Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Bundesgerichtshof (an Ghearmáin) a taisceadh an 1 Feabhra 2024 - Tradeinn Retail Services S.L. v PH

(Cás C-76/24, Tradeinn Retail Services)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Bundesgerichtshof

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Cosantóir agus achomharcóir ar phointe dlí: Tradeinn Retail Services S.L.

Iarratasóir agus freagróir san achomharc ar phointe dlí: PH

Na ceisteanna a tharchuirtear

An féidir le sealbhóir trádmhairc náisiúnta, i gcomhréir le hAirteagal 10(3)(b) de Threoir (AE) 2015/2436 1 , toirmeasc a chur ar dhuine thar lear earraí a sháraíonn an trádmharc a bheith ina sheilbh d’fhonn na hearraí a thairiscint nó a mhargú sa tír ina bhfuil an trádmarc faoi chosaint?

Maidir le coincheap na stocála de réir bhrí Airteagal 10(3)(b) de Threoir 2015/2436, an mbraitheann sé ar fhéidearthacht iarbhír rochtain ar earraí a sháraíonn trádmharc nó an leor an fhéidearthacht a bheith in ann tionchar a imirt ar an duine a bhfuil rochtain iarbhír aige ar na hearraí sin?

____________

1 Treoir (AE) 2015/2436 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2015 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le trádmharcanna (Athmhúnlú) (IO 2015 L 336, lch. 1).