoll ag na hiarratasóirí, arna mhaoiniú ag tríú páirtithe. De réir na bhfógraí dlíthiúla (“Impressum”), is é G-LLC oibreoir an tsuímh g-net. Is é cuspóir corparáideach G-LLC, de réir a ráiteas féin, “rannchuidiú ar bhealach inbhuanaithe, trí nochtadh gníomhach faisnéise agus trédhearcacht leanúnach, chun cosc a chur ar chalaois eacnamaíoch agus shóisialta”. Tá cáineadh déanta ag roinnt foilseachán, áfach, ar shamhail ghnó G-LLC, go háirithe, as iarracht a dhéanamh gnóthais a dhúmhál trí thuairiscí diúltacha a fhoilsiú ar dtús agus ansin tairiscint a dhéanamh na tuairiscí a scriosadh mar mhalairt ar airgead cosanta. Cuireadh ailt an 4 Meitheamh 2015 agus an 16 Meitheamh 2015 le liosta na dtorthaí cuardaigh a táirgeadh trí chéadainmneacha agus sloinnte na n‑iarratasóirí a chur san inneall cuardaigh atá á oibriú ag Google, ina n‑aonar agus i gcomhar le hainmneacha cuideachta áirithe, ach taispeánadh an t‑alt ón 27 Aibreán 2015 ar liosta na dtorthaí cuardaigh nuair a cuireadh ainmneacha cuideachtaí áirithe. Bhí nasc leis na torthaí sin chuig na hailt atá i gceist. Thaispeáin Google freisin grianghraif na n‑iarratasóirí atá san alt ón 4 Meitheamh 2015 i bhfoirm mionsamhlacha (“thumbnails”) san fhorléargas ar thorthaí a chuardaigh íomhá.

7.        D’iarr na hiarratasóirí ar an gcosantóir, ar thaobh amháin, díliostú na n‑alt atá i gceist ina bhfuil, dar leo, roinnt líomhaintí míchearta agus tuairimí clúmhillteacha bunaithe ar fhíorais bhréagacha agus, ar an taobh eile, na mionsamhlacha a bhaint de liosta na dtorthaí cuardaigh. Mhaígh siad go ndearna G-LLC dúmhál orthu. Dhiúltaigh an cosantóir géilleadh don iarraidh sin, ag tagairt don chomhthéacs gairmiúil ina bhfuil na hailt agus na híomhánna atá á gconspóid agus á mhaoímh nach raibh a fhios aige go raibh an fhaisnéis atá iontu bréagach, mar a líomhnaítear. Diúltaíodh don chaingean ag an gcéad chéim agus ar achomharc.

8.        Ba sna himthosca sin a chinn an Bundesgerichtshof (Cúirt Bhreithiúnais na Cónaidhme, an Ghearmáin) bac a chur ar na himeachtaí agus na ceisteanna seo a leanas a tharchur chuig an gCúirt Bhreithiúnais le haghaidh réamhrialú:

“1) An bhfuil sé ag luí le ceart an ábhair sonraí go ndéanfar an saol príobháideach a urramú [Airteagal 7 den Chairt] agus sonraí pearsanta a chosaint (Airteagal 8 den Chairt), más rud é, agus na cearta agus na leasanna de bhun Airteagail 7, 8, 11 agus 16 den Chairt atá i gcoinbhleacht lena chéile á gcur sa mheá, mar chuid den scrúdú ar a iarraidh ar dhíliostú arna a rinne an t‑ábhar sonraí i gcoinne rialaitheoir na seirbhíse cuardaigh idirlín, i gcomhréir le hAirteagal 17(3)(a) de [RGCS], nuair a théann an nasc, a bhfuil an t‑iarratasóir ag iarraidh a dhíliostú, chuig ábhar lena n‑áirítear éilimh fhíorasacha agus breithiúnais fiúntais atá bunaithe ar éilimh fhíorasacha a séanann an t‑ábhar sonraí a bhfíreannacht,, agus a mbraitheann a ndlíthiúlacht ar cé chomh fíor agus atá na héilimh fhíorasacha san ábhar sin, go ndíríonn an chúirt náisiúnta go cinntitheach freisin ar an gceist an mbeadh sé réasúnta go bhféadfadh an t‑ábhar sonraí cosaint dhlíthiúil a fháil i gcoinne sholáthraí an ábhair, mar shampla, trí fhaoiseamh eatramhach, agus, dá bhrí sin, ar a laghad réiteach sealadach a fháil ar an gceist maidir le fíreannacht an ábhair atá á thaispeáint ag rialaitheoir an innill cuardaigh?

2)      I gcás iarraidh ar dhíliostú arna déanamh i gcoinne rialaitheoir seirbhíse cuardaigh idirlín, a dhéanann, tar éis cuardach ar ainm a fháil, grianghraif de dhaoine nádúrtha a thaispeáint, ar chuir tríú páirtithe iad ar an idirlíon i dteannta le hainm an duine, agus, na grianghraif arna n‑aimsiú ina liosta torthaí cuardaigh a thaispeáint mar mhionsamhlacha (“thumbnails”), agus cearta agus leasanna de bhun Airteagail 7, 8, 11 agus 16 den Chairt i gcomhréir le hAirteagal 12(b) agus an chéad fhomhír d’Airteagal 14(1)(a) de Threoir [95/46] agus Airteagal 17(3)(a) de RGCS, atá i gcoinbhleacht lena chéile á gcur sa mheá, ar cheart a chur san áireamh go cinntitheach comhthéacs an fhoilsithe tosaigh a rinne an tríú páirtí, fiú má tá suíomh gréasáin an tríú páirtí luaite mar nasc ag an inneall cuardaigh nuair a thaispeántar an mhionsamhail ach nach bhfuil sé ainmnithe go sonrach, agus nach bhfuil an comhthéacs lena mbaineann á thaispeáint ag an tseirbhís cuardaigh idirlín?”

9.        Chuir na páirtithe sna príomhimeachtaí, Rialtas na Gréige, Rialtas na hOstaire, Rialtas na Rómáine agus an Coimisiún barúlacha i scríbhinn isteach sa chás seo. Ag éisteacht os comhair na Cúirte Breithiúnais an 24 Eanáir 2022, chuir na páirtithe sna príomhimeachtaí agus an Coimisiún barúlacha ó bhéal i láthair.

IV.    Anailís

10.      Sula ndéanfar scrúdú ar na ceisteanna a tarchuireadh le haghaidh réamhrialú, is ceart dom tagairt do chásdlí na Cúirte Breithiúnais maidir leis na hoibleagáidí atá ar oibreoir innill cuardaigh i gcás ina bhfuil próiseáil sonraí pearsanta mar chuid de ghníomhaíocht oibreora innill cuardaigh, go háirithe i gcás ina bhfuil ceart an ábhair sonraí go léirscriosfar sonraí a bhaineann leis i gceist. Mar a léireofar thíos, tá na hoibleagáidí sin i gcomhréir, i bhfocail na Cúirte Breithiúnais, le “freagrachtaí, inniúlachtaí agus féidearthachtaí” oibreoir an innill cuardaigh, (5) a bhfuil dlúthbhaint acu lena ról in éiceachóras an idirlín, mar a thuairiscítear go hachomair i réamhrá na Tuairime seo.

A.      Cásdlí na Cúirte Breithiúnais

11.      Tá ceithre phríomhphointe i gcásdlí na Cúirte maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil i gcomhthéacs ghníomhaíocht na n‑inneall cuardaigh.

12.      Baineann an chéad cheann le haicmiú ghníomhaíocht na n‑inneall cuardaigh agus lena háireamh i raon feidhme reachtaíocht an Aontais maidir le cosaint sonraí pearsanta.

13.      Ina breithiúnas an 13 Bealtaine 2014 Google Spain agus Google  (6) (“breithiúnas Google Spain”) chinn an Chúirt Bhreithiúnais nach mór gníomhaíocht innill cuardaigh chun faisnéis arna foilsiú nó arna cur ar an idirlíon ag tríú páirtithe a aimsiú, í a innéacsú go huathoibríoch, í a stóráil go sealadach agus, ar deireadh, í a chur ar fáil d’úsáideoirí idirlín de réir ord tosaíochta ar leith a aicmiú mar “phróiseáil sonraí pearsanta” de réir bhrí Airteagal 2(b) de Threoir 95/46 nuair atá “sonraí pearsanta” san fhaisnéis sin. (7) Ní bhaineann sé le hábhar go bhféadfadh sé go bhfuil na sonraí foilsithe cheana féin ar an idirlíon agus nár athraíodh iad ar an inneall cuardaigh. (8) Tá atoradh an aicmithe sin ar ghníomhaíocht na n‑inneall cuardaigh le fáil sa dara ráiteas sa bhreithiúnas in Google Spain. Ní mór oibreoir innill cuardaigh, ós é an té a chinneann críocha agus modhanna gníomhaíochta an innill cuardaigh sin, a mheas mar “rialaitheoir”, de réir bhrí Airteagal 2(d) de Threoir 95/46, ar na sonraí pearsanta atá i gceist leis an ngníomhaíocht sin.(9) Chuige sin, shoiléirigh an Chúirt Bhreithiúnais go mbeadh sé contrártha le cuspóir na forála sin, dá ndéanfaí oibreoir innill cuardaigh a eisiamh ón sainmhíniú ar an gcoincheap “rialaitheoir” ar an bhforas amháin nach bhfuil smacht aige ar na sonraí pearsanta arna bhfoilsiú ar leathanaigh ghréasáin tríú páirtithe, is é sin cosaint éifeachtach agus iomlán na n‑ábhar sonraí a áirithiú, trí shainmhíniú leathan ar an gcoincheap sin. (10)

14.      Baineann an dara pointe atá le fáil i gcásdlí na Cúirte Breithiúnais, leis an mbaol a bhaineann leis an gcur isteach tromchúiseach ar chearta bunúsacha na n‑ábhar sonraí mar thoradh ar oibriú innill cuardaigh.

