Caingean arna tabhairt an 5 Nollaig 2022 – Puma v EUIPO – Fujian Daocheng Electronic Commerce (Shoes)
(Cás T-758/22)
Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Puma SE (Herzogenaurach, an Ghearmáin) (ionadaithe: M. Schunke agus P. Trieb, Dlíodóirí)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Fujian Daocheng Electronic Commerce Co. Ltd (Quanzhou, an tSín)
Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO
Dílseánach an dearaidh atá faoi cheist: Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc
Dearadh atá faoi cheist: Dearadh Comhphobail Uimh. 8 367 742-0013
Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón Tríú Bord Achomhairc de EUIPO an 21 Meán Fómhair 2022 i gCás R 1876/2021-3
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;
a ordú do EUIPO na costais a íoc, lena n-áirítear na costais sin arna dtabhú os comhair an Bhoird Achomhairc.
Saincheist dlí
Sárú ar Airteagal 6(1)(a) de Rialachán (CE) Uimh. 6/2002 ón gComhairle.
____________