Language of document : ECLI:EU:C:2024:96

Eagrán sealadach

BREITHIÚNAS NA CÚIRTE (an Mór-Dhlísheomra)

30 Eanáir 2024 (*)

(Tarchur chun réamhrialú – Limistéar saoirse, slándála agus ceartais – Beartas inimirce – An ceart chun athaontú teaghlaigh – Treoir 2003/86/CE – Airteagal 10(3)(a) – Athaontú teaghlaigh dídeanaí mhionaoisigh neamhthionlactha lena shinsir chéadchéime – Airteagal 2(f) – Coincheap ‘mionaoiseach neamhthionlactha’ – Urraitheoir a bhí ina mhionaoiseach ag an am a cuireadh an t‑iarratas isteach, ach a tháinig chun bheith ina dhuine fásta le linn an nós imeachta um athaontú teaghlaigh – Dáta ábhartha chun stádas mionaoiseach a mheas – Teorainn ama a fhorchur chun iarratas ar athaontú teaghlaigh a dhéanamh – Deirfiúr fhásta an urraitheora a dteastaíonn cúram buan óna tuismitheoirí uaidh mar gheall ar thinneas tromchúiseach – Éifeachtacht an chirt atá ag dídeanaí mionaoiseach chun athaontú teaghlaigh lena thuismitheoirí – Airteagal 7(1) – Airteagal 12(1), an chéad fhomhír agus an tríú fomhír – An fhéidearthacht athaontú teaghlaigh a chur faoi réir coinníollacha breise)

I gCás C‑560/20,

IARRAIDH ar réamhrialú de bhun Airteagal 267 CFAE, ó Verwaltungsgericht Wien (an Chúirt Riaracháin, Vín, an Ostair), trí bhreith an 25 Meán Fómhair 2020, a fuarthas ag an gCúirt Bhreithiúnas an 26 Deireadh Fómhair 2020, sna himeachtaí idir

CR,

GF,

TY

agus

Landeshauptmann von Wien,

tugann AN CHÚIRT (an Mór-Dhlísheomra),

agus í comhdhéanta mar a leanas: K. Lenaerts, Uachtarán, L. Bay Larsen, Leas-Uachtarán, A. Arabadjiev, A. Prechal, E. Regan, T. von Danwitz agus O. Spineanu-Matei, Uachtaráin Dlísheomra, M. Ilešič, J.-C. Bonichot, L. S. Rossi (Rapóirtéir), I. Jarukaitis, A. Kumin, N. Jääskinen, N. Wahl agus M. Gavalec, Breithiúna,

Abhcóide Ginearálta: A. M. Collins,

Cláraitheoir: M. Krausenböck, Riarthóir,

ag féachaint don nós imeachta i scríbhinn agus i ndiaidh éisteacht an 14 Feabhra 2023,

tar éis breithniú a dhéanamh ar na barúlacha arna dtíolacadh thar ceann na bpáirtithe seo a leanas:

–        CR, GF agus TY, dá ndéanann J. Ecker, Rechtsanwältin agus D. Bernhart, Ceann Aonaid um Athaontú Teaghlaigh ag Ardrúnaíocht Chros Dhearg na hOstaire, ionadaíocht,

–        Rialtas na hOstaire, dá ndéanann A. Posch, J. Schmoll, C. Schweda agus V.-S. Strasser ionadaíocht, i gcáil Gníomhairí,

–        Rialtas na hÍsiltíre, dá ndéanann K. Bulterman, H. S. Gijzen agus C. S. Schillemans ionadaíocht, i gcáil Gníomhairí,

–        an Coimisiún Eorpach, dá ndéanann C. Cattabriga, J. Hottiaux agus B.-R. Killmann ionadaíocht, i gcáil Gníomhairí,

tar éis éisteacht le Tuairim an Abhcóide Ginearálta ag éisteacht an 4 Bealtaine 2023,

an Breithiúnas seo a leanas:

Breithiúnas

1        Baineann an iarraidh ar réamhrialú le léiriú ar Airteagal 2(f), Airteagal 7(1), Airteagal 10(3)(a) agus Airteagal 12(1) de Threoir 2003/86/CE ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir leis an gceart chun athaontú teaghlaigh (IO 2003 L 251, lch. 12).

2        Rinneadh an iarraidh seo in imeachtaí idir CR agus GF agus a n‑iníon TY, ar náisiúnaigh de chuid na Siria iad, agus an Landeshauptmann von Wien (Ceann Rialtais Chúige Vín, an Ostair), maidir le diúltú Landeshauptmann von Wien do na hiarratais a rinne CR, GF agus TY maidir le víosa náisiúnta a eisiúint chun críche athaontaithe teaghlaigh le RI, a bhfuil stádas dídeanaí aige san Ostair, mac CR agus GF, chomh maith le deartháir TY.

 An dlí lena mbaineann

 Dlí an Aontais

3        Leagtar amach in aithrisí 2, 4 agus 6 go 10 de Threoir 2003/86:

‘(2)      Ba cheart bearta a bhaineann le hathaontú teaghlaigh a ghlacadh i gcomhréir leis an oibleagáid an teaghlach a chosaint agus saol an teaghlaigh a urramú a chumhdaítear in go leor ionstraimí den dlí idirnáisiúnta. Leis an Treoir seo, urramaítear na cearta bunúsacha agus comhlíontar na prionsabail a aithnítear, go háirithe, in Airteagal 8 den Choinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint agus sa Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh [“an Chairt”].

[...]

(4)      Is bealach riachtanach é athaontú teaghlaigh chun saol an teaghlaigh a éascú. Cuidíonn sé le cobhsaíocht shoch-chultúrtha a chruthú chun lánpháirtiú náisiúnach tríú tíortha sa Bhallstát a éascú, rud a chuireann comhtháthú eacnamaíoch agus sóisialta chun cinn freisin, cuspóir bunúsach de chuid an Chomhphobail a luaitear sa Chonradh.

[...]

(6)      Chun an teaghlach a chosaint agus saol an teaghlaigh a bhunú nó a chaomhnú, ba cheart na coinníollacha ábhartha maidir le feidhmiú an chirt chun athaontú teaghlaigh a chinneadh ar bhonn critéar comhchoiteann.

(7)      Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann an Treoir seo a chur i bhfeidhm freisin nuair a thagann baill den teaghlach céanna le chéile.

(8)      Ba cheart aird ar leith a thabhairt ar chás na ndídeanaithe mar gheall ar na cúiseanna arbh éigean dóibh teitheadh óna dtír féin agus a chuireann cosc orthu gnáthshaol teaghlaigh a bheith acu ansin. Dá bhrí sin, ba cheart coinníollacha níos fabhraí a leagan síos maidir le feidhmiú a gceart chun athaontú teaghlaigh.

(9)      Ba chóir go mbeadh feidhm ag athaontú teaghlaigh in aon chás maidir le baill den teaghlach núicléach, is é sin le rá an céile agus leanaí mionaoiseacha.

(10)      Is faoi na Ballstáit atá sé cinneadh a dhéanamh an mian leo athaontú teaghlaigh a údarú do shinsir, do leanaí fásta neamhphósta, do pháirtithe neamhphósta nó do pháirtithe sibhialta agus, i gcás pósadh polagánach, leanaí mionaoiseacha céile eile agus an urraitheora. I gcás ina n‑údaraíonn Ballstát athaontú teaghlaigh na ndaoine sin, tá sé sin gan dochar don fhéidearthacht, i gcás Ballstáit nach n‑aithníonn go bhfuil naisc teaghlaigh ann sna cásanna a chumhdaítear leis an bhforáil seo, nach datbharfar an chóireáil chéanna do na daoine sin agus a thugtar do bhaill teaghlaigh maidir leis an gceart chun cónaí i mBallstát eile, mar a shainítear i reachtaíocht ábhartha CE.’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

4        Foráiltear mar seo a leanas le hAirteagal 1 de Threoir 2003/86:

‘Is é is cuspóir don Treoir seo na coinníollacha a chinneadh maidir le feidhmiú an chirt chun athaontú teaghlaigh ag náisiúnaigh tríú tír a bhfuil cónaí orthu go dleathach ar chríoch na mBallstát.’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

5        De réir Airteagal 2 den Treoir sin:

‘Chun críocha na Treorach seo:

[...]

(c) ‘urraitheoir’: náisiúnach tríú tír a bhfuil cónaí air go dleathach i mBallstát agus a dhéanann iarratas ar athaontú teaghlaigh, nó a ndéanann baill dá theaghlach iarratas chun go n‑athaontófar iad leis;

[...]

(f) 'mionaoiseach neamhthionlactha': náisiúnaigh tríú tír nó daoine gan stát faoi bhun 18 mbliana d’aois, a shroicheann críoch na mBallstát gan tionlacan duine fásta atá freagrach de réir an dlí nó an ghnáis, fad nach nglactar iad faoi chúram duine dá leithéid, nó mionaoisigh a fhágtar gan tionlacan tar éis dóibh dul isteach i gcríoch na mBallstát.’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

6        Foráiltear an méid seo a leanas in Airteagal 4 den Treoir sin:

‘1.      Údaróidh na Ballstáit teacht isteach agus cónaí, de bhun na Treorach seo agus faoi réir chomhlíonadh na gcoinníollacha a leagtar síos i gCaibidil IV, agus in Airteagal 16, na mball teaghlaigh seo a leanas:

(a)      céile an urraitheora;

(b)      leanaí mionaoiseacha an urraitheora agus a chéile, lena n‑áirítear leanaí arna nglacadh i gcomhréir le cinneadh arna ghlacadh ag an údarás inniúil sa Bhallstát lena mbaineann nó cinneadh atá infhorghníomhaithe go huathoibríoch mar gheall ar oibleagáidí idirnáisiúnta an Bhallstáit sin nó ní mór iad a aithint i gcomhréir le hoibleagáidí idirnáisiúnta;

[...]

