Caingean arna tabhairt an 10 Feabhra 2024 – Impossible Foods v EUIPO – Impossible Foods (IMPOSSIBLE BAKERS)
(Cás T-67/24)
Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Impossible Foods Inc. (Redwood City, California, Stáit Aontaithe Mheiriceá) (ionadaí: T. Cohen Jehoram, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Impossible Foods, SL (Barcelona, an Spáinn)
Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO
Iarratasóir an trádmhairc atá faoi cheist: Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc
Trádmharc atá faoi cheist: Iarratas ar mharc fíortha an Aontais Eorpaigh IMPOSSIBLE BAKERS – Iarratas ar chlárú Uimh. 18 522 412
Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí freasúra
Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCúigiú Bord Achomhairc de EUIPO an 12 Nollaig 2023 i gCás R 1754/2023-5
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;
a ordú do EUIPO costais na n-imeachtaí seo a íoc.
Saincheist dlí arna maíomh
Sárú ar Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
____________