15.      Mar a luaigh mé cheana, cuireann an t‑idirlíon go mór leis an mbaol go ndéanfaí dochar do na cearta bunúsacha go ndéanfar an saol príobháideach a urramú agus sonraí pearsanta a chosaint mar gheall ar an gcaoi a ndéantar an fhaisnéis a tháirgeadh agus a dháileadh ar líne. Agus í lán‑fheasach ar an staid seo, shoiléirigh an Chúirt Bhreithiúnais ina breithiúnas Google Spain, ar thaobh amháin, gur féidir idirdhealú a dhéanamh idir próiseáil sonraí pearsanta a dhéantar i gcomhthéacs ghníomhaíocht an innill cuardaigh agus an phróiseáil a dhéanann foilsitheoirí láithreán gréasáin, arb í na sonraí sin á lódáil ar leathanach idirlín, agus gur gníomhaíocht bhreise air sin í. (11) Ar an taobh eile, chuir an Chúirt Bhreithiúnais in iúl go bhféadfadh próiseáil sonraí pearsanta a dhéanann oibreoir innill cuardaigh “difear suntasach a dhéanamh do na cearta bunúsacha go ndéanfaí an saol príobháideach a urramú agus sonraí pearsanta a chosaint nuair a dhéantar an cuardach leis an inneall sin ar bhonn ainm duine aonair, toisc go gcuireann an phróiseáil sin ar chumas aon úsáideoir idirlín achoimre struchtúrach a fháil tríd an liosta torthaí ar an bhfaisnéis a bhaineann leis an duine aonair sin atá le fáil ar an idirlíon – faisnéis a d’fhéadfadh a bheith bainteach le líon mór gnéithe dá shaol príobháideach agus nach bhféadfaí, gan an t‑inneall cuardaigh sin, a bheith idirnasctha nó a d’fhéadfadh a bheith ach le deacracht mhór – agus mar sin próifíl mionsonraithe nó nach bhfuil chomh mionsonraithe sin a tharraingt air”. Ina theannta sin, tá éifeacht an chur isteach ar chearta an ábhair sonraí “níos láidre mar gheall ar an ról tábhachtach atá ag an idirlíon agus innill chuardaigh sa tsochaí nua-aimseartha, rud a fhágann go bhfuil an fhaisnéis atá i liosta torthaí den sórt sin uileláithreach”. (12) Dar leis an gCúirt Bhreithiúnais, “sa mhéid go bhféadfadh gníomhaíocht innill cuardaigh, dá bhrí sin, difear suntasach a dhéanamh go forlíontach, i gcomparáid le gníomhaíocht foilsitheoirí láithreán gréasáin, do na cearta bunúsacha go ndéanfaí an saol príobháideach a urramú agus sonraí pearsanta a chosaint, ní mór d’oibreoir an innill cuardaigh, ós é an té a chinneann críocha agus modhanna na gníomhaíochta sin, a áirithiú, i gcomhthéacs a fhreagrachtaí, a inniúlachtaí agus a fhéidearthachtaí, go gcomhlíontar leis an ngníomhaíocht ceanglais Threoir 95/46 chun go mbeidh éifeacht iomlán ag na coimircí arna leagan síos leis an Treoir agus go bhféadfaí éifeachtacht agus cosaint iomlán a bhaint amach do na hábhair sonraí, go háirithe a gceart go ndéanfar an saol príobháideach a urramú”. (13) Ina breithiúnas an 24 Meán Fómhair 2019, GC agus páirtithe eile (Díliostú sonraí íogaire) (14) (“breithiúnas GC”), mheabhraigh an Chúirt Bhreithiúnais go bhfuil na hoibleagáidí uile a bhfuil feidhm acu maidir leis an “rialaitheoir” sonraí pearsanta de bhua Threoir 95/46 agus RGCS, lena n‑áirítear na toirmisc agus na srianta ar phróiseáil sonraí íogaire a leagtar síos in Airteagal 8(1) agus (5) den Treoir sin agus in Airteagail 9(1) agus (10) de RGCS, i bhfeidhm ina n‑iomláine maidir le hoibreoir an innill cuardaigh. Sa bhreithiúnas sin, shoiléirigh an Chúirt Bhreithiúnais cé nach féidir le sainiúlachtaí na próiseála a dhéanann oibreoir innill cuardaigh i gcomhthéacs a ghníomhaíochta bonn cirt a thabhairt lena dhíolmhú ó chomhlíonadh na bhforálacha sin, féadfaidh na sainiúlachtaí sin tionchar a bheith acu ar raon feidhme fhreagracht agus oibleagáidí sonracha an oibreora sin. Ós rud é go bhfuil sé freagrach, ní as sonraí íogaire a bheith ar leathanach gréasáin arna fhoilsiú ag tríú páirtí, ach as liostú an leathanaigh sin, is ar bhonn an liostaithe sin amháin go bhfuil na forálacha a bhaineann le próiseáil na sonraí sin infheidhme maidir leis agus, dá bhrí sin, “trí fhíorú atá le déanamh, faoi mhaoirseacht na n‑údarás náisiúnta inniúil, ar bhonn iarraidh arna déanamh ag an ábhar sonraí”. (15)

16.      Baineann an tríú pointe atá déanta ag an gCúirt Bhreithiúnais leis an ngá atá ann na cearta bunúsacha go léir atá i gceist a chur san áireamh i gcomhthéacs iarraidh ar dhíliostú chuig oibreoir innill cuardaigh agus cothromaíocht a bhaint amach idir na cearta sin lena gcuirtear, ní hamháin imthosca an cháis, ach freisin saintréithe teicneolaíocha thimpeallacht an idirlín san áireamh.

17.      I ndáil leis sin, cé gur chuir an Chúirt Bhreithiúnais as an áireamh, ar thaobh amháin, i bhfianaise na tromchúise a d’fhéadfadh a bheith i gceist, go bhféadfadh bonn cirt a bheith leis an gcur isteach ar chearta bunúsacha an ábhair sonraí mar gheall ar fhaisnéis a bhaineann leis a thaispeáint i dtorthaí ar chuardaigh a dhéantar trí inneall cuardaigh idirlín ar bhonn a ainm, mar gheall ar an leas eacnamaíoch amháin atá ag oibreoir an innill sin, ar an taobh eile, d’aithin an Chúirt Bhreithiúnais “go bhféadfadh tionchar a bheith ag scriosadh na nasc ó liosta na dtorthaí, ag brath ar an bhfaisnéis atá i gceist, ar leas dlisteanach na n‑úsáideoirí idirlín […] i rochtain a bheith acu ar an bhfaisnéis sin”. (16) Sna cásanna sin, measann an Chúirt Bhreithiúnais gur cheart “féachaint le cothromaíocht chóir a bhaint amach go háirithe idir an leas sin agus cearta bunúsacha an ábhair sonraí faoi Airteagail 7 agus 8 den Chairt”. (17) Athdhearbhaítear an ceanglas sin i mbreithiúnas GC ag tagairt d’Airteagal 17 de RGCS, lenar códaíodh an ceart go ndéanfaí sonraí pearsanta a léirscriosadh (nó “an ceart go ndéanfaí ligean i ndearmad”) a d’aithin an Chúirt Bhreithiúnais ina breithiúnas in Google Spain (18) agus a leagann síos go sainráite i mír 3(a), mar a thug an Chúirt faoi deara freisin, an ceanglas chun cothromaíocht a bhaint amach idir na cearta éagsúla thuasluaite. (19) Sa bhreithiúnas sin, deimhníonn an Chúirt Bhreithiúnais freisin an méid a bhí ráite cheana féin sa bhreithiúnas in Google Spain maidir leis na critéir ar ar a mbonn a bheidh an chothromaíocht sin le baint amach, ag athdhearbhú “cé go bhfuil tosaíocht ag cearta an ábhair sonraí atá cosanta ag Airteagail 7 agus 8 den Chairt, mar riail ghinearálta, ar shaoráil faisnéise úsáideoirí idirlín, d’fhéadfadh an chothromaíocht sin a bheith ag brath, áfach, i gcásanna áirithe, ar chineál na faisnéise atá i gceist agus ar a híogaireacht do shaol príobháideach an ábhair sonraí agus ar leas an phobail an fhaisnéis sin a bheith acu, leas a d’fhéadfadh a bheith éagsúil, go háirithe, de réir an róil atá ag an ábhar sonraí sa saol poiblí”. (20) Taobh amuigh den fhoclaíocht a ghlac an Chúirt Bhreithiúnais, is léir go háirithe ón mbreithiúnas in GC go bhfuil cothromaíocht le baint amach idir cearta bunúsacha leis an tábhacht chéanna, ar bunriachtanais iad do dhea-oibriú na sochaí daonlathaí. Dá bhrí sin, ní féidir tosaíocht cheann amháin thar an gceann eile a leagan síos ar bhealach teibí, seachas sin, is gá cothromaíocht a bhaint amach sa chaoi is go mbainfear cómhaireachtáil amach a ndéanfaí an cur isteach a theorannú don mhéid is lú agus is féidir maidir le gach ceann de na cearta bunúsacha atá i gceist. Leanann sé freisin ón mbreithiúnas sin go n‑aistríonn an chothromaíocht sin ó na cearta go ndéanfar an saol príobháideach a urramú agus sonraí pearsanta a chosaint a leagtar amach in Airteagail 7 agus 8 den Chairt i dtreo an chirt chun faisnéis a thabhairt agus faisnéis a fháil atá cumhdaithe in Airteagal 11 den Chairt, de réir a mhéid atá ról poiblí atá ag an duine lena mbaineann agus, dá bhrí sin, mar atá leas ag úsáideoirí idirlín faisnéis a bhaineann leo a fháil. (21)

18.      Is é an ceathrú pointe, a eascraíonn as cásdlí na Cúirte Breithiúnais, gur faoi oibreoir an innill chuardaigh atá sé, mar rialaitheoir ar phróiseáil na sonraí pearsanta a dhéantar chun críocha oibriú an innill sin, cothromaíocht a bhaint amach idir na cearta bunúsacha atá i gceist, d’fhonn a áirithiú go gcomhlíontar leis an bpróiseáil na ceanglais in RGCS (agus ceanglais Threoir 95/46 roimhe sin). (22) Rinneadh an ról sin a chódú ansin in Airteagal 17 de RGCS.

19.      I gcás ina bhfuil “an ceart go ndéanfaí ligean i ndearmad” ábhartha, ní mór d’oibreoir an innill cuardaigh cinneadh a dhéanamh, ar bhonn na gceart agus na leasanna uile atá i gceist agus i bhfianaise imthosca uile an cháis ar leith, cé na hábhair atá le cur san áireamh i liosta na gcuardach a rinneadh leis an inneall sin, ar thaobh amháin, agus cé na hábhair atá le heisiamh ón liosta sin, ar an taobh eile. I gcás nach ndeonóidh an rialaitheoir an iarraidh ar dhíliostú, féadfaidh an t‑ábhar sonraí an t‑ábhar a thabhairt os comhair an údaráis maoirseachta nó an údaráis bhreithiúnaigh ionas go bhféadfaidh an t‑údarás sin na fíoruithe is gá a dhéanamh agus ordú don rialaitheoir bearta a ghlacadh dá réir. (23) Sa chomhthéacs sin, ba cheart a mheabhrú gur ghlac Meitheal “Airteagal 29”, (24) an 26 Samhain 2014, treoirlínte maidir le cur chun feidhme an bhreithiúnais in Google Spain, (25) chun faisnéis a sholáthar faoin gcaoi a bhfuil sé beartaithe ag na húdaráis um chosaint sonraí, a tháinig le chéile sa Mheitheal, an breithiúnas sin a chur chun feidhme. Tá liosta neamh-uileghabhálach de chritéir choiteanna sna treoirlínte sin freisin a chuirfidh údaráis cosanta sonraí i bhfeidhm agus iad ag láimhseáil, ar bhonn cás ar chás, gearán a chuirtear faoi bhráid a n‑oifigí náisiúnta, tar éis d’innill chuardaigh iarrataí ar dhíliostú a dhiúltú. Is de bhun na dtreoirlínte sin a scrúdaíonn Google, go háirithe, iarrataí ar dhíliostú a sheoltar chuige.

20.      Is i bhfianaise na bprionsabal atá leagtha amach thuas nach mór scrúdú a dhéanamh ar na ceisteanna a chuireann BGH ar aghaidh.

B.      An chéad cheist arna tarchur le haghaidh réamhrialú

21.      Díospóideann Google inghlacthacht na chéad cheiste a tarchuireadh le haghaidh réamhrialú, ceist atá hipitéiseach toisc go bhfuil an réiteach atá á lorg ag BGH i bhfoirm theibí nach mbaineann le fíricí na bpríomhimeachtaí. Thairis sin, níl an fhaisnéis is gá ag an gCúirt chun freagra úsáideach a thabhairt.

