Caingean arna tabhairt an 8 Aibreán 2024 –Biif v EUIPO – Eddies Pizza (Caprizza)
(Cás T-187/24)
Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Biif Srl (Bergamo, an Iodáil) (ionadaí: F. Musella, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Eddies Pizza, SL (Palafrugell, an Spáinn)
Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO
Iarratasóir an trádmhairc atá faoi cheist: Iarratasóir os comhair na Cúirte Ginearálta
Trádmharc atá faoi cheist: Iarratas ar mharc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh ‘Caprizza’ – Iarratas ar chlárú Uimh. 18 434 530
Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí freasúra
Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCéad Bord Achomhairc de EUIPO an 9 Feabhra i gCás R 1077/2023-1
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;
freasúra Uimh. 003151820 a dhiúltú ina iomláine;
de rogha air sin, an cás a tharchur chuig an gCéad Bord Achomhairc de EUIPO le haghaidh athbhreithniú;
a ordú don chosantóir agus don pháirtí eile sna himeachtaí costais na himeachtaí dhá leibhéal a íoc.
Saincheist dlí arna maíomh
Sárú ar Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
____________