Ní mór do na leanaí mionaoiseacha dá dtagraítear san Airteagal seo a bheith faoi bhun na lán‑aoise a shocraítear le dlí an Bhallstáit lena mbaineann agus níor cheart iad a bheith pósta.

[...]

2.      Féadfaidh na Ballstáit, le dlí nó le Rialachán, iontráil agus cónaí, de bhun na Treorach seo agus faoi réir chomhlíonadh na gcoinníollacha a leagtar síos i gCaibidil IV, na mball teaghlaigh seo a leanas a údarú:

(a)      sinsir chéadchéime an urraitheora nó a chéile, i gcás ina bhfuil siad spleách orthu agus nach bhfuil tacaíocht chuí teaghlaigh acu sa tír thionscnaimh;

(b)      leanaí fásta neamhphósta an urraitheora nó a chéile, i gcás nach bhfuil siad in ann soláthar dá riachtanais féin mar gheall ar a sláinte.

[...]’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

7        Foráiltear le hAirteagal 5 den Treoir sin an mhéid seo a leanas:

‘1.      Chun an ceart chun athaontú teaghlaigh a fheidhmiú, cinnfidh na Ballstáit an gcaithfidh an t‑urraitheoir nó ball den teaghlach iarratas ar dhul isteach agus ar chónaí a chur faoi bhráid údaráis inniúla an Bhallstáit lena mbaineann.

[...]

5.      Agus scrúdú á dhéanamh acu ar iarratas, tabharfaidh na Ballstáit aird chuí ar leas leanaí mionaoiseacha.’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

8        Foráiltear le hAirteagal 7(1) de Threoir 2003/86 mar seo a leanas:

‘1.      Nuair a chuirfear isteach an t‑iarratas ar athaontú teaghlaigh, féadfaidh an Ballstát lena mbaineann a cheangal ar an duine a chuir isteach an t‑iarratas fianaise a sholáthar go bhfuil an méid seo a leanas ag an urraitheoir:

(a)      cóiríocht a mheastar gur gnách í do theaghlach inchomparáide sa réigiún céanna agus a chomhlíonann na caighdeáin ghinearálta sláinte agus sábháilteachta atá i bhfeidhm sa Bhallstát lena mbaineann;

(b)      árachas breoiteachta maidir leis na rioscaí uile a chumhdaítear de ghnáth dá náisiúnaigh féin sa Bhallstát lena mbaineann dó féin agus do bhaill a theaghlaigh;

(c)      acmhainní cobhsaí rialta ar leor iad chun é féin agus baill a theaghlaigh a chothabháil, gan dul i muinín chóras cúnaimh shóisialta an Bhallstáit lena mbaineann. Déanfaidh na Ballstáit meastóireacht ar na hacmhainní sin trí thagairt a dhéanamh dá gcineál agus dá rialtacht agus féadfaidh siad leibhéal an phá agus na bpinsean náisiúnta íosta chomh maith le líon na mball teaghlaigh a chur san áireamh.’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

9        Luaitear an méid seo a leanas in Airteagal 10(2) agus (3)(a) den Treoir sin:

‘2.      Féadfaidh na Ballstáit athaontú teaghlaigh ball eile den teaghlach nach dtagraítear dóibh in Airteagal 4 a údarú, má tá siad i gcleithiúnas an dídeanaí.

3.      Más mionaoiseach neamhthionlactha é an dídeanaí:

(a)      déanfaidh na Ballstáit iontráil agus cónaí a údarú chun críoch athaontaithe teaghlaigh a shinsir céadchéime gan na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 4(2)(a) a chur i bhfeidhm.

[...]’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

10      Faoi Airteagal 12(1) den Treoir sin:

‘De mhaolú ar Airteagal 7, ní cheanglóidh na Ballstáit ar an dídeanaí agus/nó ba(i)ll den teaghlach, maidir leis na hiarratais a bhaineann leis na baill teaghlaigh dá dtagraítear in Airteagal 4(1), an fhianaise a sholáthar go gcomhlíonann an dídeanaí na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 7.

Gan dochar d’oibleagáidí idirnáisiúnta, i gcás inar féidir teaghlaigh a athaontú i dtríú tír a bhfuil naisc speisialta ag an urraitheoir agus/nó ag an mball teaghlaigh léi, féadfaidh na Ballstáit a cheangal go soláthrófar an fhianaise dá dtagraítear sa chéad fhomhír.

Féadfaidh na Ballstáit a cheangal ar an dídeanaí na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 7(1) a chomhlíonadh, mura gcuirtear isteach an t‑iarratas ar athaontú teaghlaigh laistigh de thréimhse trí mhí tar éis an stádas mar dhídeanaí a dheonú.’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

 Dlí na hOstaire

11      Foráiltear mar seo a leanas in Bundesgesetz über die Niederlaser und den Aufenthalt in Österreich (Niederlassungs-und Aufenthaltsgesetz – NAG) [an Dlí Feidearálach maidir le bunaíocht agus cónaí san Ostair, ‘NAG’], – an 16 Lúnasa 2005 (BGBl. I, 100/2005), sa leagan is infheidhme maidir leis an díospóid sna príomhimeachtaí (‘NAG’), in Airteagal 11, dar teideal ‘Coinníollacha ginearálta maidir le cead cónaithe a fháil’:

‘[...]

(2)      Ní fhéadfar cead cónaithe a eisiúint do náisiúnaigh choigríche ach amháin más rud é

[...]

2.      go bhfuil sé de cheart ag an duine sin cóiríocht ag an urraitheoir a mheastar a bheith gnách le haghaidh teaghlach inchomparáide;

3.      go bhfuil árachas sláinte aige a chlúdaíonn gach riosca, san Ostair freisin;

4.      nach dócha go gcuirfidh a fhanacht ualach airgeadais ar údarás áitiúil;

[...]

(3)      Fiú i gcás ina bhfuil foras le diúltú bunaithe ar mhír 1(3), (5) nó (6) nó i gcás nach gcomhlíontar coinníoll dá dtagraítear i mír 2(1) go (7), féadfar cead cónaithe a dheonú más gá sin chun saol príobháideach agus saol an teaghlaigh a chothabháil de bhun Airteagal 8 de [ECHR].’

12      Luaitear an méid seo a leanas in Airteagal 46 den Dlí sin, dar teideal ‘Forálacha a bhaineann le hathaontú teaghlaigh’:

‘(1)      Ba cheart cead cónaithe a dheonú do bhaill teaghlaigh náisiúnach tríú tír i bhfoirm “Rot‑Weiss-Rot – Karte plus” [“dearg-bán‑dearg – cárta plus”] má chomhlíonann siad na coinníollacha a leagtar amach i gCuid 1, agus más rud é

[...]

2.      tá cuótaí fós ar fáil agus iad á ngrúpáil le chéile:

[...]

(c)      go bhfuil stádas dídeanaí agus Airteagal 34(2) [den Bundesgesetz über die Gewährung von Asyl (an Dlí Feidearálach maidir le bronnadh tearmainn), an 16 Lúnasa 2005, (BGBl. I, Uimh. 100/2005), sa leagan is infheidhme maidir leis an díospóid sna príomhimeachtaí (“AsylG”)] [...].’

13      Foráiltear an méid seo a leanas i míreanna 2 agus 4 d’Airteagal 34 de AsylG, dar teideal ‘Nósanna imeachta teaghlaigh san Ostair’:

‘(2)      Arna iarraidh sin do bhall teaghlaigh náisiúnach eachtrach ar deonaíodh stádas dídeanaí dó, ní mór don údarás stádas dídeanaí náisiúnach eachtrach a dheonú dó trí chinneadh sna cásanna seo a leanas:

1.      nach bhfuil cion coiriúil déanta ag an náisiúnach eachtrach sin; agus

[...]

3.      nach bhfuil aon nós imeachta leanúnach ann chun stádas dídeanaí a tharraingt siar i gcoinne an náisiúnaigh eachtraigh ar deonaíodh stádas dídeanaí dó (Airteagal 7).

[...]

(4)      Ní mór don údarás scrúdú ar leithligh a dhéanamh ar iarratais ball teaghlaigh iarrthóra tearmainn; tá na himeachtaí uamtha; faoi na coinníollacha a leagtar síos i míreanna 2 agus 3, gheobhaidh gach ball teaghlaigh an chosaint chéanna. [...]’

14      Is mar seo a leanas atá an fhoclaíocht in Airteagal 35 den Dlí sin, dar teideal ‘Iarratais ar iontráil arna dtaisceadh le húdaráis ionadaíocha’:

‘(1)      Féadfaidh ball teaghlaigh náisiúnaigh eachtraigh de réir bhrí mhír 5 atá aitheanta mar dhídeanaí agus atá thar lear, d’fhonn iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a thaisceadh i gcomhréir le hAirteagal 34(1)(1) i gcomhar le hAirteagal 2(1)(13) den Dlí seo, iarratas ar dhoiciméad iontrála a thaisceadh le húdarás Ostarach atá freagrach as misin chonsalacha thar lear (an tÚdarás Ionadaíoch). Má thaisctear an t‑iarratas ar dhoiciméad iontrála níos mó ná trí mhí tar éis stádas dídeanaí a dheonú go cinntitheach, ní mór na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 60(2), míreanna (1) go (3) a chomhlíonadh.

