Iarraidh ar réamhrialú ón Corte d’appello di Firenze (an Iodáil) a taisceadh an 26 Márta 2024 – A.M. v Istituto nazionale della previdenza sociale (INPS)
(Cás C-226/24, Barbavi 1 )
Teanga an cháis: an Iodáilis
An chúirt a rinne an tarchur
Corte d'appello di Firenze
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: A.M.
Cosantóir: Istituto nazionale della previdenza sociale (INPS)
Na ceisteanna a tharchuirtear
An gcaithfear Clásal 4(1) den Chomhaontú Réime a léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc leis ar chomhaontú comhchoiteann náisiúnta, amhail an ceann atá in Airteagal 40 C.C.N.L. [an Comhaontú Náisiúnta um Shaothar Comhchoiteann] d’oibrithe talmhaíochta agus bláthadóireachta an 6 Iúil de 6.7. 2006, arna léiriú ag Corte di Cassazione (Cúirt Freaschuir, an Iodáil) ar mhodh atá ina cheangal ar an gcúirt a rinne an tarchur, a aithníonn, maidir leis an oibrí feirme ar théarma seasta, an ceart chun íocaíochta as na huaireanta oibre a dhéantar iarbhír sa lá, seachas an Airteagal 30 roimhe seo de C.C.N.L. a aithníonn, i gcás oibrithe talmhaíochta ar chonarthaí buana, an ceart chun luach saothair, agus é a bhunú ar lá oibre de 6.30 uair an chloig?
Más freagra dearfach atá ar an gceist roimhe seo, an bhfuil Clásal 4(1) den Chomhaontú Réime le léiriú sa chaoi a chiallaíonn go gcinnfear méid na ranníocaíochta leasa shóisialaigh éigeantaigh is iníoctha i leith oibrithe talmhaíochta ar théarma seasta is ábhar fostaíochta é scéim slándála sóisialta ceirde freisin, agus dá bhrí sin nachí mór í a chinneadh ar bhonn an chritéir chéanna agus atá i gcás oibrithe talmhaíochta buana agus atá ar chomhréir leis an am oibre laethúil a shocraítear le comhaontú comhchoiteann, agus ní ar bhonn na huaireanta oibre iarbhír?
____________
1 Is ainm bréige é ainm an cháis seo. Ní fhreagraíonn sé d’fhíorainm aon pháirtí sna himeachtaí..