Language of document : ECLI:EU:C:2023:853

Eagrán sealadach

TUAIRIM AN ABHCÓIDE GHINEARÁLTA

MEDINA

arna tabhairt an 9 Samhain 2023 (1)

Cásanna Uamtha C792/21 P agus C793/21 P

AZ

v

An Coimisiún Eorpach (C792/21 P)

agus

Poblacht Chónaidhme na Gearmáine

v

AZ,

An Coimisiún Eorpach (C793/21 P)

(Achomharc – Státchabhair – An Ghearmáin – Scéim Státchabhrach i bhfabhar tomhaltóirí móra leictreachais áirithe – Díolúine ó mhuirir líonra in 2012 agus 2013 – Cinneadh lena ndearbhaítear nach bhfuil an scéim státchabhrach ag luí leis an margadh inmheánach agus go bhfuil sí neamhdhleathach agus lena n‑ordaítear aisghabháil na státchabhrach a deonaíodh – Caingean le haghaidh neamhniú – Teorainn ama chun imeachtaí a thionscnamh – Inghlacthacht – An coincheap ‘cabhair’ – Acmhainní Stáit – Cáin pharaifhioscach nó tobhaigh shainordaitheacha eile – Státrialú ar na cistí)






1.        Tá an Tuairim seo á tabhairt i gCásanna Uamtha C‑792/21 P agus C‑793/21 P. Ba chóir í a léamh in éineacht leis na trí Thuairim eile de mo chuidse in achomhairc chomhuaineacha, (2) arna dtabhairt inniu freisin, agus iad ar fad ag baint leis an scéim chéanna Státchabhrach. Lena achomharc i gCás C‑792/21 P, iarrann AZ, comhlacht a tháirgeann ciorcaid shainanalógacha agus ciorcaid comhartha measctha iomlánaithe don earnáil tionsclaíochta, go gcuirfear breithiúnas an 6 Deireadh Fómhair 2021, AZ v an Coimisiún (T‑196/19, EU:T:2021:646), (‘an breithiúnas atá faoi achomharc’) ar ceal. (3) Dhíbh an breithiúnas sin a chaingean ag iarraidh go gcuirfí ar neamhní an Cinneadh ón gCoimisiún Eorpach an 28 Bealtaine 2018 maidir leis an scéim cabhrach a chuir an Ghearmáin i bhfeidhm i gcomhair tomhaltóirí bonnlóid faoi Mhír 19 de StromNEV, (4) maidir leis na blianta 2012 agus 2013, (‘an cinneadh atá i gceist’). Trína hachomharc sa Chás C‑793/21 P, tá Poblacht Chónaidhme na Gearmáine (a ndéanfar tagairt di mar ‘an Ghearmáin’, ar mhaithe le simplíocht) ag iarraidh go gcuirfear an breithiúnas atá faoi achomharc ar ceal. Tá crosachomharc déanta ag an gCoimisiún i dtaca leis an dá chás thuas, lena bhfuil sé ag iarraidh an breithiúnas atá faoi achomharc a chur ar ceal freisin.

I.      Cúlra an aighnis

2.        Tá cúlra an aighnis leagtha amach i míreanna 1 go 22 den bhreithiúnas atá faoi achomharc. Sa mhéid agus atá an cúlra díreach mar an gcéanna lenar thug mé achoimre air sa Tuairim chomhuaineach i gCásanna Uamtha C‑790/21 P agus C‑791/21 P (‘an Tuairim Chomhuaineach’), is leor crostagairt a dhéanamh do mhíreanna 3 go 14 den Tuairim Chomhuaineach, agus ba chóir na Tuairimí sna cásanna comhuaineacha seo a léamh in éineacht le chéile.

II.    Anailís dhlíthiúil

3.        Ina dhá chrosachomharc chomhionanna i gCásanna C‑792/21 P agus C‑793/21 P, cuireann an Coimisiún dhá shaincheist dlí chun cinn. Tá dhá shaincheist dlí an chrosachomhairc comhionann leis an gcéad dá shaincheist dlí sna crosachomhairc i gCásanna C‑790/21 agus C‑791/21. I gCás C‑792/21 P, cuireann AZ ceithre shaincheist dlí chun cinn. I gCás C‑793/21 P, cuireann an Ghearmáin aon saincheist dlí amháin chun cinn. Mar atá iarrtha ag an gCúirt Bhreithiúnais áfach, ní thabharfaidh an Tuairim seo aghaidh ach ar an gcéad saincheist dlí de chrosachomhairc an Choimisiúin (inghlacthacht caingne le haghaidh neamhniú) agus ar an tríú saincheist dlí de chuid AZ a thagann leis an aon saincheist dlí amháin de chuid na Gearmáine (sa mhéid agus a bhaineann siad seo le coinníoll maidir le bheith ann d’idirghabháil trí bhíthin ‘acmhainní Stáit’).

A.      An chéad saincheist dlí de chrosachomhairc an Choimisiúin: inghlacthacht caingne le haghaidh neamhniú

1.      Príomhargóintí na bpáirtithe

4.        Áitíonn an Coimisiún go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid dlí, i míreanna 36 go 43 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, trí léiriú leathan a thabhairt ar choincheap an ‘fhoilsithe’ de réir bhrí an séú mír d’Airteagal 263 CFAE. Ar an gcéad dul síos, dar leis an gCoimisiún, tá léiriú na Cúirte Ginearálta contrártha le cásdlí na Cúirte Breithiúnais, inar bhunaigh an Chúirt Bhreithiúnais ceangal idir an séú mír d’Airteagal 263 CFAE agus Airteagal 297 CFAE. In aighneacht an Choimisiúin, is léir ón gcásdlí sin gurb é an foilsiú túsphointe na tréimhse forordaithe chun imeachtaí dlí a thionscnamh sa chás gur réamhchoinníoll é i gcomhair theacht i bhfeidhm an bhirt atá faoi chaibidil, agus má tá foráil déanta dó sa Chonradh féin agus sa chás sin amháin. Sa dara háit, maidir go sonrach, le foilsiú chinneadh an Choimisiúin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (‘an Iris Oifigiúil’) agus nós imeachta foirmiúil fiosrúcháin á dhúnadh, ní hionann sin agus ‘foilsiú’ de réir bhrí an dara fomhír d’Airteagal 297(2) CFAE. Dá réir sin, ní hé sin túsphointe na tréimhse forordaithe chun imeachtaí dlí a thionscnamh. Ar an tríú dul síos, cuireann an Coimisiún sraith argóintí chun cinn, a thacaíonn dar leis lena léiriú ar an séú mír d’Airteagal 263 CFAE, amhail scéim na forála sin, prionsabal an chomhionannais arm nó cineál sainordaitheach na dteorainneacha ama chun imeachtaí dlí a thionscnamh.

5.        Áitíonn an Ghearmáin agus AZ, go bunúsach, nach bhfuil léiriú na Cúirte Ginearálta ar choincheap an ‘fhoilsithe’, de réir bhrí an séú mír d’Airteagal 263 CFAE, curtha ó bhail ag aon earráid dlí.

2.      Measúnú

6.        Sa mhéid agus atá na crosachomhairc seo comhionann, focal ar fhocal, leis na cinn a phléigh mé cheana sa Tuairim chomhuaineach, ní dhéanfaidh mé ach crostagairt agus sin amháin don Tuairim sin. Go deimhin ba chóir na Tuairimí a léamh in éineacht le chéile.

7.        Áitíonn an Coimisiún, contrártha lenar rialaigh an Chúirt Ghinearálta sa bhreithiúnas atá faoi achomharc, gurb é an dáta a fuair tairbhí na Státchabhrach fios maidir leis an gcinneadh atá faoi chaibidil, a chaithfear a chur san áireamh agus teorainn ama á ríomh chun caingean le haghaidh neamhniú a thionscnamh, seachas dáta a fhoilsithe san Iris Oifigiúil. Áitíonn an Coimisiún dá réir gur chóir go mbeadh an Chúirt Ghinearálta tar éis a fhógairt go raibh caingean AZ do-ghlactha, ós rud é go raibh an t‑am istigh.

8.        Faoi mar atá mínithe agam i míreanna 20 go 30 den Tuairim chomhuaineach, molaim go ndiúltófaí do léiriú an Choimisiúin, ós rud é nach bhfuil tacaíocht aige ó fhoclaíocht an séú mír d’Airteagal 263 CFAE, ná ó chásdlí na Cúirte, ná i gcuspóir na forála sin.

9.        Ina theannta sin, faoi mar a léiríodh i mír 31 den Tuairim chomhuaineach, bheadh mar éifeacht ag an léiriú molta ag an gCoimisiún go mbeadh teorainn ar chosaint éifeachtach dhlíthiúil thairbhí na cabhrach.

10.      Ar deireadh, i míreanna 32 go 35 den Tuairim chomhuaineach, tá mínithe agam nach n‑athraíonn argóint an Choimisiúin mo thátalsa, gur thionscain AZ sa chás seo – a fuair an cinneadh atá i gceist i gcomhthéacs an nós imeachta náisiúnta maidir le haisghabháil cabhrach – a chaingean le haghaidh neamhniú roimh don chinneadh atá faoi chaibidil a bheith foilsithe san Iris Oifigiúil.

11.      Dar liom go raibh an ceart ag an gCúirt Ghinearálta ina cinneadh gur chóir an do-ghlacthacht a d’áitigh an Coimisiún ag an gcéad chéim a dhiúltú agus gur chóir crosachomhairc an Choimisiúin a dhíbhe as bheith gan bhunús.

B.      An tríú saincheist dlí de chuid AZ agus an taon saincheist dlí amháin tarraingthe anuas ag an nGearmáin: sárú ar Airteagal 107(1) CFAE maidir le hacmhainní Stáit

12.      Ní hiad na crosachomhairc amháin atá comhionann ach go bunúsach tá na hachomhairc a thóg Covestro (Cás C‑790/21 P) agus AZ (Cás C‑792/21 P) comhionann leis. Tá na hachomhairc a thóg an Ghearmáin (Cás C‑791/21 P agus Cás C‑793/21 P) comhionann. Ba chóir dá réir na Tuairimí sna cásanna comhuaineacha seo a léamh in éineacht lena chéile.

