Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 29 Samhain 2023 – Asempre v an Coimisiún
(Cás T-513/20) 1
(Caingean le haghaidh neamhniú – Státchabhair – Seirbhís poist – Cúiteamh le haghaidh na seirbhíse poist uilíche – Comhlachas gairmiúil – Easpa cúraim aonair – Gan éifeacht shubstaintiúil ar an staid iomaíoch – Do-ghlacthacht)
Teanga an cháis: an Spáinnis
Páirtithe
Iarratasóir: Asociación Profesional de Empresas de Reparto y Manipulado de Correspondencia (Asempre) (Maidrid, an Spáinn) (ionadaithe: I. Igartua Arregui, M. Troncoso Ferrer agus J. Silva Cabaleiro, Dlíodóirí)
Cosantóir: An Coimisiún Eorpach (ionadaithe: J. Carpi Badía agus D. Recchia, Gníomhairí)
Idiragraithe, mar thaca leis an gcosantóir: Sociedad Estatal Correos y Telégrafos SA (ionadaithe: D. Sarmiento Ramírez Escudero agus A. Pérez Hernández, Dlíodóirí), Ríocht na Spáinne (ionadaí: L. Aguilera Ruiz, Gníomhaire)
Ábhar
Lena chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí Cinneadh C(2020) 3108 final ón gCoimisiún an 14 Bealtaine 2020 maidir le Státchabhair SA.50872 (2020/NN) – an Spáinn – Cúiteamh do Correos faoin oibleagáid seirbhíse uilíche, 2011-2020 ar neamhní.
An chuid oibríochtúil
Diúltaítear don chaingean toisc í a bheith do-ghlactha.
Ordaítear don Asociación Profesional de Empresas de Reparto y Manipulado de Correspondencia (Asempre) a chostais féin agus na costais arna dtabhú ag Sociedad Estatal Correos y Telégrafos, SA, a íoc.
Ordaítear do Ríocht na Spáinne a costais féin a íoc.
____________
1 IO C 320, 28.9.2020.