Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 10 Eanáir 2024 – VN v an Coimisiún
(Cás T-159/23) 1
(Státseirbhís – Oifigigh – Saoire bhreoiteachta – Neamhláithreacht gan údar – Asbhaint as tuarastail – Prionsabal na neamhchlaontachta – Oibleagáid chun cúiseanna a chur in iúl – Earráid fhollasach measúnaithe – Force majeure – Dualgas cúraim)
Teanga an cháis: an Fhraincis
Páirtithe
Iarratasóir: VN (ionadaithe: A. Champetier agus S. Rodrigues, Dlíodóirí)
Cosantóir: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: T. Bohr agus L. Vernier, Gníomhairí)
Ábhar
Trína chaingean faoi Airteagal 270 CFAE, iarrann an t-iarratasóir, ar an gcéad dul síos, an cinneadh ón gCoimisiún Eorpach an 6 Iúil 2022 a chur ar neamhní, cinneadh a dhearbhaigh go raibh sé as láthair ón obair gan údar an 10 Meitheamh 2022, rud a d’fhágfadh go mbainfí lá amháin as a thuarastal agus, ar an dara dul síos, cúiteamh i leith an damáiste a éilíonn sé a bheith fulaingthe.
An chuid oibríochtúil
Diúltaítear don chaingean;
Ordaítear do VN na costais a íoc.
____________
1 IO C 179, 22.5.2023.