22.      I ndáil leis sin, measaim gur cheart argóint Google nach bhfuil an t‑ordú tarchuir mionsonraithe go leor ina leith sin a dhiúltú. I mo thuairim, thug BGH léargas sách beacht agus iomlán ar chomhthéacs fíorasach na díospóide os a chomhair agus ar an ngá, sa chomhthéacs sin, le freagra a fháil ar an gcéad cheist a tarchuireadh le haghaidh réamhrialú. Tá an fhaisnéis go léir is gá ag an gCúirt Bhreithiúnais chun an cheist sin a fhreagairt, cé nach sonraíonn an chúirt a rinne an tarchur an bhfuil cosaint bhreithiúnach le fáil ag na hiarratasóirí sna príomhimeachtaí i gcoinne an tsoláthraí ábhair nó cad iad na hiarmhairtí a bheadh ann dá mbeadh cinneadh diúltach ann ina leith sin. Ar an dara dul síos, ní hionann é go bhfuil gá, i dtuairim BGH, chun an díospóid atá os a chomhair a réiteach, cruinneas na modheolaíochta a mheasann sí a bheith infheidhme a fhíorú roimh ré i gcás amhail é atá i gceist sna príomhimeachtaí, arna sainmhíniú i dtéarmaí ginearálta agus teibí, agus ceist hipitéiseach a bheith sa cheist a tarchuireadh chun na Cúirte Breithiúnais le haghaidh réamhrialú, más léir gur dócha go gcuirfidh freagra na ceiste sin ar chumas na cúirte a rinne an tarchur, tar éis na gcinntí fíorasacha is gá a dhéanamh, an díospóid sna príomhimeachtaí a réiteach. Ar deireadh, tugaim faoi deara go mbaineann na hargóintí eile a chuir Google ar aghaidh mar thaca le do-ghlacthacht na chéad cheiste a tarchuireadh le haghaidh réamhrialú, go bunúsach, leis na himpleachtaí a d’fhéadfadh a bheith ann dá nglacfadh an Chúirt Bhreithiúnais leis an bhfreagra a mhol an chúirt a rinne an tarchur agus dá bhrí sin go mbaineann siad le substaint na ceiste sin.

(a)    Réamhbharúlacha

23.      Leis an gcéad cheist a tarchuireadh le haghaidh réamhrialú, iarrtar ar an gCúirt Bhreithiúnais, go bunúsach, soiléiriú a dhéanamh ar na hoibleagáidí atá ar oibreoir innill cuardaigh agus é ag déileáil le hiarraidh ar dhíliostú bunaithe ar an líomhain, gan fianaise thacaíochta, go bhfuil cuid den fhaisnéis san ábhar innéacsaithe bréagach, sa chás seo ailt áirithe ina bhfuil sonraí agus tráchtanna faoin tsamhail infheistíochta agus faoi thorthaí na gcuideachtaí atá á mbainistiú ag na hiarratasóirí sna príomhimeachtaí. Ós rud é, i bhfianaise chomhthéacs gairmiúil na n‑alt atá i gceist, go háirithe, agus thábhacht na faisnéise d’infheisteoirí mar gheall ar an ardleibhéal riosca san earnáil ina n‑oibríonn na hiarratasóirí, (26) nach mbeadh bonn cirt le díliostú ach amháin i gcás ina raibh an fhaisnéis atá faoi chonspóid bréagach, fiafraíonn BGH an faoi na hiarratasóirí sna príomhimeachtaí atá sé cruthúnas, nó méid áirithe fianaise, a thabhairt nach bhfuil an fhaisnéis sin fíor, nó an féidir le Google toimhde a dhéanamh go bhfuil bunús maith le líomhaintí na n‑iarratasóirí agus an díliostú iarrtha a dhéanamh nó iarracht a dhéanamh na fíricí a shoiléiriú é féin. Molann BGH go dtabharfaí freagra ar an gceist ar an mbonn an bhfuil deis réasúnach ann don ábhar sonraí cosaint bhreithiúnach a fháil, mar shampla trí bheart sealadach, go díreach i gcoinne an tsoláthraí ábhair agus fiafraíonn sí den Chúirt Bhreithiúnais, go bunúsach, an bhfuil léirmhíniú sa chiall sin ar Airteagal 17(3)(a) de RGCS ceart.

24.      Trí argóintí atá éagsúil go páirteach, tá na páirtithe agus na daoine leasmhara go léir a bhfuil barúlacha curtha isteach acu sna himeachtaí reatha i gcoinne an réitigh atá molta ag BGH, (27) ar a laghad sa mhéid go dtugtar le tuiscint leis an réiteach sin, go contrártha leis an gcásdlí dá dtagraítear i míreanna 11 go 19 den Tuairim seo, go ndéantar cothromaíocht a bhaint amach idir na leasanna de réir bhrí Airteagal 17(3)(a) de RGCS ar an mbonn amháin go bhfuil deis réasúnta ann cosaint bhreithiúnach a fháil i gcoinne an tsoláthraí ábhair.

25.      Ó mo thaobhsa de, tugaim faoi deara gur léir ón iarraidh ar réamhrialú nach raibh amhras ar BGH maidir leis an tábhacht a d’fhéadfadh a bheith leis an gcritéar sin ach tar éis na cearta a leagtar amach in Airteagail 7, 8 agus 11 den Chairt a chur sa mheá ar bhonn imthosca uile an cháis agus tar éis teacht ar an gconclúid, ar an tuiscint go bhfuil an fhaisnéis atá faoi chonspóid fíor, go bhfuil tosaíocht ag ceart na n‑úsáideoirí idirlín chun faisnéise. Dá bhrí sin, is é an cás dá dtagraíonn BGH, tar éis na fachtóirí ábhartha eile go léir a mheas, ná an mbraitheann glacadh nó diúltú na hiarrata ar dhíliostú ar fhíreannacht nó bréige na faisnéise amháin, a bhfuil léirscriosadh á lorg ina leith. Dá bhrí sin, maidir le haon fhreagra dearfach ón gCúirt Bhreithiúnais ar an gceist a tharchuir BGH, ní chiallódh sé go mbeadh glacadh nó diúltú na hiarrata ar dhíliostú bunaithe ar mhíchruinneas líomhnaithe na faisnéise, arna cur ar fáil ag oibreoir innill cuardaigh, ag brath ar cé acu a bhí nó nach raibh an t‑ábhar sonraí in ann cosaint a fháil i gcoinne an tsoláthraí ábhair, agus air sin amháin, agus, contrártha le hargóintí Google, ní chiallódh sé go gceanglófaí go huathoibríoch ar oibritheoir innill cuardaigh díliostú a dhéanamh mura mbeadh an chosaint sin ar fáil. Thairis sin, bheadh torthaí den sórt sin ag teacht salach ar léiriú cuí idir forálacha Airteagail 17(1) agus (3)(a) de RGCS, lena n‑eisiatar aon uathoibreánachas a d’fhéadfadh cur isteach ar chur chun feidhme na cothromaíochta is gá ar na cearta bunúsacha atá i gceist, arna dhéanamh ag an rialaitheoir, ag an údarás maoirseachta nó ag an gcúirt. Is éard a bheadh i gceist le freagra dearfach ón gCúirt Bhreithiúnais ar an gcéad cheist ná, agus sin amháin, i gcás ina ndealraíonn sé, ar bhonn na n‑imthosca ábhartha uile, go bhfuil tosaíocht ag ceart na n‑úsáideoirí idirlín chun faisnéise agus saoirse an tsoláthraí ábhair chun tuairimí a nochtadh, thar cearta an iarratasóra, agus nach bhfuil bonn cirt leis an iarraidh ar dhíliostú a ghlacadh ach amháin más amhlaidh go bhfuil an fhaisnéis atá faoi chonspóid bréagach, go bhféadfadh an chúirt náisiúnta agus, ag an gcéim réamhdhlíthíochta, oibreoir an innill cuardaigh, i gcás nach léir cineál bréagach na faisnéise agus gur mhainnigh an t‑iarratasóir ar a laghad roinnt fianaise a thabhairt chuige sin, brath go cinntitheach ar an bhfíric go bhfuil féidearthacht réasúnta ann go bhfaighidh an t‑ábhar sonraí cosaint bhreithiúnach i gcoinne sholáthraí an ábhair. Ina theannta sin, ní hamháin nach critéar eisiach ná cinntitheach í féidearthacht réasúnta a bheith ann nó gan a bheith ann chun cosaint bhreithiúnach a fháil i gcoinne an tsoláthraí ábhair é féin chun críocha iarrata ar dhíliostú a dhiúltú nó a ghlacadh, is cuma cén foras atá leis, ach ní critéar ábhartha é ach an oiread chun críocha an chleachtaidh chothromaíochta a chur i gcrích faoi Airteagal 17(3)(a) de RGCS. Ní dhéantar aon tagairt sa chritéar féin don cheart go léirscriosfaí na sonraí atá san ábhar atá faoi chonspóid ná don ghá atá ann, maidir le feidhmiú an chirt chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil, liostú an ábhair sin a choimeád.

26.      Tar éis na soiléirithe sin a dhéanamh, chun críocha freagra a thabhairt ar an gcéad cheist a tarchuireadh le haghaidh réamhrialú, is gá, i mo thuairim, tosú le soiléiriú a dhéanamh ar an tábhacht, agus na cearta bunúsacha atá i gceist á gcur sa mheá i gcás ar nós an ceann sna príomhimeachtaí, ar thaobh amháin, ról an ábhair sonraí sa saol poiblí de réir bhrí chásdlí na Cúirte Breithiúnais agus, ar an taobh eile, an bhfuil díospóid ann maidir le fíreannacht na faisnéise a phróiseáiltear.

(b)    Cur isteach ar chearta bunúsacha arna gcosaint le hAirteagail 7 agus 8 den Chairt agus ról an duine aonair sa saol poiblí

27.      D’ainneoin a dtábhachta i ndlí bunreachtúil an Aontais, ní cearta absalóideacha iad na cearta bunúsacha go ndéanfaí an saol príobháideach a urramú agus sonraí pearsanta a chosaint. (28) Mar is léir go háirithe ó Airteagal 17(3)(a) de RGCS, ní mór an ceart go ndéanfaí sonraí pearsanta a chosaint a mheas i ndáil lena fheidhm sa tsochaí agus é a chothromú le cearta bunúsacha eile, i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta. (29) Leis an gcothromaíocht sin, ní mór aird chuí a thabhairt ar cheart úinéara an leathanaigh ghréasáin a bhfuil an díliostú á lorg chun faisnéis a thabhairt agus ceart an phobail an fhaisnéis atá ar an leathanach gréasáin sin a rochtain.

28.      Mar is léir ó chásdlí na Cúirte Breithiúnas dá dtagraítear thuas, d’fhéadfadh an leas sin athrú, go háirithe, de réir “róil sa saol poiblí” an duine lena mbaineann an fhaisnéis. Áirítear leis an bhfrása sin, a mhéid is ábhartha do na himeachtaí seo, ní hamháin cásanna ina bhfuil feidhmeanna polaitiúla ag an duine sin, a fhágann, de réir sainmhínithe, go bhfuil sé faoi réir rialú daonlathach thuairimí an phobail, ach freisin cásanna ina bhfuil ról tábhachtach aige sa gheilleagar. (30) Ar bhonn níos ginearálta, tá muinín oibreoirí eacnamaíocha eile agus tomhaltóirí araon ríthábhachtach chun go bhfeidhmeoidh an margadh mar is ceart. Éilítear leis an muinín seo rochtain phoiblí ar fhaisnéis faoi dhaoine a bhfuil róil ghairmiúla acu a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do dhinimic an mhargaidh agus do leasanna tomhaltóirí, uaireanta níos láidre fós ná gníomhaíochtaí an luchta ceaptha beartais. Ar ndóigh, faisnéis a bhaineann lena róil ghairmiúla is ea an fhaisnéis sin go bunúsach, ach d’fhéadfadh sé go gcuimseodh sí freisin gnéithe dá saol príobháideach má tá gaol acu lena ngníomhaíocht ghairmiúil nó má bhíonn tionchar acu ar shlí eile ar a ngníomhaíocht ghairmiúil agus ar mhuinín an phobail. I ndáil leis sin, ba cheart a thabhairt faoi deara gur dhearbhaigh an Chúirt Bhreithiúnais cheana féin go nglactar le teorannú ar raon feidhme chosaint an tsaoil phríobháidigh nuair a ghlactar le ról eacnamaíoch. (31)

29.      I gcás ina mbeidh ról poiblí ag an ábhar sonraí, de réir na brí a leagtar amach thuas, ní hamháin i gcás ina bhfuil an ról sin mar ról ceannasach, ach freisin i gcás ina bhfuil raon feidhme níos teoranta aige, i gcomhthéacs na cothromaíochta atá le baint amach faoi Airteagal 17(1) agus (3) de RGCS, féadfaidh tosaíocht a bheith ag an gceart chun faisnéis a thabhairt agus ag an gceart chun faisnéis a fháil, ar bhonn na n‑imthosca ábhartha uile, ar na cearta bunúsacha atá cosanta ag Airteagail 7 agus 8 den Chairt. In imthosca an cháis sna príomhimeachtaí, téann comhthéacs gairmiúil agus cineál iriseoireachta na bhfoilseachán atá i gceist, chomh maith le cineál na faisnéise atá faoi chonspóid, a bhaineann go príomha le gníomhaíochtaí na gcuideachtaí arna mbainistiú ag na hiarratasóirí, i bhfabhar na tosaíochta sin freisin, mar a thug an chúirt a rinne an tarchur faoi deara.

