Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Riigikohus (an Eastóin) a taisceadh an 22 Márta 2024 – A agus páirtithe eile v Tallinna linn

(Cás C-219/24, Tallinna linn)

Teanga an cháis: an Eastóinis

An chúirt a rinne an tarchur

Riigikohus

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: A agus páirtithe eile

Cosantóir: Tallinna linn

Na ceisteanna a tharchuirtear

An bhfuil Airteagal 14(3) de Threoir 2000/54/CE 1 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meán Fómhair 2000 maidir le hoibrithe a chosaint ar rioscaí a bhaineann le nochtadh d’oibreáin bhitheolaíocha ar an láthair oibre, agus pointí 1 agus 2 d’Iarscríbhinn VII a ghabhann léi, arna léamh i gcomhar le haithris 8, Airteagal 1(1) agus Airteagal 3(1) agus (2) den Treoir sin, le léiriú sa chaoi go bhfuil reachtaíocht faoina bhfuil fostóir i dteideal a cheangal ar oibrithe a nochtar d’oibreáin bhitheolaíocha atá fostaithe ag an bhfostóir vacsaín a bheith acu comhoiriúnach leis an bhforáil sin?

Ceisteanna míniúcháin:

a)    An beart cosanta sláinte ag an láthair oibre é vacsaíniú de réir bhrí Airteagal 14(3) de Threoir 2000/54/CE is féidir leis an bhfostóir atá i gcaidreamh fostaíochta atá ann cheana a ordú gan toiliú an fhostaí atá nochtaithe d’oibreáin bhitheolaíocha?

b)    An bhfuil sé comhsheasmhach le forálacha Airteagal 1(3), Airteagal 6(1) agus (2)(a) agus (g), Airteagal 9(1)(a) agus (b) de Threoir 89/391/CEE 1 ón gComhairle an 12 Meitheamh 1989 maidir le bearta a thabhairt isteach chun feabhsuithe ar shábháilteacht agus ar shláinte oibrithe ag an obair a spreagadh agus in Airteagail 3(1), 31(1) agus 52(1) den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh má dhéanann fostóir vacsaíniú éigeantach i gcaidreamh fostaíochta atá ann cheana?

____________

1 IO 2000 L 262, lch. 21.

1 IO 1989 L 183, lch. 1.