Ordú na Cúirte Ginearálta an 11 Eanáir 2024 – TO v EEA
(Cás T-417/23)1
(An tseirbhís shibhialta – Baill foirne ar conradh – Luach saothair – Liúntas suiteála – Forfheidhmiú bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta – Cinneadh nár cuireadh ina choinne in am – Gealltanas coinníollach a tugadh i gcomhthéacs réiteach cairdiúil – Iarratas ar liúntas suiteála ar bhonn Airteagal 90(1) de na Rialacháin Foirne – Do-ghlacthacht – Iarratas ar urghaire – Easpa dlínse fhollasach)
Teanga an cháis: an Fhraincis
Páirtithe
Iarratasóir: TO (ionadaí: É. Boigelot, Dlíodóir)
Cosantóir: An Ghníomhaireacht Eorpach Comhshaoil (ionadaithe: O. Cornu, Gníomhaire, le cúnamh ó B. Wägenbaur, Dlíodóir)
Ábhar
Lena caingean bunaithe ar Airteagal 270 CFAE, iarrann an t-iarratasóir, go bunúsach, ar an gcéad dul síos, go n-ordófar don Ghníomhaireacht Eorpach Comhshaoil (EEA) suim EUR 2 950 a íoc, a fhreagraíonn do réamhíocaíocht an liúntais suiteála arna dealú ó na suimeanna a íocadh léi de bhun bhreithiúnas an 11 Meitheamh 2019 (T-462/17, nár foilsíodh, EU:T:2019:397), móide ús ar ráta 5% in aghaidh na bliana ón 1 Lúnasa 2019 agus, thairis sin, suim EUR 22 000 mar chúiteamh ar an damáiste ábhartha agus neamhábhartha a bhain di agus, ar an dara dul síos, go dtabharfaidh sí míniú lena bhféadfaidh sí a thuiscint cad lena bhfreagraíonn an asbhaint EUR 500 ar a dúillín pá le haghaidh mhí Lúnasa 2019 agus, i gcás inarb iomchuí, go n-aisíocfaidh sí an méid sin mura bhfuil bunús leis an aisghabháil sin.
An chuid oibríochtúil
Diúltaítear don chaingean i bpáirt mar gheall ar easpa dlínse fhollasach na Cúirte Ginearálta chun í a éisteacht agus a chinneadh, i bpáirt toisc go bhfuil an chaingean do-ghlactha agus i bpáirt toisc gur léir nach bhfuil aon bhunús dlí léi.
Ordaítear do TO na costais a íoc.
____________
1 IO C C/2023/50, 9.10.2023.