Language of document :

 ASK requérante "Partie requérante …?"\* CHARFORMAT  ASK partie_autre "Autre partie dans l'affaire" \* CHARFORMAT  ASK formation "Formation de la Cour (insert number of Chamber)"  ASK date_arret "Date de l’arrêt TPI…?" \* CHARFORMAT  ASK numaff_T "Affaire T-…? (ex: 123/02)" \* CHARFORMAT  ASK requérante_T "Partie requérante devant le Tribunal …?" \* CHARFORMAT  ASK defenderesse_T "Partie défenderesse devant le Tribunal …?" \* CHARFORMAT  ASK ajointe "Il y a t'il une affaire jointe ? o/n" \* CHARFORMAT  ASK numaff "Numéro de l’affaire pour le pourvoi, C- …? (ex: 156/04)" \* CHARFORMAT Achomharc arna thabhairt an 29 Eanáir 2024 ag XH i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Ceathrú Dlísheomra) a tugadh an 22 Samhain 2023 i gCás T-613/21, XH v an Coimisiún

(Cás = "n" "Case"  IF = "o" "Joined Cases" C-75/24 P)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Achomharcóir: XH (ionadaí: P. Nowak, adwokat)

Cosantóir: An Coimisiún Eorpach

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-achomharcóir ar an gCúirt Bhreithiúnais:

an breithiúnas atá faoi achomharc a chur ar ceal;

dá bhrí sin, seasamh le hiarratais an achomharcóra;

cinneadh an 4 Nollaig 2020, Ares(2020)7335515, D/374/20 maidir le diúltú iarratas an achomharcóra ar chúnamh an 1 Lúnasa 2020, agus cinneadh an 2 Iúil 2021, R/138/21, Ares(2021), a tugadh mar fhreagra ar an ngearán arna chomhdú ag an achomharcóir an 28 Feabhra 2021, cinneadh an 26 Bealtaine 2021 Ares (2021)3466486 maidir le hoscailt imeachtaí neamhbhailíochta, agus cinneadh ón Údarás Ceapacháin an 30 Meán Fómhair 2021, ARES(2021)5949362, R/301/21 a eisíodh mar fhreagra ar an ngearán arna chomhdú ag an achomharcóir an 31 Bealtaine 2021, a chur ar neamhní;

a ordú don Choimisiún costais an achomhairc seo agus nós imeachta ag an gcéad chéim a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Rinne an Chúirt Ghinearálta earráid fhollasach ina measúnú ar an bhfianaise, rinne sí eilimintí sa chomhad a shaobhadh, agus rinne sí earráid dlí – sárú ar Airteagail 12, 12a agus 24 agus 90 de na Rialacháin Foirne, mainneachtain Airteagal 56 de na Rialacháin Foirne a chur i bhfeidhm.

Rinne an Chúirt Ghinearálta earráid dlí, rinne sí eilimintí sa chomhad a shaobhadh, agus rinne sí a ndualgas cúiseanna a lua a shárú nuair a dhiúltaigh sí don chéad agus don dara saincheist, lena líomhnaítear earráid fhollasach measúnaithe, sárú ar an dualgas cúraim agus ar prionsabail an dea-riaracháin agus ar an gceart chun triail chóir a fháil.

____________