[...]

(2a) Más duine de thuismitheoirí mionaoisigh neamhthionlactha é an t‑iarratasóir ar deonaíodh stádas dídeanaí nó stádas cosanta coimhdí dó, measfar go bhfuil na coinníollacha a leagtar síos i míreanna (1) go (3) d’Airteagal 60(2) comhlíonta.

[...]

(5)      Faoi [Airteagal 17(1) agus (2) de AsylG], ciallaíonn “ball teaghlaigh” duine ar tuismitheoir linbh mhionaoisigh é, céile nó linbh aonair mhionaoisigh d’eachtrannach ar deonaíodh stádas dídeanaí nó stádas cosanta coimhdí dó, ar choinníoll, i gcás céilí, go raibh siad pósta cheana féin sular tháinig an náisiúnach eachtrach sin isteach sa tír; baineann sé seo freisin le comhpháirtithe cláraithe más rud é go raibh an chomhpháirtíocht sin cláraithe cheana féin sular tháinig an náisiúnach eachtrach isteach sa tír.’

 An díospóid sna príomhimeachtaí agus na ceisteanna le haghaidh réamhrialú

15      Tháinig RI, a rugadh an 1 Meán Fómhair 1999, chun na hOstaire an 31 Nollaig 2015 mar mhionaoiseach neamhthionlactha agus rinne sé iarratas ar chosaint idirnáisiúnta faoi AsylG an 8 Eanáir 2016. Le cinneadh an Bundesamt für Fremdenwesen und Asyl (an Oifig Fheidearálach um Inimirce agus Tearmann, an Ostair), a fógraíodh do RI an 5 Eanáir 2017, aithníodh mar dhídeanaí é. Tháinig an cinneadh seo chun críche an 2 Feabhra 2017.

16      An 6 Aibreán 2017, lá agus trí mhí ina dhiaidh sin, rinne CR agus GF, tuismitheoirí RI, agus a dheirfiúr fhásta, TY, iarratas le hAmbasáid na hOstaire sa tSiria ar chead iontrála agus cónaithe le RI san Ostair chun críoch athaontaithe teaghlaigh, de bhun Airteagal 35 de AsylG (‘na chéad iarratais ar iontrála agus cónaithe’). Ba mhionaoiseach é RI tráth a taisceadh na hiarratais sin. Dhiúltaigh Ambasáid na hOstaire na hiarratais áfach, trí chinneadh a fógraíodh an 29 Bealtaine 2018, ar an bhforas go raibh RI tagtha le bheith ina dhuine fásta le linn an nós imeachta um athaontú teaghlaigh. Tháinig an cinneadh sin, nach ndearnadh achomharc air, chun críche an 26 Meitheamh 2018.

17      An 11 Iúil 2018, rinne CR, GF agus TY iarratas le Ceann Rialtais Chúige Vín le haghaidh ceadanna cónaithe chun críoch athaontaithe teaghlaigh le RI faoi Airteagal 46(1)(2) de NAG (‘an dara hiarratas ar iontrála agus cónaithe’). Chuige sin, bhraith CR agus GF ar a gcearta faoi Threoir 2003/86, agus bhunaigh TY a hiarratas ar Airteagal 8 de CECD. An 20 Aibreán 2020, dhiúltaigh Landeshauptmann von Wien (Ceann Rialtais Chúige Vín) do na hiarratais sin de bharr nár taisceadh iad laistigh de thrí mhí ón dáta a aithníodh stádas dídeanaí RI.

18      Rinne CR, GF agus TY (‘na hiarratasóirí’) agóid i gcoinne na gcinntí sin os comhair Verwaltungsgericht Wien (an Chúirt Riaracháin, Vín).

19      Ar an gcéad dul síos, tá amhras ar an gcúirt a rinne an tarchur maidir leis na cearta a d’fhéadfadh a bheith ag CR, GF agus TY ó Airteagal 10(3)(a) de Threoir 2003/86, cé go ndearnadh duine fásta de RI le linn an nós imeachta um athaontú teaghlaigh. I ndáil leis sin, measann sí gur cheart an léiriú a ghlac an Chúirt i mbreithiúnas an 12 Aibreán 2018, A agus S (C‑550/16, EU:C:2018:248, mír 64), i ndáil le cás ina mbeidh mionaoiseach neamhthionlactha ina dhuine fásta le linn an nós imeachta tearmainn agus, dá bhrí sin, fiú sula dtaiscfear an t‑iarratas ar athaontú teaghlaigh, a bheith infheidhme maidir le cás, amhail an cás atá i gceist sna príomhimeachtaí, i gcás ina bhfuil an t‑urraitheoir fós ina mhionaoiseach tráth a dtaiscfear an t‑iarratas sin, agus dá réir sin, sa dara cás sin freisin, féadfaidh an ceart chun athaontú teaghlaigh a bheith bunaithe ar an bhforáil sin.

20      I gcás ina gcloífear leis an gconclúid sin, iarrann an chúirt a rinne an tarchur, ar an dara dul síos, an gá, i bprionsabal, soiléiriú na Cúirte i mír 61 den bhreithiúnas sin, ar dá réir nach mór iarratas ar athaontú teaghlaigh arna dhéanamh faoi Airteagal 10(3)(a) de Threoir 2003/86 ag urraitheoir a tháinig chun bheith ina dhuine fásta le linn an nós imeachta tearmainn a thíolacadh, i bprionsabal, laistigh de thréimhse trí mhí ón dáta a dhearbhaítear go bhfuil stádas dídeanaí acu, go dtí staid urraitheora a tháinig chun bheith ina dhuine fásta le linn an nós imeachta um athaontú teaghlaigh. D’fhéadfaí a shamhlú, ina leithéid de chás, nach gá tús a chur le tréimhse den sórt sin sula bhfaigheadh an dídeanaí an tromlach. Dá réir sin, is gá cloí leis an teorainn ama sin más rud é, amhail sa chás seo, go raibh an t‑urraitheoir fós ina mhionaoiseach tráth a cuireadh isteach an t‑iarratas ar athaontú teaghlaigh.

21      Os a choinne sin, i gcás go mbeadh teorainn ama den sórt sin i bhfeidhm agus go rithfidh sé ón lá a n‑aithníodh an mionaoiseach lena mbaineann mar dhídeanaí, iarrann an chúirt a rinne an tarchur, ar an tríú dul síos, an gá a mheas go bhfuil an tréimhse sin á comhlíonadh más rud é, mar atá sa chás seo, go raibh lá agus trí mhí tar éis dul thart idir fógra a thabhairt faoin gcinneadh lenar deonaíodh an stádas sin don urraitheoir agus na chéad iarratais ar athaontú teaghlaigh, ar cheart, de réir na cúirte sin, comhlíonadh na teorann ama sin a mheasúnú ina leith. Sa chomhthéacs sin, iarrtar, go háirithe, na critéir ba cheart a chur i bhfeidhm chun a mheasúnú an bhfuil iarratas ar athaontú teaghlaigh curtha isteach laistigh den spriocdháta.

22      Ar an gceathrú dul síos, iarrann an chúirt a rinne an tarchur an bhfuil na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 7 de Threoir 2003/86 á gcomhlíonadh, eadhon go bhfuil, ar an gcéad dul síos, ag an urraitheoir ar chóiríocht a mheastar a bheith gnáth dó féin agus dá theaghlach, ar an dara dul síos, árachas breoiteachta lena gcumhdaítear na rioscaí uile dó féin agus do bhaill dá theaghlach, agus ar an tríú dul síos, acmhainní cobhsaí agus rialta, ar leor iad chun é féin agus baill dá theaghlach a chothabháil gan dul i muinín chóras cúnaimh shóisialta an Bhallstáit lena mbaineann, i gcás athaontú teaghlaigh faoi Airteagal 10(3)(a) den Treoir sin. I dtaca leis sin, iarrtar freisin an mbraitheann an fhéidearthacht go gceanglófar na coinníollacha sin a chomhlíonadh ar taisceadh an t‑iarratas ar athaontú teaghlaigh tar éis don tréimhse trí mhí dá dtagraítear sa tríú fomhír d’Airteagal 12(1) den Treoir sin dul in éag.

23      Ar an gcúigiú dul síos, cuireann an chúirt a rinne an tarchur in iúl, faoi dhlí na hOstaire is infheidhme, nach bhfuil TY mar dheirfiúr an urraitheora ar cheann de na ‘baill teaghlaigh’ dá dtugtar ceart chun athaontú teaghlaigh. Thug an chúirt a rinne an tarchur dá haire freisin go bhfuil pairilis cheirbreach ar TY, a bhfuil cónaí uirthi lena tuismitheoirí sa tSiria, agus dá bhrí sin, tá sí ag brath ar chathaoir rotha agus teastaíonn cúram pearsanta laethúil uaithi, lena n‑áirítear cuidiú chun ithe. Is í a máthair, CR, is mó a chuireann an cúram sin ar fáil, toisc nach bhféadfadh TY aon líonra tacaíochta sóisialta a úsáid ina áit chónaithe reatha chun an cúram sin a fháil. Sna himthosca sin, ní fhéadfadh tuismitheoirí TY í a fhágáil ina haonar sa tSiria, áit nach bhfuil cónaí ar aon bhaill teaghlaigh eile sa tír sin.

24      Chinn an chúirt a rinne an tarchur, i bhfianaise na staide ar leith ina bhfuil deirfiúr RI mar gheall ar a breoiteacht, go mbeadh sé d’oibleagáid ar thuismitheoirí RI, a gceart chun athaontú teaghlaigh a tharscaoileadh faoi Airteagal 10(3)(a) de Threoir 2003/86 mura ndeonófaí cead cónaithe freisin do TY.

