Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Administrativen sad Veliko Tarnovo (an Bhulgáir) a taisceadh an 1 Márta 2024 – ‘Cityland’ EOOD v Direktor na Direktsia ‘Obzhalvane i danachno-osiguritelna praktika’ – Veliko Tarnovo

(Cás C-164/24, Cityland)

Teanga an cháis: an Bhulgáiris

An chúirt a rinne an tarchur

Administrativen sad Veliko Tarnovo

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir sa nós imeachta riaracháin: ‘Cityland’ EOOD

Cosantóir: Direktor na Direktsia ‘Obzhalvane i danachno-osiguritelna praktika’ – Veliko Tarnovo

Na ceisteanna a tharchuirtear

1.    An bhfuil Airteagal 106(2)(2)(b) agus Airteagal 176(3) den Zakon za danak varhu dobavenata stoynost (an Dlí maidir le CBL) ar neamhréir le hAirteagal 213(1) de Threoir 2006/112 1 ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha?

2.    Más freagra dearfach a thugtar ar Cheist 1: An bhfuil éifeacht dhíreach ag Airteagal 213(1) de Threoir 2006/112 ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha?

3.    Más freagra diúltach a thugtar ar Cheist 1: An gceadaítear le hAirteagail 213(1) agus 273 de Threoir 2006/112 ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha agus le prionsabail na deimhneachta dlíthiúla agus na comhréireachta, eisiamh ón gcóras CBL i gcás sáruithe foirmiúla, gan am an tsáraithe, cineál an tsáraithe, iompar breise an duine agus imthosca suibiachtúla eile a chur san áireamh, amhail díospóid tráchtála, mar gheall ar mhainneachtain an cháin atá dlite a íoc in am trátha?

4.    Más freagra diúltach a thugtar ar Cheist 1: An gceadaítear le hAirteagail 213(1) agus 273 de Threoir 2006/112 ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha agus le prionsabal na comhréireachta eisiamh ón gcóras CBL ag an am céanna le hús mainneachtana a ghearradh as mainneachtain an cháin a dhearbhaítear a íoc in am trátha, gan ceangal a bheith ar an údarás ioncaim scrúdú a dhéanamh ar chineál agus ar nádúr ghníomhaíocht na cuideachta ná ar a hiompar mar dhuine inchánach ná ar dhéine gach ceann de na bearta atá beartaithe?

____________

1 IO 2006 L 347, lch. 1