Language of document :

Caingean arna tabhairt an 24 Feabhra 2023 – An Coimisiún um Chosaint Sonraí v EDPB

(Cás T-111/23)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: An Coimisiún um Chosaint Sonraí (ionadaithe: B. Kennelly, AS, D. Fennelly agus E. Synnott, Abhcóidí, D. Young, A. Bateman agus R. Minch, Aturnaetha)

Cosantóir: An Bord Eorpach um Chosaint Sonraí

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

míreanna 222 agus 326(8) de Chinneadh Ceangailteach 5/2022 ón mBord Eorpach um Chosaint Sonraí (“EDPB”) maidir leis an díospóid a bhaineann le WhatsApp Ireland Limited arna thíolacadh ag údarás maoirseachta na hÉireann de bhun Airteagal 65 RGCS a chur ar neamhní;

a ordú don chosantóir costais na n-imeachtaí a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí arna maíomh

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir dhá shaincheist dlí.

An chéad saincheist dlí lena n-éilítear gur sháraigh EDPB a inniúlacht faoi Airteagal 65(1)(a) de Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (RGCS) 1 trína cheangal ar an gCoimisiún um Chosaint Sonraí (DPC) (i) imscrúdú nua a dhéanamh, agus (ii) dréachtchinneadh nua a eisiúint de réir Airteagal 60(3) RGCS.

An dara saincheist dlí lena n-éilítear gur sháraigh an Bord Eorpach um Chosaint Sonraí Airteagal 4(24) RGCS agus Airteagal 65(1)(a) RGCS trí léiriú mícheart a dhéanamh ar na forálacha sin mar fhorálacha lena dtugtar inniúlacht don Bhord Eorpach um Chosaint Sonraí treoir a thabhairt do (DPC): (i) imscrúdú nua a dhéanamh, agus (ii) dréachtchinneadh nua a eisiúint de réir Airteagal 60(3) RGCS.

____________

1 Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO 2016 L 119, lch. 1).