Caingean arna tabhairt an 28 Meán Fómhair 2023 – beckberg v EUIPO (Léiriú de scalltán ag teacht as an ubh)
(Cás T-595/23)
Teanga an cháis: an Ghearmáinis
Páirtithe
Iarratasóir: beckberg GmbH (Nürnberg, an Ghearmáin) (ionadaí: M. Krogmann, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)
Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO
Trádmharc atá faoi cheist: Iarratas ar mharc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh (Léiriú de scalltán ag teacht as an ubh) – Iarratas Uimh. 18 567 560
Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCúigiú Bord Achomhairc de EUIPO an 18 Iúil 2023 i gCás R 41/2023-5
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní agus an marc fíortha a mhéid a iarrtar a chlárú.
Saincheist dlí
Sárú ar Airteagal 7(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
____________