Language of document :

Achomharc arna thabhairt an 9 Eanáir 2024 ag AFG, SA (Zona Franca da Madeira) i gcoinne ordú na Cúirte Ginearálta (an Cúigiú Dlísheomra) a fógraíodh an 27 Deireadh Fómhair 2023 i gCásanna T-722/22 AFG v an Coimisiún (Zona Franca da Madeira)

(Cás C-13/24 P)

Teanga an cháis: an Phortaingéilis

Páirtithe

Achomharcóir: AFG, SA (Zona Franca da Madeira) (ionadaithe: S. Estima Martins, F. Castro Guedes, M. Ellison, Advogados)

Páirtí eile sna himeachtaí: An Coimisiún Eorpach

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-achomharcóir ar an gCúirt Bhreithiúnais:

Ordú na Cúirte Ginearálta (an Cúigiú Dlísheomra) an 27 Deireadh Fómhair 2023 a tugadh i gCás Uimh. T-722/22 AFG, S.A. (Zona Franca da Madeira) v an Coimisiún Eorpach a chur ar ceal lenar díbheadh caingean an achomharcóra lenar iarradh Airteagail 1, 4, 5 agus 6 de Chinneadh C(2020) 8550 1 final ón gCoimisiún an 4 Nollaig 2020 maidir le scéim cabhrach SA.21259 (2018/C) (ex 2018/NN) arna cur chun feidhme ag an bPortaingéil le haghaidh Zona Franca da Madeira (ZFM) — Scéim III a chur ar neamhní;

A ordú don Choimisiún Eorpach costais go léir na n-imeachtaí a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

1. Earráid dlí maidir le glacadh an Ordaithe atá faoi chonspóid i bhfianaise Airteagal 126 de na Rialacha Nós Imeachta

Rinne an Chúirt Ghinearálta earráid dlí nuair a ghlac sí an t-ordú atá faoi chonspóid faoi Airteagal 126 de na Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Ginearálta, i gcás nach ionann na páirtithe agus ina bhfuil difríocht freisin idir na ceisteanna fíorais agus dlí ar a bhfuil na hachomharcóirí ag brath chun tacú leis na pléadálacha neamhdhleathachta éagsúla.

2. Earráid dlí a bhaineann le cur i bhfeidhm Airteagal 107(1) CFAE a mhéid nach cabhair de chineál roghnaitheach í an chabhair

Is scéim ghinearálta í scéim ZFM agus tá sí mar chuid de loighic ghinearálta agus de scéim ghinearálta chóras cánach ARM [Réigiún Féinrialaitheach Mhaidéara], mar sin níl buntáiste roghnaitheach i gceist léi do na cuideachtaí atá cláraithe ann agus dá bhrí sin ní Státchabhair í. Rinne an Chúirt Ghinearálta earráid dlí nuair a chinn sí go raibh an scéim cabhrach i gceist roghnaitheach ó thaobh cineáil de.

3. Earráid dlí maidir le léiriú an cheanglais a bhaineann le tionscnamh na mbrabús a eascraíonn as gníomhaíochtaí a dhéantar go héifeachtach agus go hábhartha i Maidéara, dá bhforáiltear i gCinntí 2007 agus 2013 ón gCoimisiún

Rinne an Chúirt Ghinearálta earráid ina léiriú ar an nath ‘gníomhaíochtaí a dhéantar go hiarbhír agus go hábhartha i Maidéara’, a mhéid a thugtar neamhaird ar loighic agus ar dhinimic iomaíoch gnóthas i margaí domhanda agus oscailte leis an léiriú sin, go dtugann sí neamhaird ar chásdlí na Cúirte Breithiúnais maidir le ‘príomhionad leasa’ agus go n-eisiatar na costais sin a thabhaítear trí ghníomhaíochtaí a dhéantar lasmuigh de ARM ó áireamh na gcostas breise.

4. Earráid dlí maidir le léiriú an cheanglais a bhaineann le cruthú/cothabháil post i ARM, dá bhforáiltear sna Cinntí

2007 agus 2013 ón gCoimisiún

Rinne an Chúirt Ghinearálta earráid nuair a chinn sí, chun críocha ceanglas Scéim III maidir le cruthú/cothabháil post i Maidéara a fhíorú, gur cheart critéir amhail modhanna FTE agus ALU a chur i bhfeidhm in ionad an choincheapa ‘post’ a eascraíonn ón reachtaíocht náisiúnta.

5. Earráid dlí maidir le cur i bhfeidhm phrionsabail ghinearálta dhlí an Aontais

San ordú atá faoi chonspóid, sháraigh an Chúirt Ghinearálta prionsabail ghinearálta dhlí an Aontais, go háirithe prionsabail na deimhneachta dlíthiúla, an ionchais dhlisteanaigh agus na comhréireachta.

____________

1 IO 2022 L 217, lch. 49.