25      Ar deireadh, thug an chúirt faoi deara go bhféadfaí, faoi dhlí na hOstaire, cead cónaithe a dheonú do dheirfiúr fhásta an urraitheora, cé nach gcomhlíontar na coinníollacha dlíthiúla, ar chúiseanna áititheacha a bhaineann le saol príobháideach agus saol an teaghlaigh de réir bhrí Airteagal 8 de CECD. Mar sin féin, a mhéid a fhéadfaidh an ceart chun cead cónaithe a dheonú a chineann go díreach ó dhlí an Aontais dul thar an gcosaint a thugtar le hAirteagal 8 de CECD, is gá a chinneadh an bhféadfaidh TY brath ar cheart den sórt sin.

26      Sna himthosca sin, chinn Verwaltungsgericht Wien (an Chúirt Riaracháin, Vín) bac a chur ar na himeachtaí agus na ceisteanna seo a leanas a tharchur chuig an gCúirt Bhreithiúnais le haghaidh réamhrialú:

‘(1)      An féidir le tuismitheoirí dídeanaí, ar náisiúnaigh tríú tír iad, sa chás go ndearna an dídeanaí iarratas ar thearmann mar mhionaoiseach neamhthionlactha agus ar bronnadh tearmann air mar mhionaoiseach, leanúint de bheith ag brath ar Airteagal 2(f) i gcomhar le hAirteagal 10(3)(a) de Threoir [2003/86] más rud é gur shlánaigh an dídeanaí a lán‑aois i ndiaidh stádas dídeanaí a bheith bronnta air, ach le linn an nós imeachta chun cead cónaithe a dheonú dá thuismitheoirí?

(2)      Más freagra dearfach a thabharfar ar Cheist 1: I gcás den sórt sin, an gá go gcomhlíonfaidh tuismitheoirí an náisiúnaigh tríú tír an tréimhse chun iarratas ar athaontú teaghlaigh dá dtagraítear i mbreithiúnas an 12 Aibreán 2018, A agus S [(C‑550/16, EU:C:2018:248 mír 61)], eadhon “i bprionsabal, [...] laistigh de thréimhse trí mhí ón dáta a dhearbhaítear go bhfuil stádas dídeanaí ag an “mionaoiseach” lena mbaineann”?

(3)      Más freagra dearfach a thabharfar ar Cheist 1: An gcaithfear cead cónaithe a dheonú do dheirfiúr fhásta, ar náisiúnach tríú tír í, le dídeanaí aitheanta, go díreach ar bhonn dhlí an Aontais más rud é, dá ndiúltófaí cead cónaithe don deirfiúr fhásta leis an dídeanaí, go gcuirfí iallach de facto ar thuismitheoirí an dídeanaí a gceart chun athaontú teaghlaigh faoi Airteagal 10(3)(a) de Threoir [2003/86] a tharscaoileadh toisc go bhfuil riachtanas práinneach ag deirfiúr fhásta an dídeanaí sin go dtabharfaidh a tuismitheoirí cúram leanúnach di mar gheall ar a staid sláinte agus nach féidir léi fanacht sa tír thionscnaimh ina haonar?

(4)      Más freagra dearfach a thabharfar ar Cheist 2: Cad iad na critéir atá le cur i bhfeidhm agus measúnú á dhéanamh an ndearnadh iarratas ar athaontú teaghlaigh “i bprionsabal” laistigh de thréimhse trí mhí de réir bhrí na ráiteas a rinneadh i mbreithiúnas [an 12 Aibreán 2018, A agus S[(C‑550/16, EU:C:2018:248, mír 61)]?

(5)      Más freagra dearfach a thabharfar ar Cheist 2: An féidir le tuismitheoirí an dídeanaí leanúint de bheith ag brath ar a gceart chun athaontú teaghlaigh faoi Airteagal 10(3)(a) de Threoir [2003/86] má tá lá agus trí mhí tar éis dul thart idir an dáta a dearbhaíodh go raibh stádas dídeanaí ag an mionaoiseach agus an dáta a rinne siad iarratas ar athaontú teaghlaigh?

(6)      An féidir le Ballstát a cheangal ar thuismitheoirí an dídeanaí, i bprionsabal, coinníollacha Airteagal 7(1) de Threoir [2003/86] a chomhlíonadh i nós imeachta um athaontú teaghlaigh faoi Airteagal 10(3)(a) de Threoir [2003/86]?

(7)      An mbraitheann an ceanglas chun na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 7(1) de Threoir [2003/86] a chomhlíonadh i gcomhthéacs athaontú teaghlaigh faoi Airteagal 10(3)(a) de Threoir [2003/86] ar an gceist ar cuireadh isteach an t‑iarratas ar athaontú teaghlaigh laistigh de thréimhse trí mhí tar éis an stádas dídeanaí a bhronnadh de réir bhrí an tríú fomhír d’Airteagal 12(1) de Threoir [2003/86]?’

 Nós imeachta os comhair na Cúirte Breithiúnais

27      An 9 Iúil 2021, chuir Uachtarán na Cúirte bac ar na himeachtaí sa chás seo ar feitheamh breithiúnas críochnaitheach i gCásanna Uamtha C‑273/20 agus C‑355/20 agus i gCás C‑279/20.

28      Le cinneadh an 8 Lúnasa 2022, d’fhiafraigh Uachtarán na Cúirte den chúirt a rinne an tarchur faoi bhreithiúnais an 1 Lúnasa 2022, Bundesrepublik Deutschland (Athaontú teaghlaigh le dideanaí mionaoiseach) (C‑273/20 agus C‑355/20, EU:C:2022:617), chomh maith leis an 1 Lúnasa 2022, Bundesrepublik Deutschland (Athaontú teaghlaigh linbh a bhfuil lánaois slánaithe aige) (C‑279/20, EU:C:2022:618), ar mhian léi a hiarraidh ar réamhrialú a choimeád ar bun, ina hiomláine nó i bpáirt, i bhfianaise na mbreithiúnas a tugadh sna cásanna sin.

29      I litir dar dáta an 30 Lúnasa 2022, a taisceadh i gClárlann na Cúirte an 6 Meán Fómhair 2022, thug an chúirt sin le fios go gcoimeádtar lena hiarraidh ar réamhrialú ach nach raibh gá le freagra ar an gcéad cheist a thuilleadh, ar an bhforas gur ghá, i bhfianaise na mbreithiúnas sin, an cheist sin a fhreagairt go dearfach. Maidir leis sin, cuireadh in iúl, a mhéid a mheasann sí dá bhrí sin gur comhlíonadh an coinníoll faoinar chuir sí isteach an dara agus an tríú ceist, gur ghá na ceisteanna sin a fhreagairt.

 Na ceisteanna arna dtarchur le haghaidh réamhrialú

 An dara ceist

30      Maidir leis an dara ceist, iarrann an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an gá Airteagal 10(3)(a) de Threoir 2003/86 a léiriú amhail, d’fhonn a bheith in ann ceart chun athaontú teaghlaigh a bhunú ar an bhforáil sin agus, dá bhrí sin, leas a bhaint as na coinníollacha níos fabhraí a leagtar síos leis an bhforáil sin, go gceanglaítear leis an bhforáil sin ar shinsir chéadchéime (‘na tuismitheoirí’) dídeanaí mhionaoisigh neamhthionlactha an t‑iarratas ar iontrála agus cónaithe a chur isteach chun críche athaontaithe teaghlaigh leis an dídeanaí sin laistigh de thréimhse shonraithe, i gcás inar mionaoiseach fós an dídeanaí sin ar an dáta a taisceadh an t‑iarratas sin agus a thiocfaidh chun bheith ina dhuine fásta le linn an nós imeachta um athaontú teaghlaigh.

31      Ní mór a mheabhrú gurb é cuspóir Threoir 2003/86, faoi théarmaí Airteagal 1 de, na coinníollacha maidir leis an gceart chun athaontú teaghlaigh a bheith á fheidhmiú ag náisiúnaigh tríú tír a bhfuil cónaí orthu go dleathach i gcríoch na mBallstát.

32      I ndáil leis sin, is léir ó aithris 8 den Treoir sin go bhforáiltear inti, do dhídeanaithe, do choinníollacha níos fabhraí chun an ceart sin chun athaontú teaghlaigh a fheidhmiú, ós rud é gur gá aird ar leith a thabhairt ar chás na ndídeanaithe mar gheall ar na cúiseanna a d’fhág go raibh orthu teitheadh óna dtír agus a gcuireann bac orthu gnáthshaol teaghlaigh a bheith acu sa tír sin.

33      Baineann ceann de na coinníollacha níos fabhraí sin chun críoch athaontaithe teaghlaigh le sinsir chéadchéime an dídeanaí. Mar a chinn an Chúirt cheana, cé, faoi Airteagal 4(2)(a) de Threoir 2003/86, go bhfágtar, i bprionsabal, an t‑athaontú sin faoi rogha gach Ballstáit agus faoi réir, go háirithe, an choinníll go bhfuil sinsir chéadchéime ag brath ar an urraitheoir agus go mbaintear an tacaíocht teaghlaigh cheart acu ina dtír thionscnaimh, foráiltear le hAirteagal 10(3)(a) den Treoir sin d’eisceacht ón bprionsabal sin faoina bhfuil sé de cheart ag dídeanaithe mionaoiseacha neamhthionlactha chun athaontú den sórt sin, rud nach bhfuil faoi réir corrlach breithmheasa ar thaobh na mBallstát ná faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos in Airteagal 4(2)(a). Dá bhrí sin, tá Airteagal 10(3)(a) beartaithe go sonrach chun cosaint níos fearr a áirithiú do dhídeanaithe ar mionaoisigh neamhthionlactha iad (breithiúnas an 12 Aibreán 2018, A agus S, C‑550/16, EU:C:2018:248, míreanna 33, 34 agus 44).

