Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ó Landgericht Dortmund (an Ghearmáin) arna taisceadh an 20 Aibreán 2023 – ASG 2 Ausgleichsgesellschaft für die Sägeindustrie Nordrhein-Westfalen GmbH v Land Nordrhein-Westfalen

(Cás C-253/23, ASG)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Landgericht Dortmund

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: ASG 2 Ausgleichsgesellschaft für die Sägeindustrie Nordrhein-Westfalen GmbH

Cosantóir: Land Nordrhein-Westfalen

Na ceisteanna a tharchuirtear

An gcaithfear dlí an Aontais, go háirithe Airteagal 101 CFAE, Airteagal 4(3) CAE. Airteagal 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha agus Airteagal 2, pointe 4, agus Airteagal 3(1) de Threoir 2014/104/AE 1 a léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc ar léiriú agus cur i bhfeidhm de dhlí Ballstáit lena gcuirtear bac ar dhuine a d’fhéadfadh díobháil a bhaint dó mar gheall ar shárú ar Airteagal 101 CFAE – arna suíomh, le héifeacht cheangailteach, ar bhonn Airteagal 9 de Threoir 2014/104/AE nó na bhforálacha náisiúnta lena dtrasuitear an tAirteagal sin – a éilimh le haghaidh cúitimh a shannadh ar bhonn muiníne – go háirithe i gcás comhdhíobháil nó díobháil scaipthe – do sholáthróir ceadúnaithe seirbhísí dlí, ionas go bhfuil an soláthróir in ann éileamh a dhéanamh in éineacht le héilimh páirtithe díobhálaithe eile arna líomhain, trí chaingean leantach mura bhfuil aon bhealaí dlí nó conarthacha coibhéiseacha eile ann chun éilimh le haghaidh damáistí a chomhdhlúthú, go háirithe toisc nach gceadaítear breithiúnas i leith sásaimh a lorg, nó nach bhfuil siad praiticiúil mar gheall ar chúiseanna nós imeachta eile nó má tá siad míréasúnta go hoibiachtúil de bharr cúiseanna eacnamaíocha, agus an toradh air sin, go háirithe, go mbeadh sé beagnach dodhéanta, nó ar aon chaoi ró-dheacair, caingean le haghaidh damáistí a thionscnamh maidir le suim bheag?

An gcaithfear dlí an Aontais a léiriú ar aon nós sa chaoi sin más gá na héilimh le haghaidh damáistí faoi cheist a shaothrú gan cinneadh roimh ré ón gCoimisiún Eorpach nó ó húdaráis náisiúnta maidir leis an sárú arna líomhain ag a bhfuil éifeacht cheangailteach de réir bhrí forálacha náisiúnta atá bunaithe ar Airteagal 9 de Threoir 2014/104/AE (ar a dtugtar “caingean neamhspleách”), mura bhfuil ann do bhealaí dlí nó conarthacha coibhéiseacha eile chun éilimh le haghaidh damáistí faoin dlí sibhialta a chomhdhlúthú mar gheall ar na cúiseanna arna leagan amach i gCeist 1, agus, go háirithe, os a choinne sin, toisc nach dtionscnófar caingean bunaithe ar shárú ar Airteagal 101 CFAE, bíodh sin trí fhorfheidhmiúchán poiblí nó trí fhorfheidhmiúchán príobháideach?

I gcás go dtabharfar freagra dearfach ar a laghad ceann amháin de na ceisteanna sin, an gcaithfear na forálacha ábhartha i ndlí na Gearmáine a fhágáil gan feidhm má chuirtear as an áireamh léiriú atá i gcomhréir le dlí an Aontais, agus an toradh air sin ná go bhfuil, ón taobh sin, éifeacht ar aon chaoi ag sannta agus bheadh forfheidhmiúchán éifeachtach an dlí indéanta?

____________

1     Treoir 2014/104/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Samhain 2014 maidir le rialacha áirithe lena rialaítear caingne i leith damáistí faoin dlí náisiúnta maidir le sáruithe ar fhorálacha dhlí iomaíochta thíortha AE agus an Aontais Eorpaigh (IO 2014 L 349, lch. 1).