Language of document :

Caingean arna tabhairt an 27 Márta 2024 – Quality is Our Recipe v EUIPO – Granizados Maresme (Frosty)

(Cás T-168/24)

Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Spáinnis

Páirtithe

Iarratasóir: Quality is Our Recipe LLC (Dublin, Ohio, Stáit Aontaithe Mheiriceá) (ionadaithe: A. Ortiz López agus M. Polo Carreño, Dlíodóirí)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Granizados Maresme SLL (Pineda de Mar, an Spáinn)

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

Iarratasóir an trádmhairc atá faoi cheist: Iarratasóir os comhair na Cúirte Ginearálta

Trádmharc atá faoi cheist: Iarratas ar mharc fíortha an Aontais Eorpaigh ‘Frosty’ – Iarratas ar chlárú Uimh. 18 190 328

Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí freasúra

Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCéad Bhord Achomhairc de EUIPO an 30 Eanáir 2024 i gCás R 1086/2023-1

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní.

a ordú do EUIPO agus don fhreasúróir na costais arna dtabhú sna himeachtaí freasúra agus achomhairc as a n-eascraíonn an chaingean seo, lena n-áiritear na costais arna dtabhú sa chaingean seo, a íoc.

Saincheisteanna dlí arna maíomh

Sárú ar Airteagal 47(2) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus measúnú mícheart maidir le cruthúnas úsáide dá bhforáiltear in Airteagal 10(3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/625 ón gCoimisiún.

Sárú ar Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

____________