13.      Faoi mar a luadh i mír 3 den Tuairim seo, mar atá iarrtha ag an gCúirt Bhreithiúnais, tabharfaidh an Tuairim seo aghaidh ar an tríú saincheist dlí de chuid AZ sa mhéid agus a bhaineann sí le coinníoll maidir le bheith ann d’idirghabháil trí bhíthin ‘acmhainní Stáit’. Dá réir sin tagann sé sin leis an aon saincheist dlí amháin de chuid na Gearmáine, a dhéileálann leis an gceist sin.

14.      Tá an tríú saincheist dlí de chuid AZ (Cás C‑792/21 P) déanta suas de thrí chuid maidir le ‘hacmhainní Stáit’: (i) déanann sé gearán gur chuir an Chúirt Ghinearálta critéar atá mícheart de réir dlí i bhfeidhm ina measúnú maidir le tobhach faoi dhlí na Státchabhrach agus maidir le Státrialú; (ii) áitíonn sé gur bhraith an Chúirt Ghinearálta ar léiriú saofa den dlí náisiúnta agus go ndearna sí earráid maidir leis an bhformhuirear atá i gceist a mheas mar thobhach faoi dhlí na Státchabhrach; agus (iii) áitíonn sé go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid trína rialú go raibh Státrialú ar an bhformhuirear atá i gceist, mar gur ghlac an chúirt sin leis go raibh oibleagáid tobhaigh ann agus gur clúdaíodh na costais ina n‑iomláine agus gur ghlac sí leis an tuairim gurb é an Bundesnetzagentur (an ‘BNetzA’, Gníomhaireacht Líonra Cónaidhme, an Ghearmáin) a shocraigh méid an fhormhuirir.

15.      Tá an t‑aon saincheist dlí amháin de chuid na Gearmáine (Cás C‑793/21 P) bunaithe ar thrí argóint: (i) go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid dlí nuair a chinn sí gur critéir mhalartacha iad a bheith ann do mhuirear sainordaitheach ar thomhaltóirí nó ar úsáideoirí deiridh agus Státrialú ar chistí nó ar riarthóirí na gcistí (ii) go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid i gcomhthéacs an mheasúnaithe trína chinneadh cibé ‘muirear sainordaitheach ar thomhaltóirí nó ar úsáideoirí deiridh’ a bheith i gceist, nach raibh an caidreamh idir an soláthróir leictreachais agus na húsáideoirí deiridh ábhartha; agus (iii) go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid dlí nuair a chinn sí nár chuir úsáid eisiach na muirear líonra a bailíodh, cead a bheith ag an Stát an ciste sin a dhiúscairt, as an áireamh.

16.      Maíonn an Coimisiún gur chóir diúltú don tríú saincheist dlí de chuid AZ agus don aon saincheist dlí aonair de chuid na Gearmáine as bheith gan bhunús.

17.      Sa mhéid agus go bhfuil cuid mhaith den ábhar céanna sna hargóintí éagsúla maidir le hacmhainní Stáit tarraingthe anuas ag AZ sa tríú saincheist dlí (Cás C‑792/21 P) agus ag an nGearmáin ina saincheist dlí aonair (Cás C‑793/21 P), tá sé cuí dul i ngleic leo le chéile, agus san ord agus ag leanúint struchtúr an bhreithiúnais atá faoi achomharc. Mar thoradh air sin, is gá ar dtús déileáil le cineál malartach na gcritéar; ina dhiaidh sin, an formhuirear atá faoi chaibidil (5) a cháiliú mar ‘cháin’; agus, ar deireadh, Státrialú a bheith ann ar na hacmhainní ginte ag an bhformhuirear atá i gceist.

1.      An chéad sraith d’argóintí tarraingthe anuas ag AZ agus ag an nGearmáin (dhá fhachtóir arb ionann iad, le chéile, agus rogha mhalartach).

(a)    Príomhargóintí na bpáirtithe

18.      Áitíonn AZ go bunúsach, gur chuir an Chúirt Ghinearálta critéir mhíchearta i bhfeidhm maidir le Státchabhair nuair a thug sí aitheantas do chineál Stáit na n‑acmhainní i gcás ‘cánach’. Áitíonn an Ghearmáin, go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid go háirithe nuair a mheas sí ‘dhá fhachtóir arb ionann iad, le chéile, agus rogha mhalartach’ ab ea cáin a bheith ann agus Státrialú ar na cistí (nó rialú ar riarthóirí na gcistí sin). Ní leor a leithéid de cháin a bheith ann chun tátal a bhaint as go raibh ‘acmhainní Stáit’ i gceist sa chás seo.

(b)    Measúnú

19.      D’imscrúdaigh an Chúirt Ghinearálta an cásdlí maidir leis an gcritéar ‘acmhainní Stáit’ agus mheas ‘go bunúsach, go mbraitheann cásdlí na Cúirte Breithiúnais… ar dhá phríomhfhachtóir chun cineál Stáit na n‑acmhainní a mheas: ar an gcéad dul síos, a bheith ann d’ualach éigeantach ar thomhaltóirí nó ar chustaiméirí, a ndéantar tagairt dó mar “mhuirear” de ghnáth, agus níos sainiúla fós mar “mhuirear paraifhioscach”, agus ar an dara dul síos, Státrialú ar bhainistíocht an chórais, trí Státrialú ar na cistí nó ar riarthóirí (tríú páirtí) na gcistí sin, go sonrach. Go bunúsach, ‘is dhá fhachtóir arb ionann iad, le chéile, agus rogha mhalartach’ (an breithiúnas atá faoi achomharc, mír 64, béim curtha leis).

20.      De réir na Cúirte Ginearálta, ‘tá sé riachtanach dá réir fáil amach an gcomhlíonann an sásra [maoinithe] atá faoi chaibidil na coinníollacha a leagtar síos sa chásdlí ábhartha maidir le húsáid acmhainní Stáit… agus dá réir, an amhlaidh atá an formhuirear atá faoi chaibidil ina ualach éigeantach agus, dá réir, inchomparáide le muirear paraifhioscach nó, mura bhfuil sé sin amhlaidh, an bhfuil ar a laghad rialú ag an Stát ar na cistí a bailíodh nó ar na comhlachtaí atá freagrach as bainistiú na gcistí sin’ (an breithiúnas atá faoi achomharc, mír 77).

21.      Áitíonn an Ghearmáin go bhfuil an critéar do ‘cháin’ agus do Státrialú carnach agus iad ag brath ar na breithiúnais in FVE Holýšov I agus páirtithe eile v anCoimisiún, (6)an Ghearmáin v an Coimisiún (7) agus PreussenElektra. (8) Déantar argóintí sna breithiúnais sin agus breithiúnais eile de chuid na Cúirte (níos déanaí), áfach, ina ionad sin, i bhfabhar an critéar a bheith malartach, atá ar aon dul lenar chinn an Chúirt Ghinearálta i míreanna 59 agus 64 go 66 den bhreithiúnas atá faoi achomharc. (9)

22.      Is é mo thuairim go bhfuil na hargóintí atá curtha chun cinn ag an nGearmáin gan bhunús sa mhéid go bhféadfaí diúltú dóibh ar bhonn an chásdlí is déanaí de chuid na Cúirte, a ruaigeann aon dabht a d’fhéadfadh a bheith ann maidir leis na critéir a bheith malartach nó carnach.

23.      Sa bhreithiúnas in DOBELES HES,   (10) phléigh Mór-Dhlísheomra na Cúirte le dhá cheist atá ábhartha do na hachomhairc seo: (i) sainmhíniú ar an gcoincheap ‘cáin’ agus (ii) an gaol idir critéar cánach agus critéar maidir le Státrialú ar an sásra maoinithe.

24.      I mír 39 den bhreithiúnas sin, shoiléirigh an Chúirt go bhfuil na critéir ábhartha in Airteagal 107(1) CFAE mar chuid de rogha mhalartach: ‘ní hé an critéar a luadh sa mhír roimhe seo [is é sin, gurb ann do mhuirear] den bhreithiúnas seo an t‑aon chritéar amháin chun “acmhainní Stáit” a shainaithint, de réir bhrí na forála sin. Is leor go bhfanann suimeanna faoi rialú poiblí i gcónaí agus dá bhrí sin go mbíonn siad ar fáil do na húdaráis inniúla náisiúnta, chun iad a aicmiú mar “acmhainní Stáit”’.

25.      Dá réir sin, is leor ceann amháin nó ceann eile den dá chritéar a shásamh, atá deimhnithe i mír 42 den bhreithiúnas in DOBELES HES, ina ndéanann an Chúirt tagairt dhíreach do ‘dhá chritéar mhalartacha’ a bheith ann.

26.      Dá bhrí sin, ní dhearna an Chúirt Ghinearálta earráid dlí sa bhreithiúnas atá faoi achomharc agus léiriú á dhéanamh aici ar Airteagal 107(1) CFAE, mar gur lean sí cásdlí na Cúirte a bhí ann cheana nuair a luaigh sí i mír 64 gurb ionann na critéir thuas ‘le chéile agus rogha mhalartach’ agus deimhníodh an cur chuige sin arís ó shin sa bhreithiúnas in DOBELES HES. Mar thoradh air sin, ba leor don Chúirt Ghinearálta a aithint, sa bhreithiúnas atá faoi achomharc, go raibh cáin ann nó go raibh Státrialú ar an sásra maoinithe, agus ba leor ceann amháin de na critéir sin ann féin chun a dheimhniú go raibh acmhainní Stáit i gceist. Tagann ina dhiaidh sin, dar liom, gur chóir na hargóintí a chuir an Ghearmáin chun cinn go bhfuil na critéir sin carnach, a dhiúltú mar argóintí atá go follasach gan bhunús.

