Language of document :

Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 7 Samhain 2023 – Sattvica v EUIPO – Maradona Villafañe agus páirtithe eile (DIEGO MARADONA)

(Cás T-299/22) 1

(Trádmharc an Aontais Eorpaigh – Nós imeachta chun cinntí a chúlghairm nó clárúcháin a scriosadh – Iontráil sa chlár a chealú – Clárú ar aistriú trádmhairc sa chlár – Airteagal 20 de Rialachán (AE) 2017/1001 – Caingean gan bhunús sa dlí go follasach)

Teanga an cháis: an Spáinnis

Páirtithe

Iarratasóir: Sattvica SA (Buenos Aires, an Airgintín) (ionadaí: S. Sánchez Quiles, Dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaí: R. Raponi, Gníomhaire)

Páirtithe eile os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO, ag idiragairt ós comhair na Cúirte Ginearálta: Dalma Nerea Maradona Villafañe (Buenos Aires), Dinorah Gianinna Maradona Villafañe (Buenos Aires), Diego Fernando Maradona Ojeda (Buenos Aires), Jana Maradona Sabalain (Buenos Aires), Diego Armando Maradona Sinagra (Giugliano in Campania, an Iodáil) (ionadaí: A. Ruo, Dlíodóir)

Ábhar:

Lena chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí cinneadh ón gCéad Bhord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 21 Márta 2022 ar neamhní (Cás R 755/2021-1).

An chuid oibríochtúil

    Diúltaítear don chaingean;

    Ordaítear do Sattvica SA a chostais féin chomh chomh maith leis na costais arna dtabhú ag Dalma Nerea Maradona Villafañe, Dinorah Gianinna Maradona Villafañe, M. Diego Fernando Maradona Ojeda, Mme Jana Maradona Sabalain agus M. Diego Armando Maradona Sinagra a íoc, lena n-áirítear na costais os comhair an Bhoird Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO).

Ordaítear do EUIPO a chostais féin a íoc.

____________

1     IO C 284, 25.7.2022.