(c)    Fíreannacht na faisnéise agus mionsonraí na cothromaíochta

30.      Cé gur gnách go mbíonn tosaíocht ag an gceart chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a ar an gceart go ndéanfar an saol príobháideach a urramú agus sonraí pearsanta a chosaint, i gcás ina mbíonn ról tábhachtach ag an ábhar sonraí sa saol poiblí, a mhalairt atá fíor má shuitear nach fíor an fhaisnéis is ábhar don iarraidh ar dhíliostú. I gcás den sórt sin, d’fhéadfaí a áitiú nach bhfuil an ceart chun faisnéis a thabhairt agus an ceart chun faisnéis a fháil i gceist i ndáiríre, ós rud é nach féidir an ceart chun bréagnuacht a scaipeadh agus rochtain a fháil air a áireamh iontu. Fiú gan gad Goirdiach a ghearradh ar an ngaol idir an ceart chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil agus fíreannacht na faisnéise, (32) is leor a thabhairt faoi deara nach féidir an ceart sin, ina dhá ghné, gníomhach agus éighníomhach, má bhaineann sé le faisnéis bhréagach, a chur ar an mbonn céanna in aon chás leis na cearta bunúsacha maidir leis an saol príobháideach a urramú agus sonraí pearsanta a chosaint. Sa chás sin, tá an critéar tosaíochta is infheidhme fréamhaithe i gceann de bhunluachanna an Aontais, dínit an duine.

31.      In Airteagal 2 CAE, ina ndéantar tagairt freisin do thraidisiúin bhunreachtúla na mBallstát, cuirtear meas ar dhínit an duine ar bharr an liosta luachanna ar a bhfuil an tAontas fothaithe. Maidir le hAirteagal 1 den Chairt, luaitear ann go soiléir go bhfuil “dínit an duine dosháraithe” agus “ní mór an dínit sin a urramú agus a chosaint”. In “Aontas na luachanna”, arb é an tAontas, aithnítear go bhfuil cineál tosaíochta ag dínit an duine, is é sin an bonn ar a bhfuil an chuid is mó de lánpháirtiú na hEorpa bunaithe. Ós rud é go bhfuil dínit an duine dosháraithe agus nach mór í a urramú agus a chosaint i gcónaí, gan aon fhoráil a dhéanamh maidir le leasanna a thugann bonn cirt lena teorannú, mar atá i gcás fhormhór na gceart bunúsach a ráthaítear leis an gCairt, ní fhéadfaí aon chúis dhlíthiúil a agairt, ní fiú ceann a bhaineann le feidhmiú cirt bhunúsaigh, chun é a íobairt. (33) Ní hamháin go gcuirtear isteach ar cheart bunúsach an duine lena mbaineann chun sonraí pearsanta a chosaint le faisnéis bhréagach ach tá tionchar aici ar deireadh ar a dhínit sa mhéid is go gcuirtear chun cinn leis léiriú bréagach air, rud a athróidh a chéannacht. Tá sé sin fíor go háirithe in éiceachóras an idirlín, áit a scaiptear faisnéis go tapa, ina bhfuil faisnéis buan agus, a bhuí le hobair na n‑inneall cuardaigh, a ndéantar an duine lena mbaineann a phróifíliú go cruinn. Sa saol digiteach, is máchail bhuan ar a fhéiniúlacht é scaipeadh faisnéise bréagaí faoi dhuine, atá sainithe anois thar aon áit eile ar líne, agus is sárú tromchúiseach é ar a dhínit.

32.      Mar sin féin, tugaim faoi deara bhfuil freagra soiléir in RGCS ar an gceist maidir leis an tábhacht a bhaineann le fíreannacht na sonraí pearsanta a próiseáiltear. Áirítear ar na prionsabail is infheidhme maidir le próiseáil na sonraí sin, a liostaítear in Airteagal 5(1)(d) den Rialachán sin, prionsabal an “chruinnis”, ar dá réir, ar thaobh amháin, nach mór do na sonraí pearsanta a bheith “cruinn agus, i gcás inar gá, coimeádfar cothrom le dáta iad”, agus, ar an taobh eile, “go léirscriostar nó go gceartaítear sonraí pearsanta atá míchruinn gan mhoill, ag féachaint do na críocha ar chucu a dhéantar iad a phróiseáil”. (34) Dar leis an gCúirt Bhreithiúnais, tá cruinneas na sonraí mar cheann de na “coinníollacha dleathachta” a bhaineann le próiseáil sonraí pearsanta (35) agus ní mór, mar sin, é a chur san áireamh, go háirithe, chun críocha chur i bhfeidhm Airteagal 17(1)(d) de RGCS.

33.      I gcás ina bhfuil fíreannacht na faisnéise arna próiseáil ag oibreoir an innill cuardaigh ábhartha, mar atá sna príomhimeachtaí, dá bhrí sin, tagann an tsaincheist maidir le cothromaíocht na gceart bunúsach lena mbaineann chun cinn i dtéarmaí an‑sonrach, ar a laghad ag an gcéim nár suíodh an bhfuil an fhaisnéis fíor nó bréagach. Ag an gcéim sin, is í an cheist lárnach ná cé a dhéanfaidh a leithéid a chinneadh agus conas a dhéanfar é.

34.      Sula dtabharfar aghaidh ar an gceist sin, measaim gurb iomchuí soiléiriú breise a thabhairt maidir leis an gcaoi a ndéantar cothromaíocht a bhaint amach idir na cearta bunúsacha lena mbaineann, i gcomhthéacs ghníomhaíocht na n‑inneall cuardaigh.

(d)    Cothromaíocht a bhaint amach idir cearta bunúsacha agus féidearthachtaí, inniúlachtaí agus freagrachtaí oibreora an innill cuardaigh

35.      Caithfidh sé go bhfuil tionchar ag saintréithe an chomhthéacs teicneolaíochta lena mbaineann an choinbhleacht sin ar an mbealach ina bhfuil oibreoir innill cuardaigh chun cothromaíocht a bhaint amach idir cearta bunúsacha atá ag teacht salach ar a chéile agus é ag scrúdú iarraidh ar dhíliostú. Tá an teannas idir saoirse faisnéise, ina gnéithe gníomhacha agus éighníomhacha, ar thaobh amháin, agus na cearta go ndéanfar an saol príobháideach a urramú agus sonraí pearsanta a chosaint, ar an taobh eile, difriúil sa saol digiteach. Bíonn tionchar ag teicneolaíocht an idirlín ní hamháin ar an gcaoi a n‑idirghníomhaíonn an ceart chun faisnéise agus na cearta go ndéanfar an saol príobháideach a urramú agus sonraí pearsanta a chosaint, ach freisin ar an gcaoi a ndéantar iad a chur sa mheá. Sin é an fáth a dtagraíonn cásdlí na Cúirte Breithiúnais maidir leis an “ceart go ndéanfaí ligean i ndearmad” dá dtagraítear thuas do “féidearthachtaí” oibreoir innill cuardaigh, dá “inniúlachtaí” agus dá “fhreagrachtaí”. Is amhlaidh atá freisin nuair atá an iarraidh ar dhíliostú bunaithe ar fhaisnéis a líomhnaítear a bheith bréagach ar an leathanach gréasáin dá dtagraíonn an nasc atá le díliostú. Ní féidir é a bheith d’oibleagáid ar oibreoir innill cuardaigh faireachán ghinearálta a dhéanamh ar an ábhar a óstáiltear agus a fhíreannacht a fhíorú. Bheadh sé an‑deacair faireachán den sórt sin a dhéanamh freisin. Ar an gcaoi chéanna, ní féidir le hoibreoir innill cuardaigh a fhíorú a posteriori an bhfuil an t‑ábhar ar alt a foilsíodh ar leathanach gréasáin a áirítear ar liosta na dtorthaí cuardaigh fíor nó bréagach, gan an fhaisnéis atá ar fáil don fhoilsitheoir gréasáin a bheith aige agus gan na cumhachtaí chun fíorú den sórt sin a dhéanamh.

36.      Ag an am céanna, áfach, ní mór freagracht speisialta oibreora innill cuardaigh mar “gatekeeper” don fhaisnéis a chur san áireamh. Ós rud é go bhfuil ról gníomhach aige, ní ról teicniúil agus neodrach amháin, i scaipeadh faisnéise ar líne, ar a bhfuil a shamhail ghnó bunaithe aige agus as a bhfaigheann sé a bhrabúis, caithfidh an t‑oibreoir sin ról gníomhach a ghlacadh freisin maidir le hábhar ina bhfuil sonraí pearsanta bréagacha a bhaint de thorthaí an chuardaigh, ar choinníoll go mbeidh an ról sin fós laistigh de raon feidhme a inniúlachtaí agus a fhéidearthachtaí. Chuige sin, tugaim faoi deara go leagtar béim ar an bhfreagracht speisialta a bhaineann le feidhm an “gatekeeper” don fhaisnéis atá ag ardáin áirithe i mbreithiúnas an 3 Deireadh Fómhair 2019, Glawischnig-Piesczek, (36) inar chinn an Chúirt Bhreithiúnais nach gcuirtear cosc le forálacha na Treorach maidir le trádáil leictreonach (37) ar chúirteanna náisiúnta ordú a thabhairt do sholáthraí seirbhíse óstála rochtain a bhaint nó a bhlocáil, ní hamháin ar fhaisnéis a dearbhaíodh a bheith neamhdhleathach roimhe sin, mar fhaisnéis chlúmhillteach, ach chun ábhar coibhéiseach a bhaint d’fhonn a scaipeadh a sheachaint d’ainneoin gur scriosadh an t‑ábhar bunaidh. Dá bhrí sin, ar mhaithe le héifeachtacht chosaint chearta an duine aonair i ndáil leis an gcaoi ar leith ina scaiptear faisnéis ar an idirlíon, dar leis an gCúirt Bhreithiúnais, tugtar bonn cirt, fiú chun aimhleasa leasanna eacnamaíocha an ardáin, d’oibleagáid shonrach faireacháin (bheadh faireachán ginearálta ar neamhréir le hAirteagal 15(1) den Treoir maidir le trádáil leictreonach) ar choinníoll nach gcuirfeadh sí an iomarca ualaigh ar idirghabhálaithe. Tá na bearta chun scaipeadh na bréagaisnéise agus na fuathchainte (38) ar an idirlíon a chomhrac agus an treocht atá i ndlí an Aontais oibleagáidí faireacháin níos leithne a fhorchur ar ardáin amhail Google, i réimsí sonracha, maidir le hábhar arna óstáil, ag teacht leis sin freisin. (39)

(e)    Na réitigh éagsúla a cuireadh chun cinn sna himeachtaí reatha

37.      Sa chomhthéacs ginearálta a leagtar amach thuas, ní cheapaim go bhfuil mórán dealraimh ar na réitigh a cuireadh chun cinn, go háirithe ag na páirtithe sna príomhimeachtaí agus an chúirt a rinne an tarchur.