27.      Is fíor nár shonraigh an Chúirt Ghinearálta é seo go sainráite, ach glacaim an dearcadh go bhfuil sé soiléir agus an breithiúnas atá faoi achomharc á léamh (go háirithe, mír 77) gur imscrúdaigh sí an dara critéar díreach ar mhaithe le hiomláine. Sa mhéid agus a bhí cineál malartach na gcritéar ina ábhar mór easaontais idir na páirtithe a bhí os comhair na Cúirte Ginearálta, threoraigh prionsabal riar iontaofa an cheartais an Chúirt sin agus d’imscrúdaigh sí an dá ghné den rogha mhalartach.

28.      Ina dhiaidh sin, mar thaca leis an argóint gur chóir go mbeadh an critéar a bhaineann le cad is ‘cáin’ ann agus cad is Státrialú ann carnach, áitíonn an Ghearmáin chomh maith go bhfuil an léiriú ar Airteagal 107(1) CFAE sa bhreithiúnas atá faoi achomharc (atá deimhnithe i gcásdlí na Cúirte) contrártha do scéim na gConarthaí, cibé ar bith, agus go mbeadh ‘iarmhairtí nár tuaradh sna Conarthaí’ mar thoradh air. Sonraíonn sí gur ghá go dtiocfadh aon cháin nó muirear breise forchurtha ag an Stát faoin gcoincheap ‘acmhainní Stáit’, rud a bheadh in aghaidh cheannasacht fhioscach na mBallstát. Áitíonn sí freisin gurb é atá mar sprioc ag an gcosc ar Státchabhair neamhdhleathach ná cosaint i gcoinne sárú Stáit ar an tsaoriomaíocht, a thugann le tuiscint nach bhfuil i gceist ach sárú ar iomaíocht atá ceangailte le buiséad an Stáit nó a bhaineann le hacmhainní atá faoi réir ag cumhacht diúscartha an Stáit.

29.      Faoi mar atá curtha in iúl ag an gCoimisiún áfach, tá na hargóintí sin bunaithe ar léamh míchruinn ar na Conarthaí (11) chomh maith le cónascadh idir an cásdlí a bhaineann le hAirteagal 30 agus 110 CFAE ar lámh amháin agus an cásdlí a bhaineann le hAirteagal 34 CFAE ar an lámh eile. Mínítear an toirmeasc ar idirdhealú faoin gcéad dhá Airteagal leis an bhfíoras go bhfuil dleachtanna custaim agus cáin araon, fioscach de réir a nádúr, (is éard atá iontu ná cánacha a mbaineann an Stát úsáid astu chun cuspóirí polaitiúla a bhaint amach). Lena chois sin, is leor aird a dhíriú ar an toisc chinntitheach is láidre maidir le hacmhainní Stáit ná gur obair an Stáit í saobhadh iomaíochta (seachas gnóthas). Tá sé suntasach áfach nach dtugann aon ní i scéim na gConarthaí le fios nach féidir ach cabhair atá ‘maoinithe ag buiséad an Stáit’ a áireamh ina Státchabhair, in ainneoin an méid is cosúil a bheith á lua ag an nGearmáin, (mír 28 den Tuairim seo). Go deimhin féin, cuireadh in iúl go soiléir i gcónaí i gcásdlí na Cúirte nach leor an fíoras simplí go dtéann an sreabhadh acmhainní go heisiach trí eintitis dlí phríobháidigh chun bréagnú a dhéanamh ar a bheith ann do Státrialú éifeachtach de réir bhrí choincheap na cabhrach. (12)

30.      In aghaidh argóintí curtha chun cinn ag an nGearmáin, níl aon tionchar ábharach ag an difríocht chórasach i gConradh FAE idir Airteagail 30 agus 110 agus Airteagal 107 chomh fada agus a bhaineann siad leis na cásanna seo. Tá ina ionad sin gné chomónta ag na trí fhoráil sin, is é sin an fíoras go mbaineann siad le gníomh fioscach an Stáit. Go deimhin féin, tá an Chúirt tar éis léiriú leathan ar ‘Státrialú’ a ghlacadh maidir leis an dá chatagóir forálacha, go háirithe chun aon sárú ar na rialacha atá sna forálacha sin a chosc. (13)

31.      Ina theannta sin, tá sé mícheart a éileamh go mbeadh ‘aon [aistriú] sócmhainní idir [daoine dlítheanacha] príobháideacha ordaithe ag an dlí, [comhshamhlaithe] mar úsáid acmhainní Stáit’. Mar shampla, ní cáin é íosphraghas a leagtar síos sa dlí. Is leor tagairt a dhéanamh do na breithiúnais in PreussenElektra agus in EEG 2012. Bhain an breithiúnas in PreussenElektra le híosphraghas reachtach a leagadh síos idir dhá eintiteas dlí phríobháidigh. Ní raibh cead ag an eintiteas dlí phríobháidigh a raibh air an t‑íosphraghas a chur i bhfeidhm na costais a chur ar aghaidh chuig a chustaiméirí. Dá réir sin, ní raibh aon cháin i gceist.

32.      Sa bhreithiúnas in EEG 2012, shoiléirigh an Chúirt nár leor díreach an fhéidearthacht go mbeadh tionchar ar chustaiméirí leis na hacmhainní a úsáideadh a áireamh mar acmhainní Stáit. Ní féidir úsáid acmhainní Stáit – i bhfoirm cánach – a thoimhdiú ach sa chás go bhfuil oibleagáid freisin ar an eintiteas dlí phríobháidigh ar a bhfuil an oibleagáid, an costas breise a chur ar aghaidh chuig an tríú páirtí trí cháin a bhailiú uaidh.

33.      I mo thuairimse, is léir ó na breithnithe ar fad roimhe seo go ndearna an Chúirt Ghinearálta cinneadh ceart agus gur cuid de rogha mhalartach iad na critéir sin. Dá réir sin, níl an breithiúnas atá faoi achomharc curtha ó bhail ag aon earráid dlí maidir leis sin agus ba chóir an chéad sraith d’argóintí tarraingthe anuas ag AZ agus ag an nGearmáin a dhíbhe as bheith gan bhunús.

2.      An dara sraith d’argóintí tarraingthe anuas ag AZ agus ag an nGearmáin (rangú an fhormhuirir atá faoi chaibidil mar ‘cháin’)

34.      Cáineann AZ agus an Ghearmáin an Chúirt Ghinearálta maidir leis an gcéad cheann de na critéir mhalartacha a phléitear thuas, sa mhéid is gur rangaigh sé an formhuirear atá i gceist mar ‘cháin’ go mícheart dar leo. Áitíonn siad go bhfuil an rangú sin bunaithe ar léiriú mícheart ar an gcoincheap ‘cáin’ agus ar shaobhadh an dlí náisiúnta.

(a)    An chéad ghrúpa argóintí (féichiúnaí deiridh an fhormhuirir atá i gceist)

35.      Go bunúsach, sa chéad ghrúpa argóintí, áitíonn AZ agus an Ghearmáin gur bhain an Chúirt Ghinearálta míbhrí as an gcoincheap ‘tomhaltóir deiridh’ de réir bhrí an dlí náisiúnta, sa mhéid nach gcuireann an dlí náisiúnta ná údaráis náisiúnta na Gearmáine oibleagáid íocaíochta i bhfeidhm ar thomhaltóirí ná ar oibreoirí córais. Ní fhéadfadh oibleagáid den sórt sin a bheith i gceist ach faoi chonradh i gcomhair úsáid líonra amháin a bhí curtha le chéile ag na húdaráis rialála, nárbh ann dó sna blianta 2012 agus 2013. Dar le AZ is faoin soláthróir leictreachais mar an úsáideoir líonra a bhí sé, an formhuirear atá i gceist a chur ar aghaidh chuig an tomhaltóir deiridh. Fiú sa chás go mbeadh na soláthróirí ar fad i ndiaidh an formhuirear a chur ar aghaidh chuig an tomhaltóir deiridh go córasach, ní leor a leithéid de chleachtas chun go gcinnfí go raibh oibleagáid dhlíthiúil i gceist.

36.      Is é mo bharúil go dtagann an cheist chun cinn an bhfuil an cheist maidir le cérbh iad féichiúnaithe deiridh an fhormhuirir atá faoi chaibidil ina breithniú cinntitheach.

37.      D’áitigh AZ ag an gcéad chéim nár bailíodh an formhuirear ach ó úsáideoirí líonra agus nár cuireadh ar aghaidh go héigeantach é chuig tomhaltóirí deiridh leictreachais, agus gur chóir dá réir sin plé leis mar mhuirear líonra seachas mar cháin. I mír 84 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, áfach, rialaigh an Chúirt Ghinearálta go raibh an argóint sin neamhábhartha, nuair a chuirtear an fíoras san áireamh gurbh fhéichiúnaithe deiridh an fhormhuirir sin iad na húsáideoirí líonra (na soláthróirí iad féin agus na tomhaltóirí deiridh a bhí ceangailte go díreach leis an líonra), seachas tomhaltóirí deiridh eile.

38.      Ina theannta sin, i mír 85 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, chinn an Chúirt Ghinearálta gur aithin an cinneadh atá faoi chaibidil oibleagáid an formhuirear atá i gceist a bhailiú agus a chur ar aghaidh chuig ‘tomhaltóirí deiridh’. Dar liomsa, tá sé ábhartha go raibh an léiriú seo air comhthacaithe ag mír 20 de bhreithiúnas an Bundesgerichtshof (an Chúirt Bhreithiúnais Chónaidhme) an 6 Deireadh Fómhair 2015, a dhiúltaíonn don argóint a rinneadh ag an gcéad chéim gur mhuirear líonra é an formhuirear atá faoi chaibidil. Dheimhnigh an chúirt sin nár chúiteamh conarthach é an formhuirear, ach bailiú seachtrach muirear a forchuireadh ar na hoibreoirí.

