Iarraidh ar réamhrialú ón Najvyšší správny súd Slovenskej republiky (an tSlóvaic) a taisceadh an 13 Márta 2024 – A.En. Slovensko s.r.o. v Úrad pre vybrané hospodárske subjekty, Finančné riaditeľstvo Slovenskej republiky
(Cás C-201/24, A.En. Slovensko)
Teanga an cháis: an tSlóvaicis
An chúirt a rinne an tarchur
Najvyšší správny súd Slovenskej republiky
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: A.En. Slovensko s.r.o.
Cosantóir: Úrad pre vybrané hospodárske subjekty, Finančné riaditeľstvo Slovenskej republiky
Na ceisteanna a tharchuirtear
Ar cheart Airteagal 4(1) i gcomhar le hAirteagal 9 de Threoir 2009/133/CE 1 a léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc leo ar fhoráil den dlí náisiúnta (zákon o osobitnom odvode (Dlí maidir leis an Tobhach Speisialta)) faoina ngearrtar tobhach speisialta freisin ar ghnóthachain chaipitiúla a eascraíonn as idirbheart (aistriú sócmhainní) idir cuideachtaí atá bunaithe sa tSlóvaic?
An féidir éifeacht Airteagal 4(1) i gcomhar le hAirteagal 9 de Threoir 2009/133/CE, eadhon neamhchánachas ar ghnóthachain chaipitiúla a eascraíonn as aistriú sócmhainní, arna ríomh mar an difríocht idir luachanna iarbhír na sócmhainní agus na ndliteanas a aistríodh agus a luachanna chun críoch cánach, a agairt freisin i gcás idirbhirt náisiúnta, a dhéantar idir cuideachtaí atá bunaithe sa Bhallstát céanna, má ghearrtar íocaíocht leis na forálacha náisiúnta, atá cosúil le cánachas ina héifeachtaí, ar ghnóthachain chaipitiúla a eascraíonn as idirbheart den sórt sin (i.e. tobhach speisialta)?
____________
1 Treoir 2009/133/CE ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 2009 maidir leis an gcóras coiteann cánachais is infheidhme ar chumaisc, deighiltí, páirtdheighiltí, aistrithe sócmhainní agus malartuithe scaireanna a bhaineann le cuideachtaí as Ballstáit éagsúla agus le hoifig chláraithe SE nó SCE a aistriú idir Ballstáit.