38.      Contrártha lena maíonn na hiarratasóirí sna príomhimeachtaí, ní féidir ábhar a dhíliostú ar bhonn iarraidh aontaobhach an ábhair sonraí amháin a mhaíonn, gan fianaise a sholáthar, go bhfuil faisnéis bhréagach san ábhar atá i gceist, go háirithe más rud é, mar is cosúil leis na hiarratasóirí, gur daoine iad a dtugtar lena ngníomhaíocht, i bprionsabal, ceart chun faisnéise don phobal de bhua a róil sa mhargadh. Dá mbeadh réiteach den sórt sin ann, d‘fhéadfadh an t‑ábhar sonraí a roghnú go haontaobhach an t‑ábhar a bhaineann leis a dhíliostú, gan aon deis a bheith ann seiceáil a dhéanamh ar fhiúntas na líomhaintí a d’fhéadfadh bonn cirt a thabhairt leis an díliostú, agus bheadh íobairt iomarcach gan bonn cirt ann maidir le ceart an fhoilsitheora gréasáin chun faisnéis a thabhairt agus ceart an phobail chun faisnéis a fháil, gan aird a thabhairt ar an ról atá ag na cearta sin i sochaí dhaonlathach.

39.      Ní thagaim ach an oiread leis an réiteach a mhol Google, lena gceanglófaí, ar an ábhar sonraí teagmháil a dhéanamh le foilsitheoir an leathanaigh gréasáin agus a iarraidh air an t‑ábhar a líomhnaítear a bheith bréagach a scriosadh, agus nach mbeadh aon bhaint ag oibreoir an innill cuardaigh leis sin. Dá nglacfaí réiteach den sórt sin, arm gan éifeacht a bheadh in arm na ndaoine sin a mheasann gur sáraíodh a gcearta bunúsacha go ndéanfar an saol príobháideach a urramú agus sonraí pearsanta a chosaint. Dá ndiúltódh an foilsitheoir gréasáin an fhaisnéis atá faoi chonspóid a scriosadh, leanfadh sé de bheith á scaipeadh tríd an inneall cuardaigh agus, dá mbeadh sé bréagach, leanfadh sé de chearta bunúsacha an ábhar sonraí a shárú gan bonn cirt. Dá bhrí sin, bheadh a mhalairt de chás ón gcás a bhí ann roimhe sin, ina mbeadh an chothromaíocht idir na cearta bunúsacha éagsúla go hiomlán i bhfabhar an chirt chun faisnéise agus dhéanfaí na cearta bunúsacha a chosnaítear le hAirteagail 7 agus 8 den Chairt a íobairt ar bhealach díréireach agus gan bonn cirt.

40.      Ar deireadh, maidir leis an réiteach a mhol an chúirt a rinne an tarchur, lena gcuirtear oibleagáid ar an ábhar sonraí, nuair is féidir, cás cúirte a thionscnamh i gcoinne an fhoilsitheora gréasáin, is é an toradh air sin freisin, i mo thuairim, ná íobairt dhíréireach na gceart atá leagtha síos in Airteagail 7 agus 8 den Chairt. Ar an gcéad dul síos, bíonn an luas ag a scaiptear faisnéis ar an idirlíon agus an deacracht í a scriosadh ina dhiaidh sin, má shuitear go bhfuil sí bréagach, ag teacht salach ar fhad na n‑imeachtaí breithiúnacha, fiú más nósanna imeachta práinne iad, agus d’fhéadfadh an dochar a bheadh ann don ábhar sonraí a bheith doleigheasta freisin. Ar an dara dul síos, d’fhéadfadh sé a bheith deacair an réiteach sin a chur i bhfeidhm sa chleachtas i ngach cás, atá coitianta in éiceachóras an idirlín, ina bhfuil bacainní tábhachtacha praiticiúla chun caingean a thionscnamh i gcoinne oibreoir an láithreáin ghréasáin ar a bhfuil an t‑ábhar atá faoi chonspóid, a d’fhéadfadh a bheith ina chónaí i dtríú tír nó a bhfuil sé deacair é a shainaithint. Thairis sin, dá n‑aithneofaí go bhfuil tábhacht chinntitheach ag baint leis an bhféidearthacht caingean a thionscnamh i gcoinne an tsoláthraí ábhair chun cearta an ábhair sonraí a chosaint i gcúinsí amhail na himthosca sin sna príomhimeachtaí, bhainfí an fhreagracht d’oibreoir an innill cuardaigh, rud a bheadh ag teacht salach ar an aitheantas ar chineál uathrialach na próiseála ar shonraí pearsanta atá nasctha le hoibriú inneall cuardaigh agus leis an bprionsabal, arna bhunú ag an gCúirt Bhreithiúnais, nach mór don ábhar sonraí a bheith in ann teagmháil a dhéanamh leis an rialaitheoir sonraí chun díliostú a dhéanamh ar na sonraí a bhaineann leis, beag beann ar aon scriosadh na sonraí sin roimh ré ag an duine a chuir an t‑ábhar atá faoi chonspóid ar líne den chéad uair. Mar a luaigh mé cheana féin, coisctear leis an bprionsabal sin, mar aon leis an ról a thugtar d’inneall cuardaigh i scaipeadh ábhair ar an idirlíon agus, dá bhrí sin, i méadú na díobhála a dhéantar do dhaoine aonair mar thoradh ar fhaisnéis a bhaineann leo a fhoilsiú ar líne, aon réiteach a shaorfaidh oibreoir innill cuardaigh óna oibleagáid, mar rialaitheoir, chun na coinníollacha lena rialaítear dlíthiúlacht na próiseála a chomhlíonadh, lena n‑áirítear cruinneas na sonraí a phróiseáiltear.

41.      I ngach ceann de na réitigh a pléadh thuas, tá an chothromaíocht go hiomlán i bhfabhar ceann de na cearta lena mbaineann, ach ní mór cothromaíocht a aimsiú as a n‑eascraíonn an sárú is lú is féidir ar na cearta bunúsacha lena mbaineann. Sa réasúnaíocht seo a leanas, míneoidh mé conas, i mo thuairim, ba cheart an chothromaíocht sin a dhéanamh amach.

(f)    An réiteach a mholtar agus “procedural data due process”

42.      I gcás mar atá i gceist sna príomhimeachtaí, ina mbraitheann an ceart chun díliostú, go bunúsach, ar fhíreannacht na faisnéise san ábhar díliostaithe a chinneadh agus, dá bhrí sin, ar chruinneas na sonraí pearsanta arna bpróiseáil ag oibreoir an innill cuardaigh, is é an t‑aon rogha iomchuí, i mo thuairim, ná cineál sonrach “procedural fairness” a leagan síos.

43.      Tá “cumhachtaí príobháideacha” tagtha chun cinn in éiceachóras an idirlín – mar gheall ar shaintréithe teicniúla an ghréasáin sin agus ar na fachtóirí eacnamaíocha a bhfuil, ar ndóigh, comhchruinniú na gcumhachtaí eacnamaíocha agus sóisialta i measc dornán ardán, mar thoradh orthu – rud a d’fhéadfadh tionchar mór a bheith aige ar fheidhmiú na gceart bunúsach, go háirithe iad siúd a leagtar amach in Airteagail 7, 8 agus 11 den Chairt. Go háirithe, is iarmhairt dhosheachanta é an tionchar ar theachtadh éifeachtach na gceart bunúsach sin ar an ról mar “gatekeepers” atá ag cuid de na hardáin sin don fhaisnéis. Mar fhreagairt ar an bhfeiniméan sin, ina cásdlí maidir leis an “ceart go ndéanfaí ligean i ndearmad”, d’aithin an Chúirt Bhreithiúnais, go bunúsach, éifeacht dhíreach chothrománach na gceart bunúsach dá dtagraítear in Airteagail 7 agus 8 den Chairt. Is é an toradh loighciúil, chun go mbeidh éifeacht leis na cearta sin, ráthaíochtaí leordhóthanacha nós imeachta a thabhairt do dhaoine aonair maidir le hardáin leictreonacha atá ina rialaitheoirí sonraí pearsanta, agus oibleagáidí comhfhreagracha a leagan ar na hardáin sin, atá in oiriúint ar ndóigh do shaintréithe an mheáin theicneolaíoch agus do shaintréithe na gcoinbhleachtaí idir cearta bunúsacha i dtimpeallacht an idirlín. I saol an idirlín, tá gá le “procedural data due process” de chineál éigin, i mo thuairim. (40)

44.      Tá sé de cheart ag duine aonair, de bhua RGCS, a iarraidh go ndéanfar leathanach gréasáin ina bhfuil sonraí a bhaineann leis agus a mheasann sé a bheith bréagach a dhíliostú. Mar sin féin, chun an ceart sin a fheidhmiú, i mo thuairim, tá oibleagáid ann an fhaisnéis ar a bhfuil an iarraidh bunaithe a shonrú agus fianaise prima facie a sholáthar ar nádúr bréagach an ábhair dá bhfuil an díliostú á lorg, i gcás nach bhfuil sé sin dodhéanta go follasach nó ródheacair, go háirithe ag féachaint do chineál na faisnéise lena mbaineann. (41) Dealraíonn sé go bhfuil oibleagáid den sórt sin ag teacht le foclaíocht agus scéim RGCS, ina bhfuil na cearta éagsúla go ndéanfaí ceartú, léirscriosadh, srianadh ar phróiseáil agus chun agóid a dhéanamh a thugtar don ábhar sonraí faoi réir coinníollacha sonracha agus is faoin duine a bheartaíonn leas a bhaint as atá sé a chruthú go gcomhlíontar na coinníollacha ábhartha.

45.      I gcás ina bhfaightear iarraidh ar dhíliostú den sórt sin, ceanglaítear ar oibreoir an innill cuardaigh, de bhua a róil i scaipeadh na faisnéise agus na bhfreagrachtaí lena mbaineann, fíoruithe a dhéanamh chun a dheimhniú an bhfuil bunús maith leis an iarraidh agus ar cuid dá fhéidearthachtaí nithiúla iad. Féadfar na fíoruithe sin a dhéanamh ar na sonraí atá á óstáil aige agus a bhaineann leis an duine lena mbaineann agus le foilsitheoir an leathanaigh gréasáin ar a bhfoilsítear an t‑ábhar atá faoi chonspóid, sonraí ar féidir le hoibreoir an innill cuardaigh anailís thapa a dhéanamh orthu agus úsáid á baint as na huirlisí teicneolaíochta atá ar fáil dó. Ina theannta sin, a mhéid is féidir, beidh ar oibreoir an innill cuardaigh plé sáraíochta a thionscnamh go tapa leis an bhfoilsitheoir gréasáin a scaip an fhaisnéis ar dtús, a bheidh in ann, dá bhrí sin, na cúiseanna lena ndeimhnítear fíreannacht na sonraí pearsanta a próiseáiltear agus dlíthiúlacht na próiseála a mhíniú. Ar deireadh, beidh ar oibreoir an innill cuardaigh cinneadh a dhéanamh an gceadóidh sé an iarraidh ar dhíliostú nó an ndiúltóidh sé dó, agus tabharfaidh sé cuntas gearr ar na cúiseanna leis an gcinneadh.