34      Ina breithiúnas an 12 Aibreán 2018, A agus S (C‑550/16, EU:C:2018:248, mír 64), chinn an Chúirt cheana féin nach mór Airteagal 2(f) de Threoir 2003/86, ina sainmhínítear an coincheap ‘mionaoiseach neamhthionlactha’, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 10(3)(a) di, a léiriú amhail nach mór náisiúnach tríú tír nó do dhuine gan stát atá faoi bhun 18 mbliana d’aois tráth a theacht isteach i gcríoch Ballstáit agus tráth a thaiscfidh iarratas ar thearmann sa Stát sin, ach a shroicheann, le linn an nós imeachta tearmainn, lán‑aois agus dá ndeonaítear stádas dídeanaí air ina dhiaidh sin, a mheas mar ‘mhionaoiseach’, de réir bhrí na forála sin.

35      Chun an ceart chun athaontú teaghlaigh dá dtagraítear in Airteagal 10(3)(a) de Threoir 2003/86 ag brath ar an tráth a nglacann an t‑údarás náisiúnta inniúil an cinneadh lena n‑aithnítear an duine lena mbaineann mar dhídeanaí go foirmiúil agus, dá bhrí sin, ar an luas is mó nó níos lú lena ndéanann an t‑údarás sin an t‑iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a phróiseáil, chuirfí amhras ar éifeachtacht na forála sin agus bheadh sé contrártha ní hamháin do chuspóir na treorach sin, eadhon athaontú teaghlaigh a chur chun cinn agus deonú, i dtaca leis sin, cosaint speisialta a thabhairt do dhídeanaithe, go háirithe mionaoisigh neamhthionlactha, ach freisin do phrionsabail na córa comhionainne agus na deimhneachta dlíthiúla (breithiúnas an 12 Aibreán 2018, A agus S, C‑550/16, EU:C:2018:248, mír 55).

36      Ina theannta sin, ba cheart a thabhairt faoi deara go bhfuil feidhm ag na breithnithe céanna, a fortiori, maidir le cás ina mbeidh an dídeanaí mionaoiseach neamhthionlactha ina dhuine fásta ní le linn an nós imeachta tearmainn, ach le linn an nós imeachta um athaontú teaghlaigh. Dá bhrí sin, féadfaidh dídeanaí mionaoiseach den sórt sin brath ar Airteagal 10(3)(a) de Threoir 2003/86 chun tairbhe a bhaint den cheart chun athaontú teaghlaigh lena thuismitheoirí ar bhonn na gcoinníollacha níos fabhraí a leagtar síos leis an bhforáil sin, gan an Ballstát lena mbaineann a bheith in ann diúltú don iarratas ar athaontú teaghlaigh ar an bhforas nach mionaoiseach an dídeanaí lena mbaineann a thuilleadh ar dháta an chinnidh maidir leis an iarratas sin (féach, chuige sin, breithiúnas an 1 Lúnasa 2022, Bundesrepublik Deutschland (Athaontú teaghlaigh le dideanaí mionaoiseach), C‑273/20 agus C‑355/20, EU:C:2022:617, mír 52).

37      Mar sin féin, i mbreithiúnas an 12 Aibreán 2018, A agus S, (C‑550/16, EU:C:2018:248, mír 61), chinn an Chúirt freisin, a mhéid a bheadh sé ar neamhréir le cuspóirAirteagal 10(3)(a) de Threoir 2003/86 do dhídeanaí a bhí ina mhionaoiseach neamhthionlactha tráth a iarratais ar thearmann ach a tháinig chun bheith ina dhuine fásta le linn an nós imeachta a bhaineann leis an iarratas sin, go mbeidh siad in ann leas na forála sin ‘gan aon teorainn ama’ chun athaontú teaghlaigh a fháil, níor mhór an t‑iarratas ar athaontú teaghlaigh a dhéanamh laistigh de thréimhse réasúnach. I dtaca leis sin, thug an Chúirt dá haire, d’fhonn tréimhse réasúnta den sórt sin a chinneadh, gur réiteach táscach é an réiteach arna ghlacadh ag reachtas an Aontais Eorpaigh i gcomhthéacs comhchosúil an tríú fomhír d’Airteagal 12(1) den Treoir sin, ionas go gcaithfear a mheas nach mór, i bprionsabal, i gcás den sórt sin, an t‑iarratas ar athaontú teaghlaigh a dhéantar ar bhonn Airteagal 10(3)(a) den Treoir sin a thíolacadh laistigh de thrí mhí ón lá ar aithníodh an mionaoiseach lena mbaineann mar dhídeanaí.

38      Baineann amhras na cúirte a rinne an tarchur, go bunúsach, leis an gceist an gá cloí leis an teorainn ama sin freisin in imthosca amhail na cinn atá i gceist sna príomhimeachtaí, eadhon i gcás ina raibh an dídeanaí lena mbaineann fós ina mhionaoiseach ar an dáta a cuireadh isteach an t‑iarratas ar athaontú teaghlaigh agus a ndearnadh duine fásta de le linn na n‑imeachtaí a bhaineann leis an iarratas sin.

39      Chuige sin, ba cheart a thabhairt faoi deara go leanann sé ón gcásdlí a luaitear i mír 37 den bhreithiúnas seo gurb é is cuspóir don cheanglas maidir le comhlíonadh na teorann ama sin an riosca a sheachaint go mbraithfí ar an gceart chun athaontú teaghlaigh gan aon teorainn ama sa chás ina bhfuil aois slánaithe ag an dídeanaí le linn an nós imeachta tearmainn agus, dá bhrí sin, fiú sula dtaisctear an t‑iarratas ar athaontú teaghlaigh.

40      Mar sin féin, mar a chuir an Coimisiún Eorpach in iúl, ní ann do riosca den sórt sin i gcás ina sroicheann an dídeanaí lena mbaineann an lán‑aois le linn an nós imeachta um athaontú teaghlaigh. Thairis sin, ag féachaint do chuspóir Airteagal 10(3)(a) de Threoir 2003/86, arb é atá ann go sonrach athaontú dídeanaithe mionaoiseacha neamhthionlactha lena dtuismitheoirí a chur chun cinn, chun cosaint níos fearr a ráthú dóibh mar gheall ar a leochaileacht ar leith, ní féidir a mheas go bhfuil iarratas ar athaontú teaghlaigh faoin bhforáil sin as am má tíolacadh é nuair a bhí an dídeanaí lena mbaineann fós ina mhionaoiseach. Dá bhrí sin, i bhfianaise an chuspóra sin, ní féidir tús a chur le teorainn ama chun iarratas den sórt sin a chur isteach sula mbeidh an dídeanaí lena mbaineann lánaoiseach.

41      Dá bhrí sin, fad is gur mionaoiseach é an dídeanaí, féadfaidh a thuismitheoirí iarratas ar iontráil agus cónaí chun críoch athaontaithe teaghlaigh a chur isteach leis, ar bhonn Airteagal 10(3)(a) de Threoir 2003/86, gan ceangal a bheith orthu cloí le teorainn ama chun leas a bhaint as na coinníollacha níos fabhraí dá bhforáiltear leis an bhforáil sin.

42      Is léir ón méid sin, sa chás seo, nach mbaineann an fíoras gur thaisc na hiarratasóirí na chéad iarratais ar iontráil agus cónaí chun críocha athaontú teaghlaigh isteach níos mó ná trí mhí tar éis fógra a thabhairt faoin gcinneadh faoinar deonaíodh stádas dídeanaí don urraitheoir ós rud é gur mionaoiseach é an t‑urraitheoir sin ar an dáta a cuireadh isteach na hiarratais sin. Mar sin féin, faoi réir a fhíoraithe ag an gcúirt a rinne an tarchur, is cosúil nach bhfuil an cinneadh dá dtagraítear i mír 16 den bhreithiúnas seo lenar diúltaíodh na hiarratais sin comhsheasmhach le forálacha Threoir 2003/86.

43      I bhfianaise an méid sin, is é an freagra ar an dara ceist nach mór Airteagal 10(3)(a) de Threoir 2003/86 a léiriú amhail, d’fhonn a bheith in ann an ceart chun athaontú teaghlaigh a bhunú ar an bhforáil sin agus ar an gcaoi sin leas a bhaint as na coinníollacha níos fabhraí a leagtar síos leis an bhforáil sin, nach gceanglaítear leis an bhforáil sin ar thuismitheoirí dídeanaí mhionaoisigh neamhthionlactha an t‑iarratas ar iontráil agus cónaí a chur isteach chun críoch athaontaithe teaghlaigh leis an dídeanaí sin laistigh de thréimhse shonraithe, i gcás inar mionaoiseach fós an dídeanaí sin ar an dáta a cuireadh isteach an t‑iarratas sin agus go mbeidh sé ina dhuine fásta le linn an nós imeachta um athaontú teaghlaigh.

 An ceathrú agus an cúigiú ceist

44      Maidir leis an gceathrú agus an cúigiú ceist dá cuid, iarrann an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, na critéir is gá a mheas ar cibé ar cuireadh isteach iarratas ar athaontú teaghlaigh faoi Airteagal 10(3)(a) de Threoir 2003/86 laistigh de na teorainneacha ama.

