Caingean arna tabhairt an 18 Eanáir 2024 – Barry’s Bootcamp v EUIPO – Hummel (Léiriú ar dhá rachtán a thagann anuas ar dheis)
(Cás T-31/24)
Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Barry’s Bootcamp Holdings LLC (Miami, Florida, na Stáit Aontaithe) (ionadaithe: M. Hawkins, T. Dolde agus C. Zimmer, Dlíodóirí)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Hummel Holding A/S (Aarhus, an Danmhairg)
Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO
Iarratasóir an trádmhairc atá faoi cheist: Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc
Trádmharc atá faoi cheist: Clárú idirnáisiúnta lena n-ainmnítear an tAontas Eorpach i ndáil le marc fíortha arb ionann é agus dhá rachtán a thagann anuas ar dheis – Clárú idirnáisiúnta lena n-ainmnítear an tAontas Eorpach Uimh. 881 224
Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí maidir le cealú
Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón Dara Bord Achomhairc EUIPO an 7 Samhain 2023 i gCás R 1424/2022-2
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;
a ordúdo EUIPO agus don pháirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc, má dhéanann sé idirghabháil, na costais a íoc.
Saincheisteanna dlí arna maíomh
Sárú ar Airteagal 94(1) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;
Sárú ar Airteagal 58(1)(a) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
____________