39.      Lena chois sin, is léir ó chásdlí na Cúirte, chun go mbeadh beart ina ‘mhuirear’ de réir bhrí Airteagail 30 agus 110 CFAE, gur leor gur toibhíodh an beart sin ar tháirgí nó ar sheirbhísí idirmheánacha, gan riachtanas a bheith ann gur cuireadh ar aghaidh é chuig tomhaltóirí deiridh na dtáirgí nó seirbhísí iartheachtacha. Níl aon tacaíocht sa chásdlí céanna de chuid na Cúirte (14) don tuairim go dtugann cáin le tuiscint nach ann d’acmhainní Stáit ach sa chás go gcuirtear an cháin sin i bhfeidhm ar thomhaltóirí deiridh. Go deimhin féin, creidim go gcaithfear an coincheap ‘cáin’, a ndéantar tagairt dó in Airteagail 30 agus 110 CFAE a fhorléiriú go leathan ar bhonn léiriú teileolaíoch.

40.      Bhraith an Chúirt Ghinearálta, agus an ceart aici, ar an gcásdlí céanna i mír 86 den bhreithiúnas atá faoi achomharc.

41.      Is é mo thuairimse go raibh an ceart ag an gCúirt Ghinearálta a cur chuige a bhunú ar an gceist an gcaithfidh comhlachtaí príobháideacha nó poiblí, a bhfuil sé chúram orthu an scéim a chur i bhfeidhm, na costais a ghlacadh chucu féin trína n‑acmhainní airgeadais féin (cás nach mbeadh aon Státchabhair i gceist) nó an féidir leo na hacmhainní sin a bhailiú ó thríú páirtithe (cás ina mbeadh Státchabhair i gceist). Is beag tábhacht na tríú páirtithe sin a bheith ina dtomhaltóirí deiridh nó iad a bheith ina nasc idirmheánach sa slabhra breisluacha. Go deimhin féin, is é an t‑aon toisc chinntitheach ná éifeacht athdháilte na cánach, is é sin go mbailíonn Stát nó eintiteas dlí phríobháidigh an cháin sin ó ghnóthais agus úsáideann siad í chun buntáiste a deonaíodh do chatagóir eile gnóthas a mhaoiniú.

42.      Is léir ó léiriú teileolaíoch agus ó chásdlí na Cúirte ar an gcoincheap ‘cáin’, de réir bhrí Airteagail 30 agus 110 CFAE, nach mbaineann le hábhar cé an duine atá faoi dhliteanas an cháin a íoc i ngach aon chás. Is é an toisc chinntitheach ná an mbaineann an cháin leis an táirge atá i gceist nó le gníomhaíocht riachtanach i ndáil leis an táirge sin. (15)

43.      I mo thuairim, is léir ón méid sin gur chóir an chéad ghrúpa argóintí a dhiúltú as bheith gan bhunús.

(b)    An dara grúpa argóintí (ní raibh an cháin atá faoi chaibidil sainordaitheach)

(1)    Dhearbhaigh cúirteanna náisiúnta go raibh cinneadh BnetzA 2011 neamhdhleathach

44.      Áitíonn AZ gur bhraith an Chúirt Ghinearálta go mícheart ar chinneadh BNetzA 2011 (16) agus air sin amháin, cé gur dhearbhaigh cúirteanna na Gearmáine an cinneadh sin a bheith neamhdhleathach, go cúlghabhálach. (17)

45.      Éiríonn an cheist as sin an amhlaidh go raibh an Chúirt Ghinearálta i dteideal teacht ar an gconclúid go raibh an formhuirear atá faoi chaibidil sainordaitheach trí bhrath ar chinneadh BNetzA, in ainneoin an fhíorais gur cuireadh ar neamhní é ina dhiaidh sin agus gur dhearbhaigh Oberlandesgericht Düsseldorf (an Ardchúirt Réigiúnach, Düsseldorf) agus an Bundesgerichtshof (an Chúirt Bhreithiúnais Chónaidhme), ar achomharc, go raibh sé ar neamhní go hiomlán.

46.      Thabharfainn chun cuimhne gur léir ó na breithiúnais in an Coimisiún v Aer Lingus agus Ryanair Designated Activity (18) agus in Heiser,  (19) nach féidir neamhdhleathacht fhéideartha scéime náisiúnta a cineál Státchabhrach a chur ar ceal.

47.      De réir an bhreithiúnais in Heiser, ‘fiú má tá an reachtaíocht lena bhforáiltear do choigeartú asbhaintí… neamhdhleathach, is fíor fós in ainneoin an fhíorais sin, go bhféadfadh tionchar a bheith ag an reachtaíocht sin fad nach naisghairtear í, nó, ar a laghad, nach bhfuil a neamhdhleathacht léirithe’ (béim curtha leis).

48.      Sa tslí chéanna, de réir an bhreithiúnais in an Coimisiún v Aer Lingus agus Ryanair Designated Activity ‘ní hionann a rá go bhfuil beart cánach contrártha le forálacha dhlí an Aontais seachas Airteagail 107 agus 108 CFAE agus nach féidir an díolúine ón mbeart sin atá ag cáiníocóirí áirithe a rangú mar Státchabhair, fad agus a bhíonn éifeachtaí ag an mbeart atá faoi chaibidil vis- à-vis cáiníocóirí eile agus nach raibh sé aisghairthe nó dearbhaithe a bheith neamhdhleathach agus, mar sin, nach bhfuil sé infheidhme’ (béim curtha leis).

49.      De réir mar a shonraigh an Coimisiún ag an éisteacht, phléigh reachtas na Gearmáine leis an gcás ar shlí a dheimhnigh go mbeadh bailiú an fhormhuirir atá faoi chaibidil, ceartaithe go cúlghabhálach tar éis an neamhnithe a d’ordaigh an Bundesgerichtshof (an Chúirt Bhreithiúnais Chónaidhme) agus go leanfaí le héifeachtaí dlí a bheith aige, agus dá réir sin chaomhnaigh sé an oibleagáid i leith an fhormhuirir atá faoi chaibidil.

50.      I mo thuairimse, i ndlí an Aontais Eorpaigh maidir le Státchabhair, ní mór beart a mheas ó thaobh a éifeachtaí.

51.      I mo thuairimse, is léir ón gcásdlí thuasluaite go raibh an Chúirt Ghinearálta i dteideal a chinneadh (i míreanna 76 agus 90 den bhreithiúnas atá faoi achomharc) agus chun críocha athbhreithniú a dhéanamh ar Státchabhair, gur thoisc chinntitheach é an fíoras gur cuireadh cinneadh BNetzA 2011 i bhfeidhm i ndáiríre agus gur chothaigh sé éifeachtaí dlí le linn na tréimhse ábhartha.

52.      Bhí an cinneadh sin ina cheangal dlí le linn na tréimhse ábhartha agus chuir sé de cheangal ar líonra oibreoirí an formhuirear atá faoi chaibidil a bhailiú ó úsáideoirí líonraí.

53.      Le foclaíocht mhír 3 de chinneadh BNetzA 2011, cuireadh oibleagáid ar oibreoirí córais dáileacháin, chun an formhuirear atá i gceist a bhailiú agus bhí orthusan dá réir an formhuirear sin a bhailiú óna gcuid custaiméirí. Sa mhéid go raibh an cinneadh sin ina chuid den scéim a bhí i bhfeidhm le linn na tréimhse ábhartha agus go raibh éifeachtaí ceangailteacha aige – a fortiori ós rud é nár aistarraingíodh na héifeachtaí sin i ndiaidh do na cúirteanna náisiúnta an neamhniú a shainordú (trí fhorálacha a d’aisghair an scéim sin de réir a chéile) – rialaigh an Chúirt Ghinearálta, agus an ceart aici, go bhfuil éifeacht atá ina ceangal dlí mar thoradh ar an scéim a bhí bunaithe ar an bhformhuirear atá i gceist (an breithiúnas atá faoi achomharc, mír 90).

54.      Tá mo mheasúnú sa Tuairim seo tacaithe le breithiúnas na Cúirte in Deutsche Post v an Coimisiún, (20) inar deimhníodh go bhféadfadh éifeachtaí dlí a bheith fós ag cinneadh a cuireadh ar neamhní. Ós rud é gur tógadh an chaingean le haghaidh neamhniú sa chás sin roimh do bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta a bheith tugtha ag neamhniú an chinnidh atá faoi chaibidil (agus dá bhrí sin á eisiamh go cúlghabhálach ón dlíchóras), bhí gá measúnú a dhéanamh ar inghlacthacht na caingne sin trí thagairt don tráth a tógadh í ós rud é go raibh cinneadh diúltach 2002 fós i bhfeidhm agus fós mar chuid de dhlíchóras an Aontais Eorpaigh.

55.      Ar deireadh ba cheart a chur in iúl, ina leith sin, go raibh cruthú éifeachtaí dlí, thairis sin ina chuspóir sonraithe ag reachtas na Gearmáine. (21)

56.      I mo thuairimse, ba cheart, dá bhrí sin, na hargóintí ina bhfuiltear ag brath ar an bhfíoras gur fhógair na cúirteanna náisiúnta go raibh cinneadh BNetzA 2011 neamhdhleathach, a dhiúltú as bheith gan bhunús.

(2)    Airteagail 30 agus 110 CFAE, (an coincheap ‘cáin’) agus cásdlí Essent Netwerk Noord (cineál sainordaitheach an mhuirir)

(i)    Airteagail 30 agus 110 CFAE, (an coincheap ‘cáin’)

57.      Áitíonn AZ agus an Ghearmáin gur bhain an Chúirt Ghinearálta léiriú mícheart as an gcoincheap ‘cáin’, de réir bhrí Airteagail 30 agus 110 CFAE, go háirithe i mír 86 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, chun teacht ar an gconclúid go bhfuil an formhuirear atá faoi chaibidil ag freagairt don choincheap sin. Is fíor, chun údar a thabhairt leis an bhfíoras gur féidir le hoibleagáid chun formhuirear a thobhach a bhaineann le húsáid an líonra a bheith ina cáin chomh maith, go dtagraíonn an Chúirt Ghinearálta don choincheap ‘cáin’ chun críocha Airteagail 30 agus 110 CFAE.

