Caingean arna tabhairt an 10 Eanáir 2024 – Ferring Pharmaceuticals v an Coimisiún
(Cás T-12/24)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Ferring Pharmaceuticals A/S (Kastrup, an Danmhairg) (ionadaithe: F. Pochart agus E. Mignon, Dlíodóirí)
Cosantóir: an Coimisiún Eorpach
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
a dhearbhú go bhfuil an t-iarratas ar neamhniú inghlactha agus go bhfuil bunús maith leis;
Cinneadh Cur Chun Feidhme C(2023) 6669 final ón gCoimisiún an 29 Meán Fómhair 2023 lena dtugtar údarú margaíochta faoi Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 1 do ‘Degarelix Accord – degarelix acetate’, táirge íocshláinte lena úsáid ag an duine, a chur ar neamhní ina iomláine (IO C/2023/298);
a ordú don Choimisiún costais na n-imeachtaí a íoc.
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí
Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir dhá shaincheist dlí.
An chéad saincheist dlí lena n-éilítear gur sháraigh an Coimisiún Eorpach ceanglais fhíor-riachtanacha nós imeachta toisc gur imigh sé ó na treoirlínte eorpacha maidir le bithchoibhéis gan chúis agus toisc gur bhraith sé ar dréacht-treoirlíne eachtrach ina ionad sin.
An dara saincheist dlí lena n-éilítear go ndearna an Coimisiún Eorpach earráid fhollasach mheasúnaithe nuair a thug sé cead don iarratasóir don táirge íocshláinte cineálach gan na staidéir bhithchoibhéise is gá a chur ar fáil.
____________
1 Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Márta 2004 lena leagtar síos nósanna imeachta Comhphobail maidir le húdarú agus maoirseacht táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine agus le haghaidh úsáide tréidliachta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Leigheasra Eorpach (IO 2004 L 136, lch. 1).