Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 13 Nollaig 2023 – Laboratorios Ern v EUIPO – Ahlberg-Dollarstore (A’PEAL)
(Cás T-56/23)1
(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh – Imeachtaí freasúra – Iarratas ar fhocalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh A’PEAL –Focalmharc náisiúnta a bhí ann níos luaithe ‘APIRETAL’ –Forais choibhneasta le diúltú – Easpa dóchúlacht mearbhaill – Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 – Easpa ceangal idir na trádmharcanna atá faoi thrácht – Easpa teacht i dtír ar an gcáil – Airteagal 8(5) de Rialachán 2017/1001)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Laboratorios Ern, SA (Barcelona, an Spáinn) (ionadaí: R. Guerras Mazón, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: L. Lapinskaitė agus D. Gája, Gníomhairí)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair Bhord Achomhairc EUIPO: Ahlberg-Dollarstore AB (Kista, an tSualainn)
Ábhar
Lena chaingean bunaithe ar Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir an Cinneadh ón gCéad Bhord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 15 Samhain 2022 (Cás R 911/2022-1) a chur ar neamhní.
An chuid oibríochtúil
Díbhtear an chaingean.
Ordaítear do Laboratorios Ern, SA agus d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) a gcostais féin a íoc.
____________
1 IO C 112, 27.3.2023.