58.      Mar a míníodh i mír 39 den Tuairim seo, caithfear an coincheap ‘cáin’ a ndéantar tagairt dó in Airteagail 30 agus 110 CFAE a léiriú ar bhonn leathan.

59.      Sa bhreithiúnas in Essent Netwerk Noord (mír 40), chinn an Chúirt ‘go gcomhlánaíonn Airteagail [30 agus 110 CFAE] a chéile agus an cuspóir á shaothrú acu cosc a chur ar aon bheart fioscach náisiúnta a d’fhéadfadh idirdhealú a dhéanamh i gcoinne táirgí ag teacht ó Bhallstáit eile nó a bhfuil Ballstát eile mar cheann scríbe acu, trí shrian a chur ar a saorghluaiseacht laistigh den [Aontas Eorpach] faoi na gnáthchoinníollacha iomaíochta’ (béim curtha leis).

60.      Mar atá tugtha faoi deara i mír 42 den Tuairim seo, is léir ón gcoincheap ‘cáin’, de réir bhrí Airteagail 30 agus 110 CFAE, nach mbaineann le hábhar cé an duine atá faoi dhliteanas an cháin a íoc i ngach cás. Is é an toisc chinntitheach ná an mbaineann cáin den sórt sin leis an táirge atá i gceist nó le gníomhaíocht riachtanach i ndáil leis an táirge sin.

61.      Sna cásanna seo, bailítear an formhuirear atá i gceist i leith úsáid an líonra. I measúnú ceart na Cúirte Ginearálta, is fíric chinntitheach é chun an formhuirear a rangú mar cháin, nach n‑áirítear an formhuirear mar chomaoin i gcomhair úsáid an líonra, ach mar mhuirear sainordaitheach.

62.      Tá AZ ag iarraidh brath ar an argóint, i gcásanna roimhe seo sa Chúirt, nárbh é úsáid an líonra an táirge ábhartha ach an leictreachas a soláthraíodh. Dá réir sin, ba é an t‑aon cheist amháin a bhí tábhachtach ná ar gearradh taraif bhreise, a bhí le rangú mar cháin, sa chaidreamh soláthair leictreachais.

63.      Tá argóint AZ gan éifeacht áfach, sa mhéid agus sna cásanna seo, caithfear úsáid an líonra a áireamh mar tháirge idirmheánach nó, ar bhonn níos sainiúla, mar sheirbhís inmheánach chun críocha Airteagail 30 agus 110 CFAE, i gcomhréir le cásdlí na Cúirte a phléitear thuas. Ní dhearna an Chúirt Ghinearálta earráid dlí, dar liom, trí bhrath ar Airteagail 30 agus 110 CFAE agus sainmhíniú a thabhairt ar cháin mar mhuirear ar tháirge nó ar sheirbhís a soláthraíodh.

(ii) An breithiúnas in Essent Netwerk Noord agus cásdlí na Cúirte ina dhiaidh (cineál sainordaitheach an mhuirir)

64.      Lena chois sin, is féidir le réiteach na ceiste maidir le cineál sainordaitheach an mhuirir mar choinníoll chun cinneadh a dhéanamh maidir le bheith ann d’acmhainní Stáit, eascairt ó chásdlí na Cúirte atá ann i láthair na huaire, sa mhéid agus atá na cásanna atá ann faoi láthair cosúil leis an staid fhíorasach a bhí i gceist sa bhreithiúnas in Essent Netwerk Noord.

65.      Bhain an breithiúnas in Essent Netwerk Noord le cáin san Ísiltír. Bhailigh oibreoir líonra (faoi rialú iomlán ag údaráis phoiblí) cáin (formhuirear praghais) ó cheannaitheoirí inmheánacha leictreachais as úsáid a líonra leictreachais. Mar an gcéanna leis na cásanna seo, sa bhreithiúnas in Essent Netwerk Noord, rinneadh foráil don cháin sin sa dlí náisiúnta agus bhailigh an t‑oibreoir líonra airgead ó thomhaltóirí agus bailíodh é ar shlí a mhaoinigh an Státchabhair.

66.      Rinne an Chúirt Ghinearálta tagairt, mar ba cheart, don bhreithiúnas sa chás sin agus dhírigh sí aird i mír 60 den bhreithiúnas atá faoi achomharc air ‘gur tháinig an Chúirt ar an gconclúid gur “muirear” é, a raibh acmhainn Stáit mar fhoinse aige, formhuirear ar leictreachas tarchurtha, a socraíodh i gcomhréir le critéir oibiachtúla, arna fhorchur ar thomhaltóirí leictreachais trí reachtaíocht agus arna bhailiú ag oibreoirí córais’.

67.      Sa bhreithiúnas in Essent Netwerk Noord, tugann an Chúirt Bhreithiúnais roinnt barúlacha tábhachtacha chun críocha na n‑achomharc seo.

68.      Ar an gcéad dul síos, tugann an Chúirt dá haire gur beag difear a dhéanann sé cibé acu an mbíonn éifeacht ag an gcáin ar an táirge ann féin, leictreachas mar shampla, nó an mbíonn éifeacht ag an gcáin ar ghníomhaíocht riachtanach maidir leis an táirge, mar shampla iompar leictreachais (an breithiúnas in Essent Netwerk Noord, mír 44). Sna cásanna seo, tá éifeacht ag an gcáin ar iompar an leictreachais.

69.      Ar an dara dul síos, cuireann an Chúirt in iúl go bhfuil sé cinntitheach gur muirear é an formhuirear a ghearrtar go haontaobhach chun cáin a bheith ann (an breithiúnas in Essent Netwerk Noord, mír 45). Sna cásanna seo, chuir cinneadh BnetzA 2011 oibleagáid, ar bhealach atá ceangailteach ó thaobh an dlí de, ar oibreoirí córais dáileacháin an formhuirear atá i gceist a bhailiú ó chustaiméirí deiridh, mar úsáideoirí líonra (mír 98 den bhreithiúnas atá faoi achomharc).

70.      Ar an tríú dul síos, rialaíonn an Chúirt ‘gur beag tábhacht a bhaineann leis nach dtoibhíonn an Stát an muirear airgeadais’ (an breithiúnas in Essent Netwerk Noord, mír 46). Sna cásanna seo, bhí oibreoirí córais dáileacháin freagrach as an bhformhuirear atá i gceist a bhailiú.

71.      Ar deireadh, sna cásanna seo, cosúil leis an gcás inar tugadh an breithiúnas in Essent Netwerk Noord, bhí sé i gceist go gclúdófaí an formhuirear atá faoi chaibidil costais úsáid an líonra a mbeadh ar chustaiméirí bonnlóid na Gearmáine a sheasamh de ghnáth.

72.      Dá bhrí sin, tá an díolúine ó chostais líonra do chustaiméirí bonnlóid i ndiaidh feabhas a chur ar a staid iomaíoch. De bharr stádas cánach an fhormhuirir atá i gceist sna cásanna seo, bheadh sé cuí na hacmhainní sin a aithint mar acmhainní Stáit de réir bhrí Airteagal 107(1) CFAE. Lena chois sin, bheadh sé sin i gcomhréir leis an gcásdlí, ar dá réir go gciallaíonn maoiniú buntáiste trí fháltais chánach go dtagann an buntáiste ó acmhainn Stáit. (22)

73.      I mo thuairimse, ní hamháin go bhfuil an cás in Essent Netwerk Noord thar a bheith ábhartha  ach tá an cás in FVE Holýšov I, an‑ábhartha leis. Tá cúlra fíorasach comhchosúil ag an dá chás sin agus atá ag na cásanna seo agus léiríonn siad go bhfuil an Chúirt i ndiaidh dul i ngleic cheana féin leis na ceisteanna a tarraingíodh anuas sna hachomhairc seo.

74.      In FVE Holýšov I, mhínigh an Chúirt gur cuma an bhfuil nó nach bhfuil an sásra maoinithe rangaithe mar cháin nó mar mhuirear paraifhioscach faoin dlí náisiúnta. Ní bhaineann le dlí Státchabhrach an Aontais Eorpaigh ach a bheith ar an eolas go bhfuil a leithéid d’fhormhuirear toibhithe agus go bhfuil an tobhach sin sainordaithe go haontaobhach agus trí ghníomh an Stáit.

75.      Sa dá bhreithiúnas sin, tugann an Chúirt dá haire gur dualgas é seo chun airgead a bhailiú go haontaobhach agus gur acmhainní Stáit iad sin dá réir. Díríonn an cheist seo sinn ar an mbreithiúnas a tugadh le déanaí in DOBELES HES (mír 34), a thugann soiléiriú sa bhreis ar an mbreithiúnas in Essent Netwerk Noord. Tá sé seo tábhachtach dar liom, chun críocha thoradh na n‑achomharc seo.

76.      I mír 34, sonraíonn an Chúirt, ‘ar an dara dul síos, maidir leis an gcoinníoll go ndeonófaí an buntáiste “trí bhíthin acmhainní Stáit”, a ardaíonn an chúirt a rinne an tarchur go sainiúil, tá deimhnithe ag an gCúirt go bhfuil suimeanna a tháinig mar thoradh ar an bhformhuirear praghais arna fhorchur ag an Stát ar cheannaitheoirí leictreachais cosúil le formhuirear a thoibhítear ar leictreachas agus go bhfuil “acmhainní Stáit” mar fhoinse acu de réir bhrí Airteagal 107(1) CFAE’. (23)

77.      Dírím aird air go leanann DOBELES HES ar aghaidh i míreanna 36 agus 37, agus tugann soiléiriú ar chásdlí eile de bhreis ar a bhfuil sa bhreithiúnas in Essent Netwerk Noord (go háirithe, an breithiúnas in EEG 2012, míreanna 70 agus 71).

