Iarraidh ar réamhrialú ón Notariusza w Krapkowicach Justynę Gawlicę – Krapkowice (an Pholainn) a taisceadh an 27 Márta 2024 - N.T. agus páirtithe eile
(Cás C-240/24, BNP Paribas Fortis)
Teanga an cháis: an Pholainnis
An chúirt a rinne an tarchur
Notariusz w Krapkowicach Justyna Gawlica - Krapkowice
Páirtithe sna príomhimeachtaí
N.T., O.T., S.T., BNP Paribas Fortis SA/NY
Na ceisteanna a tharchuirtear
An gcaithfear Airteagal 71(2) de Rialachán (AE) Uimh. 650/2012 1 a léiriú sa chaoi go bhfuil údarás neamh-bhreithiúnach a bhfuil deimhniú Eorpach comharbais á eisiúint aige i dteideal tarchur chun réamhrialú a dhéanamh faoi Airteagal 267 CFAE in imeachtaí chun an deimhniú arna eisiúint a chúlghairm nó a leasú?
agus i gcás ina dtugtar freagra dearfach ar an gceist sin:
An gceadaítear le hAirteagal 71(2) den Rialachán sin costais imeachtaí chun deimhniú Eorpach comharbais a chúlghairm nó a leasú a ghearradh, de réir dlí náisiúnta, ar bhanc nach rannpháirtí sna himeachtaí chun an deimhniú a eisiúint é agus nár iarr go gcúlghairfí nó go leasfaí é ach chuir sé faoi chonspóid iarmhairtí dlisteanaithe an deimhnithe ar cuireadh ina láthair ar dá réir a thionscain an t-údarás eisiúna imeachtaí as a stuaim féin chun an deimhniú a chúlghairm nó a leasú, arb imeachtaí iad a bhfuil an banc rannpháirteach iontu?
agus i gcás ina dtugtar freagra dearfach ar an gceist sin:
An gcaithfear Airteagal 69(2) den Rialachán sin a léiriú sa chaoi nach bhfuil banc a chuirtear cóip bhailí dheimhnithe den deimhniú Eorpach comharbais ina láthair i dteideal an stádas mar oidhre an duine dheimhnithe a chur faoi chonspóid?
____________
1 Rialachán (AE) Uimh. 650/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le dlínse, an dlí is infheidhme, aithint agus forfheidhmiú cinntí agus glacadh le hionstraimí barántúla agus iad a fhorfheidhmiú in ábhair chomharbais agus maidir le Deimhniú Eorpach Comharbais a chruthú (IO 2012, L 201, lch. 107).