45      Mar a deir an chúirt a rinne an tarchur, cuirtear na ceisteanna sin ar an mbonn tuisceana go bhfuil freagra dearfach ar an dara ceist. I bhfianaise an fhreagra ar an dara ceist, ní gá an ceathrú agus an cúigiú ceist a fhreagairt.

 An tríú ceist

46      Maidir leis an tríú ceist, iarrann an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an gá Airteagal 10(3)(a) de Threoir 2003/86 a léiriú amhail go gceanglaítear cead cónaithe a dheonú do dheirfiúr fhásta dídeanaí mhionaoisigh neamhthionlactha ar náisiúnach tríú tír é agus atá, mar gheall ar thinneas tromchúiseach, ag brath go hiomlán agus go buan ar chúram a thuismitheoirí, i gcás ina bhfágfadh diúltú cead cónaithe a dheonú go ndéanfaí a cheart chun athaontú teaghlaigh lena thuismitheoirí a bhaint den dídeanaí sin, rud a thugtar leis an bhforáil sin.

47      I ndáil leis sin, ba cheart a thabhairt faoi deara, faoi Airteagal 51(1) den Chairt, nach mór do na Ballstáit, agus dlí an Aontais á chur chun feidhme acu, na cearta a urramú agus na prionsabail arna mbunú leis an gCairt a urramú agus a gcur i bhfeidhm a chur chun cinn, i gcomhréir lena n‑inniúlachtaí faoi seach agus teorainneacha chumhachtaí an Aontais Eorpaigh mar a thugtar dóibh sna Conarthaí á n‑urramú acu.

48      Dá bhrí sin, i gcomhréir le cásdlí socair, is faoi na Ballstáit, go háirithe a gcúirteanna, ní hamháin a ndlí náisiúnta a léiriú ar bhealach atá comhsheasmhach le dlí an Aontais, ach a áirithiú freisin nach mbeidh siad ag brath ar léiriú ar fhoráil den dlí tánaisteach a bheadh ag teacht salach ar na cearta bunúsacha a chosnaítear le dlíchóras an Aontais (breithiúnas an 16 Iúil 2020, Stát na Beilge (Athaontú teaghlaighLeanbh mionaoiseach, C‑133/19, C‑136/19 agus C‑137/19, EU:C:2020:577, mír 33 agus an cásdlí dá dtagraítear).

49      Go háirithe, aithníonn Airteagal 7 den Chairt, an ceart chun go ndéanfar an saol príobháideach nó saol an teaghlaigh a urramú. Ní mór Airteagal 7 a léamh, i gcomhréir le cásdlí socair, i gcomhar leis an oibleagáid leas an linbh a chur san áireamh, a aithnítear in Airteagal 24(2) den Chairt, agus á chur san áireamh gur gá do leanbh caidreamh pearsanta a choinneáil ar bhonn rialta lena bheirt tuismitheoirí, mar a chuirtear in iúl in Airteagal 24(3) de (breithiúnas an 1 Lúnasa 2022, Bundesrepublik Deutschland (Athaontú teaghlaigh le dídeanaí mionaoiseach), C‑273/20 agus C‑355/20, EU:C:2022:617, mír 38 agus an cásdlí dá dtagraítear).

50      Dá bhrí sin, ní mór forálacha Threoir 2003/86 a léiriú agus a chur i bhfeidhm i bhfianaise Airteagal 7 agus Airteagal 24(2) agus (3) den Chairt, mar is léir, thairis sin, ó fhoclaíocht aithris 2 agus Airteagal 5(5) den Treoir sin, lena gceanglaítear ar na Ballstáit scrúdú a dhéanamh ar iarratais ar athaontú teaghlaigh ar mhaithe leis na leanaí lena mbaineann agus d’fhonn saol an teaghlaigh a chur chun cinn (breithiúnas an 1 Lúnasa 2022, Bundesrepublik Deutschland (Athaontú teaghlaigh le dídeanaí mionaoiseach), C‑273/20 agus C‑355/20, EU:C:2022:617, mír 39 agus an cásdlí dá dtagraítear).

51      Is amhlaidh atá, go háirithe, maidir le hAirteagal 10(3)(a) de Threoir 2003/86, lena bhféachtar go sonrach, mar a tugadh faoi deara i mír 40 den bhreithiúnas seo, le hathaontú dídeanaithe mionaoiseacha neamhthionlactha lena dtuismitheoirí a chur chun cinn, chun cosaint níos fearr a áirithiú do na mionaoisigh sin mar gheall ar a leochaileacht shonrach, agus a bhfuil tábhacht ar leith ag baint leis, dá bhrí sin, ó thaobh urramú éifeachtach na gceart bunúsach a chumhdaítear in Airteagal 7 agus in Airteagal 24(2) agus (3) den Chairt.

52      Ina theannta sin, ós rud é go raibh deis ag an gCúirt é a aimsiú cheana féin, forchuirtear le hAirteagal 10(3)(a) de Threoir 2003/86 oibleagáid bheacht dhearfach ar na Ballstáit, a chomhfhreagraíonn do cheart atá sainithe go soiléir. Ceanglaítear orthu, sa chás a chinntear leis an bhforáil sin, athaontú teaghlaigh sinsear céadchéime an urraitheora gan aon rogha a bheith acu (breithiúnas an 12 Aibreán 2018, A agus S, C‑550/16, EU:C:2018:248, mír 43).

53      Dá bhrí sin, faoi Airteagal 10(3)(a) de Threoir 2003/86, tá sé de cheart ag dídeanaí mionaoiseach neamhthionlactha, amhail RI, athaontú teaghlaigh leis an mbeirt tuismitheoirí.

54      Sa chás seo, is léir ón ordú tagartha gur chuir tuismitheoirí RI agus deirfiúr RI, TY, na hiarratais ar iontráil agus cónaí san Ostair isteach chun críoch athaontaithe teaghlaigh le RI. Cé gur duine fásta í, tá TY ag brath go hiomlán agus go buan ar chúram ábhartha a tuismitheoirí mar gheall ar thinneas tromchúiseach. Go háirithe, tá pairilis cheirbreach aici agus teastaíonn cathaoir rothaí fhadtréimhseach uaithi chomh maith le cúram pearsanta laethúil, lena n‑áirítear cuidiú chun ithe. Is í a máthair, CR, a chuireann an cúram sin ar fáil go príomha, mar nach bhfuil rochtain ag TY aon líonra tacaíochta sóisialta a úsáid ina háit chónaithe reatha chun an chóireáil sin a fháil. Is iad tuismitheoirí TY na daoine atá in ann aire a thabhairt di, mar sin ní féidir leo í a fhágáil ina haonar ina dtír dhúchais.

55      Mar a chinn an chúirt a rinne an tarchur, i bhfianaise na staide eisceachtúla sin agus a thromchúisí atá breoiteacht TY, níl an bheirt tuismitheoirí in ann teacht isteach lena mac, dídeanaí mionaoiseach neamhthionlactha, san Ostair gan a n‑iníon a thabhairt leo. Dá bhrí sin, is é deonú ceada iontrála agus cónaithe do dheirfiúr RI an t‑aon bhealach a chuirfidh ar a chumas a ceart chun athaontú teaghlaigh a fheidhmiú lena thuismitheoirí.

56      Sna himthosca sin, mura mbeadh TY incháilithe d’athaontú teaghlaigh le RI, ag an am céanna lena thuismitheoirí, bhainfí de facto a cheart chun athaontú teaghlaigh lena thuismitheoirí faoi Airteagal 10(3)(a) de Threoir 2003/86.

57      Bheadh toradh den sórt sin ar neamhréir le cineál neamhchoinníollach an chirt sin agus chaithfeadh sé amhras ar a éifeachtacht, rud a dhéanfadh neamhaird ar chuspóir Airteagal 10(3)(a) de Threoir 2003/86, a luaitear i mír 51 den bhreithiúnas seo, agus ar na ceanglais a eascraíonn as Airteagal 7 agus Airteagal 24(2) agus (3) den Chairt, dá dtagraítear i mír 49 den bhreithiúnas seo, nach mór comhlíonadh na Treorach sin a áirithiú.

58      Dá bhrí sin, i bhfianaise imthosca eisceachtúla na bpríomhimeachtaí, is faoin gcúirt a rinne an tarchur atá sé éifeachtacht cheart RI chun athaontú teaghlaigh lena tuismitheoirí a áirithiú, ar ceart é a eascraíonn as Airteagal 10(3)(a) de Threoir 2003/86, chomh maith le hurramú na gceart bunúsach a chumhdaítear in Airteagal 7 agus in Airteagal 24(2) agus (3) den Chairt, trí chead iontrála agus cónaí san Ostair a thabhairt dá deirfiúr freisin.

59      Thairis sin, ní chuirtear an chonclúid sin in amhras le breithiúnas an 12 Nollaig 2019, Bevándorlási és Menekültügyi Hivatal (Athaontú Teaghlaigh Deirfiúr le dídeanaí) (C‑519/18, EU:C:2019:1070), inar chinn an Chúirt nach mór Airteagal 10(2) de Threoir 2003/86 a léiriú amhail nach gcuirtear bac ar Bhallstát athaontú teaghlaigh deirfiúr dídeanaí a údarú ach amháin más rud é, mar gheall ar a staid sláinte, nach féidir léi a riachtanais féin a chomhlíonadh, ar choinníoll go gcomhlíontar coinníollacha áirithe.