78.      Díríonn an Chúirt aird ar na difríochtaí idir na breithiúnais in EEG 2012 agus DOBELES HES. Míníonn sí nach raibh aon ranníocaíocht éigeantach sa chéad cheann den dá chás, ós rud é nach raibh ceangal dlí ag baint le muirear EEG a bhailiú agus gur ar bhonn deonach amháin a bhí sé. Soiléiríonn an Chúirt dá réir gurb é cineál sainordaitheach an mhuirir a chinneann an ranníocaíocht éigeantach é an muirear atá i gceist. Ní leor ann féin go n‑aistrítear airgead nó gur féidir é a aistriú. Sna cásanna seo, áfach, bhí dualgas ann go sainiúil, cáin (nó muirear) a bhailiú, ach níor bhain an breithiúnas in EEG 2012 le cáin.

79.      I gcontrárthacht leis an gcás in EEG 2012, ní cinneadh tráchtála na n‑oibreoirí líonra é bailiú an fhormhuirir atá i gceist sna cásanna seo ach, ina ionad sin, tá sé á dhéanamh ar bhonn forálacha dlíthiúla (go háirithe, cinneadh BNetzA).

80.      Dá bhrí sin, tá sé riachtanach idirdhealú a dhéanamh idir an sásra maoinithe atá i gceist sna cásanna seo agus an sásra atá i gceist sa bhreithiúnas in EEG 2012. Sna cásanna seo, agus i gcontrárthacht leis an gcás sa bhreithiúnas in EEG 2012, is leor an formhuirear a bheith ann per se chun go rangófaí é mar acmhainní Stáit.

81.      Chomh fada agus a bhaineann sé leis an dara critéar den dá cheann ón mbreithiúnas in EEG 2012 is é sin, Státrialú (cumhacht diúscartha) ar na cistí iad féin nó ar an eintiteas a riarann na cistí sin mar atá feicthe againn thuas, tá an dá chritéar malartach seachas carnach.

82.      Dá mbeadh formhuirear sainordaitheach i gceist sa bhreithiúnas in EEG 2012, ní bheadh sé tar éis a bheith riachtanach don Chúirt dul i mbun an phlé i mír 72 den bhreithiúnas sin.

83.      Go deimhin féin, is mar thoradh go sainiúil ar na coinníollacha i mír 71 gan bheith comhlíonta go raibh sé riachtanach don Chúirt dul ar aghaidh lena réasúnaíocht i mír 72.

84.      I mír 71 den bhreithiúnas sin, rialaigh an Chúirt ‘nár leor an fíoras, arna thabhairt faoi deara ag an gCúirt Ghinearálta… gur cuireadh “i gcleachtas”, an t‑ualach maoinithe mar thoradh ar fhormhuirear EEG ar aghaidh chuig na tomhaltóirí deiridh agus, mar gheall air sin, go bhféadfadh sé a bheith “comhshamhlaithe mar thobhach ar thomhaltas leictreachais, ar bhonn a chuid éifeachtaí” chun teacht ar an gconclúid go raibh na saintréithe céanna ag formhuirear EEG agus a bhí ag an bhfóirdheontas don phraghas leictreachais a scrúdaigh an Chúirt… sa bhreithiúnas [in Essent Netwerk Noord]’.

85.      Dá réir sin tosaíonn an Chúirt mír 72 leis na focail ‘uime sin’: ‘Uime sin, tá sé riachtanach a chinneadh ar fhág an dá thoisc eile… a thugtar chun cuimhne… i mír 62 den bhreithiúnas seo, go bhféadfadh [an Chúirt Ghinearálta] ina ainneoin sin, teacht ar an gconclúid gurbh acmhainní Stáit iad na cistí ginte ag formhuirear EEG , ós rud é gur fhan siad i gcónaí faoi rialú poiblí agus go raibh siad ar fáil do na húdaráis phoiblí dá réir… Sa chás sin, ní bhaineann sé le hábhar cibé an bhféadfaí nó nach bhféadfaí formhuirear EEG a aicmiú mar ‘thobhach’”.

86.      Is é sin le rá, go raibh an cás in EEG 2012 go hiomlán éagsúil leis na cásanna seo.

87.      Sa bhreithiúnas in EEG 2012, cheadaigh reachtóir na Gearmáine do ghnóthais leictreachais muirir áirithe a bhailiú, ach ní raibh i gceist leis sin ach féidearthacht seachas oibleagáid. Thug an Stát rogha do na hoibreoirí: dá mbainfidís leas as an bhféidearthacht sin, bhí orthu an t‑airgead a bailíodh a chur i dtreo úsáid faoi leith a chinnfeadh an Stát (is é sin le rá, go raibh sé beartaithe go gcúiteofaí costais bhreise a bhain le fuinnimh inathnuaite). Dá réir, sa chás sin, tháinig an Chúirt ar an gconclúid, de bhrí nach raibh aon dualgas ann na muirir sin a bhailiú, nach raibh Státrialú i gceist ar na cistí sin.

88.      Is léir ó na breithnithe agus cásdlí thuas gur bhailiú cánach a bhí sainordaitheach de réir dlí é an formhuirear atá faoi chaibidil, faoi mar a chinn an Bundesgerichtshof (an Chúirt Bhreithiúnais Chónaidhme) freisin, atá leordhóthanach faoi mar a deimhníodh le fíordhéanaí sa bhreithiúnas in DOBELES HES le cinneadh go bhfuil acmhainní Stáit i gceist.

89.      Táimse den tuairim dá réir sin nach bhfuil an breithiúnas atá faoi achomharc curtha ó bhail ag earráid dlí ina leith seo.

90.      I mo thuairimse, ba chóir na hargóintí atá bunaithe ar Airteagail 30 agus 110 CFAE (an coincheap ‘cáin’) agus ar an mbreithiúnas in Essent Netwerk Noord agus an cásdlí ina dhiaidh (cineál sainordaitheach an mhuirir) a dhiúltú as bheith gan bhunús.

(3)    Saobhadh an dlí náisiúnta agus gan aon oibleagáid a bheith ann formhuirear a bhailiú ná a íoc

91.      Go bunúsach, áitíonn AZ agus an Ghearmáin, gur shaobh an Chúirt Ghinearálta an dlí náisiúnta sa mhéid agus nach raibh aon oibleagáid i bhfeidhm an formhuirear atá i gceist a bhailiú.

92.      I mo thuairimse, níl rangú an fhormhuirir mar cháin ina shaobhadh ar an dlí náisiúnta.

93.      I míreanna 85 agus 87 go 89 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, chinn an Chúirt Ghinearálta, ar bhonn an dlí náisiúnta (go háirithe, cinneadh BNetzA 2011) go raibh an muirear atá faoi chaibidil toibhithe ar thomhaltóirí deiridh. Dá réir sin, tá an argóint gur ‘muirear’ atá i gceist, faoi mar atá sainmhínithe sa bhreithiúnas in Essent Netwerk Noord, sa chás gur tomhaltóir deiridh é an té atá faoi dhliteanas an muirear a íoc, agus sa chás sin amháin, gan éifeacht. Go deimhin féin, ní féidir leis an nGearmáin a bheith ag agóid in aghaidh cinneadh de chuid na Cúirte Ginearálta maidir leis an dlí náisiúnta, ar cinneadh fíorais é, ar achomharc os comhair na Cúirte Breithiúnais agus tá an Ballstát sin tar éis staonadh ó sin a dhéanamh ar bhonn díreach.

94.      Mar atá mínithe i míreanna 37 go 42 den Tuairim seo, is léir ón gcásdlí nach mbaineann le hábhar cé atá freagrach as an gcáin a íoc i ngach cás. Ina ionad sin, is é an toisc chinntitheach ná an mbaineann an cháin leis an táirge atá i gceist nó le gníomhaíocht riachtanach i ndáil leis an táirge.

95.      Ina theannta sin, aontaím leis an gCoimisiún gur mar a chéile iad an oibleagáid um bailiú agus an oibleagáid um íoc (24) agus mar thoradh air sin, go bhfuil aon cheist maidir leis an gcinneadh maidir le hoibleagáid um íoc a cuireadh i bhfeidhm ar úsáideoirí líonra a bheith ag eascairt as an reachtaíocht náisiúnta nó as cinneadh BNetzA 2011, neamhábhartha leis.

96.      I ndáil leis sin, i gcontrárthacht leis na hargóintí a chuir AZ chun cinn, níl an fíoras nach ndearna cinneadh BNetzA 2011 foráil i gcomhair pionóis i gcás nár bailíodh an muirear atá faoi chaibidil cinntitheach. Chuir BNetzA gnáthchumhacht mhaoirseachta i bhfeidhm ar oibreoirí an chórais tarchurtha, agus d’fhéadfaidís cinntí ceangailteacha a sheoladh chuig na hoibreoirí sin, sa chás go dteipfeadh orthu cloí lena gcuid oibleagáidí. (25)

97.      Is léir ón méid sin gur chóir, dar liom, na hargóintí atá bunaithe ar shaobhadh an dlí náisiúnta agus ar an easpa oibleagáide an formhuirear atá faoi chaibidil a bhailiú agus ar an easpa oibleagáide é a íoc, a dhiúltú as bheith gan bhunús.

(4)    Gan cúiteamh iomlán as caillteanas ioncaim agus costais

98.      In aighneacht AZ i gcontrárthacht lena bhfuil sonraithe ag an gCúirt Ghinearálta i míreanna 91 go 95 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, níor dheonaigh na húdaráis náisiúnta aon chúiteamh do na hoibreoirí líonra as caillteanas ioncaim agus costas ginte ag an díolúine ó mhuirear. Bhain an Chúirt Ghinearálta de thátal as an méid sin, go mícheart, i mír 92 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, gurb ann do cháin.

