Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Bundesgerichtshof (an Ghearmáin) a taisceadh an 7 Feabhra 2024 - Verbraucherzentrale Hamburg e.V. v bonprix Handelsgesellschaft mbH

(Cás C-100/24, bonprix)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Bundesgerichtshof

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir agus achomharcóir: Verbraucherzentrale Hamburg e.V.

Cosantóir agus freagróir: bonprix Handelsgesellschaft mbH

An cheist a tharchuirtear

An ionann fógraíocht le modh íocaíochta (sa chás seo, “ceannach áisiúil ar sonrasc”) nach bhfuil ach luach íseal airgeadaíochta aige ach a fhreastalaíonn ar leasanna slándála agus dlíthiúla an tomhaltóra (sa chás seo, gan nochtadh sonraí íogaire íocaíochta; má dhéantar an conradh a fhreaschur, ní dhéantar réamhíocaíocht a éileamh), agus tairiscint chun promóisin de réir bhrí Airteagal 6(c) de Threoir 2000/31/CE 1 ?

____________

1 Treoir 2000/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2000 maidir le gnéithe áirithe dlí de sheirbhísí na sochaí faisnéise, an trádáil leictreonach, go háirithe, sa Mhargadh Inmheánach (‘an Treoir maidir le tráchtáil leictreonach’) (IO 2000 L 178, lch. 1).