60      Chuige sin, ba cheart a thabhairt faoi deara go bhfuil difríocht shuntasach idir na fíorais sin atá i gceist sa chás seo agus na ceisteanna dlí a d’ardaigh an chúirt a rinne an tarchur agus na fíorais as ar eascair an breithiúnas sin. Sa chás deiridh sin, ba í an tsaincheist na coinníollacha a chinneadh faoina gceadaítear le hAirteagal 10(2) de Threoir 2003/86, atá roghnach ina nádúr, do dhídeanaithe, lena n‑áirítear iad siúd nach mionaoisigh neamhthionlactha iad, iarratas a dhéanamh go neamhspleách ar athaontú teaghlaigh lena deartháireacha agus deirfiúracha. Os a choinne sin, sa chás seo, iarrtar ar an gCúirt cinneadh a dhéanamh maidir le raon feidhme an chirt atá ag dídeanaí mionaoiseach neamhthionlactha chun athaontú teaghlaigh lena thuismitheoirí, faoi Airteagal 10(3) den Treoir sin, sa chás sonrach nach féidir an ceart sin a fheidhmiú gan cead iontrála agus cónaithe a dheonú dá dheirfiúr fhásta, atá breoite agus, dá bhrí sin, atá ag brath go hiomlán agus go buan ar na tuismitheoirí sin.

61      I bhfianaise an méid sin, is é an freagra ar an tríú ceist nach mór Airteagal 10(3)(a) de Threoir 2003/86 a léiriú amhail lena gceanglaítear cead cónaithe a dheonú do dheirfiúr fhásta dídeanaí mhionaoisigh neamhthionlactha ar náisiúnach tríú tír é agus atá, mar gheall ar thinneas tromchúiseach, ag brath go hiomlán agus go buan ar chúram a tuismitheoirí, i gcás ina bhfágfadh diúltú an cead cónaithe sin a dheonú go mbainfí a cheart chun athaontú teaghlaigh lena thuismitheoirí den dídeanaí sin, a bhronntar leis an bhforáil sin.

 An séú agus an seachtú ceist

62      Maidir leis an séú agus an seachtú ceist, iarrann an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an gá Airteagal 10(3) (a) de Threoir 2003/86 a léiriú amhail go bhféadfaidh Ballstát a cheangal go gcomhlíonann dídeanaí mionaoiseach neamhthionlactha nó a thuismitheoirí na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 7(1) den Treoir sin d’fhonn a bheith in ann leas a bhaint as an gceart chun athaontú teaghlaigh lena thuismitheoirí faoin bhforáil sin agus, i gcás inarb iomchuí, an bhfuil an fhéidearthacht comhlíonadh na gcoinníollacha sin a éileamh ag brath ar cibé ar cuireadh isteach an t‑iarratas ar athaontú teaghlaigh laistigh den tréimhse a leagtar síos sa tríú fomhír d’Airteagal 12(1) den Treoir sin.

63      Chun na ceisteanna sin a fhreagairt, ba cheart a mheabhrú go bhforáiltear le hAirteagal 7(1) de Threoir 2003/86 atá i gCaibidil IV den Treoir sin, dar teideal ‘Coinníollacha is gá chun an ceart chun athaontú teaghlaigh a fheidhmiú’, go bhféadfaidh na Ballstáit a cheangal ar chruthúnas go bhfuil cóiríocht ag an urraitheoir a mheastar a bheith gnách le haghaidh teaghlach inchomparáide sa Bhallstát lena mbaineann, árachas breoiteachta dó féin agus do bhaill dá theaghlach agus acmhainní cobhsaí agus rialta, ar leor iad chun é féin agus baill dá theaghlach a chothabháil gan dul i muinín chóras cúnaimh shóisialta an Bhallstáit lena mbaineann.

64      Foráiltear leis an gcéad fhomhír d’Airteagal 12(1) de Threoir 2003/86, atá, amhail Airteagal 10 di, i gCaibidil V den Treoir sin, dar teideal ‘Athaontú teaghlaigh dídeanaithe’, nach bhféadfaidh na Ballstáit, de mhaolú ar Airteagal 7 de, a cheangal ar an dídeanaí agus/nó ar bhaill dá theaghlach fianaise a sholáthar, maidir le hiarratais a bhaineann le baill teaghlaigh dá dtagraítear in Airteagal 4(1) den Treoir sin, lena léirítear go gcomhlíonann an t‑urraitheoir na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 7.

65      I gcomhréir le hAirteagal 4(1), arb é an t‑aon Airteagal amháin de Chaibidil II de Threoir 2003/86, dar teideal ‘Baill teaghlaigh’, tá na Ballstáit le hiontráil agus cónaí na mball teaghlaigh a liostaítear inti a údarú, i gcomhréir leis an Treoir sin agus faoi réir chomhlíonadh na gcoinníollacha a leagtar síos i gCaibidil IV agus in Airteagal 16 de, lena n‑áirítear, go háirithe, céile agus leanaí mionaoiseacha an urraitheora.

66      Dá bhrí sin, is léir ó léamh ar na chéad fhomhíre d’Airteagal 12(1) de Threoir 2003/86 i gcomhar le hAirteagal 4(1) agus Airteagal 7(1) de go mbunaítear leis an gcéad fhoráil sin coinníollacha níos fabhraí d’athaontú teaghlaigh dídeanaí le baill den teaghlach núicléach, trí eisiamh a dhéanamh ar an bhféidearthacht atá ag na Ballstáit cruthúnas a éileamh go bhfuil cóiríocht ag an dídeanaí a mheastar a bheith ina ghnáth-áit chónaithe do theaghlach de mhéid inchomparáide, árachas breoiteachta dó féin agus do bhaill a theaghlaigh, agus acmhainní cobhsaí, rialta agus leordhóthanacha chun é féin agus a bhaill teaghlaigh a chothabháil.

67      Mar sin féin, sonraítear sa tríú fomhír d’Airteagal 12(1) de Threoir 2003/86 go bhféadfaidh na Ballstáit a cheangal ar an dídeanaí na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 7(1) a chomhlíonadh, mura gcuirtear isteach an t‑iarratas ar athaontú teaghlaigh laistigh de thréimhse trí mhí tar éis an stádas mar dhídeanaí a dheonú.

68      Dá bhrí sin, is léir ón tríú fomhír d’Airteagal 12(1) de Threoir 2003/86, sna cásanna dá dtagraítear sa chéad fhomhír den fhoráil sin, gur thug reachtas an Aontais údarú do na Ballstáit na gnáthrialacha a chur i bhfeidhm, a mhéid a bhaineann leis na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 7(1) de Threoir 2003/86, in ionad an chórais fhabhraigh is infheidhme de ghnáth maidir le dídeanaithe i gcás inar cuireadh isteach an t‑iarratas ar athaontú teaghlaigh tar éis tréimhse áirithe i ndiaidh stádas dídeanaí a dheonú (féach, chuige sin, breithiúnas an 7 Samhain 2018, K agus B, C‑380/17, EU:C:2018:877, mír 46).

69      Sa chás seo, is léir ón ordú tagartha gur bhain Poblacht na hOstaire leas as an rogha dá bhforáiltear in Airteagal 7(1) de Threoir 2003/86, trína cheangal go gcomhlíonfadh an t‑urraitheoir na coinníollacha a leagtar síos san fhoráil sin, agus an rogha dá bhforáiltear sa tríú fomhír d’Airteagal 12(1) den Treoir sin, trína fhoráil go gcaithfidh urraitheoir a bhfuil stádas dídeanaí aige na coinníollacha sin a chomhlíonadh freisin má dhéantar an t‑iarratas ar iontráil agus cónaí chun críoch athaontaithe teaghlaigh arna thaisceadh níos mó ná trí mhí tar éis an stádas sin a dheonú go cinntitheach.

70      Iarrann an chúirt a rinne an tarchur, áfach, an mbaineann an rogha sin freisin le hathaontú teaghlaigh na ndídeanaithe mionaoiseacha neamhthionlactha lena dtuismitheoirí, dá dtagraítear in Airteagal 10(3)(a) de Threoir 2003/86, agus, dá bhrí sin, an bhfuil sé de rogha ag na Ballstáit a cheangal, le haghaidh athaontú den sórt sin, go gcomhlíonfadh an dídeanaí mionaoiseach nó a thuismitheoirí na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 7(1) den Treoir sin, mura rud é gur cuireadh isteach an t‑iarratas ar athaontú teaghlaigh lena thuismitheoirí laistigh de thrí mhí ó deonaíodh stádas dídeanaí don mhionaoiseach sin.

71      I bhfianaise fhoclaíocht, scéim agus chuspóir Threoir 2003/86 agus do na ceanglais a eascraíonn as Airteagal 7 agus Airteagal 24(2) agus (3) den Chairt, ní mór freagra diúltach a thabhairt ar an gceist sin.

72      Le hAirteagal 10(3)(a) de Threoir 2003/86, deonaítear cóir fhabhrach do dhídeanaithe mionaoiseacha neamhthionlactha trí athaontú teaghlaigh a sinsear céadchéime ‘gan na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 4(2)(a) den Treoir sin a chur i bhfeidhm’.

73      Mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara, go bunúsach, i mír 26 dá Thuairim, tagraítear go sainráite in Airteagal 4(2)(a) do na coinníollacha a leagtar síos i gCaibidil IV, ar cuid d’Airteagal 7 díobh. Mar sin féin, is léir ó fhoclaíocht Airteagal 10(3)(a) de Threoir 2003/86, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 4(2)(a) de, nach bhféadfaidh na Ballstáit a cheangal ar dhídeanaí mionaoiseach neamhthionlactha ná ar a thuismitheoirí na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 7(1) den Treoir sin a chomhlíonadh i gcás ina gcuireann siad isteach iarratas ar dhul isteach agus ar chónaí chun críoch athaontaithe teaghlaigh leis an dídeanaí mionaoiseach, bunaithe ar Airteagal 10(3)(a) de.