99.       I gcontrárthacht lena n‑áitíonn AZ, chinn an Chúirt Ghinearálta i gceart gur fhág an formhuirear faoi dhíospóid gurbh fhéidir an caillteanas a d’fhulaing na hoibreoirí líonra de bharr na ndíolúintí ó mhuirir líonra a chúiteamh go hiomlán. Bhí sé seo mar thoradh ar an séú agus an seachtú habairt de Mhír 19(2) de StromNEV 2011 (26) agus cinneadh BNetzA 2011. Is éard a bhí tábhachtach i gcomhair measúnú ar an bhformhuirear faoi dhlí an Aontais Eorpaigh ar Státchabhair ná an fíoras go raibh an díolúine ó mhuirir líonra ar thomhaltóirí bonnlóid agus an buntáiste a tháinig mar thoradh air maoinithe go hiomlán ag an bhformhuirear. (27)

100. I mír 95 den bhreithiúnas atá faoi achomharc áfach, dhiúltaigh an Chúirt Ghinearálta i gceart don argóint nach raibh aon sásra dlí chun cúiteamh iomlán a chinntiú as caillteanas a fulaingíodh (go háirithe ar an mbonn go raibh sé dodhéanta costais an fhormhuirir atá i gceist a chur ar aghaidh i gcás fiacha do-aisghabhála). Go deimhin féin, is leor rangú an fhormhuirir atá i gceist mar mhuirear paraifhioscach go n‑áireofaí ioncam ón muirear sin mar acmhainní Stáit, gan é a bheith riachtanach don Stát na caillteanais ginte ag neamhíoc an fhormhuirir sin, a fhritháireamh, go háirithe i gcás fiacha do-aisghabhála.

101. Dá réir sin, dar liomsa gur chóir na hargóintí atá bunaithe ar easpa lánaisíocaíocht caillteanas ioncaim agus costas a dhiúltú as bheith gan bhunús.

102. I mo thuairimse, leanann ó na breithnithe go léir roimhe seo gur chóir an dara sraith d’argóintí tarraingthe anuas ag AZ agus ag an nGearmáin a dhiúltú mar argóintí atá gan éifeacht nó gan bhunús.

3.      An tríú sraith d’argóintí tarraingthe anuas ag AZ agus ag an nGearmáin (a bheith ann do Státrialú ar na cistí ón bhformhuirear atá i gceist)

(a)    Príomhargóintí na bpáirtithe

103. Go bunúsach, áitíonn AZ go bhfuil an breithiúnas atá faoi achomharc curtha ó bhail ag earráid dlí sa mhéid agus gur mheas an Chúirt Ghinearálta, bunaithe ar chur síos mícheart ar an dlí náisiúnta, go raibh Státrialú ar na cistí atá ginte ag an bhformhuirear atá faoi chaibidil. Áitíonn sé, go bunúsach, nárbh ann riamh do riachtanais an Stáit maidir le méid an fhormhuirir, a ndéantar tagairt dó i míreanna 101 agus 102 den bhreithiúnas atá faoi achomharc mar thaca leis an gconclúid seo agus nach bhfuil na breithnithe eile maidir le Státrialú, (míreanna 105 go 112 den bhreithiúnas atá faoi achomharc) áititheach.

104. Go bunúsach, áitíonn an Ghearmáin go bhfuil míreanna 64 go 66 agus 77 den bhreithiúnas atá faoi achomharc ag teacht salach ar mhíreanna 99 agus 100 den bhreithiúnas sin. Maidir le cásdlí na Cúirte Breithiúnais, is é an toisc chinntitheach ná an rialú agus an chumhacht diúscartha ar na cistí atá i gceist. Áitíonn sí freisin go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid trína chinneadh nach raibh an caidreamh idir an soláthróir agus an tomhaltóir deiridh leictreachais cinntitheach chun teacht ar an gconclúid in casu go raibh muirear sainordaitheach i gceist, ar an mbonn nach dtoibhítear an formhuirear atá i gceist ar thomhaltas leictreachais ach ar úsáid an líonra.

(b)    Measúnú

105. Ag cur cineál malartach an dá chritéar a ndearnadh tagairt dóibh i mo mheasúnú thuas san áireamh, is leor cheana féin a bheith ann do cháin chun go dtabharfaí aitheantas do chineál Stáit na n‑acmhainní. Sa mhéid agus atá an critéar ‘cáin’ comhlíonta sna cásanna seo agus go bhfuil measúnú na Cúirte Ginearálta i gceart ina leith sin, tá an tríú sraith d’argóintí sna hachomhairc seo gan éifeacht agus ní gá iad a scrúdú a thuilleadh.

106. Dá réir sin, ní ach ar mhaithe le hiomláine go ndéanfaidh mé na ráitis seo a leanas.

107. In ainneoin go bhfuil an critéar ‘cáin’ comhlíonta agus gur féidir le measúnú na Cúirte Ginearálta – agus anois, ar achomharc, measúnú na Cúirte Breithiúnais, stopadh ag an bpointe seo – is amhlaidh go mba ghá seasamh le measúnú na Cúirte Ginearálta ar an gcritéar do ‘Státrialú’ freisin sa chás seo.

108. Cuireadh na costais bhreise a bhí mar thoradh ar an díolúine ó mhuirir líonra do thomhaltóirí áirithe ar aghaidh chuig tomhaltóirí deiridh de réir fhorálacha ceangailteacha dhlí an Bhallstáit a bhí i gceist. (28) Ina theannta sin, áirithíodh le sásra an fhormhuirir a bhí i gceist go bhfuair na hoibreoirí líonra cúiteamh iomlán as an gcaillteanas ioncaim, ós rud é gur cuireadh an formhuirear sin in oiriúint do na hacmhainní a bhí ag teastáil de bharr na díolúine atá faoi chaibidil. (29)

109. Maidir le hargóint AZ nach raibh méid an fhormhuirir sin forordaithe ag an Stát, is leor a thabhairt faoi deara nach raibh aon saoirse ag oibreoirí an chórais tarchurtha cinneadh a dhéanamh i dtaobh an mhuirir sin agus, mar a chinn an Chúirt Ghinearálta i gceart i mír 100 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, bhí Státrialú ar na cistí, is é sin le rá, ar an sásra iomlán chun an formhuirear atá faoi chaibidil a bhailiú agus a leithdháileadh.

110. Áitíonn AZ agus an Ghearmáin, agus iad ag iarraidh brath ar an mbreithiúnas in EEG 2012, go bhfágann leithdháileadh eisiach na n‑acmhainní ginte ag an bhformhuirear atá faoi chaibidil, Státrialú as an áireamh. De réir mar a mhíníonn an Chúirt Ghinearálta i gceart, áfach, i míreanna 110 agus 111 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, níor fhreaschuir an Chúirt a cásdlí socair sa bhreithiúnas sin rud a deimhníodh freisin i gcásdlí níos déanaí (30) ach ní dhearna an Chúirt ach a shonrú, ceal tosca eile, nach raibh an toisc sin inti féin cinntitheach per se chun a léiriú gurb ann de rialú den sórt sin. Go deimhin féin, sna cásanna seo atá faoi chaibidil, d’aithin an Chúirt toisc eile den sórt sin: gurbh ann do cháin.

111. Bréagnaítear an argóint nach bhfuil aon Státrialú ar an sásra iomlán chun an formhuirear atá i gceist a bhailiú leis an bhfíoras go bhfuil fiach-urrú sainordaitheach idir an formhuirear atá i gceist ar lámh amháin (mar mhuirear paraifhioscach) agus an chabhair deonaithe i bhfoirm díolúine ó mhuirir líonra ar an lámh eile. I gcomhréir le cásdlí na Cúirte, sa chás ina bhfuil a leithéid de cheangal idir an beart cabhrach agus a mhaoiniú, sa ghnáthchúrsa fágann sin gurb ann do cháin a fhónann ar an gcabhair a mhaoiniú i gcomhréir shoiléir, go ndeonaítear an chabhair trí bhíthin acmhainní Stáit (is é sin trí fháltais cánach). (31)

112. Ar deireadh, tá argóintí AZ a líomhnaíonn go bhfuil na rialacha maidir leis an tobhach atá i gceist sa chás inar tugadh an breithiúnas in EEG 2012, níos déine ná na rialacha a rialaíonn an formhuirear atá i gceist sna cásanna seo, gan bhunús. I gcontrárthacht leis sin, táim den tuairim go ndealraíonn sé go bhfuil na rialacha a rialaíonn an formhuirear atá i gceist sna cásanna seo, níos déine ná an tobhach atá i gceist in EEG 2012, ós rud é go bhfuil an formhuirear sna cásanna seo bunaithe ar fhorálacha dlí ceangailteacha seachas ar chinneadh tráchtála/deonach na n‑oibreoirí líonra sa chás sin.  

113. Dá réir sin, ba chóir dar liom, an tríú sraith d’argóintí tarraingthe anuas ag AZ agus ag an nGearmáin a dhiúltú as bheith gan éifeacht agus cibé ar bith, as bheith gan bhunús.

114. Dá bhrí sin, ba chóir an tríú saincheist dlí de chuid AZ agus an t‑aon saincheist dlí amháin tarraingthe anuas ag an nGearmáin, chomh fada agus a bhaineann siad seo leis an gcoinníoll a bhaineann le bheith ann d’idirghabháil trí bhíthin acmhainní Stáit, a dhiúltú as bheith gan bhunús.

III. Conclúid

115. I bhfianaise a bhfuil roimhe seo, mholfainn gur chóir don Chúirt Bhreithiúnais: (i) diúltú don chéad saincheist dlí de chrosachomhairc an Choimisiúin; agus (ii) diúltú don tríú saincheist dlí de chuid AZ agus don aon saincheist dlí amháin tarraingthe anuas ag Poblacht Chónaidhme na Gearmáine, chomh fada agus a bhaineann siad leis an gcoinníoll maidir le bheith ann d’idirghabháil trí bhíthin acmhainní Stáit.


