Caingean arna tabhairt an 17 Eanáir 2024 – Devo v EUIPO – Capgemini España (DEVO)
(Cás T-25/24)
Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Devo, Inc. (Cambridge, Massachusetts, Stáit Aontaithe Mheiriceá) (ionadaithe: P. Fenech agus S. Galea, Dlíodóirí)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Capgemini España, SL (Maidrid, an Spáinn)
Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO
Iarratasóir an trádmhairc atá faoi cheist: Iarratasóir os comhair na Cúirte Ginearálta
Trádmharc atá faoi cheist: Iarratas ar mharc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh ‘DEVO’ – Iarratas ar chlárú Uimh. 17 886 245
Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí freasúra
Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón Dara Bord Achomhairc de EUIPO an 20 Deireadh Fómhair 2023 i gCás R 337/2023-2
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní, an freasúra a dhíbhe agus cead a thabhairt don iarratas ar thrádmharc atá i gceist dul ar aghaidh chuig clárú;
a ordú don pháirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc na costais a íoc.
Saincheist dlí arna maíomh
Sárú ar Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
____________