74      Tacaítear leis an léamh sin ar Airteagal 10(3)(a) de Threoir 2003/86 le cuspóir na forála sin — ar foráil í, mar a meabhraíodh i míreanna 40 agus 51 den bhreithiúnas seo, atá beartaithe go sonrach chun athaontú dídeanaithe mionaoiseacha neamhthionlactha lena dtuismitheoirí a chur chun cinn, chun cosaint níos fearr a áirithiú do na mionaoisigh sin mar gheall ar a leochaileacht ar leith — agus de bharr scéim na Treorach sin agus, go háirithe, de réir Airteagal 12(1) de.

75      Ní chumhdaítear go sainráite leis an bhforáil dheireanach sin ach ‘iarratais a bhaineann leis na baill teaghlaigh dá dtagraítear in Airteagal 4(1) [den Treoir sin]’, is é sin le rá, go háirithe céile agus leanaí mionaoiseacha an urraitheora. Dá bhrí sin, is léir ó scéim na Treorach sin go ndearna reachtas an Aontais foráil, le hAirteagal 12(1), ar thaobh amháin, agus le hAirteagal 10(3)(a) den Treoir sin, ar an taobh eile, le haghaidh dhá scéim ar leith, a bhfuil feidhm ag an gcéad cheann acu maidir le hathaontú teaghlaigh aon dídeanaí le baill dá theaghlach núicléach agus foráiltear leis go bhféadfadh na Ballstáit a cheangal ar an urraitheoir na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 7(1) den Treoir sin a chomhlíonadh mura ndéantar an t‑iarratas ar athaontú teaghlaigh a chur isteach laistigh de thrí mhí ó stádas dídeanaí a dheonú, cé go bhfuil feidhm shonrach ag an dara ceann maidir le hathaontú teaghlaigh dídeanaithe mionaoiseacha neamhthionlactha lena dtuismitheoirí agus mura ndéantar foráil ann don fhéidearthacht sin.

76      Ina theannta sin, trí eisiamh a dhéanamh i gcomhthéacs na n‑iarratas ar athaontú teaghlaigh na ndídeanaithe mionaoiseacha neamhthionlactha lena dtuismitheoirí, bunaithe ar Airteagal 10(3)(a) de Threoir 2003/86, an fhéidearthacht atá ag na Ballstáit a cheangal go gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 7(1) den Treoir sin, gur chomhlíon reachtas an Aontais na ceanglais a eascraíonn as Airteagal 7 den Chairt, a bhaineann le meas ar shaol an teaghlaigh, agus as Airteagal 24(2) agus (3) den Chairt, rud a chiallaíonn, i ngach gníomh a bhaineann le leanaí, gur cheart tús áite a thabhairt do leas an linbh agus go gcuirfear san áireamh an gá atá le leanbh caidreamh pearsanta a choimeád lena bheirt thuismitheoirí nó lena beirt tuismitheoirí ar bhonn rialta.

77      Mar atá curtha in iúl ag an gCoimisiún, tá sé beagnach dodhéanta do dhídeanaí mionaoiseach neamhthionlactha, dó féin agus do bhaill a theaghlaigh, cóiríocht, árachas breoiteachta agus acmhainní leordhóthanacha a bheith aige agus, dá bhrí sin, na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 7(1) de Threoir 2003/86 a chomhlíonadh. Ar an gcaoi chéanna, tá sé thar a bheith deacair do thuismitheoirí an mhionaoisigh sin na coinníollacha sin a chomhlíonadh fiú sula dtéann siad isteach ina leanbh sa Bhallstát lena mbaineann. I ndáil leis sin, dá mbeadh an fhéidearthacht athaontú teaghlaigh dídeanaithe mionaoiseacha neamhthionlactha lena dtuismitheoirí a dhéanamh ag brath ar chomhlíonadh na gcoinníollacha sin, b’ionann é sin agus, i ndáiríre, a gceart chun athaontú den sórt sin a bhaint de na mionaoisigh sin, gan aird ar na ceanglais a eascraíonn as Airteagal 7 agus Airteagal 24(2) agus (3) den Chairt.

78      Dá bhrí sin, i gcás ina gcuireann tuismitheoirí dídeanaí mhionaoisigh neamhthionlactha iarratas isteach ar iontrála agus cónaithe chun athaontú teaghlaigh leis an dídeanaí sin, de bhun Airteagal 10(3)(a) de Threoir 2003/86, ní féidir leis na Ballstáit a cheangal ar an mionaoiseach sin nó ar a thuismitheoirí na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 7(1) den Treoir sin a chomhlíonadh, eadhon go bhfuil cóiríocht leordhóthanach acu do gach ball teaghlaigh sa Bhallstát lena mbaineann, árachas breoiteachta lena gcumhdaítear baill uile an teaghlaigh sin agus acmhainní cobhsaí, rialta agus leordhóthanacha chun an teaghlach sin a chothabháil gan dul i muinín chóras cúnaimh shóisialta an Bhallstáit lena mbaineann.

79      Ar an mbealach céanna, a mhéid is gá, i bhfianaise imthosca eisceachtúla an cháis sna príomhimeachtaí agus mar a luaitear i mír 58 den bhreithiúnas seo, d’fhonn éifeachtacht cheart RI chun athaontú teaghlaigh leis an mbeirt tuismitheoirí a áirithiú, a eascraíonn as Airteagal 10(3)(a) de Threoir 2003/86, gur cheart cead iontrála agus cónaithe a dheonú freisin dá dheirfiúr fhásta, ós rud é nach bhfuil a tuismitheoirí in ann a bheith in éineacht lena mac, dídeanaí mionaoiseach neamhthionlactha san Ostair gan a n‑iníon a thabhairt leo, toisc go bhfuil breoiteacht thromchúiseach uirthi a fhágann go bhfuil sí ag brath go hiomlán agus go buan ar chúram ábhartha a thuismitheoirí, ní féidir leis an mBallstát lena mbaineann a cheangal ar RI ná ar a tuismitheoirí na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 7(1) den Treoir sin a chomhlíonadh maidir le deirfiúr an mhionaoisigh.

80      I bhfianaise an méid sin, is é an freagra ar an séú agus seachtú ceist nach mór Airteagal 10(3)(a) de Threoir 2003/86 a léiriú amhail nach féidir le Ballstát a cheangal go gcomhlíonann dídeanaí mionaoiseach neamhthionlactha nó a thuismitheoirí na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 7(1) den Treoir sin chun go mbeidh sé in ann leas a bhaint as an gceart chun athaontú teaghlaigh lena thuismitheoirí faoin bhforáil sin, is cuma ar cuireadh isteach an t‑iarratas ar athaontú teaghlaigh laistigh den tréimhse a leagtar síos sa tríú fomhír d’Airteagal 12(1) den Treoir sin.

 Costais na nimeachtaí

81      Ós rud é, sa mhéid a bhaineann sé leis na páirtithe sna príomhimeachtaí, go bhfuil na himeachtaí mar chéim sa chás os comhair na cúirte a rinne an tarchur, baineann ceist na gcostas leis an gcúirt sin. Níl na costais a tabhaíodh trí bharúlacha a chur faoi bhráid na Cúirte, seachas costais na bpáirtithe sin, inghnóthaithe.

Ar na forais sin, rialaíonn an Chúirt (an Mór-Dhlísheomra) mar seo a leanas:

1.      Maidir le hAirteagal 10(3)(a) de Threoir 2003/86/CE ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir leis an gceart chun athaontú teaghlaigh,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

d’fhonn a bheith in ann ceart chun athaontú teaghlaigh a bhunú ar an bhforáil sin agus ar an gcaoi sin tairbhe a bhaint as na forálacha níos fabhraí a leagtar síos leis an bhforáil sin, ní cheanglaítear leis an bhforáil sin ar shinsir chéadchéime de dhídeanaí mionaoiseach neamhthionlactha an tiarratas ar iontráil agus cónaí a chur isteach chun críche athaontú teaghlaigh leis an dídeanaí sin laistigh de thréimhse shonraithe, i gcás inar mionaoiseach fós an dídeanaí sin ar an dáta a taisceadh an tiarratas sin agus a bheidh ina dhuine fásta le linn an nós imeachta um athaontú teaghlaigh.

2.      Maidir le hAirteagal 10(3)(a) de Threoir 2003/86,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

ceanglaítear cead cónaithe a dheonú do dheirfiúr fhásta dídeanaí mhionaoisigh neamhthionlactha ar náisiúnach tríú tír í agus atá, mar gheall ar thinneas tromchúiseach, ag brath go hiomlán agus go buan ar chúram a thuismitheoirí, i gcás ina bhfágfadh diúltú an cead cónaithe sin a dheonú go ndéanfaí an dídeanaí sin a bhaint de cheart chun athaontú teaghlaigh sinsear céadchéime, a thugtar leis an bhforáil sin.

3.      Maidir le hAirteagal 10(3)(a) de Threoir 2003/86,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

ní féidir le Ballstát a cheangal go gcomhlíonann dídeanaí mionaoiseach neamhthionlactha nó a shinsir chéadchéime na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 7(1) den Treoir sin d’fhonn tairbhe a bhaint den cheart chun athaontú teaghlaigh lena shinsir chéadchéime, is cuma ar taisceadh an tiarratas ar athaontú teaghlaigh laistigh den tréimhse a leagtar síos sa tríú fomhír d’Airteagal 12(1) den Treoir sin.

Sínithe


*      Teanga an cháis: an Ghearmáinis.