Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Mokestinių ginčų komisija prie Lietuvos Respublikos vyriausybės (an Liotuáin) a taisceadh an 26 Márta 2024 – ‘Nordcurrent group’ UAB v Valstybinė mokesčių inspekcija prie Lietuvos Respublikos finansų ministerijos

(Cás C-228/24, Nordcurrent group)

Teanga an cháis: an Liotuáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Mokestinių ginčų komisija prie Lietuvos Respublikos vyriausybės

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: ‘Nordcurrent group’ UAB

Cosantóir: Valstybinė mokesčių inspekcija prie Lietuvos Respublikos finansų ministerijos

Na ceisteanna a tharchuirtear:

In imthosca amhail imthosca an cháis seo, an bhfuil cleachtas náisiúnta nach ndeonaítear díolúine ó chánachas ar dhíbhinní do mháthairchuideachta i mBallstát i leith na ndíbhinní arna bhfáil ó fhochuideachta atá bunaithe i mBallstát eile ar an bhforas go n-aithnítear fochuideachta den sórt sin mar shocraíocht, nuair nach cuideachta idirmheánach í an fhochuideachta agus gur gineadh na brabúis a dháiltear trí bhíthin díbhinní trí ghníomhaíochtaí arna ndéanamh faoi ainm na fochuideachta, ionas gurb é a bheadh mar thoradh ar an bhfochuideachta a bhaint ná nach mbeadh aon bhrabús ann ar chor ar bith nó nach n-íocfaí díbhinní ar bith, i gcomhréir le cuspóirí na rialach frith-mhí-úsáide i dTreoir 2011/96? 1

Má thugtar freagra dearfach ar an gcéad cheist, an bhfuil cleachtas náisiúnta, chun fochuideachta atá bunaithe i mBallstát eile a aithint mar shocrú ann féin, faoina ndéantar measúnú ar na himthosca tráth íoctha na ndíbhinní, i gcás ina bhfuil údar maith le bunú na fochuideachta ar chúiseanna tráchtála – i gcomhréir le cuspóirí na rialach frith-mhí-úsáide i dTreoir 2011/96?

An bhféadfaí an riail fhrith-mhí-úsáide i dTreoir 2011/96 a léiriú sa chaoi – i gcás ina bhfuair máthairchuideachta díbhinní ó fhochuideachta atá bunaithe i mBallstát eile agus a aithnítear mar shocraíocht – gur leor an t-aitheantas sin amháin chun a shuí go bhfuair an mháthairchuideachta, tríd an díolúine ó chánachas ar dhíbhinní a chur i bhfeidhm, buntáiste cánach lena sáraítear cuspóir nó críoch [Threoir 2011/96]? Thairis sin, maidir leis na himthosca a bhaineann leis an bhfíoras go raibh na brabúis arna dtuilleamh ag fochuideachta a aithníodh mar shocraíocht faoi réir cáin chorparáide sa Bhallstát bunaíochta – i gcomhréir leis na rialacha náisiúnta atá i bhfeidhm sa Bhallstát sin – an bhfuil na himthosca sin le meas mar imthosca ábhartha chun agóid a dhéanamh i gcoinne an chinnidh go bhfuarthas buntáiste cánach nó go raibh socraíocht ann?

____________

1 Treoir 2011/96/AE ón gComhairle an 30 Samhain 2011 maidir leis an gcóras coiteann cánachais is infheidhme ar mháthairchuideachtaí agus fochuideachtaí Ballstát éagsúil (IO 2011 L 345, lch. 8).