Language of document :

Achomharc arna thabhairt an 29 Nollaig 2023 ag Renco Valore SpA, Seopult LTD agus Grapevine Investimentos e Serviços, Lda (Zona Franca da Madeira) i gcoinne ordú na Cúirte Ginearálta (an Cúigiú Dlísheomra) a fógraíodh an 18 Deireadh Fómhair 2023 i gCásanna T-588/22 agus T-660/22 Renco Valore agus Seopult v an Coimisiún (Zona Franca da Madeira)

(Cás C-806/23 P)

Teanga an cháis: an Phortaingéilis

Páirtithe

Achomharcóirí: Renco Valore SpA, Seopult LTD, Grapevine Investimentos e Serviços, Lda (Zona Franca da Madeira) (ionadaithe: A. Gaspar Schwalbach agus C. Pinto Xavier, Advogados)

Páirtí eile sna himeachtaí: An Coimisiún Eorpach

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-achomharcóir ar an gCúirt Bhreithiúnais, de bhun Airteagail 263 agus 264 CFAE, cinneadh na Cúirte Ginearálta le hordú an 18 Deireadh Fómhair 2023 i gCásanna Uamtha T-588/22 agus T-660/22 a chur ar ceal, agus mar thoradh air sin:

(i) Airteagail 1, 4 agus 5 de Chinneadh (AE) 2022/1414 1 ón gCoimisiún an 4 Nollaig 2020 maidir le scéim cabhrach SA.21259 (2018/C) (ex 2018/NN) arna cur chun feidhme ag an bPortaingéil le haghaidh Zona Franca da Madeira (ZFM) – Scéim III, a chur ar neamhní; agus

(ii) a ordú don Choimisiún Eorpach costais go léir na n-imeachtaí a íoc, lena n-áirítear costais na n-achomharcóirí.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

EARRÁID DLÍ I GCUR I BHFEIDHM AN CHRITÉIR A BHAINEANN LE ‘GNÍOMHAÍOCHT A DHÉANTAR GO HÉIFEACHTACH AGUS GO HÁBHARTHA I MAIDÉARA’

Rinne an Chúirt Ghinearálta earráid dlí trína chinneadh go bhfuil léiriú an Choimisiúin ar an gcritéar a bhaineann le ‘brabúis a eascraíonn ó ghníomhaíochtaí a dhéantar go héifeachtach agus go hábhartha i Maidéara’ ceart. Níl brabúis na gcuideachtaí atá cláraithe i ZFM ar féidir a bheith incháilithe do bhuntáiste cánach teoranta do na brabúis atá mar thoradh ar ghníomhaíochtaí atá faoi réir costais bhreise a bhaineann leis an bhforimeallacht, eadhon, gníomhaíochtaí a dhéantar ar chríoch gheografach de chuid réigiún féinrialaitheach Mhaidéara amháin. Má chuirtear cuspóirí agus comhthéacs Scéim III de ZFM san áireamh, ceadaítear le léiriú ceart ar an gcritéar sin, gníomhaíochtaí na gcuideachtaí ceadúnaithe ZFM, gnólachtaí a mbeadh a lárionad cinnteoireachta acu ann, cibé an mbíonn gníomhaíocht idirnáisiúnta ar bun acu nó nach mbíonn, a mheas mar ghníomhaíochtaí a dhéantar go héifeachtach agus go hábhartha i Maidéara.

EARRÁID DLÍ A MHÉID A CUIREADH I BHFEIDHM AN CRITÉAR MAIDIR LE ‘COINNEÁIL POST’

Rinne an Chúirt Ghinearálta earráid dlí trína chinneadh go bhfuil léiriú an Choimisiúin ar an gcritéar a bhaineann le ‘coinneáil post’ ceart. Ó tharla nach bhfuil ann don choincheap ‘post’ san Aontas Eorpach agus, chun críocha Scéim III a chur i bhfeidhm, nár déanadh sainmhíniú air i gCinntí 2007 ná 2013 ná i dTreoirlínte 2007, ba chóir glacadh leis an gcoincheap ‘post’ faoin dlí saothair náisiúnta. Níl feidhm ag an modh lena sainmhínítear poist mar ‘FTE’ (coibhéis lánaimseartha) agus ‘ALU’ (aonad oibrithe bliantúil) i leith Scéim III de ZFM.

SÁRÚ AR PHRIONSABAIL GHINEARÁLTA DHLÍ AN AONTAIS EORPAIGH – AN DEIMHEACHT DLÍTHIÚIL AGUS AN IONCHAS DLISTEANACH

Rinne an Chúirt Ghinearálta earráid dlí nuair a chinn sí nach sáraítear prionsabail ghinearálta dhlí an Aontais maidir leis an deimhneacht dhlíthiúil agus an ionchas dlisteanach leis an gCinneadh ón gCoimisiún . Sa chás seo, cuirtear cosc ar an gCoimisiún le cur i bhfeidhm na bprionsabal sin a cheangal ar údaráis náisiúnta na Portaingéile an chabhair atá i gceist a aisghabháil ó na tairbhithe agus, go sonrach, ó na hachomarcóirí.

____________

1 IO 2022 L 217, lch. 49.