46.      Ní fhéadfaidh oibreoir an innill cuardaigh an iarraidh a dhiúltú ach amháin má tá amhras tromchúiseach fós ann maidir le fíreannacht nó bréige na faisnéise atá i gceist, nó más léir go bhfuil an fhaisnéis bhréagach, i gcomhthéacs an fhoilsithe atá i gceist, neamhthábhachtach agus nach bhfuil an fhaisnéis sin de chineál íogair. Féadfaidh an t‑ábhar sonraí iarratas a dhéanamh ansin chuig an údarás breithiúnach, a bhfuil sé de chumhacht aige na fíoruithe is gá a dhéanamh, nó chuig an údarás maoirseachta dá dtagraítear in Airteagal 51 de RGCS, i gcomhthéacs gearáin i gcoinne chinneadh oibreora an innill cuardaigh.

47.      Má bhaineann an t‑ábhar le duine a bhfuil ról poiblí aige, sa chiall a léirítear thuas, sa chaoi, i bprionsabal, go bhfuil an ceart chun faisnéise níos tábhachtaí ná na cearta a leagtar amach in Airteagail 7 agus 8 den Chairt, ní mór an cinneadh chun díliostú a dhéanamh a bhunú ar fhianaise an‑láidir lena ndeimhnítear go bhfuil an fhaisnéis bréagach. I gcásanna den sórt sin, má tá amhras réasúnta fós ann maidir le fíreannacht nó bréige na faisnéise, ní mór, i mo thuairim, díliostú a chur as an áireamh. Ar aon chuma, a fortiori i gcás ina mbaineann an t‑ábhar atá faoi chonspóid le duine de bhua an róil atá aige sa saol poiblí, ní fhéadfaí iarraidh ar dhíliostú a ghlacadh mura bhfuil ann ach tuairimí a nochtadh, fiú má tá siad thar a bheith criticiúil agus dréachtaithe ar bhealach graosta agus fonóideach, nó más aoir iad. (42) Baineann ceartú sonraí bréagacha le faisnéis ar shonraí agus ní le tuairimí, a chuireann, ar aon nós, le forbairt na díospóireachta poiblí i sochaí dhaonlathach, ar choinníoll nach bhfuil clúmhilleadh i gceist leo. Mar sin féin, fiú má dhiúltaítear don iarraidh ar dtús, dar ndóigh go mbeidh sé de cheangal ar oibreoir an innill cuardaigh an díliostú a dhéanamh má chinneann údarás breithiúnach níos déanaí go bhfuil an fhaisnéis de chineál bréagach.

48.      Ar deireadh, i gcás ina dtugtar tacaíocht le himthosca an cháis, d’fhonn dochar doleigheasta an ábhair sonraí a sheachaint, féadfaidh oibreoir an innill cuardaigh an liostú a chur ar fionraí go sealadach, (43) nó a léiriú sna torthaí cuardaigh go bhfuil fíreannacht roinnt den fhaisnéis atá san ábhar dá dtagraíonn an nasc atá i gceist faoi chonspóid, (44) gan dochar, mar sin féin, do cheart an fhoilsitheora gréasáin, ar an gcéad dul síos, agóid a dhéanamh i gcoinne tionscnaimh den sórt sin os comhair an údaráis bhreithiúnaigh.

49.      I mo thuairim, baineann an réiteach atá molta cothromaíocht amach idir na cearta éagsúla atá i gceist agus seachnaítear leis an baol go ndéanfaí “cúirt na fíreannacht” de Google nó go gcruthófar cinsireacht phríobháideach faisnéise de saghas éigin ar líne. D’fhéadfadh sé tarlú go héasca go mbeadh an baol sin ann dá bhforchuirfí oibleagáidí ginearálta ar an inneall cuardaigh gan foilseacháin a óstáil ina bhfuil faisnéis bhréagach nó oibleagáidí ginearálta chun a fháil amach bhfuil faisnéis faoi réir iarraidh ar dhíliostú a dhéanamh bréagach. I gcás den sórt sin, chun aon dliteanas féideartha a sheachaint, spreagfaí an t‑inneall cuardaigh gach ábhar amhrasach a dhíliostú, fiú in éagmais aon fhianaise réasúnta a thabharfadh le fios gur ábhar bréagach atá ann, rud a ndéanfaí díobháil thromchúiseach do shaoráil faisnéise. Chun an baol sin a sheachaint, tá gá le nós imeachta maidir le feidhmiú an chirt chun díliostú, lena gcuirtear oibleagáidí sonracha ar na páirtithe go léir lena mbaineann.

50.      I bhfianaise na mbreithnithe go léir roimhe seo, molaim don Chúirt Bhreithiúnais an chéad cheist a fhreagairt sa chaoi nach mór Airteagal 17(3)(a) de RGCS a léirmhíniú sa chaoi go gciallaíonn sé, agus na cearta bunúsacha de bhun Airteagail 7, 8, 11 agus 16 den Chairt atá i gcoinbhleacht lena chéile á gcur sa mheá, mar chuid den scrúdú ar iarraidh ar dhíliostú a rinneadh le hoibreoir innill cuardaigh ar bhonn na faisnéise a líomhnaítear a bheith bréagach atá san ábhar a liostaítear, nach féidir díriú go cinntitheach ar an gceist an mbeadh sé réasúnta go bhféadfadh an t‑ábhar sonraí cosaint bhreithiúnach a fháil i gcoinne an tsoláthraí ábhair, mar shampla, trí ordú eatramhach. I gcomhthéacs iarraidh den sórt sin, tá sé de dhualgas ar an ábhar sonraí fianaise prima facie a sholáthar go bhfuil an t‑ábhar dá bhfuil an díliostú á lorg aige bréagach, i gcás nach léir go bhfuil sé sin dodhéanta nó ródheacair, go háirithe maidir i bhfianaise chineál na faisnéise lena mbaineann. Is faoi oibreoir an innill cuardaigh atá sé na seiceálacha a thagann faoina fhéidearthachtaí nithiúla a dhéanamh, maidir le míchruinneas líomhnaithe na sonraí a próiseáladh, agus dul i dteagmháil, nuair is féidir, le foilsitheoir an leathanaigh gréasáin a liostaítear. I gcás ina léirítear amhlaidh le himthosca an cháis chun dochar doleigheasta a sheachaint don ábhar sonraí, féadfaidh oibreoir an innill cuardaigh liostú a chur ar fionraí go sealadach, nó a chur in iúl, sna torthaí cuardaigh, go bhfuil fíreannacht cuid den fhaisnéis san ábhar lena mbaineann an nasc atá i gceist faoi chonspóid.

C.      Ar an dara ceist arna tarchur le haghaidh réamhrialú

51.      Leis an dara ceist arna tarchur, iarrann BGH ar an gCúirt Bhreithiúnais, go bunúsach, agus na cearta agus na leasanna de bhun Airteagail 7, 8, 11 agus 16 den Chairt atá i gcoinbhleacht lena chéile á gcur sa mheá, i gcomhréir le hAirteagal 12(b) agus leis an gcéad fhomhír d’Airteagal 14(a) de Threoir 95/46 agus Airteagal 17(3)(a) de RGCS, maidir le hiarraidh ar dhíliostú le loibreoir an innill cuardaigh, i gcáil rialaitheoir sonraí, ionas go scriosfar ó thorthaí cuardaigh íomhá, arna ndéanamh ar bhonn ainm duine nádúrtha, grianghraif atá i bhfoirm mionsamhlacha lena dtaispeántar an duine sin, ar cheart comhthéacs an fhoilseacháin ar an idirlíon ina bhfuil na mionsamhlacha sin le feiceáil ar dtús a chur san áireamh go cinntitheach, comhthéacs nach dtaispeántar ar an inneall cuardaigh, ach nach dtagraíonn sé dó ach trí nasc a fheictear ag an am céanna leis na mionsamhlacha sin. De réir mhínithe BGH, cé go dtógtar iad ina n‑aonar, ní chuireann grianghraif na n‑iarratasóirí leis an díospóireacht phoiblí, i gcomhthéacs an ailt ina bhfuil siad, ach cuireann siad le soláthar na faisnéise agus na tuairimí a chuirtear in iúl iontu.

52.      Measann Google go bhfuil an cheist sin hipitéiseach, toisc, ar an gcéad dul síos, contrártha leis an méid atá luaite san iarraidh ar réamhrialú, nach mbaineann an díospóid sna príomhimeachtaí le hiarraidh ar thorthaí cuardaigh íomhá a rinneadh ar bhonn ainm na n‑iarratasóirí a dhíliostú, ach leis an toirmeasc ginearálta ar mhionsamhlacha i gceann de na hailt atá i gceist a thaispeáint agus, ar an dara dul síos, nach bhfuil na grianghraif atá i gceist liostaithe ag Google ó mhí Mheán Fómhair 2017 agus nach bhfuil na hailt atá faoi chonspóid ar fáil ar shuíomh gréasáin g-net a thuilleadh ón 28 Meitheamh 2018. Chuige sin, ba cheart a mheabhrú, de réir chásdlí socair na Cúirte Breithiúnais, gur faoin gcúirt náisiúnta amháin atá sé, ar tugadh an díospóid os a comhair agus nach mór di freagracht a ghlacadh as an gcinneadh breithiúnach atá le déanamh, measúnú a dhéanamh, i bhfianaise imthosca sonracha an cháis, ar an ngá atá leis agus ábharthacht na gceisteanna a chuireann sí faoi bhráid na Cúirte Breithiúnais. (45) Ní féidir leis an gCúirt Bhreithiúnais diúltú do rialú a dhéanamh ar cheist arna tarchur ag cúirt náisiúnta i gcomhair réamhrialú ach amháin má dhealraíonn sé go follasach nach bhfuil baint ar bith ag an léirmhíniú arna iarraidh ar dhlí an Aontais Eorpaigh le fíricí iarbhír nó le cuspóir na díospóide sna príomhimeachtaí, más fadhb de chineál hipitéiseach í nó mura bhfuil an fhaisnéis fhíorasach agus dhlíthiúil is gá ag an gCúirt Bhreithiúnais chun freagra úsáideach a thabhairt ar na ceisteanna a cuireadh uirthi. (46) Sa chás seo, ní dhealraítear go follasach ó dhoiciméid an cháis atá os comhair na Cúirte Breithiúnais nach bhfuil ceist na cúirte a rinne an tarchur maidir le léirmhíniú ar fhorálacha Threoir 95/46 agus RGCS fíor nó nach bhfuil baint ar bith ag léirmhíniú na bhforálacha sin le fíricí iarbhír nó le cuspóir na díospóide sna príomhimeachtaí. Ós rud é, go háirithe, nach bhfuil na grianghraif atá i gceist ná na hailt atá faoi chonspóid le feiceáil a thuilleadh ar shuíomh gréasáin g-net, míníonn an chúirt a rinne an tarchur go nglacann sí leis gur scriosadh an t‑ábhar sin ar bhonn sealadach amháin agus go bhfuil leas fós ag na hiarratasóirí sna príomhimeachtaí i gcinneadh maidir lena n‑iarraidh ar dhíliostú. Sna himthosca sin, ní féidir réaltacht agus úsáideacht an léirmhínithe atá á lorg a chur faoi amhras, i mo thuairim.

