Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ó Cour d’appel de Liège (an Bheilg) a taisceadh an 14 Feabhra 2024 – DK, JO v État belge

(Cás C-119/24, Chefquet) 1

Teanga an cháis: an Fhraincis

An chúirt a rinne an tarchur

Cour d’appel de Liège

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóirí: DK, JO

Cosantóir: État belge

An cheist a tharchuirtear

An gcuirtear cosc le hAirteagal 45 CFAE ar fheidhmiú Airteagal 245 den code des impôts sur les revenus du 10 avril 1992 (an Cód Cánach Ioncaim, an 10 Aibreán 1992) (Moniteur belge an 30 Iúil 1992, lch. 17120), a mhéid a chuirtear formhuirear cánach Stáit leis an Airteagal sin ar an gcáiníocóir neamhchónaitheach de réir 6-7 % den mhéid a íocfadh sé i gcás a chónaithe i Ríocht na Beilge, ar formhuirear é a shocraítear de réir analaí maidir leis an gcáin áitiúil a shocraíonn na ceirtleáin agus bardais de chuid na Beilge atá le híoc ag lucht cónaithe i Ríocht na Beilge a bhfuil a phríomh-áit chónaithe sna ceirtleáin agus bardais sin?

____________

1 Úsáidtear ainm bréige sa chás seo nach bhfreagraíonn d’fhíorainm aon pháirtí sna himeachtaí.