1      Bunteanga: an Béarla.


2      Seo a leanas trí shraith de chásanna uamtha: (i) C‑790/21 P agus C‑791/21 P, (ii) C‑795/21 P agus C 796/21 P, agus (iii) C‑794/21 P agus C‑800/21 P. Go deimhin féin, thionscain suas le 37 dtomhaltóir leictreachais, amhail iad atá i gceist san achomharc seo, caingne cosúil leo os comhair na Cúirte Ginearálta, agus neamhniú ar an gcinneadh atá faoi chaibidil, á iarraidh acu. D’ainmnigh an Chúirt Ghinearálta na cásanna ar éirigh ceithre bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta atá faoi achomharc astu, sna cásanna comhuaineacha mar ‘chásanna píolótacha’.


3      Cheartaigh an Chúirt Ghinearálta an breithiúnas sin in ordú an 17 Márta 2022, AZ v an Coimisiún (T‑196/19 REC).


4      Cinneadh (AE) 2019/56 an 28 Bealtaine 2018 maidir le scéim státchabhrach SA.34045 (2013/c) (ex 2012/NN) (fógartha faoi dhoiciméad C (2018) 3166) (IO 2019 L 14, lch. 1). Tagraíonn ‘StromNEV’ in ainm an chinnidh sin don Stromnetzentgeltverordnung (Reacht Cónaidhme ar Mhuirir Líonra Leictreachais).


5      Féach míreanna 8 go 12 den Tuairim chomhuaineach. Go bunúsach, bhailigh oibreoirí an chórais dáileacháin formhuirear ó thomhaltóirí deiridh agus cuireadh ar aghaidh an tsuim sin chuig oibreoirí an chórais tarchurtha chun iad a chúiteamh as a gcaillteanas ioncaim a tharla mar thoradh ar an díolúine. Bhain an díolúine sin ón oibleagáid muirir líonra a íoc le tomhaltóirí bonnlóid (‘an díolúine atá faoi chaibidil’).


6      Breithiúnas an 16 Meán Fómhair 2021 (C‑850/19 P, EU:C:2021:740, ‘an breithiúnas in FVE Holýšov I’).


7      Breithiúnas an 28 Márta 2019 (C‑405/16 P, EU:C:2019:268, ‘an breithiúnas in EEG 2012’).


8      Breithiúnas an 13 Márta 2001 (C‑379/98, EU:C:2001:160, ‘an breithiúnas in PreussenElektra’).


9      Féach, ina leith sin, na breithiúnais in EEG 2012, mír 72; an 15 Bealtaine 2019, Achema agus páirtithe eile (C‑706/17, EU:C:2019:407, míreanna 64 go 66); an 17 Iúil 2008, Essent Netwerk Noord agus páirtithe eile (C‑206/06, EU:C:2008:413, ‘an breithiúnas in Essent Netwerk Noord’, mír 66); an 13 Meán Fómhair 2017, ENEA (C‑329/15, EU:C:2017:671, mír 30 (diúltaíonn an Chúirt don chéad chritéar, a bheith ann do cháin, ach leanann ar aghaidh ag fiosrú an dara critéar, bainistíocht Stáit ar úsáid na gcistí (mír 31) agus an tríú critéar, Státrialú ar eintitis a bhainistíonn na cistí (míreanna 34 agus 35); agus in FVE Holýšov I (mír 46).


10      Breithiúnas an 12 Eanáir 2023 (C‑702/20 agus C‑17/21, EU:C:2023:1, ‘an breithiúnas in DOBELES HES’).


11      Tugann an Ghearmáin neamhaird ar scéim shainiúil na gConarthaí. Tá Airteagal 30 CFAE leagtha amach faoi Theideal II, Caibidil 1, dar teideal ‘Aontas Custam’; Tá Airteagal 110 CFAE leagtha amach faoi Theideal VII, Caibidil 2, dar teideal, ‘Forálacha Cánach’. Cuimsíonn siad cosc iomlán ar idirdhealú. Sa mhéid sin tá siad leithleach ó Airteagal 34 CFAE, atá faoi Theideal II, Caibidil 3, dar teideal, forálann ‘Srianta cainníochtúla idir Ballstáit a thoirmeasc’, a rialaíonn saorghluaiseacht earraí agus a fhorálann, ag an am céanna, don fhéidearthacht údar a thabhairt le srianta ar shaorghluaiseacht earraí, murab ionann agus Airteagail 30 agus 110 CFAE.


12      Féach ordú an 22 Deireadh Fómhair 2014, Elcogás (C‑275/13, EU:C:2014:2314, mír 25 agus an cásdlí dá dtagraítear). Féach freisin breithiúnas an 9 Samhain 2017, an Coimisiún v TV2/Danmark (C‑656/15 P, EU:C:2017:836, mír 48).


13      Féach mír 29 agus fonóta 12 den Tuairim seo.


14      Go háirithe, an breithiúnas in Essent Netwerk Noord (mír 49).


15      Ibid.


16      Cinneadh an 14 Nollaig 2011 (BK8-11-024).


17      Féach mír 13 den Tuairim chomhuaineach. Le linn an nós imeachta riaracháin os comhair an Choimisiúin, a raibh an cinneadh atá i gceist mar thoradh air, fógraíodh go raibh an díolúine ar neamhní go hiomlán trí chinntí breithiúnacha Oberlandesgericht Düsseldorf, (an Ardchúirt Réigiúnach, Düsseldorf, an Ghearmáin) an 8 Bealtaine 2013 agus an Bundesgerichtshof (an Chúirt Bhreithiúnais Chónaidhme, an Ghearmáin) an 6 Deireadh Fómhair 2015.


18      Breithiúnas an 21 Nollaig 2016 (C‑164/15 P agus C‑165/15 P, EU:C:2016:990, mír 69).


19      Breithiúnas an 3 Márta 2005 (C‑172/03, EU:C:2005:130, mír 38).


20      Breithiúnas an 24 Deireadh Fómhair 2013 (C‑77/12 P, EU:C:2013:695, míreanna 65 agus 66).


21      De réir Dhoiciméad an Bundestag (Parlaimint Chónaidhme na Gearmáine) 18/8915 an 22 Meitheamh 2016, lch. 39, ‘tiocfaidh forálacha Mhír 24 atá nua, an chéad abairt, pointe 3, agus an dara habairt, pointe 5, de [Energiewirtschaftsgesetz (an Dlí um chosaint an tsoláthair fuinnimh)] i bhfeidhm go cúlghabhálach ón 1 Eanáir 2012 de bhua Mhír 9 atá nua, an chéad abairt. Tá na leasuithe i bhfeidhm chomh maith, go cúlghabhálach, ar fait accompli agus iad ag baint leis an am atá thart, is é sin bailiú an fhormhuirir atá [i gceist] maidir le tomhaltas deiridh leictreachais. ... Tá an éifeacht chúlghabhálach a ndéantar foráil di i Mír 9 atá nua, riachtanach leis chun staid dlí atá éiginnte a shoiléiriú. … D’éireodh cúitimh íocaíochta choimpléascacha chómhalartacha as neamhniú, gan ionchas dlisteanach a bheith ann ó thaobh iarfhéichiúnaithe an fhormhuirir’.


22      An breithiúnas in Essent Netwerk Noord (mír 66).


23      Luann an Chúirt, ina leith sin, breithiúnas in Essent Netwerk Noord (míreanna 47 agus 66).


24      Nuair a chuireann údarás rialála ceangal rialúcháin ar eintiteas faoi ghéillsine cáin a bhailiú, cuireann sé ceangal ar an bhféichiúnaí cánach go comhuaineach é a íoc. Murach sin, ní bheadh an t‑eintiteas sin inniúil ar a oibleagáid forchurtha ag an údarás a chomhlíonadh.


25      Míreanna 29 agus 54 den Energiewirtschaftsgesetz (an Dlí um chosaint an tsoláthair fuinnimh), arna leasú ag an Gesetz zur Neuregelung energiewirtschaftlicher Vorschriften (an Dlí maidir le leasú ar rialúcháin an tionscail fuinnimh) dar dáta an 26 Iúil 2011, BGBl. 2011 I, lch. 1554. Féach an cinneadh atá i gceist, aithris 123.


26      Reacht StromNEV, Stromnetzentgeltverordnung, (Reacht Cónaidhme ar Mhuirir Líonra Leictreachais) an 25 Iúil 2005, arna leasú ag an Energiewirtschaftsgesetz (an Dlí um chosaint an tsoláthair fuinnimh), arna leasú ag an Gesetz zur Neuregelung energiewirtschaftlicher Vorschriften (an Dlí maidir le leasú ar rialúcháin an tionscail fuinnimh) an 26 Iúil 2011, BGBl. 2011 I, lch. 1554.


27      Féach, go háirithe míreanna 91 go 98 den bhreithiúnas atá faoi achomharc.


28      De réir mar a dheimhnigh an Chúirt Ghinearálta i gceart i míreanna 87 go 90 den bhreithiúnas atá faoi achomharc.


29      De réir mar a dheimhnigh an Chúirt Ghinearálta i gceart i míreanna 91 go 92 den bhreithiúnas atá faoi achomharc.


30      Féach na breithiúnais in Essent Netwerk Noord (mír 69); an 15 Bealtaine 2019, Achema agus páirtithe eile (C‑706/17, EU:C:2019:407, mír 66); agus in EEG 2012 (mír 76). Féach leis breithiúnas an 11 Nollaig 2014, an Ostair v an Coimisiún, T‑251/11 (EU:T:2014:1060, mír 70).


31      Féach, chuige sin, breithiúnais an 13 Eanáir 2005, Streekgewest (C-174/02, EU:C:2005:10, mír 26); an 27 Deireadh Fómhair 2005, Distribution Casino France agus páirtithe eile (C-266/04 go C-270/04, C-276/04 agus C-321/04 go C-325/04, EU:C:2005:657, mír 40); agus in Essent Netwerk Noord (mír 90).