53.      Maidir le scrúdú ar shubstaint na ceiste a tharchur BGH, ba cheart a thabhairt faoi deara, ar dtús, mar a luaigh Google agus an ceart aige, go bhfuil feidhm ag na rialacha céanna maidir le cuardach ainmneacha trí íomhánna ag baint úsáid as inneall cuardaigh ar an idirlíon agus atá ag na rialacha sin a bhaineann le cuardaigh ghréasáin. Dá bhrí sin, tá feidhm ag cásdlí na Cúirte Breithiúnais dá dtagraítear thuas, i míreanna 11 go 19 den Tuairim seo, maidir le hiarrataí ar dhíliostú a bhaineann le torthaí an chineáil cuardaigh sin. Is ionann, sna torthaí sin, taispeáint grianghraf de dhaoine nádúrtha i bhfoirm mionsamhlacha agus próiseáil sonraí pearsanta lena nglacann oibreoir innill cuardaigh ról an “rialaitheora” de réir bhrí Airteagal 2(d) de Threoir 95/46 agus Airteagal 4(7) de RGCS agus tá sé freagrach, laistigh de raon feidhme a fhreagrachtaí, a inniúlachtaí agus a fhéidearthachtaí, as comhlíonadh na gceanglas atá sa reachtaíocht sin. I gcás iarraidh ar thorthaí cuardaigh íomhá a dhíliostú, beidh ar oibreoir an innill cuardaigh na cearta bunúsacha éagsúla atá i gceist a chur sa mheá agus measúnú a dhéanamh an bhfuil tosaíocht ag cearta an ábhar sonraí go ndéanfar an saol príobháideach a urramú agus sonraí pearsanta a chosaint nó ag an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil. Agus é sin á dhéanamh, ní mór na tosca ábhartha uile a chur san áireamh. (47)

54.      Maidir le cé acu an gá nó nach gá ábhar an leathanaigh gréasáin ar a bhfuil an grianghraf a bhfuiltear ag iarraidh a scriosadh a chur san áireamh sna tosca sin, i mo thuairim, braitheann sé ar mheasúnú ceart ar ábhar na próiseála atá i gceist agus ar chineál na próiseála sin. Sna príomhimeachtaí, mar atá luaite thuas, iarrann na hiarratasóirí go ndéanfaí ceithre ghrianghraf díobh a dhíliostú. Ní bhaineann an iarraidh sin, áfach, leis an bhfaisnéis atá i dtéacs an ailt atá ar leathanach gréasáin an fhoilsitheora ag an am céanna leis na grianghraif sin, ná leis na grianghraif atá i gceist ina bhfeidhmiú mar léaráidí amhairc agus tuairisciúil an téacs sin agus mar dhlúthchuid den alt sin. Is próiseáil ar leith í liostú trí chuardach gréasáin ar an nasc chuig an alt sin agus na grianghraif atá ann, próiseáil a bhfuil cuspóir ar leith aici, a gcuireann na hiarratasóirí ina coinne trí iarraidh ar dhíliostú ar leith (iarraidh dá dtagraítear leis an gcéad cheist arna tarchur ag BGH).

55.      Trí ghrianghraif de dhaoine nádúrtha a fhoilsítear ar an idirlíon a shainaithint agus iad a atáirgeadh i dtorthaí cuardaigh íomhá, i bhfoirm mionsamhlacha, taobh amuigh den ábhar a léiríonn siad, agus trí aon luach faisnéiseach nó tuairisciúil a measadh a bheith acu ar dtús a bhaint, cuireann oibreoir innill cuardaigh seirbhís ar fáil lena ndéantar sonraí pearsanta a phróiseáil go neamhspleách agus ar leithligh ó sheirbhís fhoilsitheoir an leathanaigh gréasáin óna bhfaightear na grianghraif agus ón méid sin, a bhfuil an t‑oibreoir freagrach as chomh maith, liostú an leathanaigh sin. Mar a thug BGH faoi deara, mar is ceart, i bhfianaise chineál na próiseála sin, ina ndéantar cuid den ábhar a chruthaigh tríú páirtí, atá neamhspleách, a bhaint agus a thaispeáint ar leithligh, is cosúil nach mar idirghabhálaí ach mar chruthaitheoir ábhair a fheidhmíonn oibreoir an innill cuardaigh.

56.      Leanann sé, i mo thuairim, ón méid sin roimhe seo, agus cearta bunúsacha atá i gcoinbhleacht lena chéile ar bhonn na bhforálacha ábhartha de chuid Threoir 95/46 agus RGCS á gcur sa mheá, chun críocha scrúdú a dhéanamh ar iarraidh ar ghrianghraif lena léirítear duine nádúrtha a scriosadh de thorthaí cuardaigh íomhá a dhéantar ar bhonn ainm an duine sin, ba cheart luach faisnéiseach na ngrianghraf féin a chur san áireamh amháin, beag beann ar an gcomhthéacs ina bhfuil siad le feiceáil ar an leathanach gréasáin óna mbaintear iad. Os a choinne sin, maidir le hiarraidh ar dhíliostú naisc chuig leathanach gréasáin, más rud é go ndéantar taispeáint grianghraf i gcomhthéacs ábhair an leathanaigh sin a dhíospóid, ba cheart, i gcomhthéacs na cothromaíochta sin, luach faisnéiseach na ngrianghraf sin sa chomhthéacs sin a chur san áireamh.

57.      Ní fhágann na hargóintí a chuir Google ar aghaidh ina bharúlacha i scríbhinn, i mo thuairim, gur féidir an chonclúid sin a chur ó bhail. Cé go bhfuil sé fíor, i gcuardach íomhá, go ndealraíonn sé go bhfuil nasc ag gabháil le mionsamhlacha chuig ábhar an leathanaigh ghréasáin ar a gcuirtear isteach iad, is amhlaidh fós go ndéantar iad a thaispeáint ar an inneall cuardaigh ar bhealach go hiomlán neamhspleách agus nach bhfuil baint acu leis an gcomhthéacs ina gcuirtear na grianghraif isteach. Murab ionann agus i gcás cuardaigh gréasáin, nuair nach gceadaítear leis na torthaí an t‑ábhar liostaithe a rochtain láithreach, i gcuardach íomhá is ionann taispeáint an ábhair ghrafaigh, lena n‑áirítear mionsamhlacha de ghrianghraif a fhoilsítear ar an idirlíon, agus an toradh atá á lorg ag an úsáideoir, beag beann ar an gcinneadh a dhéanfaidh sé ina dhiaidh sin maidir le rochtain a fháil nó gan rochtain a fháil ar an leathanach gréasáin bunaidh ina dhiaidh sin. Ós rud é, mar a léirigh an chúirt a rinne an tarchur, go bhfuil taispeáint den sórt sin ag teacht le samhail ghnó Google agus nach bhféadfaí, go teicniúil, é a dhéanamh ar bhealach eile, ní tharraingítear amhras ar chineál neamhspleách na próiseála sonraí a bhaineann leis an taispeáint sin ach an oiread.

58.      Ar ndóigh, ní féidir a chur as an áireamh, trína iarraidh ar ghrianghraif ina léirítear é a scriosadh, go bhfuil an t‑ábhar sonraí ag iarraidh rochtain a shrianadh, i ndáiríre, trí bhíthin an naisc a ghabhann leis na grianghraif sin, ar an ábhar a léirítear iontu agus ar aon fhaisnéis atá iontu, a d’fhéadfadh leas a bheith ag an bpobal iontu. Ba cheart a thabhairt faoi deara ina leith sin, áfach, cé go laghdaítear na féidearthachtaí maidir le rochtain a fháil ar an ábhar ar cuid de iad trí ghrianghraif a scriosadh ó thorthaí cuardaigh íomhá gan amhras, tá an t‑ábhar sin fósinrochtana go díreach trí ghnáthchuardach gréasáin. Le cuardach den sórt sin, is féidir an t‑ábhar iomlán a thaispeáint, trí bhíthin an naisc a liostaítear, lena n‑áirítear grianghraif lena gcomhlíontar, ina gcomhthéacs bunaidh, an ról iomlán a d'fhéadfadh an foilsitheoir gréasáin sannadh orthu chun an fhaisnéis a sholáthraítear agus na tuairimí a nochtar a chur in iúl agus a chomhthacú. Dá réir sin, sna príomhimeachtaí, fiú dá ndiúltófaí don iarraidh na hailt atá i gceist a dhíliostú, ar an bhforas go bhfuil tosaíocht ag an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil thar chearta na n‑iarratasóirí a saol príobháideach a urramú agus a sonraí pearsanta a chosaint, ní dhéanfaí an tsaoirse sin a shrianadh go míchuí nó gan bonn cirt tríd an iarraidh go scriosfar na grianghraif lena léirítear iad a dheonú dá mba rud é, mar a chinn BGH, nach bhfuil mórán luach faisnéiseach ag na grianghraif sin nuair a thógtar iad amach as an gcomhthéacs inar foilsíodh iad.

59.      I bhfianaise na soiléirithe a leagtar amach sa phointe roimhe seo, aithnítear mar is ceart leis an gconclúid a tháinig mé air i mír 56 den Tuairim seo, i bhfad ó chosaint atá beagnach absalóideach a thabhairt don cheart chun léiriú pearsanta, tábhacht an chirt sin ina measc iad siúd a bhaineann le pearsantacht. Go deimhin, tá léiriú pearsanta an duine aonair ar cheann de phríomh-shaintréithe a phearsantachta toisc go ndéantar a úrnuacht a léiriú leis agus gur féidir leis é féin a idirdhealú óna phiaraí. Tá ceart an duine go ndéanfaí a léiriú pearsanta a chosaint mar réamhriachtanas tábhachtach d’fhorbairt phearsanta agus glactar leis go bhfuil smacht ag an duine ar a léiriú pearsanta féin, go háirithe an fhéidearthacht diúltú í a scaipeadh. (48) Dá bhrí sin, cé nach bhfuil aon amhras ann go bhfuil foilsiú grianghraif san áireamh sa tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil, (49) tá tábhacht ar leith ag baint le cosaint an chirt go ndéanfar an saol príobháideach a urramú sa chomhthéacs sin i bhfianaise gur féidir le grianghraif faisnéis phearsanta agus fiú dlúthphearsanta a chur in iúl faoi dhuine aonair nó a chlann. (50)

60.      I bhfianaise na mbreithnithe roimhe seo, molaim don Chúirt Bhreithiúnais an dara ceist arna tarchur a fhreagairt á rá nach mór Airteagal 12(b) agus an chéad fhomhír Airteagal 14(a) de Threoir 95/46 agus Airteagal 17(3)(a) de RGCS a léirmhíniú sa chaoi go gciallaíonn sé, agus na cearta bunúsacha de bhun Airteagail 7, 8, 11 agus 16 den Chairt atá i gcoinbhleacht lena chéile á gcur sa mheá, i gcomhthéacs iarraidh ar dhíliostú le hoibreoir an innill cuardaigh chun go scriosfar grianghraif ó thorthaí cuardaigh íomhá, arna ndéanamh ar bhonn ainm duine nádúrtha, ar grianghraif iad atá i bhfoirm mionsamhlacha lena dtaispeántar an duine sin, nár cheart comhthéacs an fhoilseacháin ar an idirlíon ina bhfuil na grianghraif sin le feiceáil ar dtús a chur san áireamh.

V.      Conclúid

61.      I bhfianaise na mbreithnithe go léir roimhe seo, molaim don Chúirt Bhreithiúnais na ceisteanna arna dtarchur chun réamhrialú ó BGH a fhreagairt mar a leanas:

(1) Ní mór Airteagal 17(3)(a) Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n‑aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) a léirmhíniú sa chaoi go gciallaíonn sé, agus na cearta bunúsacha de bhun Airteagail 7, 8, 11 agus 16 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh atá i gcoinbhleacht lena chéile á gcur sa mheá, mar chuid den scrúdú ar iarraidh ar dhíliostú a rinneadh le hoibreoir innill cuardaigh ar bhonn na faisnéise a líomhnaítear a bheith bréagach atá san ábhar a liostaítear, nach féidir díriú go cinntitheach ar an gceist an mbeadh sé réasúnta go bhféadfadh an t‑ábhar sonraí cosaint dhlíthiúil a fháil i gcoinne an tsoláthraí ábhair, mar shampla, trí ordú eatramhach. I gcomhthéacs iarraidh den sórt sin, tá sé de dhualgas ar an ábhar sonraí fianaise prima facie a sholáthar maidir go bhfuil an t‑ábhair a bhfuil an díliostú á lorg aige bréagach, i gcás nach léir go bhfuil sé sin dodhéanta nó ródheacair, go háirithe i bhfianaise chineál na faisnéise lena mbaineann. Is faoi oibreoir an innill cuardaigh atá sé na seiceálacha a thagann faoina fhéidearthachtaí nithiúla a dhéanamh, maidir le míchruinneas líomhnaithe na sonraí a próiseáladh, agus dul i dteagmháil, nuair is féidir, le foilsitheoir an leathanaigh gréasáin a liostaítear. I gcás ina léirítear amhlaidh le himthosca an cháis chun dochar doleigheasta a sheachaint don ábhar sonraí, féadfaidh oibreoir an innill cuardaigh liostú a chur ar fionraí go sealadach, nó a chur in iúl, sna torthaí cuardaigh, go bhfuil fíreannacht cuid den fhaisnéis san ábhar lena mbaineann an nasc atá i gceist faoi chonspóid.

(2)      Ní mór Airteagal 12(b) agus an chéad fhomhír Airteagal 14(a) de Treoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 1995 maidir le daoine aonair a chosaint i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin agus Airteagal 17(3)(a) de Rialachán 2016/679 a léirmhíniú sa chaoi go gciallaíonn sé, agus cearta bunúsacha de bhun Airteagail 7, 8, 11 agus 16 den Chairt um Chearta Bunúsacha atá i gcoinbhleacht lena chéile á gcur sa mheá, i gcomhthéacs iarraidh ar dhíliostú le hoibreoir innill cuardaigh chun go scriosfar grianghraif ó thorthaí cuardaigh íomhá, arna ndéanamh ar bhonn ainm duine nádúrtha, ar grianghraif iad atá i bhfoirm mionsamhlacha lena dtaispeántar an duine sin, nár cheart comhthéacs an fhoilseacháin ar an idirlíon ina bhfuil na grianghraif sin le feiceáil ar dtús a chur san áireamh.



1      Bunteanga: an Iodáilis.


2      IO 2016 L 119, lch. 1.


3      IO 1995 L 281, lch. 31.


4      Féach, go háirithe, míreanna 14 agus 15 den Tuairim seo.


5      Féach mír 15 den Tuairim seo.


6      C‑131/12, EU:C:2014:317.


7      Is é sin le rá, faisnéis a bhaineann le daoine nádúrtha sainaitheanta nó in‑sainaitheanta, agus dá bhrí sin “sonraí pearsanta” de réir bhrí Airteagal 2(a) den Treoir thuasluaite.


8      Féach an breithiúnas in Google Spain, míreanna 28 agus 29 go 31.


9      Féach an breithiúnas in Google Spain, míreanna 32 agus 33.


10      Féach an breithiúnas in Google Spain, mír 34.


11      Féach an breithiúnas in Google Spain, mír 35.


12      Féach an breithiúnas in Google Spain, mír 80 agus an cásdlí dá dtagraítear; féach freisin míreanna 36 go 38 den bhreithiúnas sin.


13      Féach an breithiúnas in Google Spain, mír 38.


14      C‑136/17, EU:C:2019:773.


15      Féach an breithiúnas in GC, míreanna 45 go 47.


16      Féach an breithiúnas in Google Spain, mír 81.


17      Féach an breithiúnas in Google Spain, mír 81.


18      Féach an breithiúnas in Google Spain, míreanna 88 agus 99. Chinn an Chúirt go bhfuil ceart go ndéanfar sonraí pearsanta a léirscriosadh ann ar bhonn a léirmhínithe ar Airteagal 12(b) agus ar an gcéad fhomhír d’Airteagal 14(a) de Threoir 95/46.


19      Féach an breithiúnas in GC, míreanna 54 go 59.


20      Féach an breithiúnas in GC, mír 66; féach, chuige sin, cé nach dtagraítear go sainráite don cheart chun faisnéis a fháil atá cumhdaithe in Airteagal 11 den Chairt, féach an breithiúnas in Google Spain, mír 81.


21      Féach freisin chuige sin, breithiúnas an 24 Meán Fómhair 2019, Google (Raon feidhme críochach an díliostaithe) (C‑507/17, EU:C:2019:772, mír 45).


22      Rinne an Chúirt Bhreithiúnais feidhmiú an chirt chun díliostú a nascadh leis an sásra dá bhforáiltear in Airteagail 12(b) agus 14(1)(a) de Threoir 95/46, ar dá réir a fhéadfaidh an t‑ábhar sonraí na hiarrataí ábhartha a dhéanamh go díreach chuig an rialaitheoir, agus ní mór don rialaitheoir ansin scrúdú cuí a dhéanamh an bhfuil bunús maith leo agus, más infheidhme, deireadh a chur le próiseáil na sonraí atá i gceist, féach Google Spain, mír 77. Féach, maidir le RGCS, go sainráite, breithiúnas GC, mír 66.


23      Féach an breithiúnas in Google Spain, mír 77.


24      Arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 29 de Threoir 95/46, is comhlacht comhairleach Eorpach neamhspleách í Meitheal Airteagal 29 maidir le cosaint sonraí agus príobháideachas.


25      https://ec.europa.eu/newsroom/article29/items/667236/en.


26      Níl iontu siúd a leagtar amach ach cuid de na critéir a chuir BGH san áireamh, a luaitear go sainráite san ordú tarchuir. Is léir, áfach, ó roinnt sleachta den ordú sin go ndearna an chúirt sin measúnú foriomlán ar na tosca éagsúla a bhí mar shaintréithe den chás atá os a comhair.


27      Is léir go bhfuil seasamh Rialtas na Gréige níos caolchúisí.


28      Féach an breithiúnas in GC, mír 58 agus an cásdlí dá dtagraítear.


29      Féach an breithiúnas in GC, mír 57 agus an cásdlí dá dtagraítear.


30      Féach chuige sin, ECtHR, 19 Deireadh Fómhair 2017, Fuchsmann v. an Ghearmáin (CE:ECHR:2017:1019JUD007123313, §§ 40 agus 41), agus 14 Nollaig 2006, Verlagsgruppe News GmbH v. an Ostair (CE:ECHR:2006:1214JUD001052002, § 36).


31      Féach breithiúnas an 9 Márta 2017, Manni (C‑398/15, EU:C:2017:197, mír 59).


32      Tá tábhacht ar leith leis an tsaincheist sin i gcóras na Stát Aontaithe mar gheall ar an gcosaint leathan a thugtar don cheart chun saoirse cainte leis an gcéad leasú ar Bhunreacht na Stát Aontaithe.


33      Féach na sainmhínithe a bhaineann leis an gCairt, Airteagal 1 (IO 2007 C 303, lch. 17).


34      Féach freisin aithrisí 39 agus 71 de RGCS, chomh maith le hAirteagail 16 agus 18(1)(a), faoi seach, maidir le feidhmiú an chirt chun ceartúcháin agus an chirt go gcuirfí srian le próiseáil.


35      Chuige sin, féach an breithiúnais in GC, mír 64 in ainneoin, go foirmiúil, go ndéantar idirdhealú le RGCS idir na “prionsabail a bhaineann le próiseáil sonraí pearsanta”, a liostaítear in Airteagal 5, agus na coinníollacha maidir le “dlíthiúlacht na próiseála” a liostaítear in Airteagal 6 den Rialachán sin.


36      C‑18/18, EU:C:2019:821.


37      Treoir 2000/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2000 maidir le gnéithe áirithe dlí de sheirbhísí na sochaí faisnéise, an trádáil leictreonach, go háirithe, sa Mhargadh Inmheánach (“an Treoir maidir le trádáil leictreonach”) (IO 2000 L 178, lch. 1).


38      Tagraím go háirithe do Chód Iompair 2016 maidir le Fuathchaint Neamhdhleathach Ar Líne a Chomhrac (https://ec.europa.eu/info/policies/justice-and-fundamental-rights/combatting-discrimination/racism-and-xenophobia/eu-code-conduct‑countering-illegal-hate-speech-online_en) agus do Chód Cleachtais 2018 maidir le bréagaisnéis (https://digital-strategy.ec.europa.eu/en/policies/code-practice-disinformation), arna n‑ullmhú ag an gCoimisiún agus arna síniú ag na príomhardáin leictreonacha.


39      Tá Airteagal 17 de Threoir (AE) 2019/790 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le cóipcheart agus cearta gaolmhara sa Mhargadh Aonair Digiteach agus lena leasaítear Treoir 96/9/CE agus Treoir 2001/29/CE (IO 2019 L 130, lch. 92) agus Airteagail 3 agus 5 de      Rialachán (AE) 2021/784 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2021 maidir le haghaidh a thabhairt ar scaipeadh ábhair sceimhlitheoireachta ar líne (IO 2021 L 172, lch. 79) ag teacht leis sin.


40      Féach, chuige sin, Crawford, K. agus Schultz, J., Big Data and Due process: Towards a Framework to Redress Predictive Privacy Harms, Boston College Law Review, 2014, lch. 93.


41      Sa chás roimh BGH, baineann an fhaisnéis a líomhnaítear a bheith bréagach, go bunúsach, le sonraí eacnamaíocha na gcuideachtaí atá á mbainistiú ag na hiarratasóirí. Sna himthosca sin, is deacair a mhaíomh nach bhfuil na hiarratasóirí sna príomhimeachtaí in ann ar a laghad cruthúnas páirteach a thabhairt ar aird maidir le cineál bréagach na sonraí atá sna hailt atá faoi chonspóid.


42      Féach, inter alia, ECtHR, 25 Bealtaine 2021, Milosavlievic v. an tSeirbia (CE:ECHR:2021:0525JUD005757414, § 63).


43      Foráiltear go sainráite in Airteagal 18(1)(a) den RGCS go bhféadfaí srian sealadach a chur le próiseáil sonraí, i gcás ina gcuireann an t‑ábhar sonraí i gcoinne fhíreannacht na sonraí pearsanta agus ar feadh na tréimhse is gá don rialaitheoir chun fíreannacht na sonraí pearsanta sin a fhíorú.


44      Féach, maidir leis an réiteach sin, ECtHR, 10 Márta 2009, Times Newspaper Ltd v. an Ríocht Aontaithe (Uimh. 1 agus Uimh. 2) (CE:ECHR:2009:0310JUD000300203).


45      Féach breithiúnas an 24 Feabhra 2022, Eulex Kosovo (C‑283/20, EU:C:2022:126, mír 28 agus an cásdlí a luaitear).


46      Féach breithiúnas an 24 Feabhra 2022, Eulex Kosovo (C‑283/20, EU:C:2022:126, mír 28 agus an cásdlí a luaitear).


47      Maidir leis na tosca ábhartha chun críocha cothromaíochta den sórt sin i gcás ina mbaineann an t‑iompar a líomhnaítear a bheith díobhálach le grianghraif a fhoilsiú, féach, inter alia, ECtHR, 7 Feabhra 2012, Von Hannover v. an Ghearmáin (CE:ECHR:2012:0207JUD004066008, míreanna 109 go 113 agus an cásdlí a luaitear).


48      ECtHR, 7 Feabhra 2012, Von Hannover v. an Ghearmáin, (CE:ECHR:2012:0207JUD004066008, § 96).


49      Féach ECtHR, 14 Nollaig 2006, Verlagsgruppe v. an Ostair, (CE:ECHR:2006:1214JUD001052002, §§ 29 agus 40 agus an cásdlí dá dtagraítear).


50      ECtHR, 7 Feabhra 2012, Von Hannover v. an Ghearmáin, (CE:ECHR:2012:0207JUD004066008, § 103 agus an cásdlí dá dtagraítear).